Cluas le Fearg!

Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge
Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt deis do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhearg agus a dhíomá a chur in iúl ag cruinniú poiblí i Halla na Saoirse, Cé Éidin, Baile Átha Cliath amárach, Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, ag 12.00.450px-Liberty_Hall_Dublin_SIPTU_HQ
Tá an cruinniú á eagrú mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga go mbeadh sé ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014, de bharr na heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas ó dheas.
Tógfar cinntí ag an gcruinniú le feachtas gníomhaíochta a eagrú le moltaí an Choimisinéara, nár éist an Rialtas leo, a chur chun cinn.
I measc na n-aoichainteoirí ar an lá, labhróidh Seán Mag Leannáin, Iar-Phríomhoifigeach sa Státseirbhís, ag an gcruinniú Dé Sathairn agus beidh Caoimhín Ó hEaghra, Stiúrthóir ar an bhForas Pátrúnachta agus iar-státseirbhíseach sinsearach, ina chathaoirleach ar an bhfóram poiblí seo.
Mar chuid dá chuid cainte ar an lá, déarfaidh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Is comhartha é éirí as an gCoimisinéir Teanga ar atá ag tarlú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, le cúpla bliain anuas. Níor éirigh An Coimisinéir Teanga as de bharr nach raibh an toil nó an cumas aige an post a dhéanamh – tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta lánmhuiníneach as cumas an Choimisinéara agus tá rudaí iontacha bainte amach aige ina thréimhse mar Choimisinéir – an fáth gur éirigh sé as, agus nach raibh an dara rogha aige, ná nach raibh an Rialtas ná ardbhainistíocht na státseirbhíse sásta éisteacht leis, ná na moltaí a chur sé chun cinn a thógáil ar bord.”
Is iad na héilimh a phléifear ag cruinniú Chonradh na Gaeilge an Satharn beag seo, bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara agus eile le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga, ná:
  • go láidreofaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga;
  • go leagfaí síos spriocdháta faoina mbeadh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll;
  • go n-ardófaí an líon earcaíochta san earnáil phoiblí ó dheas do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile;
  • nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • go n-aithneofaí an pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.
Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is trua go bhfuil an Rialtas ó dheas ag tabhairt cluas bodhair do mholtaí an Choimisinéara agus do mholtaí phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go leanúnach. Is gá struchtúr oifigiúil ceart a chur ar bun le héisteacht shásúil a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo. Ní amháin sin, ach creideann muid go bhfuil na Rialtais ag cailleadh amach ar an luach agus ar na buntáistí a thugann teanga na Gaeilge don tír, bíodh siad sin ina mbuntáistí geilleagair, oideachais, féiniúlachta, uathúlachta nó eile. Is féidir leis an nGaeilge ról tábhachtach a imirt i sárú fhadhbanna na tíre seo ach an tacaíocht cheart a chur ar fáil di.”
Féach chomh maith : 

“Damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais eirí as an Choimisinéir Teanga”

Damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais eirí as an Choimisinéir Teanga – Preasráiteas ón Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh

Deir an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh gur damnú ar pholasaí Gaeilge an Rialtais atá sa bhfógra a rinne an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin inniu, go bhfuil sé le n-eirí as a chuid dualgais, ar bhunphrionsabail.

Thug an Coimisinéir an méid seo le fios ag cruinniú den Chomhchoiste Achanaithe agus Formhaoirsiú Poiblí i dtithe an Oireachtais inniu.7272839834_6a931e58c9_z

Dar le Ó Clochartaigh:

“Is lá dhubh, dorcha don Ghaeilge í seo, go bhfuil Sean Ó Cuirreáin ag eirí as tar éis deich mbliana a chaitheamh sa bpost.

“Is léir gur cinneadh ar bhunphrionsabail atá i gceist agus nach ar aon chúis eile atá seo socraithe aige.

“Rinne sé cáineadh an-láidir arís ina thuarascáil bhliantiúil ar easpa dáiríreachta na n-eagras stáit i leith a gcuid dualgais
faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.

“Is léir domsa nach bhfuil an tacaíocht dhá fháil ag an oifig ón Rialtas agus na h-eagrais stáit agus dá bhrí sin nach féidir leis an gCoimisinéir a chuid dualgais a chomhlíonadh mar is ceart.

“Tá an-díomá ar Shinn Féin faoi seo, ach molann muid Seán Ó Cuirreáin as an seasamh láidir seo a ghlacadh ag an am seo.

