Deireadh le hAmhrán na bhFiann ag Cluichí CLG?

Jarlath Burns
Jarlath Burns / Ó Broin

Cuir ruaig as an bhratach trí-dhathach agus as Amhrán na bhFiann ó Chumann Lúthchleas Gael chun cabhair le buairimh Aontachtaithe i leith an chumainn a laghdú – Sin tuairim iar-Chaiftín ar fhoireann peile Ard Mhacha, Jarlath Burns.

Rinne sé an ráiteas agus é faoi agallamh ag an iriseoir Eamonn Maille. Is as Droichead Átha an Airgid iad dís agus tá Gaeilge acu beirt.

Dúirt Jarlath Burns nach gcuirfeadh sé isteach air “dá mbainfeadh anuas iad.”

Tá fáilte curtha roimh chaint Jarlath Burns ag an MP de chuid an UUP Tom Elliot, duine de na cáinteoirí is fíochmhaire dá bhfuil ag Cumann Lúthchleas Gael.

Dar le Tom Elliot is céim chun cinn é caint Jarlath Burns agus go bhfuil an fhéidearthacht ann anois go pléifear cuid mhaith de na hábhair bhuairimh atá ag aontachtaithe agus go bpléifear leo.

Is léir ó na meáin shóisialta nach bhfuil an fáilte céanna á chur ag gach duine ón phobal náisiúnach roimh dhearcadh Uí Broin áfach.

https://twitter.com/MacDonnchadha/status/648807095266070528

https://twitter.com/WolfeTone15/status/648623457450762241

Ach d’admhaigh Jarlath Burns gur féidir le CLG gach rud acu a dhéanamh agus bheadh cuid d’aontachas a mbeadh gráin acu do CLG i gcónaí, “mar gheall ar ghrá s’againne don Ghaeilge, cuir i gcás.”

Chomh maith leis sin, d’admhaigh Jarlath Burns le linn an agallaimh – “nach bhfuil sé dul a tharlú i gCLG.”

Stail Ghaelach Na Gaeil Óga – Nach bhfuil tallann iontach acu ar fad!

Beidh ceann de mhór-oícheanta na bliana ag Na Gaeil Óga ar siúl Dé Sathairn 18 Deireadh Fómhair ag 7.30pm sa Trinity Inn ar Shráid an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath.

Gach bliain eagraíonn cumann lán-Ghaeilge na príomhchathrach an comórtas seo le deis a thabhairt don chumann teacht aníos le stail ghaelach na bliana. Is é seo leathbhádóir na hócáide An Cailín Gaelach a eagraítear mar réamhbhabhta Chailín Gaelach Chomórtas Peile na Gaeltachta.

Beidh seisear stail ar ardán i rith na hoíche agus beidh siad ag roinnt a gcuid scileanna amhránaíochta, cleasaíochta is tallann linn ann. I mblianta atá imithe chonacthas ciúb Rubix á réiteach faoi cheann 60 soicind, dánta, amhráin, cleasanna draíochta.

stailghaelach2014

Deir Bairbre Ní Chonchúir, eagraí na hoíche, go bhfuil sí ag dúil go mór leis an gcomórtas. ‘D’éirigh go hiontach leis an gcomórtas blianta eile agus tá go leor rudaí suimiúla ag teacht aníos ar an oíche féin. Tá téama Game of Thrones rognaithe againn i mbliana agus b’fhéidir go spreagfaidh sin roinnt smaointe faoi thallann don oíche.

Tuigtear go bhfuil foireann na mban, a bhuaigh comórtas seachtar an taobh sa pheil le déanaí a chur buaic le deireadh na bliana peile dóibh, ag súil go mór leis an oíche.

Dúirt Anna Ní hUiginn ‘Bíonn ardchraic ann gach bliain agus tá go leor de na baill nua chun a bheith ar stáitse i mbliana mar sin bí linn le tallann na ndaoine céanna agus a laigí b’fhéidir a fheiceáil!’

Web

Tá Na Gaeil Óga ar an bhfód le ceithre bliana anois agus struchtúr faoi aois díreach bunaithe i Leamhcán acu, áit a bhfuil fáilte roimh chailíní is bhuachaillí a rugadh idir 2008 is 2010 don pheil is don iomáint. Tá an struchtúr faoi aois lonnaithe i nGaelscoil Naomh Pádraig óna 10-30 go 11-30 maidineacha Dé Sathairn agus tá breis agus 45 páiste tar éis clárú go dtí seo. Tá ranganna Gaeilge saor in aisce a mbíonn suas le 30 tuiste ag freastal orthu ar fáil ann do thuistí na bpáistí ar an láthair agus ar an am céanna. Tá tuilleadh eolais faoi Oíche na Staile Gaelaí agus Na Gaeil Óga go ginearálta anseo: http://www.nagaeiloga.ie nóspraoiNGO@gmail.com

€5 a bheidh ar thicéid a bheidh le ceannach ag an doras.

Tá fáilte roimh chách.

https://www.facebook.com/events/719366574817520/721993041221540/?notif_t=like

Faraor Céad Slán le Dalo!

le CLG Go Deo

@beo_clg

Tá an chuma ar an scéal nach bhfuil aon deireadh ag teacht leis an tromluí uafásach seo de sheachtain do lucht Chumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath.

Dublin-manager-Anthony-Daly-at-the-final-whistle
Anthony Daly

Ní leor gur chaill peileadóirí mionúir agus sinsir na hardchathrach in aghaidh Dhún na nGall i gcluichí leathcheannais na hÉireann ag an deireadh seachtaine ach tá an scéal briste anois go bhfuil Anthony Daly agus a fhoireann bainistíochta – Ciarán Hetherton, Richie Stakelum agus Shane Martin – tar éis éirí as foireann iománaíochta na Dubs.

Ní cinneadh é seo a tháinig aniar aduaidh ar mhuintir Bhaile Átha Cliath ach ní hionann sin is a rá nach mbeidh an-díomá ar lucht iománaíochta na hardchathrach inniu. Chuir Dalo sé bliana ar fad isteach mar bhainsteoir ar iománaithe na Dubs.

