Éistimis leis an aos óg

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

[Is leagan leasaithe é seo d’alt a foilsíodh ar an Tuaisceoir cheanna féin]

An mhí seo caite, foilsíodh alt leis an taighdeoir Donncha Ó hÉalaithe i gComhar maidir le Staid na Gaeltachta agus cén catagóir a bheadh na ceantair éagsúla Gaeltachta dá gcuirfí na critéir theangeolaíochta a mhol an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta i bhfeidhm.

Anailís an-chruinn agus úsáideach a ba é seo ó pheann Dhonnchaidh Uí Éallaithe.

Den chéad uair riamh, chonacthas domsa go bhfuil ábhar dóchais éigin ann ó thaobh staid na Gaeilge sa Ghaeltacht ann – cé go bhfuil ábhar buairimh ann chomh maith ar ndóigh.

Ach mar a dúirt Donncha san alt, seo an uair dheireanach a bheas muid in ann a leithéid de thaighde a dhéanamh de bhrí gur cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge ar an drochuair.

As seo amach, beidh fios s’againne ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht ag bráth ar an eolas atá le fáil sa daonáireamh amháin, agus ar an drochuair, ní róchruinn an tomhas é seo.

Spreag  taighde Dhonncha go leor cainte agus díospóireachta agus mar is  gnáth, pléadh dearcadh an aosa óig i leith na Gaeilge sa chomhthéacs sin.

aerial-view-of-spiddal
An Spidéal (nó ‘Spiddal Village’ mar a thugtar air go coitianta i measc na mBéarlóirí) ón aer. Go leor Gaeilge fós á labhairt ach ní i measc an aosa óg? – cén fáth, sin an cheist.

Tá mise i mo chónaí sa Spidéal le breis is trí bhliain anuas, Gaeltacht láidir ar go leor bealaigh í an Spidéal, ach san am sin uile go léir, níor chuala mé daoine óga, is é sin daoine faoi fhiche bliain d’aois as an pharóiste ag caint i nGaeilge eatarthu féin ach dhá uair. Agus uair acu sin, ba léir go raibh gasúr díreach ag mess-áil thart is ag déanamh aithrise ar sheanfhear.

Chuala mé daoine idir 20 agus 30 ach caint i nGaeilge eatarthu féin ach mar sin féin, ba thearc sin chomh maith.

Mar sin féin, aisteach go leor, deirtear liom go bhfuil na daoine óga seo iontach báúil don Ghaeilge, agus go bhfuil siad bródúil go bhfuil an teanga acu agus gurb as an Ghaeltacht iad. Ach cheana, ní labhraíonn siad í.

Ní dhéanaimse aon bhreithiúnas orthu, is trua liom gurb é sin an cás. Ach tá cearta teanga acu, an ceart leis an Ghaeilge a dhiúltú san áireamh.

“Bás sóisialta a bheadh ann an Ghaeilge a labhairt,” a dúirt iardhalta Choláiste Chroí Mhuire, meánscoil an Spidéil, liom.

“Ní labhrófá an Ghaeilge sa scoil sin, outsider amach is amach a bheadh ionat.”

Ach an cainteoirí dúchais iad na daoine óga seo? An bhfuil siad ag séanadh a ndúchais nó díreach ag cloí le fíor-dhúchas s’acu – an Béarla?

Mar shampla, ní bhfuair ach 39.0% de theaghlaigh an cheantair Scéim Labhairt na Gaeilge iomlán in 2006.

Dar le Plean Teanga an Spidéal

  • “Tógadh níos lú ná leath den phobal le Gaeilge nó le Gaeilge den chuid is mó”
  • “Is as taobh amuigh den Ghaeltacht iad 42% den daonra.”

Sin dá staitistic thromchúiseach don teanga.

Sráidbhaile idirnáisiúnta an Spidéal ar go leor bealaigh. Mar gheall ar sin, cé go maireann an Ghaeilge mar theanga phobail, is í an Béarla teanga choitianta an phobail go léir.

