Slua mhór ag Comhdháil Idirnáisiúnta Cearta Teanga

PREASRÁITEAS

D’fhreastal slua mhór ar an gComhdháil Idirnáisiúnta Cearta Teanga i mBaile Átha Cliath inniu. Pléadh na leasaithe atá pleanáilte ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an deis a bhéas ann i mbliana deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oibre oifigiúil san Aontas Eorpach.

I measc na gcainteoirí bhí: Ombudsman na Catalóine, Rafael Ribó i Massó, a chuir lucht freastal na Comhdhála ar an eolas faoi chúrsaí cearta teanga sa Chatalóin, an Choimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill, an Dr. Pádraig Ó Laighin, saineolaí ar chearta teanga san Eoraip, an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada, na Teachtaí Dála Éamon Ó Cuív, Seán Kyne, Lucinda Creighton, agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh.

Rinne Eimear Ní Chonaola, príomhláithreoir Nuachta TG4, agus Máirín Ní Ghadhra, láithreoir Nuacht a 1 ar Raidió na Gaeltachta, cathaoirleacht ar an gComhdháil.

Labhair Uachtarán an Chonartha, Cóilín Ó Cearbhaill, Daithí Mac Carthaigh, abhcóide, agus Íte Ní Chionnaith, iar-uachtarán ar an gConradh freisin.

Dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill: “Má tá leasú le déanamh ar Acht bíodh na leasaithe sin ann chun Acht oiriúnach, feidhmeannach a thabhairt dúinn a chuireann le cearta teanga an tsaoránaigh.

“Go macánta ní hé a oiread sin atá le moladh faoi na ceannteidil atá foilsithe. Ar ndóigh fáiltím roimhe na gnéithe sin a chuireann le ceart an tsaoránaigh, an ceart a bhaineann leis an leagan Gaeilge d’ainm agus seoladh a úsáid, an cur chuige a chinnteoidh go dtabharfar comhlachtaí poiblí nua faoin Acht go huathoibríoch.

“Ach seachas iad sin agus mion athraithe teicniúla eile níl aon rud in sna ceannteidil a láidríonn cearta teanga.”

Dúirt an Feisire Eorpach Liadh Ní Riada FPE: “Mar bhean ón Ghaeltacht is cúis aiféala é domsa nach bhfuil mé in ann mo theanga féin a úsáid agus mé i mbun mo chuid oibre.

“Cuireann sé déistin orm nuair atáim ag suí sa Pharlaimint agus nuair a dúradh linn ag tús cruinniú go bhfuil seirbhís ateangaireachta ar fáil i ngach teanga. Dár ndóigh, ní bhíonn Gaeilge ar bith ar fáil.”

Dúirt Ombudsman na Catalóine Rafael Ribó i Massó: “Níl aon cheart ag póilíní, nó údarás poiblí ar bith eile “i mBéarla amháin le do thoil” a iarraidh ort. Tá an ceart againn ar fad rogha a bheith againn. Is ceart daonna bunúsach é seo.”

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill: “Beidh trí deis ag na rialtais ar oileán na hÉireann le héilimh an phobail á shásamh i mbliana; 1) Ó dheas: Acht na dTeangacha Oifigiúla a láidriú agus seirbhísí ón Stát a chur ar fáil don phobal ar an gcaighdeán céanna as Gaeilge agus as Béarla; 2) Ó thuaidh: Acht Gaeilge láidir a achtú agus a chur i bhfeidhm, agus; 3) San Eoraip: Deireadh a chur leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach. Tá súil againn go nglacfaí an rialtas leis na moltaí seo.”

Fáilte roimh chomhairliú ar Acht na Gaeilge

PREASRÁITEAS  : Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh nuacht dhréachtú Acht na Gaeilge ó thuaidh.

Fógraíodh inniu, 13 Eanáir 2015, go bhfuil an tAire Cultúir, Carál Ní Chuilín, chun comhairliú poiblí a chur ar bun maidir le dréachtú Acht Gaeilge ó thuaidh. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an nuacht agus iarann siad ar an Aire próiseas cuimsitheach comhairliúcháin a eagrú sa dóigh is go bhfreastalóidh an dréacht Achta seo ar riachtanais an mhórphobail ó thuaidh.