Le linn an ama sin, chuir sé foireann a bhfuil ord agus eagar orthu le chéile. Chuir se foireann le chéile atá san iomaíocht le haghaidh na bpríomhdhuaiseanna iománaíochta agus Corn Liam Mhic Carthaigh san áireamh. Níl aon amhras ann ach go ndearna sé éacht.

Sa mbliain 2011, bhuaigh na Dubs an tSraith Naisiúnta don chéad uair ó 1939 i leith faoina stiúir agus sa mbliain 2013 bhuaigh siad Corn Bob O’ Keefe don chéad uair ó 1951 i leith.

Cá bhfios ach go mbeadh níos mó bainte amach aige dá mbeadh cuid de pheileadóirí Átha Cliath ar fáil dó?

Tá sé ag fágáil na Dubs i Roinn 1A agus iad i ndea-chuí do cibé duine a thiocfas isteach ina áit. I measc na ndaoine atá luaite sna meáin le teacht i gcomharba air go dtí seo, tá Dónal Óg Cusack agus Liam Sheedy.

Níl aon amhras ach go n-aireoidh lucht leanta Átha Cliath uathu Dalo.

Guíonn CLG GO Deo gach rath air sa todhchaí agus b’fhéidir go bhfeicfí é ar thaobhlíne na Gaillimhe go luath amach anseo!

An Deireadh Seachtaine CLG

Tuairiscí le

CLG Go Deo

@beo_clg

Cluichí Leathcheannais Peile agus Iománaíochta ag an Deireadh Seachtaine

Ciarraí 1-16 Maigh Eo 1-16 – Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann

Caithfidh Maigh Eo agus Ciarraí aghaidh a thabhairt ar a chéile arís tar éis comhscór iontach a bheith acu i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Is i Luimneach a imreofar an athimirt seo rud atá tar éis go leor cainte a spreagadh le cúpla lá anuas. Ní bheidh Páirc an Chrócaigh ar fáil don chluiche seo de bharr go bhfuil cluiche peile Meiriceánaí i ndialann lucht Pháirc an Chrócaigh don lá céanna le fada.

Rinne Maigh Eo dhá athrú ag tús an chluiche seo. Chuir siad Jason Gibbins agus Alan Freeman isteach in áit Chris Barrett agus Andy Moran – rud nar chuir iontas ar mhórán!

Bhí tús an-mhall leis an gcluiche seo agus d’éirigh le Ciarraí an lámh in uachtar a fháil ar an gcath teaicticí a bhí ar bun ag an dá fhoireann sa gcéad leath. Is léir go raibh an-fhaitíos ar Mhaigh Eo roimh James O’ Donaghue agus ní haon ionadh tar éis an damáiste a rinne Michael Murphy agus Bernard Brogan i gcluichí ceannais na hÉireann le dhá bhliain anuas. Cuireadh Keith Higgins agus Tom Cunniffe á mharcáil. D’fhan líne leathchúil Mhaigh Eo siar sa gcéad leath, freisin, le tacaíocht bhreise a thabhairt do na lánchúlaithe.

D’fheil na teaicticí seo do Chiarraí agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo sa gcéad leath ar scór 09 go dtí 0-5. Chiceáil Ciarraí an-scóranna sa leath sin agus sheas scóranna David Moran agus Fionn Fitzgerald amach ach go háirithe.

Cuireadh Lee Keegan den pháirc tar éis 33 nóiméad – rud a d’athraigh an cluiche agus a chinntigh go mbeadh dara leath oscailte againn. Deir go leor nár cheart go gcuirfí den pháirc é ach níor thug se mórán rogha don réiteoir, David Coldrick, nuair a rinne sé iarracht Johnny Buckley a chiceáil.

Is é an bua is mó atá ag Maigh Eo ná go bhfuil líne leathchúil agus fir lár páirce acu atá damanta maith ag ionsaí agus ag cabhrú leis na tosaithe. Ní raibh an líne leathchúil ag gabháil chun tosaigh ar chor ar bith sa gcéad leath. Nuair a cuireadh Keegan den pháirc, áfach, thréig siad an plean a bhí acu agus chonaic muid an-pheil ó Mhaigh Eo nuair a d’ionsaigh siad cúlaithe Chiarraí gan trócaire. Bhí Aidan O’ Shea lárnach sna hionsaithe seo. De bharr riail nua an chárta dhuibh ní raibh mórán go bhféadfadh Ciarraí a dhéanamh agus Maigh Eo ag teacht ina dtonnta!

Scóráil O’ Donaghue cúilín díreach tar éis leathama le Ciarraí a chur cúig chúilín chun tosaigh – Ciarraí 0-10 Maigh Eo 0-05. Dhúisigh sé sin Maigh Eo. Taobh istigh de 25 nóiméad bhí Maigh Eo imithe 1-13 go dtí 0-13 chun tosaigh tar éis do Cillian O’ Connor, laoch na himeartha, cic éirice a scóráil. Le linn an ama sin, tháinig Andy Moran isteach agus idir é féin agus O’ Conor, ach go háirithe, rinneadh scrios ar chúlaithe Chiarraí.

Ní raibh Ciarraí críochnaithe, áfach, agus chríochnaigh siad an cluiche an-láidir. Tháinig Kieran Donaghy isteach agus ní raibh cúlaithe Mhaigh Eo in ann aige. Bhí tionchar mór aige ar an gcluiche. Le dhá nóiméad fágtha ar an gclog chuir David Moran liathróid fhada isteach i dtreo na cearnóige. Rug Donaghy air, thug pas do O’ Donaghue agus cuireadh san eangach í. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin scórail O’ Leary do Chiarraí chun iad a fhágáil ar chomhscór. Bhí seans ag O’ Donaghue ar scór eile, a bhuail an posta, ach is ar chomhscór a chríochnaigh sé.

