Ginmhilleadh chun tosaigh

Anailís le Ciarán Dúnbarrach

Is fada ceist an ghinmhillte curtha ar an mhéar fhada ag Éirinn ach is léir anois nach bhfuil an mhéar sin fada go leor a thuilleadh.

Tá ceist an ghinmhillte go mór chun tosaigh i bpolaitíocht na hÉireann faoi láthair, ní amháin idir na páirtithe ach iontu féin.

Inné sa ‘Sindo’, “Labour duo reveal plan to liberalise law bit by bit,” a ba é an fo-cheannteideal.

Bhí an scéal bunaithe ar thaifead rúnda a rinne gníomhaire frith-ghinmhillte ar bheirt TD ó Pháirtí an Lucht Oibre, Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin.

Léirigh siad beirt gur chreid siad gur próiseas a bheas ann maidir le ginmhilleadh a thabhairt isteach in Éirinn agus gurb é reachtaíocht ar chás X an tús leis an phróiseas sin go díreach.

Faoi láthair, tá ginmhilleadh mídhleathach in Éirinn ach amháin má tá saol na máthar i mbaol. Mar sin féin, creidtear go dtaistealaíonn idir 4,000 agus 5,000 bean chuig an Bhreatain gach bliain chun ginmhilleadh a fháil.

Ní aon rún é go bhfuil Anne Ferris agus Aodhán Ó Riordáin ar son ghinmhilleadh de réir éilimh ach beidh brú ar Ó Riordáin go háirithe mar gheall ar an alt seo – de bhrí gur léirigh sé nach mbeadh sé soiléir faoina sheasamh i dtaca leis an cheist seo agus é ag caint leis na meáin.

Chomh maith leis sin, chaith sé anuas ar mhuintir Mhuineacháin agus a ndearcadh, dar leis, i leith cheisteanna morálta.

Ní dócha go bhfaighidh sé cárta ó Chomhairle Chontae Mhuineacháin um Nollaig.

Cé gur páirtí coimeádach iad Fine Gael i gcoitinne, agus cé go dtacóidh an chuid is mó den pháirtí le reachtaíocht ‘Cás X’ mar atá beartaithe – tá baol éirí amach nach beag ann.

Is é an fhadhb atá ag cuid mhaith d’Fhine Gael ná go mbeadh siad beartaithe go n-úsáidfear an reachtaíocht chun ginmhilleadh de réir éilimh a thabhairt isteach.

Creideann siad go dtarlóidh sé sin má luaitear baol féinmharaithe mar chúis chun ginmhilleadh a fháil.

Tá sé ráite cheana ag an TD do Ghaillimh Thoir, Brian Walsh, nach mbeidh sé ag tacú leis an bhille seo.

Tá an tAire Sóisearach, Lucinda Creighton an-ghlórach ar an cheist agus tá blag scríofa aici ar an ábhar seo.

Lucinda Creighton, TD
Lucinda Creighton, TD

Tuigtear go mbeadh sí réidh chun éirí as aoireacht an pháirtí mar gheall ar an cheist.

D’iarr an Taoiseach ar dhaoine aréir, chun foighid a bheith acu agus chun fanacht go dtí go bhfoilseofar an bille sula ndéanfaidh siad breithiúnas air.

Bhí ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin ag iarraidh a bheith glic ar an cheist seo agus Fianna Fáil a stiúradh tríd lár na díospóireachta.

Ach bí bheidh sé ábalta sin a dhéanamh anois agus srian láidir curtha ag Ard-Fheis a pháirtí air.

Ritheadh rún ag dearbhú gur páirtí ‘ar son beatha’ iad Fianna Fáil agus rún eile a chuaigh i gcoinne  “the introduction of any legislation which introduces the ‘risk of suicide’ as a threat to life of the mother and legitimises abortion in Ireland.’’

Thug 80% de fheisirí an pháirtí tacaíocht don rún udaí sin.

