“Ná bígí buartha – beidh muid anseo i bhfad eile!”

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach 

“Ná bígí buartha – beidh muid anseo i bhfad eile!” An tseachtain seo caite, a bhuíoch don ‘Irish Independent’, chuala muid iar-fheidhmeannaigh de chuid an Bhainc Angla-Éireannaigh David Drumm, nó “Drummer ” mar a thugann a chairde air de réir chosúlachta, John Bowe agus Peter Fitzgerald ag caint go sotalach agus ar nós cuma leo faoin chaoi a raibh ar an mBanc a raibh siad i gceannas air agus an tionchair a bheadh aige sin ar an tír.

A4843238C95F9F6949FADF1138CD_h416_w622_m2_q80_cahPnWomS
David ‘Drummer’ Drumm

Ar bhealach, bhí Drumm mícheart, ní mhaireann an banc, mar a mhair sé cibé ar bith, agus ní oibríonn duine ar bith acu leis anois dá bharr, cé gur oibrigh John Bowe ann go dtí an bhliain seo caite agus bhí Peter Fitzgerald ansin go dtí mí Feabhra na bliana seo.

Bhí ar David Drumm éirí as a phost siar i 2008 agus tá sé anois ina chónaí i mBostún, SAM agus ag obair mar chomhairleoir airgeadais – ádh mór muintir Bhostún. Ach le bheith féaráilte do Drummer, brón orm, an tUasal Drumm, deir sé go bhfuil brón air anois as an teanga a d’úsáid sé agus an glór a labhair sé de sna scairteanna gutháin seo – ní as a pháirt nach beag sa tír a bhanc-bhriseadh – díreach as an dóigh ar labhair sé, ’bhfuil a fhios a’d!

Ach ar bhealach eile, bhí an ceart ar fad aige beidh “siad” anseo i bhfad eile, is é sin an gréasán, nó an aicme de dhaoine a oibríonn sa saol airgeadais a bhfuil an-chumhacht go deo acu in Éirinn. Aicme atá fite fuaite lenár saol polaitiúil go dtí an lá atá inniu ann faraor.

Caithfidh mé a rá, creidim go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an ‘Indo’ féin ar an ábhar seo. Ar ndóigh caithfidh siad foinse nó foinsí s’acu a chosaint ach cárb as ar tháinig na taifeadáin seo? – cá mhéad ábhar atá fágtha? cé chomh fada is a bhí siad acu? Cén fáth ar fhoilsigh siad anois iad?

Anois, chuala muid lucht tráchtaireachta ag inse dúinn sna páipéir agus ar an raidió go raibh muintir na hÉireann ar buile. Gabh mo leithscéal ach ní raibh, ar an drochuair. Bhí na tráchtairí go díreach ag iarraidh scéal níos mó a dhéanamh as.

Chan ionann sin is a rá nach raibh sé agus nach bhfuil sé thar a bheith tábhachtach mar scéal – tá ach i bhfírinne, ba ar nós cuma leo muintir na hÉireann, níor mhothaigh mise aon duine a bhí róthógtha faoi, ní raibh aon agóid shuntasach ann nó mar sin. Ábhar buairimh don ‘tráchtaireachtacht’ a ba é mar níorbh aon ábhar iontais dúinn mar phobal é, murab ionann agus an Taoiseach, mar dhea.

“Thunderbolt” a bhí iontu dar le Enda Kenny, i gcead dó, cha chreidim go gcreideann sé sin ar chor ar bith.

Dar leis go dtaispeánann na teipeanna an drochmheas, an sotalacht agus an tsoibealtacht a bhí ag pearsanra sinsearacha taobh istigh den Bhanc Angla-Éireannach don rialtas agus do shaoránaigh agus a rachas i bhfeidhm ar gach comhlacht, pobal agus teaghlach sa tír.

Anois, más nuacht é sin dó iarraim air éirí as láithreach. Mothóidh na daoine níos grinne i bhur measc gur tháinig comhlachtaí ar dtús agus teaghlaigh san áit dheiridh i ráiteas an Taoisigh.

Níos tábhachtaí arís ná ár dTaoiseach féin, ní raibh Angela Merkel, seansailéir na Gearmáine a bhfuil níos mó cumhacht aici ar ár saolta dar le roinnt daoine, leath-shásta.

Dúirt Angela Merkel gur amharc sí ar na téipeanna le drochmheas, cuireann sé sin eagla orm ar chúis éigin. Dúirt sí, ag dul rud beag thar fóir dar liom, go bhfuil dochar á dhéanamh ag na taifeadáin don daonlathas, don gheilleagar sóisialta margaidh agus do “gach rud atá muid ag dréim leis.”

Bhí ráiteas láidir le déanamh ag Uachtarán na hÉireann, Michael D. Higgins, ar an ábhar. Dúirt sé gur chuala muid glórtha ón stair a léirigh an t-iompar agus an dearcadh a bhí taobh thiar denár samhail eacnamaíochta teipthe agus nár léirigh sé na dearcaí atá ag muintir na hÉireann i gcoitinne.

