Teorainn Chillean is Ghleann na bhFiach

Tuairim le Ciarán Dunbar

Chaith mé bliain ag taisteal ansin mar gheall ar chúrsaí oibre, tháinig sé sin chun deiridh an deireadh seachtain seo agus d’aistrigh muid ónár dteach i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí teach nua sa Ghalltacht i dTuaisceart na hÉireann.

Most_common_nationality_2011
Náisiúntachtaí an Tuaiscirt

Agus mé ag tiomáint aníos idir Thuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann mar a thugtar ar an Phoblacht go minic ó thuaidh rinne mé mo mhachnamh ar na difríochtaí idir an dá áit.

Ní dhéanfadh sé aon chiall don mhórchuid ó thuaidh ‘Éire’ a thabhairt ar an stát ó dheas dála an scéil

Sin an t-aon rud faoin spéir atá aontachtóirí agus náisiúntóirí ar aon fhocal faoi, nach raibh aon cheart ag stát an deiscirt ‘Ireland’ a thabhairt uirthi féin gan trácht ar an nós ‘the north-east’ a thabhairt ar Shráidbhaile Dhún Dalc!

Is mé ag teacht fríd Ghleann na bhFiach agus ag dul isteach go Cillean fágaim stát amháin agus téim isteach i stát eile.

Fágaim tír amháin agus téim isteach go tír eile dar le roinnt mhaith daoine.

Ba dhoiligh sin a chur ina luí ar mhuintir Chillean nó ar mhuintir Ghleann na bhFiach ach an oiread caithfidh mé a rá.

Tá sé iontach éasca domsa an teorainn a aithint ach déanta na fírinne níl ann ach díog, seans nach bhfeiceann daoine eile chomh furasta é.

Map_of_those_with_some_ability_in_Irish_in_the_2011_census_in_Northern_Ireland
Ábaltacht sa Ghaeilge sna Sé Chontae (2011)

Is iad na comharthaí bóithre Briotanacha aonteangacha an leid is mó, léiríonn siad an meon cultúrtha, cruthaíonn siad íomhá, cuireann siad in iúl do lucht an deiscirt go bhfuil siad sa Ríocht Aontaithe, mar a insíonn siad d’aontachtóirí.

Sin an fáth go mbeidh Gaeilge coscaithe orthu go deo, ní éilíonn ceachtar den dá pháirtí náisiúnach a leithéid fiú.

Cluinim caint go minic go bhfuil an teorainn a thuaslagadh, nach bhfuil sé ann níos mó.

Chan aontaím.

Más doiligh sin an teorainn a aithint go fisiciúil, go hintinneach, tá ballaí móra á dtógáil i rith an ama agus tá an críochdheighilt á buanú ar an dá thaobh den teorainn.

Tá muid ag an phointe go mbíonn acadúlaithe ag déanamh tagairtí do Thuaisceart Éireann sular tháinig sí ar an tsaol fiú.

Rith sé liom áit éigin idir Dhealbhna agus an Ráistín – gurb iad an pholaitíocht agus an córas poiblí a eascraíonn as sin, an difear is mó idir an dá Éire seo.

Tá cosúlachtaí móra ann go cinnte ann ach bun-difríochtaí ann chomh maith – rud a théann i bhfeidhm ar chultúr agus ar dhearcadh an dá áit – rud a chuireanns go mór leis an chríochdheighilt.

Repartition_of_Ireland_(amended)
Dhá Éire, Éire Amháin, Trí Éire fiú?

Maidir le polaitíocht an Deiscirt, tá scéal maith agam d’aontachtóirí – de réir mo thaithí féin, níl suim dá laghad ag muintir an Deiscirt i gcoitinne in Éire Aontaithe.

Níl an go leor spéise ann ná go mbeadh daoine ina choinne fiú – fuair an aisling sin bás ó dheas le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Taobhnaíonn bunaíocht an deiscirt le haontachtóirí agus le haontachachas ó thuaidh gan mórán ceist.

Measann mionlach gur eachtrannaigh amach is amach iad muintir an Tuaiscirt fiú – seachas Rory McIlroy, Séamus Heaney, Mary McIleese, John Hume agus Liam Neeson ar ndóigh, déanann an cúpla punt an difear i gcónaí is léir.

I measc ghnáth-mhuintir na tíre, tá dámh éigin ann do Ghaeil an Tuaiscirt ach an vótáilfeadh muintir an Deiscirt ar son ‘Éire Aontaithe’ agus na deacrachtaí a rachadh leis, tá mé in amhras caithfidh mé a admháil.

Ach níor mhothaigh mé aon nua-aontachtachas i measc mhuintir na Poblachta, taobh amuigh de chorr-dhaoine a dúirt gurb bhotún a bhí ann sa neamhspleáchas “ach go raibh sé ró-mhall anois.”

Mar sin féin, tá daoine iontach fuarchúiseach maidir le neamhspleáchas na hAlbain, bheadh sé doiligh domsa go pearsanta glacadh gur féidir le duine ar bith a bheith i gcoinne neamhspleáchas na hAlbain ach ar son neamhspleáchas na hÉireann i ndáiríre.

Predominant_passport_held_northern_ireland
Pasanna an Tuaiscirt

Maidir leis an Tuaisceart, ná bíodh aon dabht ann – níl mórán eolais ag tuaisceartaigh i bpolaitíocht an deiscirt – dá mbeadh eolas ar bith acu air taobh amuigh de scéal uafáis nó dhó.

Tá geilleagar poiblí ollmhór ó thaobh, tá na mílte mílte daoine compordach i bpoist phoiblí gan mórán le déanamh – gan aon iachall orthu íoc as cuairt chuig an doctúr.

Bheadh faitíos orthu féin roimh a bheith slogtha isteach sa Phoblacht – faitíos roimh an HSE, faitíos roimh an chóras oideachais, faitíos roimh chorais nach dtuigeann siad.

Má tá Sinn Féin ag iarraidh sin a athrú beidh orthu an Tuaisceart a dhéanamh níos caipitlí, agus an Deisceart a dhéanamh níos sóisialaí – tá an dá rud indéanta iontu féin ach ní bheadh sé sin éasca ó thaobh na polaitíochta de.

Luaigh duine liom le déanaí gurb chosúla go mbeidh 3 stát in Éirinn seachas ceann amháin amach anseo, is dóigh liom go raibh an ceart aige.

Ach cén t-ainm a bheadh againn ar an tríú Éire?

Éire Láir? An Éire idir an dá Éire Eile? Deisceart Thuaisceart Éireann? Na Trí Chontae?

Freagraí ar chárta poist le bhur dtoil.

Féach chomh maith

ni2001

 

Seal i nGaeltacht na hAlban

Théis seachtain a chaitheamh ar an Eilean Sgitheanach, labhraíonn Cian Ó Tuathaláin faoina thaithí ag foghlaim Gàidhlig thall in Albain.

I mo shuí san R.D.S. a bhí mé i mbun scrúdú Gaeilge na hAlban nuair a bhaineadh geit dochreidte asam. Is beag gur léim mé as mo shuíochán nuair a tháinig an léachtóir b’agamsa chugam ag ofráil áit dom ar chúrsa Gaeltachta in Albain ar feadh seachtaine.

