“Ach, sure they all speak English anyway”

Fanatics, An Coimisinéir agus Hiroo Onoda, tuairim le Ciarán Dunbarrach

Chuala muid go léir, is dóigh liom, scéal Hiroo Onoda, leifteanant in arm na Seapáine, a throid ar aghaidh tar éis dheireadh an dara chogadh domhanda go dtí 1974.

D’éirigh sé as an chogadh cé nár ghéill sé riamh nuair a tháinig a oifigeach ceannais as an tSeapáin chun orduithe a thabhairt dó chun déanamh amhlaidh.

onoda quits
Deireadh chogadh Hiroo Onoda, cha raibh ach saighdiúir amháin eile fós ag troid tar éis gur éirigh Onoda as.

Fanaiceach ceart a ba é seo, cé gur éirigh go maith leis ina dhiaidh sin agus go bhfuil sé fós beo.

Is ionann fanaiceach agus duine nach féidir dearcadh dhaoine eile a thuigbheáil agus atá dúghafa le cúis ar leith. Dar le Winston Churchill, “is ionann fanaiceach agus duine nach féidir a dhearcadh a athrú agus nach n-athróidh an t-ábhar plé.”

Ní gá mar sin gurb ionann an fanaiceachas agus radacachas cé go mbíonn mearbhall ar dhaoine in amanna agus iad ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh eatarthu.

Agus mé ag cur fúm sa Ghaeltacht, tá an focal ‘fanatic’ cloiste agam minic go leor agus daoine ag cur síos ar Ghaeilgeoirí na Galltachta agus ar ghníomhairí teanga sa Ghaeltacht – ní gá a bheith ro-radacach chun an lipéad áirithe sin a mhealladh ort féin.

Ach ní dóigh liom gur féidir an lipéad sin a úsáid i leith an choimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Coimisinéir de chuid an stáit, ceaptha ag Uachtarán na hÉireann faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla.

An tseachtain seo caite, rinne Seán Ó Cuirreáin óráid inar léirigh sé gur “cur i gcéill” a bhain le polasaithe an Stáit i dtaca leis an Ghaeilge de ó thús ama.

“Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis,” a dúirt sé, “B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta “Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga phobail ach ná labhraígí linne í!”

An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin
An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa (mar a bhí ag an am a glacadh an pictiúir) agus An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin

Níor bhain sé féin úsáid as na focail ‘bréaga’ agus ‘bréagóirí’ ach i ndiaidh dom a óráid a léamh, ní bheadh aon leisce orm na focail sin a úsáid.

Óráid láidir, ciallmhar, réasúnta agus radacach a bhí ann – bunaithe ar thaighde agus ar fhíricí.

Mar sin féin, cha raibh mórán de raic ann, níl aon chaint air sna meáin Bhéarla, ní raibh aon agóid ann mar gheall air.

Tá muid chomh coimeádach séimh is a bhíomar riamh. Tá an fhírinne nochtaithe agus is searbh lofa an fhírinne chéanna ach níor mhaith leis an chuid is mó againne rud ar bith a dhéanamh faoi – muidne ró-bhuartha faoin lipéad gránna sin – fanatic.

Tá mé féin spreagtha ag an gCoimisinéir chun mo chearta teanga iomlán a iarraidh, cé go bhfuil mé cinnte go mbeidh mé thíos leis. Admhaím nár iarr mé i gcónaí iad – ar eagla go ndéarfadh daoine gur fanaiceach mé is dócha.

Bíodh acu.

Dúirt Gaeilgeoir mór le rá a bheadh clú air mar dhuine measartha uair amháin liom gur fanaiceach gach duine atá go fóill ag caint i nGaeilge agus nár cheart a shéanadh nó a bheith buartha faoi.

Níl a fhios agam faoi sin caithfidh mé a rá, an ionann dílseacht agus fanaiceachas? An fanaiceach gach duine atá a roghnaíonn Polainnis a labhairt sa teach seachas Béarla mar shampla?

Dúirt an Coimisinéir, “Ba cheart go gcinnteoidh na leasuithe atá le déanamh ar an Acht Teanga go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll.”

Is beag Gaeilgeoir nach n-aontódh leis sin cé gur mhó an méid againn a bheadh gan mórán dóchais go dtarlóidh sé sin tar éis go bhfuil fimíneacht an stáit agus naimhdeas eilimintí áirithe sa stáitseirbhís léirithe arís eile.

Ach, cé go n-aontaím go láidir leis an choimisinéir, smaoiním ar an réaltacht sa Ghaeltacht, poist á gcruthú ag an Údarás gan aon choinníoll teanga is nach ndéanann a dhath don Ghaeilge.

supermacs-e1331405124461
Fonn ort seo a ithe? Bíodh Béarla agat

Agus na gnólachtaí seo, caiféanna, chippies, siopaí, agus tithe tábhairne I gceart lár na Gaeltachta, ar le cainteoirí dúchais iad den chuid is mó ach a fhostaíonn daoine gan Ghaeilge ….

“Sure nach bhfuil Béarla acu ar fad?” a deirtear, “Agus ar ndóigh, ní bheifeá ag cur isteach ar dhuine ar bith … seachas na fanatics sin ar ndóigh.