“Is caol an seans gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail a bheas ag an nglúin atá le teacht,” a deir an plean teanga agus SIN É, an buille marfach, an fhírinne lom.

Mar sin féin, tá sé tábhachtach gan an milleán ar fad a chur ar dhaoine atá ag bogadh isteach sa cheantar.

Tá cainteoirí dúchais ann atá ag tógáil a gcuid páistí le Béarla amháin agus tá daoine ann a rugadh is a tógadh sa cheantar a roghnaíonn gan an Ghaeilge a labhairt níos mó.

Ní minic a fhágtar gan smaoineamh mé, ach nuair a chuirim an cheist orm féin, “Conas a chuirfinn aos óg an Spidéil ag gaeilgeoireacht?”, caithfidh mé an cheist a fhreagairt go hionraic.

Níl barúil dá laghad agam.

Agus glacann sé sin ar ais mé chuig na comhráití ar thaighde Dhonncha, is minic a luadh an t-aos óg ann ach níor chuala muid glór an aosa óig iad féin.

Nach mbeadh sé go maith dá labhródh muid leo go díreach seachas a bheith ag caint fúthu agus ag déanamh tomhais ar a mianta?

Nach mbeadh sé go maith chun aos óg na Gaeltachta arbh fhearr leo Béarla a labhairt a fháil ar an raidió ag míniú dúinn cén fáth?

B’fhéidir go mbeadh smaointe acu faoi cén dóigh an Ghaeilge a láidriú nó b’fhéidir go gcuirfeadh siad in iúl dúinn nárbh fhiú iarracht a dhéanamh agus nach bhfuil suim acu ach sa Ghalldú?

Cibé caidé, mura gcuirfear an cheist, ní bhfaighfear aon fhreagra.

Bealach nua ag teastáil

Tá múnla nua de dhíth chun na meáin Ghaeilge scríofa a mhaoiniú

TUAIRIM le Ciarán Dúnbarrach

Sula léifidh tú an t-alt seo, cuirimis rud éigin as an bhealach.

“Bhál, déarfadh sé sin nach ndéarfadh.”

Sin a déarfaidh cuid mhaith daoine agus mo thuairimí i leith na meáin Ghaeilge scríofa á léiriú.

Agus, ar bhealach, tá an ceart acu.

“Sea, déarfainn sin … agus?”

Sa chéad dul síos, má leanann RTÉ ar aghaidh lena bpleananna chun seirbhís scríofa a bheith acu féin as Gaeilge, líonfaidh sé sin spás ollmhór. Tá buncheist ann, ar ndóigh – cén fáth nach raibh sé i gcónaí ann?

Ach beidh spás ann d’anailís neamhspleách agus do thuairimíocht neamhspleách i gcónaí.

Ar líne nó i bprionta?

Creidim féin go pearsanta go bhfuil gá le nuachtán clóite i gcónaí de bhrí go bhfuil níos mó cumhacht ag scéal i gcló ná ar an scáileán amháin.

Chomh maith leis sin, tá fós go leor daoine ann arbh fhearr leo a bheith ag léamh pháipéir chlóite.

“Bhál, déarfadh sé sin nach ndéarfadh.”

Arís, sea, déarfainn sin.

Tá súil agam go mbeidh páipéar nuachtáin neamhspleách againn i nGaeilge agus go mbeidh sé sin á mhaoiniú ag dream éigin.

Ní dóigh liom féin gurb iad Foras na Gaeilge an dream leis an mhaoiniú sin a riaradh.

“Bhál, déarfadh sé sin nach ndéarfadh.”

Is é mo bharúil nach bhfuil an saineolas acu nó an fonn orthu a leithéid a riaradh. Ó thosaigh Foras na Gaeilge, tá trí pháipéar caillte againn. Níl sé sin maith go leor.