Ar ndóigh, bhí éirí croí orm leis an smaoineamh sin. Bhí orm íoc as an eitleán, as an traein agus as an mbád go dtí an coláiste (creid é nó ná creid – ach níl aon bhealach níos simplí le dul go dtí an Eilean Sgitheanach), ach cuireadh lóistín, teagasc agus bia ar fáil dom mar chuid den scéim UCD atá ar fáil do mhic léinn a bhfuil suim acu sa nGàidhlig.

download
Sabhall Mór Ostaig

Bhí mé théis a bheith ag obair ar an gCeathrú Rua roimh thús an chúrsa, agus cé gur fhág mé Conamara ag a naoi a’ chlog san oíche, níor shroich mé an t-Eilean Sgitheanach ach go dtí a hocht a’ chlog an oíche ina dhiaidh sin. Níl aon eitilt handy Ryanair go dtí an fíorGhaeltacht in Albain, bíodh a fhios agaibh!

Caithfear traein a fháil ó Ghlaschú go Mallaig sa nGàidhealtachd, agus cé go bhfuil na radharcanna mórthaibhseach amach is amach – ní bhíonn tóin sásta ag aon duine théis sé uair a’ chloig a chaitheamh ar traein. Nílim ag magadh nuair a deirimse go raibh mé breá sásta ansin agus mé i mo sheasamh ar an mbád.

Sabhal Mòr Ostaig an t-ainm atá ar an gcoláiste Ghaeilge ar an Eilean Sgitheanach. Campas álainn nua-aimseartha atá ann ar imeall ‘Eilean an Cheò’, agus is croí lár domhain na Gaeilge in Albain í an coláiste seo, gan dabht ar bith.

Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh romhainn ag stiúrthóir na gcúrsaí gairid, Alasdair, nuair a thángamar ar dtús, agus thug sé fillteáin fáilte dúinn in éineacht le heochracha ár seomraí. D’fhoghlaim muid gan mhoill go raibh an-tábhacht ag baint le tae agus caifé san áit seo, agus buaileadh múinteoirí, stiúrthóirí, mic léinn agus oibreoirí eile le chéile chuile uair a chloig nó mar sin le comhrá agus scéalta an lae a scaipeadh.

Mar dhuine a bhfuil céim bainte amach aige sa dtíreolas, is fada an lá ó d’fhoghlaim mé go mbíonn spéir gheall i gcónaí san oíche le linn an tsamhraidh i dtíortha ar nós na hÍoslainne agus na Graonlainne. Ach ní raibh a fhios agam ariamh go mbíonn an scéal céanna i gceist thall in Albain.

Sin ráite, tá gaol láidir idir na hÉireannaigh agus na hAlbanaigh, ar ndóigh – ach ní thuigeann daoine cé chomh cosúil is atá saol in Albain agus an saol sa gCríoch Lochlann. Bíonn sé deacair domsa le creidiúint go bhfuil an Ghàidhealtachd sa Ríocht Aontaithe ar chor ar bith.

Bhí mé i mo shuí ar an gcéad oíche sin – agus an ghrian ag taitneamh ag meán oíche. Ach ar an lá ina dhiaidh sin in Sabhal Mòr Ostaig, thuig mé go mbeadh craic agus spraoi i gceist le linn na seachtaine. Bhuail mé leis na daoine ar fad a bhí cláraithe don chúrsa seo – Gaeilge na hAlban do lucht labhairt na Gaeilge, nó Gaeilge-Gàidhlig mar a chuirtear air.

0539384ed234febd062a3df31852d788
Eilean a’ Cheo

Bhí cúigear againn. File, iar-leasphríomhoide, léachtóir, bainisteoir HSE, agus mé féin – ábhair oide – le cur leis an éagsúlacht. Bhí an t-ádh dearg linn go raibh múinteoir den scoth ag obair linn. Seans go mbeadh aithne ar roinnt agaibh uirthi – bean mhór na Gàidhlig, Beathag Mhoirisdean.

Is cainteoir dúchais í ó Leòdhas agus, buíochas mór le Dia, bhí Gaeilge na hÉireann aici ó bheith ag freastal ar chúrsaí i mBaile an Fheirtéaraigh le blianta anuas. Níor labhraíodh focal Béarla ar bith i rang Bheathaig, bail ó Dhia uirthi.

Tuigfidh sibh cé chomh suimiúil is a bhíonn sé le teanga iomlán nua a fhoghlaim, agus thairis sin le tuiscint go bhfuil sé beagáinín díreach cosúil le do theanga féin. An deacracht is mó b’againne ná leis na difríochtaí a fhoghlaim de glanmheabhair. Bhí muid in ann a bheith líofa chomh fada is go raibh focail áirithe Gaeilge á sheachaint againn.

Sna cúrsaí gairid, dírítear ar abairtí bunúsacha le cur síos a dhéanamh orainn féin, ar ár muintir agus ar ár bpostanna. Tá comhthéacs an-chosúil idir an dá theanga, agus mar sin bhí sé fíoréasca dúinn greim a fháil ar ghné sin na teanga.

Chuile lá i ndiaidh an chéad lá, chaitheamar deich nóiméad an duine ag caint faoin tráthnóna roimhe i nGàidhlig. Is minic go ndearna mé féin ar a laghad dearmaid go raibh muid ag caint i dteanga eile seachas Gaeilge.

Cuireann Sabhal Mòr Ostaig oideachas uathúil ar fáil don fhoghlaimeoir. Bíonn tábhacht ag baint le timpeallacht an seomra ranga, ar ndóigh, ach tógadh amach muid ar bhus timpeall an cheantair agus timpeall an oileáin ar fad chomh maith.

Bhain muid uilig sult go deo as na turais sin agus is minic gur chaith muid laethanta ar fad ag dul ó áit go háit ag meascadh le daoine áitiúla agus ag súil sléibhte. Chuamar ar bháid go hoileáin eile agus go dtí seisiúin ceol sna tithe tábhairne ar an mórthír. D’fhreastal muid ar oíche fhilíochta agus ar chéilithe freisin le linn an chúrsa.

Buaicphointe an turais domsa ná bheith ag bualadh le hoibreoirí an choláiste. Daoine nach mbíonn faitíos orthu roimh mheascadh leis na turasóirí agus nach mbíonn faitíos orthu roimh fhreastal ar na turais ach an oiread. Is minic gur chaith mé oíche ar an Eilean Sgitheanach ag foghlaim rince céilí na hAlban uathu théis a bheith sa bpub, ná bheith in éineacht leo ag seinm cheoil le chéile agus ag comhrá le chéile. Teaghlach atá ann i Sabhal Mòr Ostaig. Táim fíorbhuíoch gur ligeadh isteach an cúigear againn sa teaghlach sin nuair a bhíomar ann.

Ar an lá deireanach, bhí na hÉireannaigh uilig ag caint as Gàidhlig. Bhí muid líofa ar bhealach, chomh fada is a bhíomar cúramach gan an focal áirithe seo a rá, agus leis an bhfocal sin a chur isteach anseo is ansiúd. Is minic go raibh deacrachtaí againn le cúpla focal a bhí cosúil lena chéile, áfach: té bheag/taigh beag (gloine fuisce/leithreas) in ainneoin na difríochta i nGaeilge!

Ní fhéadfá an t-alt seo a scríobh sa bhliain 2014 gan trácht ar an rud is mó atá i mbéal an phobail in Albain. An reifreann. Is féidir roinnt duine a fheiceáil le suaitheantas orthu a bhfuil ‘Bu chòir’ scríofa orthu, agus is dócha go bhfuil an chuid is mó den Yes Voters le bheith ag teacht ón cheantar seo, an Ghàidhealtachd.

D’fhág mé an Eilean Sgitheanach le tocht orm. Níl ‘uisge beatha’ níos fearr in áit ar bith ar domhan agus tá an radharcra den scoth, ach is deacair an rud slán a rá le do chuid deartháireacha. Má osclaíonn tú do mheon do theangacha, tá tú ag oscailt do chroí don domhan. Bíonn croí oscailte ag muintir na hAlban duit ar aon nós, geallaim duit é sin, a léitheoir.