Dúirt urlabhraí de chuid na heagraíochta,Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Cosaint Teanga agus Ionadaíochta ó thuaidh:

Is cúis áthais í an nuacht seo a léiríonn go bhfuil seans ag pobal na Gaeilge Acht cheart-bhunaithe a bhaint amach, de réir mar a gealladh agus a aontaíodh i gComhaontú Chill Rímhinn. Tugann sé le fios fosta gur éist an Rialtas leis an fheachtasaíocht fhada atá ag dul ar aghaidh le blianta ar cheist seo an Achta agus go bhfuil dul chun cinn de chineál éigin bainte amach. Sin ráite, níl anseo ach dréacht Acht agus próiseas comhairliúcháin, níl aon rud cinntithe nó geallta anseo. Tá cuid mhór oibre le déanamh ar cheist Acht na Gaeilge go fóill. Tabharfaidh an dréachtú Achta seo seans don mhór-phobal ó thuaidh bheith páirteach sa phróiseas tábhachtach seo. Léireofar, sna straitéisí teanga atá bainteach leis seo, gur le gach duine an Ghaeilge, agus go mbeidh Acht Gaeilge ann le freastal ar gach taobh den phobal ó thuaidh. Chuige sin, beidh deis ag an mhór-phobal cur leis an dréachtú agus iarann muid ar duine ar bith a bhfuil suim acu sa Ghaeilge a bheith gníomhach sa phróiseas seo comhairliúcháin.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Cóilín Ó Cearbhaill:

Is nuacht mhaith í seo i gcomhthéacs Acht na Gaeilge ó thuaidh. Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an phróiseas comhairliúcháin a bheas ag tarlú agus creideann muid go dtabharfaidh seo ardán don phobal ar fad plé ceart a dhéanamh ar an cheist seo. Is céim mhór chun tosaigh í seo sa scéal agus tá deis anois ag pobal na Gaeilge bheith páirteach i ndréachtú Achta agus bheith ag súil le tuilleadh tacaíochta don Ghaeilge ó thuaidh. Tá Conradh na Gaeilge ag súil le cuidiú leis an phróiseas seo agus cinntiú go mbeidh tuairimí an phobail tógtha san áireamh. Is seans ollmhór é seo stádas reachtúil agus cosaint cheart-bhunaithe teanga a bhaint amach don Ghaeilge mar atá in Albain, sa Bhreatain Bheag agus sa chuid eile den tír seo cheanna féin.

Úsáid an Ghaeilge sna Cúirteanna

PREASRÁITEAS : Fáiltíonn Conradh na Gaeilge Roimh Mholadh na hEorpa Go nÚsáidfí An Ghaeilge I gCúirteanna Thuaisceart Éireann

Fáiltíonn Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh roimh thuairisc Chomhairle na hEorpa a nótálann nach féidir leis an Rialtas ó thuaidh údar a thabhairt don chosc ar úsáid na Gaeilge atá i bhfeidhm sna cúirteanna, agus iarrann ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann reachtaíocht a achtú chun cearta teanga lucht labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae a chosaint mar ábhar ollphráinne.

imagesAthbhreithniú ar mhionteangacha sa Ríocht Aontaithe atá sa tuairisc, arna foilsiú ag Comhairle na hEorpa inniu (Déardaoin, 16 Eanáir 2014), áit a luaitear go bhfuil cosc á chur le fás agus cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann mar thoradh ar dhearcadh naimhdeach i leith na teanga i Stormont agus easpa thacaíochta dá húsáid sna cúirteanna agus san oideachas, rud atá tar éis “treampán a chur ar fheidhmiú tráthúil, éifeachtach” Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh ar fud na Ríochta Aontaithe.

Deir Niall Comer, Uachtarán Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge:

“Fáiltíonn Comhaltas Uladh agus Conradh na Gaeilge roimh thacaíocht Chomhairle na hEorpa i dtaca le húsáid na Gaeilge sna cúirteanna i dTuaisceart Éireann, ar chomharthaí sráide dátheangacha ó thuaidh, agus ag ceadú do dhaoine trialacha saoránachta a ghlacadh trí Ghaeilge sna Sé Chontae, agus impíonn muid ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann gníomhú láithreach leis an scéal a chur ina cheart.”