B’fhearr go mór sciar d’airgead a bhaint den Fhoras is eagraíocht nua a bhunú. Ba chóir an Ciste Craoltóireacht Gaeilge sa Tuaisceart á úsáid mar mhúnla.

Bheadh bord ceaptha, abair cúigear, saineolaithe amháin air, ní gá go mbeadh costais mhóra i gceist, nach bhfuil Skype ag gach duine?

Ní bheadh de dhíth mar fhoireann ach feidhmeannach amháin agus rúnaí leis an rud ar fad a stiúradh.

Tuigim go maith nach bhfuil sé seo dul a tharlú ach pé scéal é, sin mo thuairim.

‘Pota lárnach’ de dhíth

Bheadh pota lárnach faoi stiúir an dream seo.

Ní bheadh sé seo a roinnt do dhream ar bith ar bhonn chonradh ach bheadh sé á dháileadh ar bhonn bliana, bunaithe ar léitheoireacht.

la nua
An t-eagrán deireanach de Lá Nua

Go bunúsach, gheobhadh foilseachán a mbeadh 4,000 léitheoirí níos mó léitheoirí ná an dream a bhfuil 1,000 léitheoirí acu ach bheadh an dá dhream i dteideal do scair an airgid.

Bheadh na doirse á n-oscailt do gach dream agus don iolrachas agus is é an t-iolrachas sin, rud éigin a chur ar fáil do gach dream an t-aon rud atá dul léitheoireacht na Gaeilge atá an-íseal amach is amach a ardú.

Bheadh an t-airgead a dháileadh is a riaradh bunaithe ar léitheoireacht agus ar fhoirmlí. Ní bheadh sé i gceist ag an bhord ach an léitheoireacht sin a dhearbhú is foirmlí a chur i bhfeidhm chun méid na ndeontas a thomhais.

Ní bheadh aon ról acu i dtaca le hábhar nó caighdeán an ábhair – sin ceisteanna don mhargadh amháin.

Foirmlí de dhíth

Ar ndóigh, tá fachtóirí eile le cur san áireamh agus bheadh sé riachtanach don bhord nua iad siúd a mheas agus foirmlí a chur i bhfeidhm, mar shampla, an bhfuil an foilseachán ar fáil go neamhspleách, an dtéann sé i gcló? An bhfuil sé ar fáil go hidirnáisiúnta mar shampla?

Dar liomsa, ba chóir go bhfaigheadh foilseacháin neamhspleácha níos mó ná forlíontaí agus leathanaigh sna meáin Bhéarla ach cén fáth nach mbeadh siad siúd a chothú chomh maith?

Chomh maith leis sin, creidim gur chóir go mbeadh níos mó airgead ag dul d’fhoilseacháin a bhfuil leagan clóite ar fáil de.

Ach go bunúsach, bheadh rialacha an chomórtais sách difriúil ón leagan amach a oibríonn an Foras anois, leagan amach nach n-oibríonn.

Bheadh an múnla seo bunaithe ar léitheoireacht thar aon rud ar bith eile. Sin an rud daonlathach.

Ní bheadh foilseachán ar bith slán sábháilte, ach bheadh sé féaráilte mar bheadh an rogha ag an phobal. Thabharfadh sé sin an chumhacht do na daoine, do phobal na Gaeilge sinn féin.

Bheadh an t-ábhar á threorú ag an mhargadh agus bheadh níos mó maoiniú ag na daoine is fearr agus ag na daoine a oibríonn níos díograisí.

Cad a bheadh cearr leis sin?

Féach chomh maith :

Úlla, Oráistí agus Irisí 

Úlla, Oráistí agus Irisí

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Is torthaí iad beirt úlla agus oráistí

shotgun_wedding
Bhál, bheadh dream éigin sásta is dócha!

Tá aithne agam ar dhaoine a thaitníonn an dá chineál leo, aithne agam ar dhaoine eile nach dtaitníonn cineál amháin acu leo agus tá aithne agam ar dhaoine nach maith leo ceachtar acu, is cuma cé chomh úr is atá siad.