Tá tuilleadh eolais faoin gcoláiste Gàidhlig agus na cúrsaí gairid ar fáil ag: http://www.smo.uhi.ac.uk/en/cursaichean/cursaichean-goirid/

*An tEilean Sgitheanach – The Isle of Skye.

*An Críoch Lochlann – Scandinavia

Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.

Is minic a chuirtear i leith an Ghaeilgeora go measann said go bhfuil siad ‘níos Éireannaí de bharr go labhraíonn siad Gaeilge’. Caithfidh mé a rá nach bhfuilim tar éis teacht ar an tuairim seo rómhinic ag Gaeilgeoirí. An freagra a bhíonn ag mórchuid na nGaeilgeoirí ná nach measann siad sin in aon chor. Nuair a smaoiním féin faoi áfach, is léir dom gur Éireannaí an duine a labhraíonn Gaeilge gan aon amhras. Díreach le bheith soileir nílim ag rá gur fearr bheith níos Éireannaí, díreach go bhfuil níos mó den Éireannachas ag roinnt leo.

Ar dtús céard is Éireannachas ann? An bhfuilimid ag caint ar shaorántacht na tíre? Ó d’fhéadfadh duine pas is saorántacht Éireannach a bheith acu gan aon eolas nó cur amach acu ar aon rud Éireannach nó Gaelach glas bán nó riabhach, caithfidh nach leis sin atáimid ag plé. Mar sin baineann an cheist seo le féiniúlacht is dócha, nó gnéithe de chultúr a thugann le fios go mbaineann duine le cultúr áirithe.

Buaic Chultúr na hÉireann? Anlann Bhaile UÍ Mhaolmhuaidh

Baineann teanga le féiniúlacht is le cultúr. Ní féidir a shéanadh gur dlúthchuid an Ghaeilge de chultúr na hÉireann. Ní thig le lucht an fhéinfhuatha sin a dhiúltiú. Is féidir go bhfuil sin ag athrú le cuid ghearr de stair na tíre ach is ann dó fós. Mar sin má tá tuilleadh den chultúr agat, is é sin go labhraíonn tú Gaeilge, tá tú níos Éireannaí. Dá gcuirfí beirt a bhí díreach mar a chéile i gcomórtas lena chéile ach Béarla a bheith ag duine amháin acu ach Gaeilge anuas air sin a bheith ag an duine eile, nach mbeadh an duine sin níos Éireannaí? Is geall le fíric é.

Samhlaigh an Fhrainc, dá ndéanfaí a chóilíniú is dá dtiontódh mórchuid an phobail ar an mBéarla, is dá mbeadh pócaí de chainteoirí Frainicise ann nach ndéarfaí gur Francaí na daoine céanna? Is cinnte go ndéarfaí. Fiú cúpla céad bliain tar éis don Bhéarla forlámhas a ghlacadh ní dóigh go bhféadfaí a rá nach mbeadh na cainteoirí Fraincise níos Francaí. Cén fáth gur féidir a leithéid a rá in Éirinn?

Blaa Phort Láirge, sainniúlacht arbh fhiú náisiún a bhunú uirthi?

Mar sin conas gur cuireadh an bhréag isteach inár mbéal chomh fada seo is go raibh Éireannaigh sásta leis? Baineann seo leis an teoiric úd, náire an iarchóilíneachais. Is éard atá i gceist leis seo ná an náire a thagann ar an bpobal dúchais tar éis cóilínithe. Nuair a chailltear an rud dúchais(teanga mar shampla) níl de fhreagra ag an dream nach bhfuil sí acu a thuilleadh ach fuath a thabhairt don chultúr céanna agus sodar i ndiaidh na n-uasal. Go mionminic is iad seo is binibí ar fad atá in éadan an chultúir. Má tá suim agat i gcás na dteangacha mionlaithe(níl aon rud mion faoi mhórchuid na dteangacha seo!) aithneoidh tú go dtagann na hargóintí céanna in airde arís is arís eile timpeall na cruinne. Teanga mharbh, teanga na mbocht, gan foclóir ceart, ina bac ar ghnó. Léifidh tú tráchtanna ag lucht fuatha na Breatnaise,agus cloisfidh tú na hargóintí seanchaite céanna ón lucht argóna seanchaite céanna. Arís eile ní daoine ó thír isteach iad seo ach an pobal dúchais ag tabhairt fuatha don rud a bhain leo féin agus ag iarraidh easpa éigin iontu féin a fholú.

Ar ndóigh tá gnéithe eile den chultúr i gceist chomh maith, ceol, spórt, féith ghrinn na hÉireann, fadhb náisiúnta óil. Má tá na gnéithe seo ag duine thar dhuine eile, is féidir a rá go bhfuil an duine sin níos Éireannaí ná an té eile. Ní hé go bhfuil an duine níos fearr nó go bhfuil luach níos mó air sin. Ní féidir luach oibiachtúil a chur ar chultúr thar a chéile. Mórphobal aonteangach na tíre seo tá go leor gnéithe Éireannacha ag baint leo, ach tá níos mó gnéithe idirnáisiúnta nó Angla-Mheiriceánacha ag roinnt leo ná mar atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Anois seans nach bhfuil aon fhiúntas le baint as an tuairim seo a chur sa timpeall, cuireann sé fearg ar dhaoine agus díomá ar dhaoine. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé fíor. Is buille beag amháin é in aghaidh an scata sin a thugann le fios nach mbaineann an teanga leis an tír seo in aon chor agus a dteastaíonn uaithi í a ruaigeadh amach ar fad ar fad.

Stobhadh Gaelach nó Éireannach, cé acu is cirte?

Déarfaidh daoine gur seafóideach an argóint atá déanta agam anseo, go bhfuil sé ciníoch, ach arís eile ní deirim go bhfuil luach níos airde ar chultúr amháin ná a chéile, ach mar sin féin go bhfuil difríochtaí ann. Tá go leor argóintí eile fíor leis, is Éireannaí daoine a sheineann an ceol gaelach nó a théann don spórt gaelach. Fágann ábhar an lae inniu ceist amháin eile agam an bhfuil na Gaeil éagsúil ó na hÉireannaigh nó an cheist í sin a bhíonn ag dó na geirbe ag aonteangaigh na tíre?

Is féidir easaontú go láidir le scríbhneoir an ailt @murchadhmor

Níor Tháinig Amárach Sa Deireadh

Tuairim le Ciarán Dunbar ar na ceolchoirmeacha móra Garth Brooks a d’fhág díomá ar 6% den daonra.

An dtiocfaidh sé nó nach dtiocfaidh sé, b’shin an cheist a bhí i mbéal na ndaoine in Éirinn le roinnt seachtainí anois.

Príomhscéal sna nuachtáin arís is arís eile, barr-scéal ar an raidió agus ar an teilifís lá i ndiaidh lae.

An seinnfidh Garth Brooks na cúig cheolchoirm mhóra i ndiaidh a chéile i bPáirc an Chrócaigh?

Garth Brooks
Garth Brooks, mar a bhí tráth dá raibh

Fuair mé amach agus an colún seo á chríochnú gur cinnte an rud é nach seinnfidh.

Chuir an clúdach as cuimse seo an-fhearg ar go leor daoine áfach, iad den tuairim nach raibh sé tuillte aige – agus is cinnte go bhfuil an chuid is mó againn bréan den scéal faoin tráth seo.

Ach dar liomsa, bhí fios a ngnó ag na heagarthóirí go léir a leag an-bhéim ar an scéal seo gan aon amhras.

Scéal ollmhór is ea é mar gheall ar a thábhacht cultúrtha, polaitíochta agus eacnamaíochta agus mar gheall ar an mhéid a insíonn sé dúinn faoi mhuintir na hÉireann agus faoi shochaí na hÉireann.