Níl aon amhras ach go raibh tionchar mór ag na fir ionaid ar an gcluiche seo a imríodh os comhair 52,495 duine. Go dtí an Satharn seo chugainn i Luimneach ag a 5…

Scóralaithe:

Ciarraí: J O’ Donaghue 1-03, D Moran, D Walsh 0-2 an duine, P Murphy, P Crowley, F Fitzgerald, M Geaney, J Buckley, S O’ Brien, P Geaney (cs), B Sheehan (cs), K O’ Leary 0-1 an duine

Maigh Eo: C O’ Connor 1-08 (1-05 cs,cé), A Dillon 0-3, A Moran 0-2, L Keegan, C Boyle, J Doherty 0-1 an duine

Ciarraí 1-14 : 2-07 Maigh Eo – Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann – Mionúir

Cosúil le cluiche na sinsear, an-chluiche a bhí mall ag tosú mar chomórtas. Fíorbheagan scóranna a bhí sa gcéad leath agus is beag a bhí eatarthu. Chuaigh Maigh Eo isteach chun tosaigh ag leatham pointe amháin chun tosaigh leis an scór ceithre chúilín go dtí trí chúilín.

Cluiche iomlán difriúil a bhí sa dara leath, áfach, agus bhí an-iomaíocht sa tríú ceathrú den chluiche seo. Nuair a scóráil Tomas Ó Se cúl do Chiarraí tar éis 42 nóiméad cheap muid go raibh an cluiche seo thart ach taobh istigh de nóiméad bhí cúl aimsithe ag TJ Byrne do Mhaigh Eo.

Ina dhiaidh sin, áfach, bhrúigh Ciarraí chun tosaigh agus bhí bua compordach acu sa deireadh – in ainneoin go bhféadfadh sé a bheith níos compordaí acu. Chuir Jordon Kiely cic éirice amú do Chiarraí agus scóráil Maigh Eo cúl bog in am cúitimh gortaithe.

Bhí an-chluiche go deo ag Killian Spillane, mac le Tom, agus scóráil sé sé phointe agus trí cinn acusan ón imirt.

Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar bhuaiteoirí an chluiche idir Áth Cliath agus Dún na nGall ar 21 Meán Fómhair anois.

Scórálaithe

Ciarraí: K Spillane 0-6 (3 cs), L Carey 0-3, T Ó Sé 1-0, S Ryan 0-1 (1 cs), M O’ Connor, M Burns, M Flaherty, J Kiely 0-1 an duine

Maigh Eo: TJ Byrne 2-0, G Boylan 0-4 (3 cs), C Hanley 0-1 (1 cs), F Duffy, B Reape 0-1 an duine

An Clár 4-28 : 1-10 Aontroim – Cluiche Leathcheannais Iománaíochta na hÉireann faoi 21

An rud is mó a léiríodh sa gcluiche seo ná go bhfuil gá le hAontroim agus Gaillimh gabháil isteach i gCraobhchomórtas Laighean sna mionúir agus faoi 21. Ní dhearna an cluiche seo maitheas do dhuine ar bith, iománaithe óga Aontroma ach go háirithe. Dá mbeadh cluichí ag Aontroim i gcúige Laighean, agus dá mbeadh siad iomaíoch in éadan foirne as cúige Laighean, bheadh dóchas acu agus d’fhéadfaidís tosú ag déanamh dul chun cinn. Ní dhéanfaidh siad aon dul chun cinn faoi mar atá an córas i láthair na huaire.

D’éirigh le hAontroim gabháil a fhad le cluiche ceannais na hÉireann ag an leibhéal seo anuraidh ach ní éireoidh leo a leithéid a dhéanamh rómhinic amach anseo faoin gcóras reatha. Ní fheabhsóidh cúrsaí iománaíochta in Aontroim mara leantar córas na sinsear. Is é sin go gcuirfí isteach i gCraobhchomórtas Laighean iad.

Sin uilig ráite níl aon amhras ann ach go bhfuil foireann iontach ag an gClár agus go mbeidh sé fíordheacair ar Loch Garman iad a stopadh ag buachan a dtríú craobh as a chéile.

Maidir leis an glcuiche féin tugadh Laoch na hImeartha do Aaron Cunningham mar aitheantas ar an 3-03 a scóráil sé. Bhí an-chluiche, freisin, ag imreoir na bliana 2013, Tony Kelly, agus scóráil sé 1-03. Ba iad Stephen McAfee agus Ciaran Clarke is mó a sheas amach do fhir óga Aontroma.

Scórálaithe:

An Clár: A Cunningham 3-03, T Kelly 1-03, C’ O Connell 0-06 (5 ps) B Duggan 0-5 (3 ps), D Reidy 0-03, C Galvin, S O’ Donnell 0-02 an duine, J Shanahan, E Enright, N Deasy, S Gleeson 0-1 an duine

Aontroim: Sean McAfee 1-0, Stephen McAfee 0-03, C Clarke 0-03 (1 ps), M Bradley, D McKernan, C Burke, S McCaughan 0-01 an duine

Loch Garman 1-21 : 1-19 Gaillimh – Cluiche Leathcheannais Iománaíochta na hÉireann faoi 21

An-chluiche go deo a bhí againn i Staid Semple a imríodh os comhair 6,853. Ba é Jack Guiney a rinne an difríocht do Loch Garman agus caithfidh go bhfuil sé san iomaíocht do imreoir óg na bliana anois. Scóráil sé 1-08 ar an lá agus bhreathnaigh sé contúirteach ó thús go deireadh an chluiche.

Ar fhoireann na Gaillimhe ba é Pádraic Brehony is mó a sheas amach leis an 1-06 a scóráil sé ón imirt.

Bhí tréimhsí ag an dá fhoireann nuair a cheap siad go raibh an lámh in uachtar faighte acu agus léirigh an dá fhoireann díocas agus uaillmhian le teacht ar ais. Bhí an cluiche cothrom 7 n-uaire le linn an chéad leath. Ar deireadh thiar ba iad fir óga Loch Garman a bhuaigh agus is iad a bheidh ag imirt in aghaidh an Chláir i gcluiche ceannais na hÉireann ar 13 Meán Fómhair.

