Laghdú ar Sheirbhísí Gaeilge na Roinne Oideachais

An tAire Oideachais, Ruairi Quinn.
An tAire Oideachais, Ruairi Quinn.

Tá cáineadh láidir déanta ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Scéim Teanga nua de chuid na Roinne Oideachais.

 

Faoin scéim úr laghdófar líon na seirbhísí atá ar fáil ón Roinn do phobal na Gaeilge.

 

“Céim mhór ar gcúl” atá ann dar leis an gComhdháil.

 

Tháinig céad scéim teanga na Roinne i bhfeidhm i 2005. Tá an scéim sin in éag ó bhí 2008 ann. De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí stáit méadú leanúnach a dhéanamh ar líon na seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge.

 

“Ní hamháin nach dtógann an dara scéim ar an méid a bhí geallta sa chéad scéim, ach go deimhin cuirtear cuid de ghealltanais na céad scéime ar neamhní,” a deir Kevin De Barra, Stiúrthóir ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge.

 

Chuir an Roinn Oideachais uimhir ghutháin ar fáil in 2005 chun déileáil le fiosraithe i nGaeilge ón bpobal.

 

Deir an Chomhdháil: “Tugtar le fios sa dara scéim teanga go mbraithfidh an tseirbhís seo feasta ar líon na mball foirne atá ann chun an tseirbhís a chur ar fáil.”

 

“Fágann an caveat seo sa dara scéim go bhfuil gealltanais na Roinne maidir le seirbhísí teileafóin anois teoranta agus coinníollach, agus dá bharr nach mbeidh sé soiléir don phobal cén tseirbhís a bhfuil siad i dteideal ón Roinn Oideachais agus Scileanna.

 

“I gcás seirbhísí do mhúinteoirí, deirtear sa scéim teanga úr go mbeidh seirbhís teileafóin Ghaeilge duine-le-duine ar fáil i gcónaí ón Rannóg Oideachais do Mhúinteoirí, ‘ach an pearsanra is gá a bheith ar fáil’.”

 

Faoin gcéad scéim bhí seirbhís trí Ghaeilge ar fáil ón Aonad Forbartha Inghairme agus ón Aonad Staitistic. Ní luaitear seirbhís trí Ghaeilge ón Aonad Staitistic sa scéim nua áfach.

 

“Cuirtear in iúl sa dara scéim teanga de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna go gceapfaidh an Roinn cigirí ar leibhéal an ghráid earcaíochta tríd an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, a chuirfidh an tseirbhís Ghaeilge ar fáil agus a fheabhsóidh an tseirbhís sin,” a dúirt an Chomhdháil.

 

“Dóibh siúd ar státseirbhísigh iad roimhe seo agus atá ag obair sa Roinn cheana féin nó ag aistriú isteach sa Roinn Oideachais agus Scileanna ó roinn eile, bronnfar marcanna breise orthu as cumas sa Ghaeilge i gcomórtas inmheánach ardú céime sa Roinn.

 

“Cé go mbeidh an Ghaeilge luaite mar chritéir inniúlachta mar sin, ní bheidh sí luaite mar chritéir éigeantach. Déantar cur síos sa dara scéim teanga ar shuirbhé a tugadh faoi i measc fhoireann riaracháin reatha na Roinne Oideachais agus Scileanna a thaispeáin gur lú ná 1.5% den fhoireann riaracháin atá inniúil sa Ghaeilge.


“Roimh 2005, is i mBéarla amháin a d’eisigh an Roinn Oideachais agus Scileanna a bpreaseisiúintí. Le daingniú na chéad scéime, gealladh go gcuirfí leaganacha Gaeilge de phreaseisiúintí a fhógraíonn scéimeanna nua nó athruithe polasaí. Sa scéim úr a tháinig i bhfeidhm inné, soiléiríodh nach gá as seo amach go ndéanfaí na preaseisiúintí sin a eisiúint i nGaeilge ag an am céanna leis an leagan Béarla.”

 

Dar le De Barra go bhfuil íogair ama ag baint le preaseisiúintí na Roinne, agus gur beag fiúntas a bheadh ann preaseisiúint i nGaeilge a eisiúint seachtain mall ar an leagan Béarla.

 

“B’fhéidir go gcuirfeadh seo tic i mbosca don Roinn”, a deir De Barra, “ach is cur amú airgid a bheadh ann tabhairt faoi seo ar an mbealach ciotach seo toisc nach mbeadh fiúntas ar bith ann don phobal”.