“In uireasa chomhdhearcadh polaitíochta i leith na Gaeilge, agus i bhfianaise “atmaisféar naimhdeach leanúnach” Fheidhmeannas Stormont mar a nótáladh i dtuairisc Chomhairle na hEorpa, tá bac curtha le fada an lá ar Acht Gaeilge atá riachtanach chun cearta cainteoirí Gaeilge ar an oileán seo a chosaint.”
I ndiaidh moilleanna agus iarrachtaí bac a chur le hiarratais ar ainmneacha sráide dátheangacha, leagann tuairisc Chomhairle na hEorpa béim ar an fhéidearthacht gur sáraíodh Cairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnda nó Mionlaigh, agus nótálann gur iomaí constaic atá ag cur bac ar sholáthar dóthanach de naíonraí Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Éilíonn an tuairisc go nglacfaí céimeanna cinnte chun tosaigh le freastal ar an fhás san éileamh ar bhunoideachas trí Ghaeilge, go ndéanfaí bearta chun aistriúchán comhuaineach a cheadú san Fheidhmeannas, agus go gcuirfí deireadh leis an chosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Sna sála ar oscailt an ionaid lánGhaeilge in oirthear dílseach Bhéal Feirste chun freastal ar an méadú i líon na bhfoghlaimeoirí Gaeilge Protastúnacha le déanaí, agus ag tógáil ar an rath atá bainte amach ag an bhfeachtas Líofa chun daoine ó gach pobal i dTuaisceart Éireann a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, is léiriú tráthúil é foilseacháin na tuairisce seo de chuid Chomhairle na hEorpa go bhfuil spás ann le tacaíocht thrasphobail a chothú i dtaobh chur chun cinn na Gaeilge, más ann don dea-thoil pholaitíochta chuige.”

Tá Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh ag impí ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann aisghairm a dhéanamh ar an Acht um Riar na Córa (Teanga) (Éire) 1737 – a chuireann cosc ar úsáid teanga ar bith eile seachas an Béarla in imeachtaí cúirte – agus chun cur chun cinn na Gaeilge a chur roimh an pholaitíocht le cearta teanga agus comhionannas a thabhairt do phobal na Gaeilge ó thuaidh.

Cluas le Fearg!

Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge
Tá Conradh na Gaeilge ag tabhairt deis do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a fhearg agus a dhíomá a chur in iúl ag cruinniú poiblí i Halla na Saoirse, Cé Éidin, Baile Átha Cliath amárach, Dé Sathairn, 11 Eanáir 2014, ag 12.00.450px-Liberty_Hall_Dublin_SIPTU_HQ
Tá an cruinniú á eagrú mar thoradh ar an ngéarchéim a cruthaíodh nuair a d’fhógair An Coimisinéir Teanga go mbeadh sé ag éirí as oifig ar 24 Feabhra 2014, de bharr na heaspa éisteachta atá faighte aige ón Rialtas ó dheas.
Tógfar cinntí ag an gcruinniú le feachtas gníomhaíochta a eagrú le moltaí an Choimisinéara, nár éist an Rialtas leo, a chur chun cinn.
I measc na n-aoichainteoirí ar an lá, labhróidh Seán Mag Leannáin, Iar-Phríomhoifigeach sa Státseirbhís, ag an gcruinniú Dé Sathairn agus beidh Caoimhín Ó hEaghra, Stiúrthóir ar an bhForas Pátrúnachta agus iar-státseirbhíseach sinsearach, ina chathaoirleach ar an bhfóram poiblí seo.
Mar chuid dá chuid cainte ar an lá, déarfaidh Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:
“Is comhartha é éirí as an gCoimisinéir Teanga ar atá ag tarlú leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht, le cúpla bliain anuas. Níor éirigh An Coimisinéir Teanga as de bharr nach raibh an toil nó an cumas aige an post a dhéanamh – tá pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta lánmhuiníneach as cumas an Choimisinéara agus tá rudaí iontacha bainte amach aige ina thréimhse mar Choimisinéir – an fáth gur éirigh sé as, agus nach raibh an dara rogha aige, ná nach raibh an Rialtas ná ardbhainistíocht na státseirbhíse sásta éisteacht leis, ná na moltaí a chur sé chun cinn a thógáil ar bord.”
Is iad na héilimh a phléifear ag cruinniú Chonradh na Gaeilge an Satharn beag seo, bunaithe ar mholtaí an Choimisinéara agus eile le ceart agus comhionannas a bhaint amach don teanga, ná:
  • go láidreofaí Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus Oifig neamhspleách an Choimisinéara Teanga;
  • go leagfaí síos spriocdháta faoina mbeadh Gaeilge líofa ag fostaithe an Stáit ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll;
  • go n-ardófaí an líon earcaíochta san earnáil phoiblí ó dheas do dhaoine le hinniúlacht sa Ghaeilge ó 6% go 30% don chéad 10 mbliana eile;
  • nach leanfaí leis an maolú ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil den Aontas Eorpach tar éis an 1 Eanáir 2017; agus
  • go n-aithneofaí an pobal Gaeilge agus Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus sa Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh.
Arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Is trua go bhfuil an Rialtas ó dheas ag tabhairt cluas bodhair do mholtaí an Choimisinéara agus do mholtaí phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go leanúnach. Is gá struchtúr oifigiúil ceart a chur ar bun le héisteacht shásúil a thabhairt do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta amach anseo. Ní amháin sin, ach creideann muid go bhfuil na Rialtais ag cailleadh amach ar an luach agus ar na buntáistí a thugann teanga na Gaeilge don tír, bíodh siad sin ina mbuntáistí geilleagair, oideachais, féiniúlachta, uathúlachta nó eile. Is féidir leis an nGaeilge ról tábhachtach a imirt i sárú fhadhbanna na tíre seo ach an tacaíocht cheart a chur ar fáil di.”
Féach chomh maith : 