Fiú as na rudaí sin a lua, tá a fhios agam go gcuirfidh cuid mhór daoine síos orm mar fhanaiceach gan chiall ach an féidir a bheith ag súil le seirbhís Ghaeilge ón stát nuair nach mbacann go leor gnólachta áitiúla leis an choinníoll chéanna?

Títear domsa gurb iad lucht an Bhéarla éigeantaigh na fíor-fanatics sa scéal seo agus mar a dheireadh na seandaoine, tá measarthacht ar achan rud, agus ní hionann do bhunchearta teanga a iarraidh i do thír féin agus a bheith fós ag troid tríocha bliain tar éis gur chríochnaigh an cogadh.

An fhírinne shearbh faoin stát is an Ghaeilge

Cuairteoirí ón Chosaiv ar an Choimisnéir Teanga

Maitiú Ó Coimín
 Freastalóidh deichniúr státseirbhíseach ó Phoblacht na Cosaive ar chúrsa oiliúna in Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal an tseachtain seo chugainn.

Ceapadh Coimisinéar agus foireann d’oifig úr sa tír sin nuair a bunaíodh an Phoblacht sa mbliain 2008. Maraíodh tuairim is aon mhíle duine déag le linn an chogaidh dheirg ag deireadh na nóchaidí agus tá ceithre mhíle déag eile ar iarraidh ó shin.

Tá aighneas sa tír i gcónaí maidir le cúrsaí teanga – idir an nócha cúig faoin gcéad den phobal a labhraíonn an Albainis agus an cúig faoin gcéad a labhraíonn an tSeirbis – agus i mbun atógáil tíre atá an Rialtas, ar Albánaigh a bhformhór acu, faoi láthair.

Is cuid lárnach den atógáil sin muintearas idir na pobail éagsúla a chothú agus ba chuige seo a ceapadh an Coimisinéar, a chinnteoidh cearta teanga do shaoránaigh uilig na tíre.Kosovo_1913-1992_CIA

Le dhá bhliana anuas tá Seán Ó Cuirreáin agus a fhoireann ag obair go deonach le rialtas na Cosaive agus beidh sé ina eiseamlar ag Oifig nua na Cosaive seo.

Is foireann úr-nua í an fhoireann seo agus ní na baill i gcleachtadh ar an obair nó ar a bheith ag obair lena chéile. Mairfidh an cúrsa oiliúna trí lá agus foghlaimfear faoi chleachtas na hoifige agus an chaoi a ndéantar iniúchadh agus a ndéileáiltear le gearán ón bpobal.

Beidh an Coimisinéar nua, Slavisa Mladenovic, agus a fhoireann  i láthair ag Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga a reáchtálfar in Áras an Uachtaráin ar an Aoine seo ag teacht. Freastalóidh coiminisinéirí teanga ó thíortha éagsúla ar an gComhdháil seo le ceist na gcearta teanga a phlé i gcomhthéacs idirnáisúnta agus eolas ar dhea-chleachtadh a roinnt.

Táthar ag súil go mbunófar Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ag an gComhdháil seo.

Comhdháil do Choimisinéirí Teanga idirnáisiúnta

Sandra Inutiq, An Coimisinéir Teanga, Nunavut.
Sandra Inutiq, An Coimisinéir Teanga, Nunavut.

Beidh coimisinéirí teanga ón Eoraip, Meiriceá Thuaidh agus an Afraic ag freastal ar chomhdháil ar chearta teanga i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa.

Déanfaidh coimisinéirí ón mBreatain Bheag, an Fhionnlainn, an Chatalóin, an Chosaiv, Brunswick Nua, Ontario, Nunavut agus an Afraic Theas plé ar chearta teanga in Óstán Hilton, Plás Charlemont, Dé hAoine 24 Bealtaine.

Leagfar béim ar ról an stáit agus an phobail maidir le cearta agus dualgais teanga i gcomhthéacs teangacha atá faoi bhrú mar theangacha pobail nó mar theangacha roghnaithe.

Is iad príomhchuspóirí na comhdhála ná deis a chur ar fáil an dea-chleachtas a roinnt, eolas a mhalartú, agus plé a dhéanamh ar na ceachtanna atá foghlamtha i réimse na dteangacha.

I measc na gcainteoirí beidh Mxolisi Zwane, Príomhfheidhmeannach, Bord Teanga na hAfraice Theas, Sandra Inutiq, An Coimisinéir Teanga, Nunavut (ceantar Ionúiteach i gCeanada) agus Slavisa Mladenovic, Coimisinéir Teanga na Cosaive.

Beidh seisiún príobháideach ag na coimisinéirí chun bunú Cumann Idirnáisiúnta Coimisinéirí Teanga a phlé chomh maith.

Tá táille €15 don lá le híoc ag baill de phobal atá ag iarraidh freastal ar an gcomhdháil. Is gá clárú roimh ré trí rphost a sheoladh chuig eolas@coimisineir.ie nó glaoch a chur ar 091-504006 nó 1890-504006. Beidh lón agus sóláistí ar fáil do na daoine atá ag freastal ar an imeacht.

Is féidir breathnú ar chlár na comhdhála anseo.