Ach seo é mo chlásal séanta .

Ní raibh aon ticéad agam do cheolchoirm Garth Brooks agus fiú dá mba rud é go raibh sé ag seinm saor in aisce thíos ag an gCéibh ní dóigh liom go rachainn síos.

Níl aon spéis agam i gceol agus chan imríonn sé aon tionchar i mo shaolsa, ní aon ghléas agam le ceol a sheinm fiú.

Cha dtuigim ceol, ní ceol agam. Tá sé 20 bliana ó bhí mé féin ar cheolchoirm ar bith agus chuile seans nach mbeidh mé ar cheolchoirm arís i mo shaolsa.

Ní mo ghnó ceol – Tá mise díreach ag caint ar an scéal.

Mar sin féin, tá a fhios agam go raibh an-chuid daoine ag súil go mór leis an cheolchoirm seo, daoine de gach cineál, creideamh agus cúlra.

Agus labhair mé le go leor daoine a raibh ticéid acu agus caithfidh mé a rá gur léirigh siadsan an-tuiscint maidir leis an dearcadh atá aige roinnt de mhuintir na háite i gceantar Pháirc an Chrócaigh maidir leis na ceolchoirmeacha.

Ó thaobh na polaitíochta agus riaracháin de, thaispeáin an scéal seo nach bhfuil sé ar chumas na tíre a leithéid d’ócáid a reáchtáil mar is ceart d’ainneoin luach na gceolchoirmeacha seo d’eacnamaíocht Bhaile Átha Cliath agus na tíre.

Ach is i dtéarmaí cultúrtha atá an suntas is mó leis an scéal áirithe seo dar liomsa.

Chonacthas domsa go bhfuil cuid mhaith de scoithaicimí ceol agus cultúrtha na tíre ar bís nach bhfuil na ceolchoirmeacha ag dul ar aghaidh.

Mhothaigh mé féin daoine ag baint an-phléisiúr as díomá dhaoine eile.

Tá ceol s’acusan maith, tá ceol na gculchies go holc ar fad dar leo – chomh dona sin ná gur ábhar ceiliúrtha nach mbeidh deis acu freastal ar na ceolchoirmeacha.

Níor mhothaigh mé an méid sin éiliteachas le fada ó thráchtairteacht agus an méid fonóide léirithe do ghnáthdhuine na hÉireann – iad siúd a itheanns dinnéar le linn an lae.

Mar sin féin, dúirt giotáraí liom cúpla bhliain ó shin go raibh sé thar a bheith deacair ceol tíre a sheinm agus gur ghlac sin an-chumas ar fad lena dhéanamh – ní bheadh a fhios agam.

Níl mé cáilithe chun breithiúnas a dhéanamh ar cheol an Dá Shruthánaigh ach tá 190 milliún ceiríní díolta ag Garth Brooks agus is fiú $150 milliún dollar é – cuirim an cheist orm féin – cé chomh dona is a thiocfadh leis a bheith?

Scothaicmeachas atá i gceist i gcuid mhaith den cheiliúradh seo – scoithaicmeachas nach ndéanfaidh faic le lucht ceol tíre a mhealladh i dtreo cheol traidisiúnta – mar shampla.

An fhírinne shearbh

Rinneadh an pointe liomsa an tseachtain seo nach raibh aon tábhacht le Garth Brooks i gcomparáid le ceoltóir gaelach mór le rá.

Tá ciall le sin ach tá a fhios agam go maith dá rachainn amach ar shráideanna an Iúir ag fiafraí uaidh dhaoine maidir le tábhacht an cheoltóra áirithe sin nach dócha go bhfaighinn éinne a chuala trácht air.

Tá barúil agam go bhfuil Garth Brooks níos tábhachtaí do níos mó daoine in Éirinn ná an Ghaeilge, gach amhránaí a chleachtanns í agus gach amhrán a scríobh riamh inti … faraor.

Ní thaitníonn ceol Garth Brooks leis an chuid is mó de na scoithaicmí cultúrtha in Éirinn ach ná déan dearmad nach dtaitníonn an cultúr Gaelach le roinnt mhaith acu ach an oiread.

Ach fiú i gciorcail cheol traidisiúnta ní ghlactar an ceoltóir sean-nós ina measc go minic, beag beann ar cé chomh maith is atá siad.

farming_aint_the_way_cd
An taobh eile de cheol tíre na hÉireann – Albam le Farmer Dan

An é go bhfuil frustrachas ar cheoltóirí traidisiúnta leis an Éirinn ‘Tíre’ seo – an Éirinn a thug ceol traidisiúnta go dtí an aois seo agus a thréig don cheol tíre é?

Tá díomá ar leath den tír. Tá an leath eile náirithe amach is amach de bhrí go bhfuil díomá ar an leith eile – ach ní cuimhin liom iad gan a bheith náirithe ag rud éigin.

Ach bhí ticéad ag tuairim is 6% de dhaonra na hÉireann, seandaoine is páiste an-óg san áireamh, sin moll mór daoine amach is amach.

Más beag ceangal atá idir mhuintir na hÉireann agus deisceart SAM is léir go mothaíonn go leor daoine go bhfuil aifinideacht acu leis an cheol tíre nach bhfuil acu le ceol gaelach mar shampla.

Cibé barúil atá ag duine ar cheol Garth Brooks agus ar bhreithiúnas ceoil na ndaoine sin, ní féidir suntas an scéil a shéanadh nó a bheag a dhéanamh de shuntas an chineáil cheoil seo in Éirinn.

 An bhfuil muintir na hÉireann ciníoch?

Tuairim le Ciarán Dunbar

IMG_2477
Brat an KKK ar foluain i mBéal Feirste

An tseachtain seo chuaigh thart, chonaic muid go léir pictiúir de bhratacha de chuid an Klu Klux Klan, nó an KKK, ar foluain i gceantar dílseach in Oirthear Bhéal Feirste.

Fíor-chiníochas lomnocht léirithe i gceantar ina raibh go leor ionsaithe ciníocha le blianta anuas.

Ba shoiléir é, bhí sé léirithe go hoscailte cé go gcaithfidh muid a admháil nach nglacann sé ach boc-amadán amháin lena leithéid a chrochadh.

Mar sin féin, char bhain an PSNI óna cuaillí solais iad go dtí gur phléigh siad leis an phobal é.

Ach seo ciníochas agus forlámhas ciníoch den seort is measa, agus is furasta dúinn ligin orainn féin go mbaineann ciníochas le dílseachas sa Tuaisceart agus leis an rian deiridh d’impiriúlachas na Breataine – cha bhaineann sé le ‘lár-Éirinn’ mar a thugtar uirthi

Dála an scéil, nach bhfuil an téarma sin ciníoch ar a bhealach féin nó an bhfuil aicmeachas inghlactha i gcónaí?

Ach suigh síos agus lig domh cúpla scéal a arsú dhuit tráthnóna.

Is maith is cuimhin liom bliantaí ó shin agus mé tar éis tosú ar an Ollscoil i mBéal Feirste, tháinig cara de mo chuid ar cuairt a chuaigh thall go Sasana chuig coláiste ansin.

Mhínigh sé gur bhain sé an-sult as Sasana agus a raibh le feiceáil ann – luaigh sé go raibh an-dúil aige san éagsúlacht maidir le cailíní a bhí le fáil ann.

Top 100 Beautiful Indian Women_aishwarya-rai
शहनाज़ ट्रेज़रीवाला, Treasuryvala nó Shenaz, bean álainn as an Ind – ach an nglacfadh gach mamaí Éireannach léi mar iníon chleamhnais?