Focail bhreátha iad seo ach ní dóigh liom go bhfuil siad go hiomlán fíor. Mhothaigh mé go raibh tréithe na hÉireann le fáil i nglórtha Drumm, Bowe agus Fitzgerald go sonrach, is é sin na drochthréithe, drochmheas, santachas agus labántacht.

Mhothaigh mé gur lig muid do dhaoine gan coinsias sóisialta agus gan aibíocht chuí dúl i bhfeighil ar institiúid róthábhachtach agus go bhfuil muid ar fad thíos leis dá bharr ach níor chuir ábhar na dtaifeadán aon iontas orm.

I ndeireadh na dála, léirigh siad nach raibh iontu ach gaimbíní gan náire, ach bheadh sé soineanta a chreidbheáil nach bhfuil gaimbíní fós linn.

Féach chomh maith 

 

Éire Náirithe ag Daoine gan Náire

Éire Náirithe ag Daoine gan Náire

Taifeadtaí d’Fheidhmeannaigh Bhainc Angla-Éireannach eisithe

Seán Míchaél Ó Donnchadha

An Chéad Taifead

Sa chéad taifead díreach roimh an barántas bainc ón Rialtas bhí beirt fheidhmeannaigh ó Bhanc Anga Éireannach Peter Fitzgerald agus John Bowe ag caint faoi chruinniú a bhí le bheith acu leis an Banc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais Patrick Neary de bharr cailliúint taiscí de €1.5 billiúin gach lá ag an banc.

images
Angela Merkel – Níl sí sásta linn! Drochmheas aici ar a gcuala sí i dteipeanna Angla-Éireannach

D`admhaigh Bowe go raibh fiú Banc Aontais na hÉireann agus Banc na hÉireann ró-bhuailte chun an Banc Angla-Éireannach a thogaint ar láimh. Duradar go mbeadh €7 billiún de dhith orthu ón Banc Ceannais agus go bhfuaradar an figiúir sin “ ó mo thóin, mar a dhéarfadh David Drum”, an príomhfheidhmeannach. Bhí sé soiléir gur thuigeadar nach raibh todhchaí ag an Banc agus go gcaithfear é a bhriseadh suas agus é a dhíol i bpíosaí nó fiú é a náisiúnú.

Bhí sé soiléir freisin mar a dúirt siad go mbeadh níos mó na €7 billiún de dhith. Bé an straitéis a bhi idir láimhe acu ná  an Banc Cheannais a mhealladh isteach chun €7 billiúin a íoc agus nuair  a bheadh siad sáinnithe [trapped] nó mar a dúradh sa téip “ nuair a bheadh craiceann acu sa chluiche” bheadh orthu leanúint ag tacú leis an Banc chun a chuid airgead a fháil ar ais.

Cé gur thuig siad go raibh i bhfad níos mó na €7 billiún riachtanach bhí siad cliste gan suim ró-mhór a lorg i dtosach mar thuigeadar nach mbeadh an Banc Ceannais sásta suim ró-mhór a chur ar an gcáiníocóir. Bhí sé soiléir freisin nach raibh seans dá laghad go mbeadh an Banc Angla-Éireannach in ann aon aisíochtaí a dhéanamh ar an iasacht seo ón Banc Ceannais. Thuig siad mar sin go raibh an Banc Angla-Éireannach dócmhainneach [insolvent].

Sé an rud bá shuntasaí faoin straitéis seo ná go raibh fhios ag feidhmeannaigh an Bhainc Angla-Éireannach go raibh an banc dócmhainneach nuair a bhí siad ag ligin don rialtas agus an Banc Ceannais nach raibh ach fadhb gearrthéarma leachtachta [short- term liquidity problem] acu nó fadhb sreadhbadh airgid [cash flow].

Dá bhfaighidís an tacaíocht gearrthéarma seo de €7 billiún ón Rialtas bheadh am acu le cabhair ón barántas bainc chun na taiscí a thabhairt isteach agus an bainc a tharrtháil, ionas go mbeidís ábalta an Rialtas a aisíoc. Sin an scéal a d’inis na bainc go léir don Rialtas ar oíche chinniúnach an bharántais bhainc nuair a thug an Rialtas ráthaíocht do €440 billiún do na bainc don chóras airgeadais go léir sa tír.

Is léir anois gur bréag a bhí ansin a mbeidh costas €64.5 billiún ar gach cáiníocóir sa tír agus a mbeidh le n-íoc sa todhchaí ag sliocht ár sleachta.

An Dara Taifead

Tá  tuilleadh tagtha chun solais san dara taifead  de ghlaonna gutháin idir feidhmeannaigh an Bhainc Angla-Éireannach, an uair seo díreach tar éis don Rialtas an ráthaíocht bhainc a thabhairt isteach in 2008.

Cloistear ceann de fheidhmeannaigh an bhainc, John Bowe ag canadh amhrán náisiúnta na Gearmáine agus airgead ón nGearmáin ag teacht isteach sa bhanc de bharr na ráthaíochta bainc.

Taifeadadh an glaoch an 2 Deireadh Fómhair 2008, dhá lá tar éis an ráthaíocht a thabhairt isteach.