‘Tá ardmheas ag Sinn Féin agus pobal na Gaeilge ar an obair atá déanta aige féin agus ag a fhoireann agus is cailliúint an-mhór é. Go bhfios dúinn, seo an chéad uair gur éirigh aon Ombudsman as i stair an stáit agus is ráiteas iontach láidir ann fein é sin.

‘Is léir go bhfuil polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge ag titim óna chéile agus tá gá le h-athbhreithniú práinneach le seo a
chuir ina cheart.

‘D’iarr mé go dtabharfaí Aire Stáit na Gaeltachta teacht os comhair an Chomhchoiste le seasamh an Rialtais ar an gcinneadh seo agus na h-impleachtaí a bhaineann leis a phlé.

Buille tubaisteach don Ghaeilge

Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge : Buille tubaisteach don Ghaeilge – géarchéim léirithe ag an gCoimisinéir Teanga in obair an Rialtais i leith na Gaeilge

Tá géarchéim i ndiaidh teacht chun cinn inniu, Dé Céadaoin, 4 Nollaig 2013, agus Seán Ó Cuirreáin, An Coimisinéir Teanga, i ndiaidh a chur in iúl don Chomhchoiste um Imscrúduithe, Formhaoirsiú agus Achainíocha go bhfuil sé ag éirí as.

An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin
An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin

I measc na cúiseanna a luaigh An Coimisinéir Teanga as a chinneadh seasamh siar, rinne sé tagairt d’easpa cur i bhfeidhm na scéimeanna reachtúla teanga; caighdeán na scéimeanna féin; imeallú na teanga sa chóras riaracháin phoiblí; folús i dtaobh athbhreithniú Acht na dTeangacha Oifigiúla; cinneadh an Rialtais Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman; easpa acmhainní riachtanacha don Oifig lena cúraimí reachtúla a chomhlíonadh go cuí agus go hiomlán; easpa foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge sa státchóras; agus córas lochtach nua atá le teacht i bhfeidhm in ionad chóras na marcanna bónais.

Dúirt Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Is cinnte gurbh é an cinneadh le héirí as oifig atá fógartha ag an gCoimisinéir Teanga inniu an buille is mó don Ghaeilge le fada an lá.

“Tuigeann Conradh na Gaeilge go maith na cúiseanna atá aige le héirí as; tá droch-chinntí i leith forbairt na Gaeilge glactha ag an Rialtas ó thosaigh siad i 2011.

“Ní gá ach breathnú ar an gcinneadh le COGG a chur isteach leis an CNCM, an neamhaird a rinne an Rialtais ar na leasuithe ar fad a moladh don Acht Gaeltachta 2012, agus fiú an t-athrú a bhí le teacht ar Oifig an Choimisinéara Teanga féin.”

Rinneadh cinneadh Rialtais i mí na Samhna 2011 Oifig an Choimisinéara Teanga a chónascadh le hOifig an Ombudsman faoi Phlean Athchóirithe an Rialtais don tSeirbhís Phoiblí, cinneadh a rinneadh i ngan fhios don Choimisinéir Teanga agus don Ombudsman ag an am.

D’fhógair an Rialtas go gcuirfí deireadh leis an scéim marcanna bónais in earcaíocht agus ardú céime sa stát seirbhís i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo chomh maith, ach de réir ráiteas an Choimisinéara Teanga i dTithe an Oireachtais inniu, léiríonn taighde ar fhigiúirí oifigiúla ón Roinn Oideachais agus Scileanna go dtógfadh an córas nua atá beartaithe ag an Rialtas a chur ina áit thart ar 28 mbliana le líon na foirne riaracháin sa Roinn sin le líofacht i nGaeilge a mhéadú ón 1½% atá ann faoi láthair go dtí 3% – dá gcuirfí i bhfeidhm go hiomlán agus ar an mbealach is dearfaí é.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá muinín phobal na Gaeilge agus Gaeltacht ag an gCoimisinéir Teanga. Tá obair den scoth déanta aige agus ag a oifig le breis agus 9 mbliana anuas agus is buille tubaisteach é don Ghaeilge go mbeidh sé ag éirí as.

“In ainneoin a bhfuil ráite ag an gCoimisinéir Teanga gur beag eile a d’fhéadfadh sé a bhaint amach sa dhá bhliain eile dá chonradh atá fágtha, impíonn Conradh na Gaeilge air athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh seasamh siar ó chreideann muid go láidir gur chun cúil ar fad a rachaidh an troid ar son chearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta in uireasa Sheáin Uí Chuirreáin.

“Tá ráite ag an gCoimisinéir Teanga inniu, mar bhunchéim riachtanach agus Acht na dTeangacha Oifigiúla á leasú mar chuid de chlár an Rialtais, go gcaithfear foráil shoiléir a chur ann a chinnteoidh go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll.