Ach ansin d’aithris sé dom an rabhadh a thug a mháthair dó agus é ag fágáil an tí le dul anonn – agus seo teaghlach meán-aicmeach amach is amach má thuigeann tú leat mé agus de bhunadh Ghaeil na hÉireann a bhí siad, níor dhílseoirí a bhí iontu.

“Ná dall doras an tí seo le ‘Paki’,” a dúirt sí, “cha dtiocfadh liom a ghlacadh choíche.”

Baineadh siar as mo chara go cinnte óir char chuala sé focal ciníoch fán teach riamh roimhe.

Ciníochas amach is amach ach go dtí sin faoi cheilt, ní ar foluain go soiléir ach i bhfolach taobh thiar de dhuilleoga na mbruachbhailte.

Scéal eile a chuala mé ná fán stócach a tháinig abhaile ó Shasana leis an chailín álainn seo, é chomh bródúil sin aisti agus as féin as a leithéid de bhean a mhealladh.

Bhí a fhios ag máthair s’aige go raibh sé ar a bhealach abhaile in éineacht lena ghrá geal ach nuair a bhuail sé cnag ar a doras, cead teacht isteach sa teach chan fhuair a spéirbhean, fágtha ar leac an dorais a bhí sí ag éisteacht leis an raic taobh istigh – b’fheasach di nach ligfí sa teach choíche í.

Bhí barraíocht meilinine ina cuid craiceann má thuigeann tú leat mé.

An é go bhfuil dílseoirí Oirthear Bhéal Feirste níos ciníochaí ná an chuid eile againn nó an é nach bhfuil go leor céille acu é a choinneáil i bhfolach?

Bhí sé furasta go leor gan a bheith ciníoch nuair nach raibh in Éirinn ach sinn féin, cé gur pléadh leis an lucht siúil mar shaoránaigh den triú ghrád i dtólamh.

Dúirt bean a bhí gníomhach i gcúrsaí imirce liom uair amháin gurb iad Éireannaigh na daoine is ciníochaí ar an domhan ach go raibh muid rí-mhaith a choinneáil i bhfolach.

Is é an rud a bhí i gceist aici ná go gcuireann muid fáilte éigin roimh dhaoine ach nach ligeann muid isteach inár sochaí go hiomlán iad i ndáiríre.

B’fhéidir é, ach bhí sí féin den tuairim go raibh sé de dhualgas ar mhuintir na hÉireann athrú chun inimircigh a shásamh – ní a mhalairt.

Sin an chroí-cheist i gcónaí agus díospóireacht ar bun maidir le cúrsaí inimirce.

Níl a fhios agam an bhfuil sé ina chabhair sa chath ar son ciníochas a chur faoi chois.

Ach rugadh 17% den daonra i 2011 i bPoblacht na hÉireann taobh amuigh den dlínse, ar a laghad, tá gach cosúlacht ann go bhfuil sé ardaithe ó shin. Tháinig ardú de 25% ó bhí daonáireamh 2006 ann.

Ach imeascadh nó cothú éagsúlachta – níl a fhios agam cad atá socraithe againn in Éirinn go fóill.

Tagann go leor dúshláin le cúrsaí inimirce, gheobhaidh muid amach má tá muid ciníoch i gcoitinne gan mhoill is dócha.

Níl mé cinnte má tá muid ar an mhuintir is ciníochaí ar an domhain i ndairíre ach cibé ar bith is cinnte liom go bhfuil ciníochas chomh flúirseach i ‘Lár-Éirinn’ meán-aicmeach is atá ar na sráideanna dearg-ban-is-gorm in Oirthear Bhéal Feirste.

***

Ach cad is ciníochas? 

Ach cad is ciníochas? – dar leis an fhoclóir beag – fuath bunaithe ar chúrsaí cine atá ann.

Ach cosúil le go leor foclaí i saol na linne seo tá an chiall tar éis leathnú  agus tá sé á leathnú mar pholasaí ag brú-ghrúpaí – ceannteideal atá ann anois a bhfuil go leor fo-theidil ag feidhmiú faoi. 

Tá seineafóibeachas agus ciníochas á mheasadh d’aon chúis, ní hionann sé is a rá nach bhfuil siad beirt iontach contúirteach – tá.

Tá ciníochas á chur i leith gach duine a cheistíonn ilchultúrachas agus a bhfuil fonn orthu cúrsaí imirce a phlé – ní gá “fuath bunaithe ar chúrsaí cine” a bheith i gceist ar chor ar bith.

Tá ciníochas á chur ag na meáin phríomhshrutha i leith dhaoine atá ag ceistiú easpa daonlathas san Aontas Eorpach fiú. 

Cé leo oidhreacht Mandela?

Ciarán Dúnbarrach ar Nelson Rolihlahla Mandela, a oidhreacht agus a dhearcadh maidir le foréigean polaitiúil

Tá leabhar amháin Ghaeilge léite agam arís agus arís eile, sin Caisleán Óir le Séamus Mac Grianna, éiríonn sé níos fearr gach uair a léimse é.

Tá clú agus cáil ar thús an leabhair agus ar an chuntas a rinneadh ar chéad lá an phríomhcharachtair, Séimí Phádraig Duibh Ó Gallchóir ar scoil.

Muise, tá scigaithris déanta ag Myles na gCopaleen ar an eachtra.

Chun achoimre a dhéanamh air, faigheann Séimí greadadh nuair nach n-aithníonn sé féin a ‘ainm’ féin, mar dhea, James Gallagher, an t-ainm a bhí a mhúinteoir scoile tar éis a thabhairt dó.

south-africa-young-mandela-pd-001
Nelson Rolihlahla Mandela agus é óg

Tháinig an scéal sin chun cuimhne domh an tseachtain seo chuaigh thart agus mé ag déanamh staidéir ar shaol Nelson Mandela.

Cosúil le Séimí Phádraig Duibh, fuair Mandela an t-ainm ‘Nelson’ ar a chéad lá ar scoil – mar síleadh go mbeadh ainm Béarla de dhíth air.

Thug a mhúinteoir Iníon Mdingane an t-ainm sin dó, mar a ba nós in am na himpireachta, díreach mar a b’amhlaidh in Éirinn.

Chaith mé go leor ama ag iarraidh foghlaim cén dóigh fíor-ainm Mandela a rá ach theip orm, beidh orm ligin dó féin a rá leat cén chaoi a rá, gabhaim leithscéal.

Caithfidh mé a rá – tá mé in amhras dá mbeadh an clú céanna ar an Madiba dá mba rud é gur chlóigh sé leis an ainm a thug a athair dó.

Agus níl aon amhras agam nach gcluinfeadh aon éinne trácht air dá mba rud é nach raibh Béarla den scoth aige.

Ach ná ligimis don bholscaireacht dul i bhfeidhm orainn, cé nach luaitear é go minic, níorbh chainteoir dúchais Béarla é, cainteoir dúchais Xhosa a bhí ann.

Níorbh aon Dhónall Ó Conaill é ach an oiread, níor shéan sé riamh a theanga dhúchais.

Agus bhí roinnt de na searmanais an tseachtain seo caite i dteanga dhúchais Mandela, ach cha bheadh a fhios agat sin ag éisteacht leis na meáin Bhéarla.

images
Mandela ag caitheamh éadaí a thréibhe

Ach le seachtain anuas, bhí stair Mandela á athscríobh agus gach polaiteoir ar an saol, seachas Jim Allister ón TUV, ag iarraidh Mandela a lua mar laoch s’acu agus mar thionchar mór orthu.