Arbh fhéidir go bhfuil ‘Feasta’ faoi bhagairt chomh maith?

Ciarán Dúnbarrach

Beidh ar ‘An tUltach’ agus ar ‘Feasta’ cur isteach ar dheontas ar leith ó Fhoras na Gaeilge chun an tréimhse idir Iúil agus Nollaig 2013 a mhaoiniú.cludach

Tá sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don ‘Tuairisceoir’ gur “thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin.”

“Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de,” a deir an ráiteas.

Tuigtear dúinn nach bhfuil aon chinnteacht go bhfaighidh ceachtar acu aon mhaoiniú.

Fuair ‘An Tuairisceoir’ an ráiteas seo a leanas ó Fhoras na Gaeilge tráthnóna …

Cheadaigh Foras na Gaeilge ar a chruinniú i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh €2.78m mar dheontais sa dara sciar de mhaoiniú d’eagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge thuaidh agus theas don tréimhse ó thús mhí Iúil agus deireadh na bliana. Tá na cinneadh sin ag teacht le cinneadh a rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar a cruinniú in Ard Mhacha i Márta 2012, agus fágann sin gur iomlán de €6.25m atá ceadaithe ag Foras na Gaeilge in 2013 do na 19 eagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge thuaidh theas, ísliú is ionann agus 4.2% ar dheontais 2012 don na heagraíochtaí Gaeilge.

De réir an mhaoinithe sin atá ceadaithe ag Foras na Gaeilge do na heagraíochtaí bunmhaoinithe, beidh ar a gcumas leanúint ar aghaidh lena n-obair ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge thar raon leathan de réimsí gnímh go dtí deireadh na bliana. Le cois tacú le costais reáchtála na n-eagraíochtaí, cuirfidh an maoiniú seo ar a gcumas do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge tabhairt faoi imeachtaí agus faoi thograí a thacaíonn le tosaíochtaí do chur chun cinn na Gaeilge mar atá á léiriú sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus le forbairtí reatha i gcur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh, ar nós Líofa.

Tá an maoiniú sin á cheadú i gcomhthéacs an phróisis chuíchóirithe a bhaineann le hathstruchtúrú earnáil na Gaeilge de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, ar cuireadh tús leis in 2008. Leanfaidh Foras na Gaeilge de bheith ag comhoibriú leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge sna míonna amach romhainn lena chinntiú go bhfuil tosaíochtaí aitheanta i gcur chun na teanga á bhforbairt.