Tá clú ar Shinn Féin mar gheall ar smacht polaitiúil taobh istigh den pháirtí sin. Mar sin féin, tá easaontas á léiriú mar gheall ar an cheist áirithe seo.  Tuigtear go bhfuil an páirtí sa Dáil scoilte 50/50 maidir leis an ghinmhilleadh.

Cé go bhfuil go leor daoine taobh istigh de Shinn Féin ar son ginmhilleadh níos forleathana a bheith ar fáil  – ní dócha go ligfear don cheist an páirtí a scoilteadh áfach.

Níl an cheist seo chun imeacht ón stáitse go luath nó choíche.

Arbh fhéidir leis an ghinmhilleadh deireadh a chur le páirtithe polaitiúla na hÉireann mar atá siad san am atá i láthair agus deireadh a chur le polaitíocht Chogadh na gCarad faoi dheireadh?

Cá bhfios, ach is cinnte nach féidir an ‘genie’ seo a chur ar ais sa bhuidéal.

[Uasdátú : Déanfaidh an chomh-aireacht cinneadh maidir leis an Bhille ar chás X inniu. Tuigtear go mbeidh baol féinmharaithe san aireamh mar chúis chun deireadh a chur le toirchis / ginmhilleadh a fháil.] 

Ceist faoi thodhchaí Bhunscoileanna Bhéal Feirste

Ciarán Dunbarrach

UASDÁTÚ : Dar le tuairisc san ‘Irish News’ inniu gur beag ionchur suntasach a bhí ag earnáil na Gaelscolaíochta sa phlean seo. 

Dar le Comhairle na Gaelscolaíochta, ní raibh a dhothain ionchuir acu sa phróiséas seo – tá siadsan anois ag obair ar phlean dá gcuid féin. 

Ag caint leis an ‘Irish News’, dúirt príomhfheidhmeannach CnaG, an Dr. Mícheál Ó Duibh, go raibh sé riachtanach cur in iúl d’earnáil na Gaelscolaíochta nach bhfuil dearmad déanta orthu. 

Tá todhchaí gach bunscoil Ghaelach i mBéal Feirste faoi scrúdú agus tá baol ann go ndruidfear cuid acu agus go mbrúitear le chéile na cinn eile.

Tá sé á mhaoímh ag an ‘Belfast Educational and Library’ go bhfuil spásanna sa bhreis i ngach scoil acu.

Tá 964 páiste ag freastal ar bhunscoil Ghaeilge i mBéal Feirste, thíos ó hardphointe de 1029 i 2006/07.

Bunscoileanna Bhéal Feirste
Bunscoileanna Bhéal Feirste

Tá an cur síos seo a leanas déanta i leith gach scoil acu sa ‘Draft BELB Area Plan for Primary Education’ :-

“Proposal

Local area solution, including closure and amalgamation, to be explored with other schools in the cluster as detailed in Section 4

 Analysis

 Schools enrolment falls below the minimum threshold of 140 for a

primary school in an urban area”

Tá 537 spásanna gan líonadh in ocht mbunscoil Bhéal Feirste dar leis an phlean.

Tá inmharthanacht scoileanna an Tuaiscirt go léir á bhfiosrú ag an Roinn Oideachais sa Tuaisceart atá faoi smacht an Aire John O’Dowd, Sinn Féin.

Tá an Roinn faoi bhrú le tamall anuas dul i ngleic le ‘deascaí folmha’ i scoileanna an Tuaiscirt agus bíonn ceist na ngaelscoileanna á brú ag Aontachtóirí maidir leis an phróiseas sin.

Sa ‘Draft BELB Area Plan for Primary Education (Produced in association with CCMS)’ luaitear an t-eolas seo a leanas …

“Summary of the issues in Irish Medium Schools:

* 5 schools (Bunscoil Mhic Reachtain, Bunscoil Bheann Mhadagain, Scoil

An Droichid, Gaelscoil na Mona and Gaelscoil an Lonnain) are below

the minimum threshold of 140 pupils for an urban primary school

* 537 unfilled places between the 8 schools. This represents 36% of

capacity.

* 1 School (Bunscoil an Tsleibhe Dhuibh) has a projected financial deficit

(Level 3).”