“Aontaíonn Conradh na Gaeilge go hiomlán le ráiteas an Choimisinéara Teanga nach féidir leanúint ag tabhairt ar chainteoirí dúchais Gaeilge an Béarla a úsáid agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit, agus creideann go gcaithfear athchuairt a thabhairt láithreach ar cheist na teanga san earcaíocht agus i gcomórtais arduithe céime sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí.

Arsa de Spáinn: “Tá géarchéim ann agus is gá tabhairt faoin ngéarchéim sin go práinneach. Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Rialtas éisteacht le gach pointe atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga don Chomhchoiste Oireachtais inniu agus tabhairt faoi na fadhbanna a réiteach láithreach i bpáirt leis an gCoimisnéir agus leis an bpobal.”

“Ach, sure they all speak English anyway”

Fanatics, An Coimisinéir agus Hiroo Onoda, tuairim le Ciarán Dunbarrach

Chuala muid go léir, is dóigh liom, scéal Hiroo Onoda, leifteanant in arm na Seapáine, a throid ar aghaidh tar éis dheireadh an dara chogadh domhanda go dtí 1974.

D’éirigh sé as an chogadh cé nár ghéill sé riamh nuair a tháinig a oifigeach ceannais as an tSeapáin chun orduithe a thabhairt dó chun déanamh amhlaidh.

onoda quits
Deireadh chogadh Hiroo Onoda, cha raibh ach saighdiúir amháin eile fós ag troid tar éis gur éirigh Onoda as.

Fanaiceach ceart a ba é seo, cé gur éirigh go maith leis ina dhiaidh sin agus go bhfuil sé fós beo.

Is ionann fanaiceach agus duine nach féidir dearcadh dhaoine eile a thuigbheáil agus atá dúghafa le cúis ar leith. Dar le Winston Churchill, “is ionann fanaiceach agus duine nach féidir a dhearcadh a athrú agus nach n-athróidh an t-ábhar plé.”

Ní gá mar sin gurb ionann an fanaiceachas agus radacachas cé go mbíonn mearbhall ar dhaoine in amanna agus iad ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh eatarthu.

Agus mé ag cur fúm sa Ghaeltacht, tá an focal ‘fanatic’ cloiste agam minic go leor agus daoine ag cur síos ar Ghaeilgeoirí na Galltachta agus ar ghníomhairí teanga sa Ghaeltacht – ní gá a bheith ro-radacach chun an lipéad áirithe sin a mhealladh ort féin.

Ach ní dóigh liom gur féidir an lipéad sin a úsáid i leith an choimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Coimisinéir de chuid an stáit, ceaptha ag Uachtarán na hÉireann faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla.

An tseachtain seo caite, rinne Seán Ó Cuirreáin óráid inar léirigh sé gur “cur i gcéill” a bhain le polasaithe an Stáit i dtaca leis an Ghaeilge de ó thús ama.

“Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis,” a dúirt sé, “B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta “Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga phobail ach ná labhraígí linne í!”

An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin
An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa (mar a bhí ag an am a glacadh an pictiúir) agus An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin

Níor bhain sé féin úsáid as na focail ‘bréaga’ agus ‘bréagóirí’ ach i ndiaidh dom a óráid a léamh, ní bheadh aon leisce orm na focail sin a úsáid.

Óráid láidir, ciallmhar, réasúnta agus radacach a bhí ann – bunaithe ar thaighde agus ar fhíricí.

Mar sin féin, cha raibh mórán de raic ann, níl aon chaint air sna meáin Bhéarla, ní raibh aon agóid ann mar gheall air.

Tá muid chomh coimeádach séimh is a bhíomar riamh. Tá an fhírinne nochtaithe agus is searbh lofa an fhírinne chéanna ach níor mhaith leis an chuid is mó againne rud ar bith a dhéanamh faoi – muidne ró-bhuartha faoin lipéad gránna sin – fanatic.

Tá mé féin spreagtha ag an gCoimisinéir chun mo chearta teanga iomlán a iarraidh, cé go bhfuil mé cinnte go mbeidh mé thíos leis. Admhaím nár iarr mé i gcónaí iad – ar eagla go ndéarfadh daoine gur fanaiceach mé is dócha.

Bíodh acu.

Dúirt Gaeilgeoir mór le rá a bheadh clú air mar dhuine measartha uair amháin liom gur fanaiceach gach duine atá go fóill ag caint i nGaeilge agus nár cheart a shéanadh nó a bheith buartha faoi.

