Droichead Chaoimhín Uí Ifearnáin!

Tuairim le Seán Míchaél Ó Donnchadha

Daichead bhliain ó shoin, an Fómhar seo chughainn, bhí imní faoi stáid cúrsaí peile i mBaile Átha Cliath comh mhór sin go raibh réiteach na faidbhe ag dó na geirbe ag muintir rialúcháin Pháirc an Crócaigh.

All Ireland Senior Football Semi Final - Dublin v Cork
Kevin Heffernan, nach maireann

Bhí  a fhios ag Páirc an Crócaigh mura mbeadh foireann na príomhchathrach i mbarr a maitheasa go gcaillfeadh lucht Cumann Lúthchleas Gael amach do lucht sacar agus rugbaí ó thaobh rannpháirtíocht sna cluichí agus ó thaobh maoine ón lucht tacaíochta.

Bhí “Match of the Day” ar BBC oíche Shatharn agus bhí “ The Big Match” ar ITV tráthnóna Domhnaigh agus iad ag dul go mór i bhfeidhm ar ní hamháin san ardchathair ach tríd an tír go forleathan.

Ní raibh mórán cluichí Gaelacha ar an teilifís bhaile ag an am cé is moite de  chluichí leath-cheannais agus cluichí cheannais Craoibhe na hÉireann agus cluichí cheannais Corn an Bhóthar Iarainn, Lá le Pádraig.

Dé bharr na cúinsí sin bhí meathlú ar an pheil Gaelach i mBaile Átha Cliath agus é ina ábhar buairimh do Cumann Lúthchleas Gael.

Cé gur bhuaigh Baile Átha Cliath Craobh na hÉireann sa bhliain 1963, deich bhliana níos déanaí bhí siad sáite i Roinn a Dó den tSraith Náisiúnta agus níor éirigh leo cluiche Ceannais Laighean a shroichint le hocht mbliana.

Theip orthu sa chéad bhabhta de Craobh Laighean 1973 i gcoinne Co. Luí. Dúirt Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael san am an Doctúir Dónal Keenan go gcaithfí teacht i gcabhair ar Choiste Chontae Bhaile Átha Cliath.

Straitéis fhad-tréimhseach a bhí i gceist ag Donal Keenan ach bhí straitéis níos gearr-thréimhsí  ag Cathaoirleach Bhord Bhaile Átha Cliath Jimmy Gray i.e Caoimhín Ó hIfearnáin a cheapadh mar bhainisteoir ar fhoireann Bhaile Átha Cliath.

Cheap Gray gurbh é an rud a bhi in easnamh i m Baile Átha Cliath ná ceannaire den scoth, fear go mbeadh suim mhór aige i ndul chun cinn a gcontae féin agus an cumas aige daoine eile a threorú i dtreo éacht iontach.

Fear íocónach ab ea Ó Ifearnáin a bhuaigh Craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath sna bhliana 1958 agus 1963. Smaointeoir éirimiúil ar chonas foireann a thraenáil agus agus ba léir gurb é an rogha ceart é.

Toghadh Caoimhín Ó hIfearnáin ag deireadh 1973 agus Donal Colfer agus Lorcan Redmond mar comh-roghnóirí  leis.

Bhí Ré Nua le tosnú do fhoireann peile Baile Átha Cliath. Faoi 1974 bhí Craobh na hÉireann buaite acu agus “Arm Heffo” i gCnoc a Sé Déag ar an bhfód.

Bhunaigh Caoimhín Ó hIfearnáin níos mó na foireann peile. Thosnaigh gluaiseacht a spreag suim in athuair i gcluichí Cumainn Lúthchleas Gaeil ní hamháin i gcathair Baile Átha Cliath agus is fíor go raibh na “Jacks Back” ach tríd an tír go hiomlán.

Chabhraigh an iomaíocht fíochmhar idir Baile Átha Cliath agus foireann iomráiteach Chiarraí faoi stiuír Mhíchil Uí Dhuibhir sna seachtóidí leis an bhfeachtas seo.

Bhí rath comh mór ar Cumann Lúthchleas Gael san Ardchathair go raibh de mhisneach agus d`acmhainn ag an Comhairle Láir [ Central Council] de Cumann Lúthchleas Gael oll-stáid mhór mar atá i bPáirc an Crócaigh sa lá atá inniu a atógáil.

Tá an- dul chun cinn déanta ag na Clubanna de Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath freisin agus áiseanna den scoth tógtha ach dá bpobal.

Ach is do Bhaile Átha Cliath go heisiach ainmniúcháin an droichead nua trasna na Life. Deis a bheadh anseo ag an cathair aitheantas a thabhairt don ról fiúntach atá Cumann Lúthchleas Gael taréis a imirt ar an gcathair.

Nascann an droichead seo tuaisceart agus Deisceart na cathrach agus cén slí is fearr chun ómós a thabhairt do fhear a sheas an fód do gach rud atá dearfach faoi Cumann Lúthchleas Gael.