Labhraíonn Drumm agus an bainisteoir sinsearach John Bowe faoi airgead a thabhairt isteach sa bhanc agus “mí-úsáid a bhaint as an ráthaíocht” sa Ghearmáin.

Tá déistin ar Mhuintir na Gearmáine faoi seo go mór mór i mbliana toghchán agus polaiteoirí Gearmánacha ag iarraidh tacaíocht a fháil ón bpobal Gearmánach chun cabhrú le hÉireann.

Bhí sár obair déanta ag an Rialtas ag iarraidh íomhá na hÉireann a fheabhsú ó aimsir an cliseadh baincéireachta [banking failure] agus an socrú faoin nóta gealltanais idirbheartaithe acu le Banc Ceannais na h Eorpa ach tá damáiste déanta ag sceitheadh na dtéipeanna. Bhí an Rialtas i mbun idirbheartaíochta leis an Eoraip chun airgead a fháil ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach [Europeam Stability Mechanism-ESM] chun costas tarrthála na bainc a laghdú ar cháiníocóirí na h Éireann ach dúirt Míchaél Fuchs Leas-cheannaire Pháirtí Angela Merkel nách mbeidh an ESM ag deileáil le fadhbanna baincéireachta atá thart ach le fadhbanna sa todhchaí nuair a bheadh aontas baincéireachta ar bun i dtíortha na hEorpa.

 An Triú Taifead

Bhí John Bowe agus David Drumm ag pleanáil a straitéis don chruinniú leis an Banc Ceannais chun an iasacht de €7 billiún a fháil. Ní raibh aon straitéis acu i ndáiríre ach an tairgead a bhailiú. Bhí a shotalacht soiléir agus iad ag breathnú ar an bhfadhb mór seo mar fadhb don Bhanc Ceannais nó go mbeadh cliseadh baincéireachta acu ar a lámha. Níor thógadar aon fhreagracht iad féin don chliseadh seo.

Bhí sé do chreidte an díspeagadh a bhí ag na feidhmeannaigh seo don Rialtóir Airgeadais agus don Bhanc Ceannais. Is é seo an oidhreacht atá fágtha ag Seán MacGiolla Phádraig agus an Banc Bradach Angla-Éireannach ag muintir na hÉireann. Tréas a bhí anseo im thuairimse agus ba cheart a bpasanna a aisghairm agus iad a thabhairt ós comhair na cúirteanna ar an toirt.

 Iarmhairt Pholaitiúil

Caithfear iniúchadh a dhéanamh ar cad a tharla ar an oíche a thug an Rialtas an ráthaíocht bhainc. Dúirt  an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil nach gcuirfear  binse fiosrúcháin ar siúl ar ráthaíocht na mbanc, ach go ndéanfar iniúchadh parlaiminte.

A4843238C95F9F6949FADF1138CD_h416_w622_m2_q80_cahPnWomS
David ‘Drummer’ Drumm – “Another Day, Another Billion”

Dúirt an tUasal Kenny leis an Dáil go raibh claonpháirteachas ar siúl idir Fianna Fáil agus Banc Angla-Éireannach. Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin nach mbeadh iniúchadh a dhéanfadh Fine Gael “neamhchlaonta” agus nach gcoimeádfaí na daoine sna taifid cuntasach.

Dúirt Uachtarán Sinn Féin  Gerry Adams go gcaithfeadh daoine a fháil amach céard a tharla roimhe ráthaíocht na mbanc.

Dúirt  an tUasal Kenny go bhfaighfí an méid seo amach in iniúchadh parlaiminte.

Sé an fadhb leis an iniúchadh parlaiminte nach féidir cinntí díobhálacha [adverse findings] a chur i leith aon duine agus sa slí sin ní bheidh aon duine cuntasach. B’fhéidir gur fearr reifreann a reáchtáil chun go mbeidh cumhachtaí ag iniúchadh parlaiminte chun na daoine a bhí ciontach as an caimiléireacht seo a dhéanamh cuntasach.

O thaobh na polaitíochta beidh iarmhairtí freisin. Is dóigh liom go gcuirfidh na foilsithe seo deireadh le dul chun cinn Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna. Tá iarmhairtí freisin don Rialtas nua a lig David Drumm tríd a lámha go Bostún, áit nach féidir é a eiseachadadh agus a lig an beirt fheidhmeannach eile, John Bowe agus Peter Fitzgerald ina bpostanna leis an IBRC, comharba an Banc Angla-Éireannach, áit ar fuair siad ardú céimeanna.

Cuireann an scéal seo leis an teoiric atá ag formhór an cosmhuintir in Éirinn go raibh “ciorcal órga” de pholaiteoirí, fhorbróirí agus bhaincéirí i gceannas an tír agus iad á mbeathú féin beag beann ar an cuid eile s’againne.Tá sé thar am deireadh a chur le polaitíocht an chogaidh cathartha agus páirtí nua a bhunú. Caithfear polaitíocht nua a bheith ag an bpáirtí nua ionas go mbeidh an tír curtha ar ais ar a sheanléim do chomóradh céad bhliain Éirí Amach na Casca i 2016.