Tá Foras na Gaeilge ag cur an mhaoinithe seo ar fáil le linn tréimhse ina bhfuil buiséad an Fhorais féin bheith á ísliú go mór. Íslíodh buiséad Foras na Gaeilge 6% in 2012, agus idir na blianta 2008 agus 2012 baineadh breis agus 20% de bhuiséad iomlán Fhoras na Gaeilge, suim is ionann agus €5m. Táthar den tuairim go mbeidh ísliú suntasach eile le déanamh ar bhuiséad an Fhorais trasteorann Gaeilge i mbliana agus in 2014.

Thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin. Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de.

Féach chomh maith

“Níl muid buailte fós” – An tUltach

Deireadh le maoiniú an tUltach

Éist le Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach an tUltach ag caint le RnaG

Coiste le measúnú a dhéanamh ar Stráitéis 20 Bliain

StraiteisGaeilge

Tá fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh fhochoiste nua den Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht a dhéanfaidh measúnú ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.

Bhí an coiste mar mholadh ag eascairt ó chruinniú pobail a d’eagraigh Conradh na Gaeilge san Óstán Pháirc Mhionlaigh, Gaillimh le todhchaí na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a phlé ar an Aoine, 1 Feabhra, go mba chóir fochoiste den Chomhchoiste Dála ar chúrsaí Gaeltachta a bhunú le plé le cur i bhfeidhm na Straitéise go leanúnach. Deir an Conradh gur thacaigh 65 eagras Gaeilge agus Gaeltachta leis na moltaí a d’eascair ón gcruinniú úd.

“Fáiltíonn Conradh na Gaeilge go croíúil roimh an fochoiste nuabhunaithe seo agus creideann gur mór an chéim chun cinn í go mbeidh ionstraim éigin den daonlathas ann chun measúnú a dhéanamh ar dul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030,” arsa Donnchadh Ó hAodha, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

“Beidh le feiceáil cén saghas gaol nó glacadh ar mholtaí a eascróidh ón bhfochoiste a bheidh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis.”

“Tá ceisteanna crua le cur ar An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus ar An Roinn Oideachais agus Scileanna, maidir leis an lagú atá déanta ar institiúidí agus ar bhonneagar na Gaeilge agus na Gaeltachta le dhá bhliain anuas, agus tá súil ag Conradh na Gaeilge go dtógfar na hairí cuí os comhair an fhochoiste nua seo leis na ceisteanna práinneacha, tábhachtacha sin a fhreagairt.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Sa bhreis ar an moladh chun fochoiste den Chomhchoiste Dála a bhunú, bhí sé mar phríomhsprioc ag an gcruinniú arna eagrú ag Conradh na Gaeilge go gcuirfí struchtúr riachtanach ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta mar ábhar práinne, chun a chinntiú go n-aithnítear pobal na teanga mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na Straitéise.

“Is cúis mhór dhíomá do Chonradh na Gaeilge nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag an Taoiseach, ag an Tánaiste ná ag an Roinn ar an gceist seo ó shin.”

“Is mór an difear atá idir measúnú ó fhochoiste Dála agus ionchur coincréiteach sna cinntí a ghlactar: ní leor dul i mbun comhairle le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mura bhfuil ionadaíocht ag an bpobal sin ar an mbord a dhéanann na cinntí maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.”

‘Bailout’ do Chlub an Chonartha

ClubanChonartha

Tá maoiniú tugtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta do Chlub Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath chun 85% dá chuid fiacha a ghlanadh.

De réir rphoist a chuireadh chuig baill an chlub le déanaí bhí “fadhbanna móra airgeadas” ag an gclub de bharr fiacha stairiúil a bhí ag méadú gach aon bhliain.

D’íoc an club os cionn €8,000 mar ús ar an rótharraingt anuraidh.

Deirtear sa rphost gur iarr an Club ar Fhoras na Gaeilge le haghaidh cúnaimh airgeadais ach gur dhiúltaigh an Foras cabhair a thabhairt dóibh.

Tar éis “plé fada” leis an Aire Gaeltachta Dinny McGinley agus an Roinn, áfach, tugadh airgead don Chlub chun 85% de na fiacha a ghlanadh.

Shéan Club an Chonartha tuairisc i nGaelscéal anuraidh go raibh fadhbanna móra airgeadais acu.