Níl aon amhras faoi ach go bhfuil iománaithe Loch Garman ar ais i measc na mboc mór arís.

Scórálaithe

Loch Garman: J Guiney 1-08 (0-7 ps), G Moore, C McDonald, K Foley 0-3 an duine, P Foley 0-2, A Nolan, C Devitt 0-1 an duine

Gaillimh: P Brehony 1-06, S Maloney 0-6 (3 ps), C Mannion 0-3, B Molloy, J Glynn, E burke, A Tuohy 0-1 an duine

Cath an Chrócaigh : Ciarraí nó Maigh Eo?

Ciarraí v Maigh Eo, Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann,Dé Domhnaigh, 3.30

Réamhamharc le 

CLG Go Deo

@beo_clg

Tá Craobhchomórtas Peile na hÉireann tosaithe ceart! Tá muid fágtha anois leis an gceithre fhoireann is fearr sa tír.

Níl aon amhras faoi sin. Dé Domhnaigh seo chugainn, is iad Ciarraí agus Maigh Eo a bheidh ag tabhairt aghaidhe ar Pháirc an Chrócaigh le gabháil i mbun catha le chéile le feiceáil cé a ghabhfas ar aghaidh chuig cluiche ceanais peile na hÉireann 2014.

Cé acu a bheidh an lá? Ceist an-deacair!

Tá go leor cainte déanta le roinnt laethanta anuas ar chluichí a imríodh idir an dá fhoireann seo le blianta beaga anuas. Ó 1997 i leith d’imir an dá fhoireann seo in aghaidh a cheile cúig huaire sa gcraobhchomórtas i bPáirc an Chrócaigh agus gan aon cheann buaite ag Maigh Eo.

Ón mbliain 2000 i leith tá an dá fhoireann seo tar éis ceithre cinn de chluichí ceannais na hÉireann a chailleadh – ach tá Ciarraí tar eis cúig cinn a bhuachan agus gan aon cheann buaite ag Maigh Eo, dar ndóigh. An mbeidh tionchar ag na cluichí agus na staitisticí seo ar cé a bhuafas Dé Domhnaigh?

Déarfainn nach mbeidh.

 Maigh Eo

download
James Horan

Tá foireann seo Mhaigh Eo níos fearr ná foirne eile a chaith an geansaí dearg is glas rompu. Tar éis dóibh cluiche ceannais na hÉireann 2012 a chailleadh in aghaidh Dhun na nGall cheap go leor go mbeadh sé deacair orthu teacht ar ais ach tháinig siad ar ais. Nuair a chaill siad cluiche ceannais na hÉireann anuraidh in aghaidh na Dubs dúradh nach dtiocfadh siad ar ais go deo agus dúradh go raibh siad críochnaithe.

Bhuel, tháinig siad ar ais agus níl siad críochnaithe fós. Ní fhéadfadh le foireann nach raibh sách maith agus sách láidir a leithéid a dhéanamh. Tá foireann seo Mhaigh Eo sách maith. Ní hamháin go bhféadfaidís an cluiche seo a bhuachan ach d’fhféadfaidís an chraobh a bhuachan, freisin.

Tá jab iontach déanta ag James Horan. Nuair a tháinig sé isteach sa mbliain 2011 bhí lucht peile i Maigh Eo in ísle brí ach, ó shin i leith, tá Horan tar éis dóchas agus misneach a thabhairt do mhuinitr Mhaigh Eo.

Le linn a ré go dtí seo tá ceithre Chraobh Chonnacht buaite acu. Tá siad tar éis gabháil a fhad le cluiche leathcheannais na hÉireann (ceann acu in aghaidh Chiarraí a chaill sé) chuile bhliain ó shin, ar a laghad. Éacht é sin ach má tá se ag iarraidh go mbeadh a ainm scríofa sna leabhair staire caithfidh se an ceann mór a bhuachan.

Níl amhras ar bith faoi ach go mbeidh a chuid obair bhaile déanta ag Horan don chluiche seo. Déanfaidh sé cinnte nach mbeidh aon fhaitíos ar a fhoireann roimh Chiarraí. Freisin, is cinnte go n-úsáidfear an méid a dúirt leithéidí Larry Thomkins sna meáin chumarsáide fúthu a bheith bog chun a thuilleadh spreagadh a thabhairt dóibh. Beidh Maigh Eo réitithe le haghaidh Chiarraí. Bí cinnte de sin.

Cáineadh eile a rinneadh ar Mhaigh Eo anuraidh ná gur bhain siad barr feabhais amach i bhfad róluath sa samhradh agus nach raibh siad in ann an caighdeán ard peile a bhí acu a choinneáil suas. Ní féidir a leithéid a rá fúthu i mbliana, áfach. Rinne siad scrios ar chuile fhoireann a chuaigh chun páirce leo anuraidh suas go dtí cluiche ceannais na hÉireann.

I mbliana, áfach, agus taobh amuigh den chluiche in aghaidh Nua Eabhrac is ar bheagán scóranna a bhuaigh siad a gcuid cluichí. Bhuaigh siad ar Ros Comáin ar phointe amháin, bhuaigh siad ar Ghaillimh ar 7 bpointe agus bhuaigh siad ar Chorcaigh ar phointe amháin. Níl siad tar éis caighdeán imeartha na bliana seo caite a bhaint amach fós ach tá siad ag gabháil sa treo sin de réir a chéile.

 

Ciarraí

Fitzmaurice_Eamon_Aug2012_U21
Eamon Fitzmaurice

Nuair a smaoiníonn tú ar fhoireann peile Chiarraí le roinnt blianta anuas tagann féar fada isteach san intinn! Mar a rinne siad anuraidh tá siad ag traenáil is ag obair leo gan mórán airde a tharraingt orthu féin. Is féidir bheith cinnte gur ghortaigh sé Éamonn Fitzmaurice agus a phainéal nuair a chaill siad in aghaidh na Dubs sa gcluiche iontach sin anuraidh agus, dá bharr sin, is féidir a bheith cinnte go bhfuil an uaillmhian agus díocas iontu gabháil céim níos faide i mbliana.