In amanna, bhí sé sin díreach seafóideach, le David Cameron na Breataine ag maíomh a leithéid – d’ainneoin go raibh sé ina bhall d’eagraíocht a bhí ag iarraidh go gcrochfaí Mandela mar sceimhlitheoir agus d’ainneoin go ndeachaigh sé ar thuras go dtí an Afraic Theas urraithe ag eagraíocht a bhí ag feachtasaíocht i gcoinne smachtbhannaí in aghaidh Apartheid.

Anseo in Éirinn, caithfidh muid a bheith níos seafóidí ná gach duine eile ar ndóigh agus caithfidh mé a rá, d’éirigh linn baint de dhínit na seachtaine leis.

Mar shampla, chuir an Taoiseach Enda Kenny in iúl don Dáil gur síochánaí a bhí ann agus chuir sé i gcomparáid le Mahatma Ghandi é.

Dá mba rud é gur dhúirt sé go raibh sé ina chiníoch bheadh sé chomh míchruinn céanna.

Ba é Nelson Mandela an chéad cheannaire ar eilit mhíleata an ANC (Umkhonto we Sizwe,” nó “Sleá an Naisiúin,”) agus bhí traenáil míleata déanta aige.

image004
Iarmhairt an ‘Church Street Bombing’ san Afraic Theas. Umkhonto we Sizwe a bhí freagrach as. Fuair 19 bás agus gortaíodh 217 duine.

Bhí tionchar níos láidre ag Mao Tse Dong agus ag Che Guevara– agus Carl von Clausewitz fiú ar Mandela ná mar a bhí Ghandi.

Is fiú cuimhneamh gur ofráil Uachtarán na hAfraice Theas saoirse go Mandela in 1985 dá shéanfadh sé foréigean agus agóidíocht fhoréigeanach mar dhóigh chun athrú a bhaint amach san Afraic Theas.

Dhiúltaigh sé don ofráil – ag cur in iúl nach ndeachaigh an ANC i mbun fhoréigin ach nuair nach raibh aon bhealach eile ar fáil dóibh.

Níor éirigh sé as an mhíleatachas go dtí gur thosaigh cainteanna sa bhliain 1990 ach bhí sé ar liosta faireachais sceimhlitheoirí SAM go dtí 2008.

Dúirt Uachtarán na hAfraice Theas Jacob Zuma an tseachtain seo caite, dar le Mandela, “chun go mbainfeadh an Afraic Theas síocháin amach, bhí an streachailt armtha dosheachanta, ach ba dhóigh chun cuspóir a bhaint amach, níorbh é an cuspóir é.”

Tuigeann muid in Éirinn áfach go bhfuil seach-chogadh ar bun, bhí sé tábhachtach don Taoiseach a chinntiú nach mbainfeadh Sinn Féin aon sochar polaitiúil as bás Mandela – laoch a bhí ann do Phoblachtanaithe agus bhí baint idir an IRA agus Umkhonto we Sizwe – fíric na staire atá ann.

Guard-of-Honour
Gerry Adams ina sheasamh mar chuid de Ghárda Onóra ar chónra an Madiba.

Táthar ann a mhaigh go bhfuil Sinn Féin ag baint ó dhínit Mandela as trácht a dhéanamh ar a bhás agus go bhfuil sé sin chomh dona céanna leis an Toraithe ag feadaíl a bpoirt athraithe anois.

Seans go raibh ciall éigin leis an argóint sin – ach ansin chonacthas Gerry Adams ina sheasamh mar bhall den gharda onóir ar chónra Mandela – sílim gur chuir sé sin deireadh leis an argóint, agus cibé barúil atá ag daoine ar Gerry Adams, ba shoiléir tuairim an ANC agus Mandela féin.

Cad tuige mar sin a mhaíonn gach duine go bhfuil baint acu le Mandela –bhál, tá freagra simplí ar sin – bhain sé – agus is maith le daoine a bheith luaite le buaiteoirí.

Ach cinnte, tá sé níos doimhne ná sin, rinne sé go leor don athmhuintearas – níor lorg sé díoltas, níor chuir sé éinne ar thriall, níor chuir sé cosc ar an Afrikaans

Ach ba thábhachtaí arís do cheannairí an Iarthair – níor chuir sé isteach ar an chaipitleachas agus ní dhearna sé mórán iarracht ar athdháileadh saibhris – leathréabhlóid a bhí ann ach thar aon rud eile – sin an fáth a rinneadh naomh as.

Ar bhotún é sin – níl a fhios agam.

Dá mba rud é go ndearna sé iarracht talamh an chine ghil a dháileadh ar an chine ghorm, dhéanfadh meáin an Iarthair diabhal as – mar a rinne sé le seanchomrádaí s’aige, Robert Mgabe.

Ach is cinnte liom go ndearna sé botún ollmhór amháin – is é sin nár scoir sé an ANC agus an cogadh bainte acu – creidim go léiríonn caimiléireacht an pháirtí inniu go bhfuil an ceart agam ar an phointe áirithe sin.

Seans go bhfuil daoine agaibh míshásta liom ar an ábhar gur roghnaigh mé cuid den fhírinne a léiriú anseo agus b’fhurasta ligin do na bréaga.

Sharpeville Victim
Fear armtha ina sheasamh in aice le corp fhear marbh tar éis sléacht Sharpeville ina bhfuair 69 duine bás.

Ach dar le Mandela, bhí foréigean riachtanach chun deireadh a chur le Apartheid – dar liomsa, bhí an ceart aige.

 

Ná Bac le “Tír Bheag S’Againne!”

Déanann Ciarán Dúnbarrach argóint i gcoinne fhoireann sacair uile-Éireann

Is cuimhin liom blianta ó shin cluiche peile idir Thuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann, le linn na seachtaine agus le linn an lae a bhí sé.

Ar scor ar bith, go neamhoifigiúil, ligeadh dúinn féachaint ar an chluiche agus sinne ar scoil.images

Mar sin d’amharc a raibh sa scoil ar an chluiche – iad uilig ar son na Poblachta – b’shin an chuma ar an scéal cibí.

Nuair a deirimse go raibh gach duine sa scoil ag coimhéad ar an chluiche, níl sé sin iomlán fíor.

Bhí dís ann a dhiúltaigh amharc ar an chluiche – ar an ábhar go raibh sé críochdheighilteach!

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil le duine acu, bhí an-fhonn air an cluiche sin a fheiceáil, ach cha raibh sé chun ligin domsa a bheith níos poblachtanaí ná é.

***

fai_2Uair eile, tháinig stócach isteach ar scoil tar éis dó imirt ar son Thuaisceart Éireann ag leibhéal na mBuachaill scoile.

Ní hé gur bhain sé sult as an eispéireas nó gur thaitin sé leis imirt ‘dá thír’.

Dúirt sé go raibh an drochíde bhéil a fuair sé dochreidte agus go raibh eagla air i rith an chluiche – agus sin drochíde óna chuid lucht tacaíochta féin.

Is é an dóigh ar pléadh Neil Lennon an sampla is fearr den chineál iompair seo, bhí air Lennon éirí as a bheith ag imirt don Tuaisceart ag an deireadh, cén fáth ar thosaigh sé riamh, sin ceist eile.

Is cinnte go raibh tionchair ag na heachtraí sin ar leithéidí Darren Gibson agus James McClean a roghnaigh imirt le Poblacht na hÉireann seachas leis an Tuaisceart.

james-mcclean-14112012-630x432
James McClean, níl poipín air ná baol air.

Ar bhealach, tá gníomh Gibson is McClean tar éis foireann uile-Éireann a chruthú ar bhealach mí-dhíreach, ní do gach duine ach do náisiúntóirí amháin.

Ní ceart smaoineamh gur céim i dtreo fhoireann aontaithe a rogha áfach – a mhalairt atá fíor.