 

“Cuirtear an-bhéim sa dara scéim teanga ar na srianta ar acmhainní daonna agus airgeadais laistigh den Roinn Oideachais agus Scileanna. Dar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur léir go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna ag lorg bealach éalaithe ó na gealltanais a rinneadh sa chéad scéim, agus gur mó dochar ná maitheas a dhéanfaidh an dara scéim do sheirbhísí don phobal ón státchóras, go háirithe má leanann comhlachtaí poiblí eile an droch-chleachtas seo.

 

“Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag dul chun cainte leis an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, a dhaingnigh an scéim seo, chun an chéim siar seo i leith seirbhísí Gaeilge don phobal a chíoradh.”

 

 

‘Misneach’ le seoladh ag cruinniú poiblí

Misneach

Tá grúpa nua ‘radacach’ Gaeilge, darbh ainm Misneach, le lainseáil i mBaile Átha Cliath Dé Máirt 26 Márta.

Beidh an chéad chruinniú poiblí ag Misneach ar siúl in ionad Chois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, ag 7.30in, áit a dhéanfar plé ar ábhair éagsúla i dtaobh na Gaeilge.

Beidh na gníomhaithe teanga Aindrias Ó Cathasaigh agus Feargal Mac Ionnrachtaigh ag labhairt ag an gcruinniú.

Is é príomhthéama an chruinnithe ná todhchaí na Gaeilge mar teanga labhartha laethúil.

Is as Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus Gaillimh iad baill Mhisneach go príomha. Deir an grúpa go mbeidh cruinnithe eile ar bun acu i mbailte agus cathracha eile fud fad na tíre sna míonna amach romhainn.

“Tá sé áitithe ag sochtheangeolaithe go mbeidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobalda laethúil laistigh d’fhiche bliain,” arsa urlabhraí de chuid Mhisneach, Kerron Ó Luain.

“Is sna Gaeltachtaí amháin a úsáidtear an teanga ar an gcaoi seo agus tá na Gaeltachtaí ag fáil bháis go sciopaidh. Aithnímid go bhfuil dul chun cinn déanta, agus á dhéanamh, in earnáil scolaíochta na Gaeilge. Ach mar ghrúpa tá sé mar aidhm againn athbheochan iomlán a chuir i gcríoch agus an teanga a chur ar ais i mbéal an phobail agus is buncloch iad na Gaeltachtaí dúinn.

“Tá sé fíor-dheacair athbheochan iomlán a chuir ar bun gan an teanga bheith in úsáid ar bhonn laethúil a thuilleadh.”

Luaigh Ó Luain an géarghá atá le grúpa ‘fíor-radacach’ Gaeilge faoi láthair.

“Is í an sprioc atá ag Misneach ná an meath seo a stopadh. Ní amháin sin ach teastaíonn uainn go bhfásfaidh an teanga chomh maith. An chéad chéim ná diúltú do na polaiteoirí agus na loiciméirí nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart ar son na teanga. Deir na daoine seo go bhfuil siad ar son na teanga ach bíonn siad sásta go síoraí le reachtaíocht agus gníomhaíochtaí laga.

“An bhliain seo chaite chonaic muid Acht Teanga leasaithe chun olcas á bhrú trí Theach Laighin gan gíog nó míog i ndáiríre. Níl slánú na Gaeilge le bhrath san acht lag mar a sheasainn sé.”

“Nuair a bunaíodh Misneach i dtús báire (sna 1960í) bhí an Ghaeilge faoi ionsaí ag na meáin agus daoine áirithe sa domhan liteartha. Bhí an ‘Language Freedom Movement’ ag déanamh ionsaí ar stádas poiblí na teanga in Éirinn. Bhí Máirtín Ó Cadhain agus daoine eile gníomhach i bhfeachtais a chuir náire ar na tréigtheoirí cultúrtha sin.

“Inniu tá na hionsaithe céanna le chloisteáil ó na cineáil daoine céanna sna meáin. Ag an am céanna níl rialtas ar bith tar éis stádas na teanga a chosaint nó an Ghaeilge a chuir chun cinn i mbealach suntasach a chuirfidh ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile í.

“Tá sé i gceist ag Misneach dul i mbun gníomh díreach sa stíl chéanna atá ag  grúpaí radacacha teanga sa Bhreatain Bheag agus sa Bhriotáin chun cosaint cheart a thabhairt don Ghaeilge agus chun stop a chuir leo siúd sa bhunaíocht pholaitiúil ar mian leo ísliú céime a chuir i bhfeidhm ar an teanga,” ar seisean.