Ach is maith an rud go bhfuil éagsúlacht ann maidir le torthaí dar liom – meallann sé níos mó daoine chun iad a ithe, seans go dtaitníonn ar a laghad ceann amháin acu le beagnach gach duine.

Dá mba rud é nach raibh ann ach toradh amháin, fiú dá mba rud é gur toradh den scoth a bheadh ann, seans nach dtaitneodh sé lena lán daoine.

Mar sin de, ceist eile – Cé acu is fearr? Comhar nó Nós?

Ní féidir a rá dar liom, b’ionann é agus comparáid a dhéanamh idir úlla agus oráistí. Braitheann sé ar an duine aonair agus ní lia duine ná tuairim.

Deirimse féin nach féidir aon chomparáid a dhéanamh eatarthu, cé go nglacaim go bhfaigheann Comhar deontas níos flaithiúla ná mar a fhaigheann Nós.

  • £36,000 sa bhliain a fhaigheann Nós “le haghaidh iris lándáite, ardchaighdeán, ar 64 leathanach” a fhoilsiú uair sa mhí
  • Faigheann Beo.ie €70,000 / £55,000 in aghaidh na bliana.
  • Faigheann Comhar €240,000 thar 3 bliana nó €80,000 sa bhliain.

Ach tá siad dírithe ar dhreamanna difriúla, ní dóigh liom gur féidir comparaid chothrom a dhéanamh idir an bheirt acu.

Is maith an rud é go bhfuil an dá rogha ann, i measc na roghanna eile.

Pósadh Gránghunna?  

Tá daoine áirithe den tuairim nach bhfuil go leor airgead ann leis na meáin scríofa Ghaeilge a mhaoiniú mar is ceart agus gur cheart iad ar fad a tharraingt le chéile – agus iris / suíomh idirlín fhíormhaith, cuimsitheach agus uilechumhachtach a bhunú.

Dar leis an argóint seo, baineann easpa léitheoireacht Ghaeilge le laigí na n-irisí. Tuigim an réasúnú, tá ciall leis, ach ní aontaím.

Creidim féin nach bhfuil aon bhealach praiticiúil chun, mar shampla, beo.ie agus Comhar a phósadh le chéile.

B’ionann é agus ceann acu a dhruidim agus an t-airgead ar fad a thabhairt do dhream amháin acu.

Cluiche mór ‘musical chairs’ a bheadh ann. Pósadh gránghunna más maith leat.

Tá go maith, bheadh i bhfad níos mó maoiniú ar fáil don fhear deireanach ina sheasamh. Ag an mbuaiteoir a bheadh gach rud.

Chinnteodh sé sin go mbeadh an-mhaoiniú go deo ag an mbuaiteoir ach an spreagfadh sé sin léitheoireacht na Gaeilge?

Déarfainn féin nach spreagfadh áfach. Bheadh dream ar leith an-shásta go cinnte, ach bheadh pobal léitheoireacht na Gaeilge thíos leis.

Mar shampla, dá ndúnfadh na hirisí eile áfach agus dá dtabharfadh an t-airgead ar fad do Nós, bheadh moll mór airgid ag Nós agus thiocfadh leo iris i bhfad níos fearr arís a chur amach.

Ach Nós a bheadh ann i gcónaí.

Bheadh gaeil óga an-sásta.

Ach cad faoin leachtóir ollscoile? Cad faoin té a bhfuil dúspéis acu i litríocht na Gaeilge?  – An mbeadh siad féin chomh sásta céanna, ní dóigh liom é.

Creidim go gcothódh an éagsúlacht léitheoireacht na Gaeilge, ní sár-iris amháin, dá bhfeabhas an iris chéanna.

Nóta scoir …

Tá 70,000-75,000 cainteoirí den Fharóis, teanga na Scigirí, tá 45,000 sna hoileáin iad féin.

Tá sé nuachtán acu sin, agus 6 iris acu, ábhar machnaimh do na Gaeil.