Mar atá fíor faoi Horan tá éacht déanta ag Fitzmaurice. Nuair a ceapadh mar bhainisteoir ar Chiarraí é bhí jab mór atógála le deanamh aige. Bhí go leor ann a dúirt go raibh Ciarraí imithe agus go mbeadh gorta sa gcontae! Ina ainneoin sin, áfach, tá ag éirí leis Ciarraí a choinneáil san iomaíocht.

Cén fhoireann eile a d’fhéadfadh leithéidí Tomás Ó Sé, Gooch Cooper, Paul Galvin, Tadhg Kennelly, Tommy Griffin agus Tommy Walsh a chailleadh agus fós a bheith san iomaíocht.

Is fear an-chliste é Fitzmaurice agus tá tuiscint an-mhaith aige ar an gcluiche. Dá bharr sin, is féidir a bheith cinnte go bhfuil a chuid staidéir déanta aige ar Mhaigh Eo agus go mbeidh plean aige a bheidh dírithe ar a gcuid laigí. Shamhlóinn go mbeadh an plean seo á chleachtadh ag fir Chiarraí ag na seisiúin traenála agus, de bharr an cosc a cuireadh ar lucht leanta Chiarraí freastal ar na seisiúin traenaáa, is féidir bheith cinnte de gur plean rúnda é a bheidh cleachtaithe go maith acu!

 Mórchoimhlintí

Beidh toradh an chluiche seo ag brath go mór ar an gcaoi a láimhseáltar Cillian O’ Connor agus James O’ Donaghoe. Más é Shane Enright a bheidh ag marcáil O’ Connor beidh an-chath ann agus d’fhéadfá an rud céanna a rá faoi gcath a bheidh idir James O’ Donaghoe agus Keith Higgins – más é Higgins a bheidh á mharcáil.

Beidh jab mór le déanamh ag cúlaithe Chiarraí, freisin, déileáil le luas fhir lár páirce Mhaigh Eo agus Aidan O’ Shea ach go háirithe. Ar an láimh eile de, caithfidh cúlaithe Mhaigh Eo bheith ar airdeall chomh maith. Má thugtar aon spás ar chor ar bith do thosaithe Chiarraí beidh Maigh Eo i bponc.

Chomh maith leis sin, beidh fir ionaid an-láidir ag Ciarraí agus d’fhéadfadh tionchar an-mhór a bheith ag na fir ionaid ar an gcluiche. Cuimhnigh go mbeidh Bryan Sheehan, Ciarán Donaghy, Darran O’ Sullivan agus Declan O’ Sullivan ag fanacht go mífhoighneach le teacht isteach agus dochar a dhéanamh.

Cé a bheidh ag gabháil ar aghaidh go cluiche ceannais na hÉireann: Ciarraí – ach ar éigean, ar phointe amháin b’fhéidir! Binse Chiarraí a bhuafaidh an cluiche dóibh sa deireadh. Bígí ag súil le cluiche iontach.

Ag tosú do Chiarraí Dé Domhnaigh:

Brian Kelly, Marc Ó Sé, Aidan O’ Mahony, Shane Enright, Paul Murphy, Peter Crowley, Fionn Fitzgerald, Anthony Maher, David Moran, Michael Geaney, Johnny Buckley, Donnchadh Walsh, Stephen O’ Brien, James O’ Donoghue.

Ag tosú do Mhaigh Eo Dé Domhnaigh:

Robert Hennelly, Chris Barrett, Ger Cafferkey, Keith Higgins, Lee Keegan, Tom Cunniffe, Colm Boyle, Donal Vaughan, Séamus O’ Shea, Kevin McLoughlin, Aidan O’ Shea, Jason Doherty, Cillian O’ Connor, Andy Moran, Alan Dillon.

 

 

Na Dubs – an mbuailfear i mbliana iad?

Tuairim le

CLG Go Deo

@beo_clg

 Dúirt an Dr. David Hickey le Joe Brolly gur cheap sé go mbuafadh Áth Cliath cúig Chraobh na hÉireann i ndiaidh a chéile.

Creidimse go bhfuil foireann seo na Dubs maith go leor tabhairt faoina leithéid de dhúshlán. Tá foireann iontach acu.

Tá siad lán le fuinneamh. Tá siad sciobthaí. Tá siad láidir. Tá lúthchleasaithe iontacha acu. Tá siad ionraic. Oibríonn siad an-chrua nuair nach bhfuil an liathróid acu.

DublinTeamParade_2013Final
Foireann bhuacach Bhaile Átha Cliath 2013

Tá tuiscint iontach ag na himreirí ar imirt a chéile. Tá Stephen Cluxton acu. Tá bainisteoir iontach acu. Sin uilig raite níl siad dobhuailte.

Na Dubs – an mbuailfear i mbliana iad? Is fiú go mór mionscrúdú a dhéanamh ar an gceist seo i gcomhthéacs an chluiche mhóir atá le teacht idir iad féin agus Dún na nGall i gceann trí seachtaine.

Dár ndóigh, tabharfaidh an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile agus fios maith ag an dá fhoireann an stíl imeartha a bheidh in úsáid ag a gcéile comhraic – stíl chosanta in aghaidh stíle a bhfuil an bhéim uilig ar ghabháil chun tosaigh agus ionsaí leanúnach gan trócaire ar chúl an fhreasúra.

Cleachtadh iontach a bhí sa gcluiche a bhí ag fir Átha Cliath in aghaidh Mhuineacháin Dé Sathairn seo caite cé nár mhair an cluiche féin ach 20 nóiméad nó mar sin mar chomórtas. Mar a dhéanfaidh na Conallaigh chuir Muineachán córas i bhfeidhm a chinntigh go raibh balla mór cosanta acu ar a líne 35 méadar féin.