Is ar éigean gur féidir liom a mhíniú cé chomh gonta is a bhí aontachtóirí agus lucht tacaíochta an tuaiscirt mar gheall air, tá nimh san fheoil don bheirt acu nach n-imeoidh áit ar bith go luath.

Chan ionann sin is a rá nach nglacaim féin le cinneadh s’acu, glacaim ach rinne sé dochar do chaidrimh phoiblí – mar go ndeachaigh sé chuig croí na faidhbe mar a fheiceann aontachtóirí é – easpa dlíseachta náisiúntóirí don stát is don choróin, chan ólann siad sláinte na banríona.

***

An tseachtain seo caite, ar mhaol do mhainge, luaigh an Taoiseach Enda Kenny gur shaoil sé gur smaoineamh maith a bheadh ann foireann Uile-Éireann a bhunú chun cluichí carthanachta a imirt in aghaidh Shasana gach dara bhliain agus gurb fhéidir go rachadh an t-airgead ar son ospidéil do pháistí ar an dá thaobh den teorainn.

images (1)
Pat Jennings in 1982 – bhí go leor tacaíocht do fhoireann an Tuaiscirt ón dá phobal sa Tuaisceart sa tréimhse sin

Smaoineamh deas é sin gan amhras – Fuair sé tacaíocht ó cheannaire an DUP Peter Robinson fiú.

Ach tháinig freagra gearr gonta gasta ar ar ais ón IFA, “chan fhuil an smaoineamh, agus cha bhíonn an smaoineamh ar radar an chumainn,” a dúirt sé.

Dála an scéil, tugann focal.ie Cumann Sacair na hÉireann nó Cumann Sacair Thuaisceart na hÉireann ar an IFA agus Cumann Peile na hÉireann ar an FAI, mar sin tá dhá ainm oifigiúla againn ar an chluiche cheannann chéanna – is fearr mo leagan féin air – cicpheil.

Anois, sula ndéanfaidh muid deamhain as an IFA as áiseanna a shéanadh ar pháistí breoite, ná déanaimis dearmad gurb iad an FAI a bhris leis an IFA, iad siúd a chuir an chríochdheighilt i bhfeidhm i gcicpheil na hÉireann, ní an IFA.

***

Ní nach ionadh, spreag moladh an Taoisigh trácht anseo is ansiúd ar fhoireann sacair uile-Éireann – á moladh den chuid is mó.

Caithfidh mé féin easaontú leis sin áfach – cha dóigh liom gur smaoineamh maith é.

Seo cén fáth – tá grá ag an phobal aontachtach d’fhoireann an tuaiscirt, ‘our wee country’ mar a déarfá,  an grá céanna is atá ag muintir an deiscirt d’fhoireann na Poblachta – cén fáth a mbeinn ag iarraidh cur isteach air sin?

Cén fáth nárbh fhéidir le foireann an tuaiscirt leanúint ar aghaidh sa chaoi chéanna is a bhfuil foireann ag Alba faoi láthair agus iad sa Ríocht Aontaithe – fiú in Éire Aontaithe?

Ní dóigh liom go gcabhródh foireann amháin, le cúis Éire Aontaithe, más beo an aisling sin ar chor ar bith.

Déarfainn gur cosúla Éire Aontaithe agus foireann Thuaisceart Éireann ann i gcónaí agus aontachtóirí sona sásta leis sin.

Agus ar scor ar bith, nach bhfuil an dá Éirinn anois faoi smacht ag clann Uí Néill mar is cóir – mar Ultach, sin maith go leor domsa.

download
Lucht tacaíochta an Tuaiscirt sa lá atá inniu ann.

‘Sin a dhéanann Siadsan’

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Is cuimhin liom go maith blianta ó shin, a bheith i mo shuí ag an chúntóir istigh i dTigh Mhadáin i mBéal Feirste, ag ól chúpla pionta ag tús na seachtaine le sean-chomrád de mo chuid.

Chas ár gcomhrá ar go leor ábhar agus léim sé ó spraoi go dáiríreacht.

Sa deireadh, thosaigh muid ag plé lucht taistil na hÉireann, na ‘gyspies’ mar a thug mo chara orthu.

Léirigh sé dom go raibh gráin aige dá gcineál.

D’iarr mé air a mhíniú domh cén fáth.

Rinne é a shúile a ghéarú agus stán sé orm, tháinig cáir feirge air.

“Níl ionat ach amadán,” a dúirt sé liom.

“Chan fhuil mé ach ag iarraidh fáth d’fhuatha a chloisteáil,” arsa mise.

gjr_bmx_lg
An bhfaca tú an BMX seo? Tá sé ar iarraidh ó 1987 – déan teagmháil linn

“Ghoid siad mo rothar” a d’fhreagair sé.

D’ainneoin go raibh a fhios agam go maith nárbh smaoineamh maith, shleamhnaigh mo chéad cheist  eile thar mo bheola.

“Cá bhfios duit gur iadsan a bhí i gceist”

Bhuail taom feirge agus iontais é agus …

“Mar ní raibh sé ansin!!! a dúirt sé.

“sin a dhéanann siad – goideann siad rudaí.”

Agus sin agat é, croí na faidhbe. Sin a dhéanann siadsan.

An tseachtain seo caite d’fhuadaigh Stát na hÉireann dhá pháiste, atá ina saoránaigh Éireannacha is cosúil ar an ábhar go raibh siad fionn agus go raibh súile gorma acu agus go raibh gruaig dhorcha ag a dtuismitheoirí.

 Tá freagra na ceiste sin iontach soiléir, mar ba ghiofóga Roma iad na tuismitheoirí sa dá chás seo agus … bhál … mar a dúradh thuas faoin rothar goidte …

“Sin an rud a dhéanann siadsan.”

Cén fáth ar smaoinigh na Gardaí i mBaile Átha Luain agus i mBaile Átha Cliath go raibh “baol tromchúiseach agus láithreach ann do shláinte do leas an linbh,” mar sin na critéir faoin Child Care Act 1991 inár bhféidir leo páiste a thabhairt ar shiúil óna dtuismitheoirí.

Cuimhnigh nár bhac siad le deartháireacha nó le deirfiúracha na bpáistí seo – na páistí fionna amháin a tógadh as na tithe.

Shíl na Gardaí ar ndóigh, go raibh féidearthacht ann gur fhuadaigh na tuismitheoirí na páistí seo. Cén fáth?

Tá freagra na ceiste sin iontach soiléir, mar ba ghiofóga Roma iad na tuismitheoirí sa dá chás seo agus … bhál … mar a dúradh thuas faoin rothar goidte …

“Sin an rud a dhéanann siadsan.”

3 lá ina dhiaidh sin tugadh na páistí bochta seo, faitíos agus imní orthu, ar ais dá dtuismitheoirí os comhair shúile an domhain.

Muidne mar Éireannaigh náirithe os comhair an tsaoil arís eile.

Chruthaigh tástálacha DNA gur fíor-pháistí a dtuismitheoirí iad – ní féidir liom a shamhlú go mbeadh ar thuismitheoirí d’aon chine eile in Éirinn ach sin mar a bhí.

la-fg-wn-greece-gypsy-camp-girl-found
Maria, an cailín beag Romach a uchtaíodh go mídhleathach agus atá anois fágtha gan tuismitheoir ar bith

Bhí baint idir an eachtra ghránna seo agus cás Maria sa Ghréig – cailín óg ceithre bliana d’aois a tógadh ón lánúin Romach – mar, bhí gruaig fhionn aici.