Beidh daoine ag gearán nár cheart droichead a ainmniú d’éinne nach bhfuil marbh le fiche bhliain ach ní mhór eisceacht a dhéanamh anseo do dhuine éisceachtúil.

Déanfaidh “Droichead Chaoimhín Uí Ifearnáin” feartlaoi oiriúnach don fhear.

Cuir feabhas ar do chuid Gaeilge le CnG

PREAS-RÁITEAS : Tá réimse na gcúrsaí teanga a sholáthraíonn Conradh na Gaeilge do phobal na príomhchathrach ag leathnú i gcónaí, agus tá téarma iomlán 10-seachtaine de ranganna oíche eile ar tí tosú in Uimhir 6, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 ó 23 – 24 Aibreán 2013 dóibh siúd ar spéis leo cur lena scileanna teanga i mbliana.
Conradh_na_Gaeilge_Baile_Átha_Cliath_2006_Kaihsu_Tai
Ceanncheathrú Chonradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Comheagraí Cúrsaí Chonradh na Gaeilge: “Toisc go gcloíonn ranganna oíche Chonradh na Gaeilge le siollabais Theastas Eorpach na Gaeilge, bíonn deis ag daltaí sna ranganna s’againn cáilíocht idirnáisiúnta a bhaint amach trí na scrúduithe TEG a reáchtálann Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, más mian leo cur lena CV nó lena ndeiseanna fostaíochta mar shampla. Dóibh siúd nach mian leo ach barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge ar son cúiseanna pearsanta – bíodh sé sin go bhfuil clann leo sa Ghaelscoil áitiúil nó go bhfuil léargas níos doimhne ar chultúr na hÉireann á lorg acu – freastalaíonn ranganna beaga, idirghníomhacha Chonradh na Gaeilge ar gach leibhéal foghlaimeora agus soláthraíonn siad deis shóisialta dóibh chun an teanga a chleachtadh ag an mbriseadh leath ama i gClub Chonradh na Gaeilge.”

Tá clú ar Chonradh na Gaeilge agus ar a chuid timirí náisiúnta as an teanga a theagasc d’fhoghlaimeoirí fásta ó bhunú an eagrais in 1893, agus tá an praghas is fearr sa phríomhchathair fós á thairiscint ar chúrsaí Gaeilge an Chonartha 120 bliain níos moille. Ní chosnaíonn cúrsa 10-seachtaine ach €180 do 20 uair teagaisc, fad agus atá an ráta lascaine de €160 ar fáil as an nua do dhaoine dífhostaithe, d’iarscoláirí, do mhic léinn, do dhaoine scothaosta ar phinsean agus duitse má mholann tú do chara leat cúrsa a dhéanamh le Conradh na Gaeilge.

Rang dhá uair a chloig ó 7.00 – 9.00in oíche amháin in aghaidh na seachtaine atá i gceist le cúrsaí Chonradh na Gaeilge agus tá rogha idir 8 leibhéal éagsúla ar fáil oíche Mháirt nó Chéadaoin. Sa bhreis orthu sin, tá dianchúrsa lae á reáchtáil ó 10.00rn – 5.00in Dé Domhnaigh, 21 Aibreán 2013, cúrsa atá dírithe ar iarrthóirí atá ag dul don bhunmhúinteoireacht a ullmhú don agallamh Gaeilge atá mar chuid den phróiseas iontrála.

Míníonn Ní Ghairbhí: “Tá an-luach ar airgead le fáil ón gcúrsa lae seo le Conradh na Gaeilge; níl ach €100 ar an gcúrsa ach bíonn bréagallamh le haiseolas pearsanta, bileoga eolais, plé ar na botúin is coitianta agus béim ar na hábhair chuí, ar théarmaí úsáideacha, ar fhoghraíocht agus ar scileanna agallaimh san áireamh sa phraghas. Tugtar treoir agus deis chleachta do rannpháirtithe chun a gcuid Gaeilge labhartha a úsáid agus a fheabhsú trí obair i ngrúpaí agus ról-imirt faoi stiúir mhúinteoir cumasach Chonradh na Gaeilge chomh maith.”

Is féidir clárú do chúrsaí Chonradh na Gaeilge ar-líne ag http://www.cnag.ie nó déan teagmháil le Máire Ní Dhuiginn ag eolas@cnag.ie / +353 (0)1 4757401 chun breis eolais a fháil. Tá ranganna Gaeilge eile de chuid an Chonartha ar siúl i nGaillimh, Inis, Luimneach, Maigh Eo agus in áiteanna eile ar fud na tíre freisin. CRÍOCH

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí,
Comheagraí Cúrsaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / +353 (0)86 3649776

Máire Ní Dhuiginn,
Fáilteoir, Conradh na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / eolas@cnag.ie