Bhí triúr cúlaithe breise in úsáid acu le stop a chur le tosaithe na Dubs. Léirigh Áth Cliath foighid, áfach, agus choinnigh siad orthu ag lorg bearnaí i measc chúlaithe Mhuineacháin.

Chomh maith leis an bhfoighid sin léirigh siad díocas agus d’oibrigh siad an-chrua nuair nach raibh an liathróid ina seilbh acu agus is bua an-mhor é seo atá ag na Dubs. Tuigeann siad go bhfuil jab le déanamh acu nuair nach bhfuil an liathróid ina seilbh acu.

De bharr gur éirigh le hÁth Cliath bearnaí a aimsiú i gcosaint láidir Mhuineachain agus dhá chúl a aimsiú taobh istigh de chúpla nóiméad d’fhág sé seo go raibh Muineachán i bponc agus theastaigh plean B uathu – rud nach raibh acu.

Má éiríonn leo gabháil trí phointe nó níos mó chun tosaigh ar na Conallaigh beidh an fhadhb chéanna acusan. Sin ráite, d’fhéadfaí dúshlán a thabhairt do na Dubs dá mbeadh ‘balla cosanta’ Mhuineacháin in ann na Dubs a chloí ar feadh 70 nóiméad agus is féidir bheith cinnte go seasfaidh ‘balla cosanta’ Dhún na nGall an fód níos faide ná 20 nóiméad ina n-aghaidh.

Bhí ar Mhuineachán aghaidh a thabhairt ar Áth Cliath seachtain tar éis dóibh cluiche crua a imirt in aghaidh Chill Dara inar imríodh am breise agus níl aon amhras ann ach go raibh tionchar aige sin ar imirt Mhuineacháin agus ar a gcuid ullmhúcháin don chluiche.

Ní bheidh na deacrachtaí seo ag na Conallaigh. Tá trí seachtaine acu le réiteach don chluiche leathcheannais. Chomh maith leis sin, tá siad ag gabháil don chóras cosanta seo níos faide na Muineachán agus tuigeann siad an córas seo níos fearr na Muineachán. Dár ndóigh, bhuaigh siad Craobh uile-Éireann leis an gcóras seo.

Má éiríonn leis na Dubs gabháil os cionn ceithre phointe chun tosaigh orthu, áfach, is féidir le Dún na nGall dearmad a dhéanamh ar an mbua a fháil. Dhéanfadh fir ionaid Átha Cliath cinnte de sin. Is féidir an argóint a dhéanamh go gcríochnaíonn na Dubs le foireann níos láidre ná an fhoireann a thosaíonn. Tá painéal uile mhuintir Bhaile Átha Cliath ar chomhchaighdeán.

Ní féidir le haon chontae eile a leithéid a mhaíomh agus má chuireann siad iallach ar Dhún na nGall an córas cosanta seo atá acu a thréigean is féidir leo dearmad a dhéanamh ar Sam. D’fhéadfadh fuinneamh agus aclaíocht fhir ionaid na Dubs damáiste a dhéanamh de ‘bhalla cosanta’ na gConallach. Dár ndóigh, scóráil fir ionaid Átha Cliath 1-9 in aghaidh Loch Garman i gcluiche leathcheannais chúige Laighean.

Rud eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar stíl imeartha Dhún na nGall ná an stíl oscailte atá ag na Dubs gabháil chun tosaigh. Má chúlaíonn tosaithe na gConallach is féidir bheith cinnte nach bhfanfaidh cúlaithe na Dubs siar leo féin. Gabhfaidh siad féin chun tosaigh agus beidh siad ar a gcompord ag gabháil chun tosaigh.

Tosaithe uilig atá ag na Dubs seachas Stephen Cluxton agus Rory O’ Carroll! Ní rud annamh é culaithe na Dubs a fheiceáil ag ciceáil cúilíní. Mar gheall air sin, beidh ar na Conaillaigh bheith dírithe go hiomlán ar an gcluiche agus an ról ar leith a bheidh ag chuile imreoir leis na Dubs a chloí. 75 nóiméad de bheith dírithe go hiomlán ar leaids óga fuinniúla ag rith, ina dtonnta, ag iarraidh bearnaí a leagan i mBalla Dhún na nGall!

Is féidir bheith lánchinnte go dtuigeann Jim McGuinness na rudaí seo uilig. Is sárbhainisteoir é agus níl amhras ann ach go bhfuil sé i dtús cadhnaíochta maidir le cúrsaí tactaicí is a leithéid.

Is minic a choistear daoine ag rá (taobh amuig de mhuintir Dhún na nGall, dár ndóigh!) nach bhféadfadh le haon bhainisteoir eile Craobh uile-Éireann a bhuachan le himreoirí sin Dhún na nGall seachas Jimmy.

Tá na himreoirí is fearr sa tír ag na Dubs ach ní i gcónaí gur leor na himreoirí is fearr a bheith agat le cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan.

Seo é an dara huair a dtabharfaidh Jim McGuinness agus Jim Gavin aghaidh ar a chéile taobh amuigh den tSraith Náisiúnta. Go dtí seo tá bua amháin ag Jim Gavin. Bhuaigh sé cluiche ceannais na hÉireann faoi 21 leis na Dubs in aghaidh Dhún na nGall i 2010.

Bhuaigh na Dubs ar phointe amháin tar éis do Michael Murphy cic éirice a bhualadh in aghaidh an trasnáin sa noiméad deireanach den chluiche sin. Déarfainn nach bhfuil dearmad déanta ag McGuinness ar an gcluiche sin.

Maidir le buanna Jim Gavin is léir go dtugann sé faoi chuile chluiche ar an gcaoi chéanna. Tugann se meas iomlán don fhreasúra i gcónaí is cuma cé tá ann agus ní bhreathnaíonn sé chun tosaigh riamh ar aon chluiche eile.