Fuarthas amach gur thug bean Romach as an Bhulgáir Maria don lánúin agus í ina babaí beag – mar sin – ní raibh an t-uchtú dlíthiúil de réir dhlí na Gréige.

Tá Maria á coinneáil faoi chúram charthanachta scartha ón aon mháthair a raibh aithne aici riamh uirthi – ní féidir liom pian, imní agus eagal an linbh sin a shamhlú.

Cuireadh fearg orm nuair a léigh mé ráitis ón charthanacht sin ag maíomh as Maria as a céad fhocail Gréigis a fhoghlaim mar ní raibh aici ach teanga na Romach go dtí sin – shílfeá go raibh siad ag cur leighis uirthi – an seanscéal céanna.

Cé hiad na Roma mar sin? Cén fáth ar creideadh chomh furasta sin gur féidir nárbh leo na páistí seo?

Roma cineál nó fo-ghrúpa de ghrúpa Eithneacha níos mó – na ‘Romani’, grúpa a tugadh giofóga orthu go traidisiúnta.

Ciallaíonn an focal ‘Rom’ fear nó fear chéile i dteanga s’acu féin.

Is mistéir go leor de stairsheanachas na Romani ach tugann teangeolaíocht le fios gur de bhunadh an Ind iad.

Ní cine ar leith iad – tá siad san Eoraip le fada agus ag meascadh le muintir na hEorpa.

roma-begging
An steiréitíopa : Bean Romach ag iarraidh deirce – a leanbh ar a glúin

Tá sé sa seanchas ar fud na hEorpa go ngoideann na gíofógaí páiste. Cibé bunús a bhí leis an scéal gránna sin, léiríonn an fhianaise go bhfuil an mhalairt fíor.

Tá an eagla ársa sin ar an Roma anois – meas tú go bhfuil grá na Roma dá bpáistí difriúil ón ghrá atá ag gach duine eile dá bpáistí?

An bhfuil baint ag Roma áirithe le coirpeacht – is cinnte go bhfuil – an bhfuil gach Roma ina gcoirpeach – níl.

Ach – agus leithcheal uafásach déanta ina gcoinne leis na céadta bliana, uileloscadh san áireamh – an iontas é go dtiontaíonn roinnt acu ar an gcoirpeacht?

Agus Roma a phlé ag duine tá ‘réiteach’ amháin á moladh i gcónaí Asamhlú.

Léirscrios cultúrtha atá i gceist ansin ar ndóigh. Ach níl na Roma ag iarraidh a bheith comhshamhlaithe – tá siad ag iarraidh a bheith ina Roma.

20111101035931Roma-Gypsies

Féach chomh maith 

Imní go raibh bunús ciníoch le cinneadh páistí a thógáil 

Bearta an Rialtais i leith mí-úsáid Alcól

Seán Mícheál Ó Donnchadha 

 

Tá an tAire Stáit sa Roinn Sláinte Alex White taréis  bearta a thabhairt isteach chun deileáil le mí-úsáid alcól.

Beidh cód fógraíochta daingean mar aon le lipéid le rabhaidh sláinte ar gach deoch alcóil  i gceist chun dul i ngleic le fadhbanna alcóil.

I measc  na bearta seo beidh íosphraghas don gram alcól a bheidh mar chuid de Bhille Sláinte Don Alcól.

Dúirt an tUasal White go raibh alcól ardnirt ar chostas íseal mar thargaid ag an mBille.The Solution To Underage Drinking Is Often Found Close To Hand.

Ní bheidh aon tionchar ag an beart seo ar phraghas an phionta na an leathghloine sa tig tabhairne. Tá beagnach gach deoch sa teach tabhairne ós cionn an íosphraghas cheana.

Nuair a rithfí an tAcht beidh fógraí don alcól sa teilifís agus raidió srianta don tráthnóna agus sna pictiúrlanna do dhaoine ós cionn ocht mbliana dhéag d’aois ó 2016.

Comh maith le sin beidh fógraíocht lasmuigh fé réir cód reachtúil [statuatory code] ó 2018.

Beidh fógraí clóbhuailte sna meán fé réir cód reachtúil freisin agus beidh srianta i gceist faoi chur cun cinn an alcól agus béim faoi leith ar  mhonatóireacht an méid gnéas atá sna bhfógraí.

Tá na bearta faoin íosphraghas ann chun  dul i ngleic le díol alcól ardnirt sna siopaí eischeadúnais  ar  lascaine[in off-licence shops at a discount].Sna hollmhargaí ní mór na deochanna alcóil a bheith scoite amach go maith ó na gnáth earraí siopa.

Beidh cumhachtaí forfheidmithe níos treise [increased enforcement powers] ag Oifigigh Sláinte Chomhshaoil[ Envorinmental Health Officers] chun bac a chur le hól faoi aois.

Alcohol5
An tAire Stáit Alex White TD,

Níor chuir an Rialtas áfach bac ar chomhlachtaí óil urraíocht a dhéanamh ar oll-imeachtaí spóirt. Tháinig an cinneadh seo sna sála ar dian stocaireacht a rinne Eagraíochtaí Spóirt cosúil le Cumann Rugbaí na hÉireann [IRFU] a bhí ag maíomh go gcuirfeadh bac ar urraíocht isteach go mór ar comórtias cosúil le Corn Heineken.

I ráiteas, dúirt an Rialtas gur thuig siad an imní a bhí ag daoine faoi sláinte phoiblí maidir le hurraíocht spóirt agus an tionchar a bheadh ag bearta reachtúla [statuatory measures] ar mhaoiniú eagraíochtaí spóirt.

Beidh císte atá bunaithe ag an Rialtas ag déanamh scrúdú ar an cheist seo faoi urraíocht spóirt ag comhlachtaí óil an bhliain seo chugainn. Is é an cheist is mó atá anseo ná foinse mhalartach mhaonaithe a fháil dá gcuirfí bac ar na comhlachtaí óil bheith ag tabhairt urraíocht don FAI  nó IRFU.

Tá cinneadh déanta ag an Rialtas an cód reatha deonach maidir le hurraíocht spóirt a chur ar bhonn reachtúla.

Dúirt an tAire White “Gur lá cinniúnach a bhí ann mar gurbh é seo an chéad uair a ndéileálfaí le mí-úsáid alcól mar fadhb sláinte  phoiblí.

Tá an Rialtas taréis na fadbhanna deacra ó mhí-úsáid alcól a chur san áireamh – básanna, gortaithe agus fadbhanna sóisialta agus airgeadais – agus táimíd tiománta gníomhú chun réiteacht leo.

Tá an réimse bearta atá á thabhairt isteach de thoradh dian comhráite trásna Ranna Rialtais a mbeidh íosphraghas do dheochanna alcóil agus rialú fógraíocht agus margaíocht ar alcól mar thoradh leis.”

Dúirt an tAire Sláinte James Reilly ”Tá fadhb tromchúiseach againn in Éirinn le mí-úsáid alcól le dhá mhíle leapacha á dtógaint suas gach oíche le daoine atá tinn nó gortaithe de bharr alcól.”

Tá tionchar ag an iompar  seo ar theaghlaigh agus daoine aonair ag gach aicme den tsochaí. Is mór an bhuairt go bhfuil daoine ag tosnú ar ól alcól níos óige agus go bhfuil siad ag ól barraíocht. Tá an tÉireannach thar cúig bhliana dhéag  d’aois ar an meán ag ól coibhéiseach agus buidéal Vodka sa seachtain.

Tá an Rialtas tiomanta dul i ngleic leis na fadhbanna seo agus léiríonn  cinneadh na seachtaine seo céim shuntasach eile chun tosaigh chun go mbeidh sochaí ann ina mbeidh ól freagracht  mar ghnáth nósmhaireacht sa tír seo.”