Níl a fhios agam faoi sin caithfidh mé a rá, an ionann dílseacht agus fanaiceachas? An fanaiceach gach duine atá a roghnaíonn Polainnis a labhairt sa teach seachas Béarla mar shampla?

Dúirt an Coimisinéir, “Ba cheart go gcinnteoidh na leasuithe atá le déanamh ar an Acht Teanga go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll.”

Is beag Gaeilgeoir nach n-aontódh leis sin cé gur mhó an méid againn a bheadh gan mórán dóchais go dtarlóidh sé sin tar éis go bhfuil fimíneacht an stáit agus naimhdeas eilimintí áirithe sa stáitseirbhís léirithe arís eile.

Ach, cé go n-aontaím go láidir leis an choimisinéir, smaoiním ar an réaltacht sa Ghaeltacht, poist á gcruthú ag an Údarás gan aon choinníoll teanga is nach ndéanann a dhath don Ghaeilge.

supermacs-e1331405124461
Fonn ort seo a ithe? Bíodh Béarla agat

Agus na gnólachtaí seo, caiféanna, chippies, siopaí, agus tithe tábhairne I gceart lár na Gaeltachta, ar le cainteoirí dúchais iad den chuid is mó ach a fhostaíonn daoine gan Ghaeilge ….

“Sure nach bhfuil Béarla acu ar fad?” a deirtear, “Agus ar ndóigh, ní bheifeá ag cur isteach ar dhuine ar bith … seachas na fanatics sin ar ndóigh.

Fiú as na rudaí sin a lua, tá a fhios agam go gcuirfidh cuid mhór daoine síos orm mar fhanaiceach gan chiall ach an féidir a bheith ag súil le seirbhís Ghaeilge ón stát nuair nach mbacann go leor gnólachta áitiúla leis an choinníoll chéanna?

Títear domsa gurb iad lucht an Bhéarla éigeantaigh na fíor-fanatics sa scéal seo agus mar a dheireadh na seandaoine, tá measarthacht ar achan rud, agus ní hionann do bhunchearta teanga a iarraidh i do thír féin agus a bheith fós ag troid tríocha bliain tar éis gur chríochnaigh an cogadh.

An fhírinne shearbh faoin stát is an Ghaeilge

Cuairteoirí ón Chosaiv ar an Choimisnéir Teanga

Maitiú Ó Coimín
 Freastalóidh deichniúr státseirbhíseach ó Phoblacht na Cosaive ar chúrsa oiliúna in Oifig an Choimisinéara Teanga ar an Spidéal an tseachtain seo chugainn.

Ceapadh Coimisinéar agus foireann d’oifig úr sa tír sin nuair a bunaíodh an Phoblacht sa mbliain 2008. Maraíodh tuairim is aon mhíle duine déag le linn an chogaidh dheirg ag deireadh na nóchaidí agus tá ceithre mhíle déag eile ar iarraidh ó shin.

Tá aighneas sa tír i gcónaí maidir le cúrsaí teanga – idir an nócha cúig faoin gcéad den phobal a labhraíonn an Albainis agus an cúig faoin gcéad a labhraíonn an tSeirbis – agus i mbun atógáil tíre atá an Rialtas, ar Albánaigh a bhformhór acu, faoi láthair.

Is cuid lárnach den atógáil sin muintearas idir na pobail éagsúla a chothú agus ba chuige seo a ceapadh an Coimisinéar, a chinnteoidh cearta teanga do shaoránaigh uilig na tíre.Kosovo_1913-1992_CIA

Le dhá bhliana anuas tá Seán Ó Cuirreáin agus a fhoireann ag obair go deonach le rialtas na Cosaive agus beidh sé ina eiseamlar ag Oifig nua na Cosaive seo.

Is foireann úr-nua í an fhoireann seo agus ní na baill i gcleachtadh ar an obair nó ar a bheith ag obair lena chéile. Mairfidh an cúrsa oiliúna trí lá agus foghlaimfear faoi chleachtas na hoifige agus an chaoi a ndéantar iniúchadh agus a ndéileáiltear le gearán ón bpobal.

Beidh an Coimisinéar nua, Slavisa Mladenovic, agus a fhoireann  i láthair ag Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga a reáchtálfar in Áras an Uachtaráin ar an Aoine seo ag teacht. Freastalóidh coiminisinéirí teanga ó thíortha éagsúla ar an gComhdháil seo le ceist na gcearta teanga a phlé i gcomhthéacs idirnáisúnta agus eolas ar dhea-chleachtadh a roinnt.

Táthar ag súil go mbunófar Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga ag an gComhdháil seo.