Rud eile atá soiléir óna réimeas go dtí seo nach nglacann sé le heaspa smachta óna chuid imreoirí agus iad ag ple le réiteoirí. Chonacthas a leithéid sin don chéad uair le linn réimeas Jim Gavin, Dé Sathairn seo caite, in aghaidh Mhuineacháin agus an toradh a bhí air sin ná gur baineadh Philly McMahon den pháirc tar éis dó cárta buí a fháil tar éis a bheith ag argóint leis an réiteoir.

Léiríonn se seo go bhfuil féinsmacht dochreidte ag foireann seo na Dubs agus seasfaidh sé sin dóibh. Tá sé soiléir, freisin, go bhfuil prionsabail ar leith aige agus go dtuigeann na himreoirí nach féidir leo ligint don chaighdeán titim agus é de sprioc acu a bheith ag ceiliúradh arís ag deireadh mhí Mheán Fómhair seo chugainn.

Mar gheall ar stíl imeartha na gConallach ní bheidh an tionchar céanna ag Stephen Cluxton ar an gcluiche. Chonacthas seo go soiléir sa gcluiche in aghaidh Mhuineacháin. Taobh amuigh den chic 45 méadar ní raibh mórán tionchair aige ar an gcluiche. Ghéill Muineachán do na ciceanna amach uilig.

Ba í an chloch ba mhó a bhí ar phaidrín Mhuineacháin nuair a bhí cic amach le tógáil ag Cluxton ná triúr (agus in amanna ceathrar nó cúigear) den seisiúr tosaithe a tharraingt siar agus, da bhrí sin, ligeadh do Cluxton cic amach gairid a thógail gan aon iomaíocht an lá uilig. Ní chuirfeadh sé iontas orm dá dtarlódh sé seo in aghaidh Dhún na nGall, freisin. Mar gheall air sin, ní bheidh an ról céanna ag cúl báire Bhaile Átha Cliath sa gcluiche seo taobh amuigh dá ról ag coinneáil amach cúl.

Fear amháin a d’fhéadfadh an-tionchar a bheith aige ar an gcluiche, áfach, is ea Kevin McMenamin.

Níor sheas McMenamin amach in aghaidh Mhuineacháin mar a sheas sé amach i gcluichí eile go dtí seo i mbliana agus má tá titim sa mbealach a bhfuil se ag imirt d’fhéadfadh sé tarlú nach dtosóidh sé an cluiche in éadan Dhún na nGall. Feictear dhomsa nach ndéanfadh sé aon dochar do na Dubs – ach go háirithe da dtarlódh se go raibh siad taobh thiar agus fiche nóiméad le himirt.

Tá mé cinnte nár mhaith le McMenamin seo a chloisteail ach baintear úsaid níos fearr as mar fhear ionaid ná imreoir a thosáíonn cluichí. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil sé ar cheann de na himreoirí is luachmhara agus is mó tionchair ar chluichí sa tír agus ní gá an tionchar a bhí aige i glcuichí roimhe seo a phlé anseo.

Tá sé fíor a rá nach bhfuil aon ghradam ollréalta buaite aige go dtí seo ach tá sé fíor a rá, freisin, go bhfuil tionchar nach beag imrithe aige ar chluichí thar na blianta nach mbeidh riamh bainte amach ag go leor a bhuann gradaim ollréalta go rialta.

Pointe amháin eile nár mhiste a lua anseo ná go bhfuil na Dubs feabhsaithe go mór sna cúlaithe. D’fhéadfadh siad 3 nó 4 chúl a scaoileadh isteach i ngach cluiche a d’imir siad anuraidh ach ní féidir sin a rá faoi na cluichí a d’imir siad in aghaidh Loch Garman, na Mí agus in aghaidh Mhuineacháin i mbliana. Is rud an-suntasach é seo. In ainneoin go bhfágtar O’ Carroll thiar leis féin go minic éiríonn leis na Dubs fir a tharraingt siar le tacú leis i gcónaí de bharr an luais atá ag cúlaithe Bhaile Átha Cliath.

Cheapfá, ón méid atá a rá ag go leor de lucht na meán cumarsáide nach féidir na Dubs a bhualadh ach ní aontódh lucht an ailt áirithe seo leis an méid sin. In ainneoin go raibh 7 bpointe idir iad féin agus Ciarraí anruaidh d’fhéadfadh an cluiche a bheith buaite ag Ciarraí. Ní raibh ach cúilín eatartha agus cúig nóiméad le himirt.

Féach chomh maith : 

Féasta Eile de CLG

Bhuaigh siad ar Mhaigh Eo ar phointe amháin i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Ní fíor a rá nach féidir iad a bualadh ach creidtear gur féidir leo bheith ar cheann de na foirne is fearr riamh má choinníonn siad dírithe ar an duais mhór. Is léir go bhfuil Jim Gavin ag déanamh jab iontach iad a choinneáil amach ón hype ach ní dhéanfadh sé aon dochar a chur ina luí orthu nach mbíonn an ceart ag na meáin i gcónaí!

Maidir le todhchaí na foirne áirithe seo, níl amhras ach go bhfuil cumas sa bhfoireann seo cúpla Craobh uile-Éireann a bhuachan le cur leis na cinn a bhuaigh siad i 2011 agus 2013 ach ní dhéanfadh sé aon dochar dóibh ná a lucht leanta a thuiscint nach rud éasca é sin a dhéanamh. Dár ndóigh, chuaigh Áth Cliath ó 1995 go 2011 gan Craobh uile –Éireann a bhuachan.

Gorta san ardchathair! D’airigh an scríbhneoir áirithe seo, tar éis a bheith i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche ceannais na sraithe le dhá bhliain anuas agus le gairid nuair a bhuaigh siad in aghaidh Mhuineacháin, go bhfuil lucht leanta na Dubs ag súil leis an iomarca ón bhfoireann áirithe seo, agus nach bhfuil an ceiliúradh ceart á dhéanamh ar an méid atá bainte amach acu le cúpla bliain anuas.

Ní haon dochar na laethanta maithe seo atá ag na Dubs a cheiliúradh go maith mar tá rud amháin cinnte – níl in aon rud sa saol seo ach seal agus cosúil leis na foirne iontacha a chuaigh rompu (Gaillimh 1964-66, Ciarraí 74-85, Tír Eoghain agus Ciarraí 2000 -2010) tagann deireadh le gach ré.

Idir an dá linn bainigí taitneamh as an gcur is an cúiteamh a bheidh ag gabháil ar aghaidh faoin gcluiche seo idir na Dubs agus na Conallaigh. Níl aon amhras ann ach gur cluiche iontach a bheidh ann ina mbeidh dhá stíl éagsúla go smior ann agus coinneoidh se sin an cluiche suimiúil. Cogadh stíleanna a bheidh ann!

Droichead Chaoimhín Uí Ifearnáin!

Tuairim le Seán Míchaél Ó Donnchadha

Daichead bhliain ó shoin, an Fómhar seo chughainn, bhí imní faoi stáid cúrsaí peile i mBaile Átha Cliath comh mhór sin go raibh réiteach na faidbhe ag dó na geirbe ag muintir rialúcháin Pháirc an Crócaigh.

All Ireland Senior Football Semi Final - Dublin v Cork
Kevin Heffernan, nach maireann

Bhí  a fhios ag Páirc an Crócaigh mura mbeadh foireann na príomhchathrach i mbarr a maitheasa go gcaillfeadh lucht Cumann Lúthchleas Gael amach do lucht sacar agus rugbaí ó thaobh rannpháirtíocht sna cluichí agus ó thaobh maoine ón lucht tacaíochta.

Bhí “Match of the Day” ar BBC oíche Shatharn agus bhí “ The Big Match” ar ITV tráthnóna Domhnaigh agus iad ag dul go mór i bhfeidhm ar ní hamháin san ardchathair ach tríd an tír go forleathan.

Ní raibh mórán cluichí Gaelacha ar an teilifís bhaile ag an am cé is moite de  chluichí leath-cheannais agus cluichí cheannais Craoibhe na hÉireann agus cluichí cheannais Corn an Bhóthar Iarainn, Lá le Pádraig.

Dé bharr na cúinsí sin bhí meathlú ar an pheil Gaelach i mBaile Átha Cliath agus é ina ábhar buairimh do Cumann Lúthchleas Gael.

Cé gur bhuaigh Baile Átha Cliath Craobh na hÉireann sa bhliain 1963, deich bhliana níos déanaí bhí siad sáite i Roinn a Dó den tSraith Náisiúnta agus níor éirigh leo cluiche Ceannais Laighean a shroichint le hocht mbliana.

Theip orthu sa chéad bhabhta de Craobh Laighean 1973 i gcoinne Co. Luí. Dúirt Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael san am an Doctúir Dónal Keenan go gcaithfí teacht i gcabhair ar Choiste Chontae Bhaile Átha Cliath.

Straitéis fhad-tréimhseach a bhí i gceist ag Donal Keenan ach bhí straitéis níos gearr-thréimhsí  ag Cathaoirleach Bhord Bhaile Átha Cliath Jimmy Gray i.e Caoimhín Ó hIfearnáin a cheapadh mar bhainisteoir ar fhoireann Bhaile Átha Cliath.

Cheap Gray gurbh é an rud a bhi in easnamh i m Baile Átha Cliath ná ceannaire den scoth, fear go mbeadh suim mhór aige i ndul chun cinn a gcontae féin agus an cumas aige daoine eile a threorú i dtreo éacht iontach.

Fear íocónach ab ea Ó Ifearnáin a bhuaigh Craobh na hÉireann le Baile Átha Cliath sna bhliana 1958 agus 1963. Smaointeoir éirimiúil ar chonas foireann a thraenáil agus agus ba léir gurb é an rogha ceart é.

Toghadh Caoimhín Ó hIfearnáin ag deireadh 1973 agus Donal Colfer agus Lorcan Redmond mar comh-roghnóirí  leis.

Bhí Ré Nua le tosnú do fhoireann peile Baile Átha Cliath. Faoi 1974 bhí Craobh na hÉireann buaite acu agus “Arm Heffo” i gCnoc a Sé Déag ar an bhfód.

Bhunaigh Caoimhín Ó hIfearnáin níos mó na foireann peile. Thosnaigh gluaiseacht a spreag suim in athuair i gcluichí Cumainn Lúthchleas Gaeil ní hamháin i gcathair Baile Átha Cliath agus is fíor go raibh na “Jacks Back” ach tríd an tír go hiomlán.

Chabhraigh an iomaíocht fíochmhar idir Baile Átha Cliath agus foireann iomráiteach Chiarraí faoi stiuír Mhíchil Uí Dhuibhir sna seachtóidí leis an bhfeachtas seo.

Bhí rath comh mór ar Cumann Lúthchleas Gael san Ardchathair go raibh de mhisneach agus d`acmhainn ag an Comhairle Láir [ Central Council] de Cumann Lúthchleas Gael oll-stáid mhór mar atá i bPáirc an Crócaigh sa lá atá inniu a atógáil.

Tá an- dul chun cinn déanta ag na Clubanna de Cumann Lúthchleas Gael i mBaile Átha Cliath freisin agus áiseanna den scoth tógtha ach dá bpobal.

Ach is do Bhaile Átha Cliath go heisiach ainmniúcháin an droichead nua trasna na Life. Deis a bheadh anseo ag an cathair aitheantas a thabhairt don ról fiúntach atá Cumann Lúthchleas Gael taréis a imirt ar an gcathair.

Nascann an droichead seo tuaisceart agus Deisceart na cathrach agus cén slí is fearr chun ómós a thabhairt do fhear a sheas an fód do gach rud atá dearfach faoi Cumann Lúthchleas Gael.

Beidh daoine ag gearán nár cheart droichead a ainmniú d’éinne nach bhfuil marbh le fiche bhliain ach ní mhór eisceacht a dhéanamh anseo do dhuine éisceachtúil.

Déanfaidh “Droichead Chaoimhín Uí Ifearnáin” feartlaoi oiriúnach don fhear.