Tonnóg Ghránna an Iúir

Tuairim le Ciarán Dunbar

Bíonn an duine siúlach scéalach a deirtear is a scríobhtar agus is fíor sin gan amhras ach mholfainn leasú ar an tseanfhocal údaí sin.

Is é sin le rá go mbíonn an duine a bhfuil súil in airde aige nó aici scéalach thar aon duine eile, cé nach ndéanann sé dochar cluas a choinneáil in airde ach an oiread.

newrycananlduck
Tonnóg Ghránna an Iúir

Tá an méid sin ráite agam le tamall anuas ar an cholún seo ná go mbím ag streachailt in amanna chun teacht anuas lena dhath nua le rá – bíonn faitíos orm barraíocht a lua ar ndóigh mar tá mé ró-óg don choinnealbhá agus an bhochtaineacht a théann leis.

Cheannaigh mé na páipéir ar fad, d’éist mé leis an raidió, léigh mé na meáin shóisialta ach síol colúin chan fhuair iontu sin an iarraidh seo.

Smaoinigh mé siar mar sin ar a bhfaca is a chuala mé le seachtain nó dhó anuas ach mar a tharlaíonn sé smaoinigh mé ar an lacha sin a chonaic mé i gCanál an Iúir.

Deirimse lacha ach leath tonnóg / leath lacha a bhí san éan seo, ná bí buartha, tá pictiúr agus físeán agam den chréatúr, fíor-éinín lachain gránna ó scéalaíocht Hans Christian Anderson, ní raibh na cinn eile sásta a bheith mór léi fiú!

Daoine nach bhfuil Gaeilge Oirthear Uladh beidh siad ag smaoineamh cad is tonnóg ann, sin an t-ainm a bhí ar an lacha fheirme, b’Aithin an t-aon fhocal a bhí ag muintir Ó Méith ar lacha ar bith ach le bheith cruinn, is lacha iad na mallaird fhiáine a fheictear go fiáin in Éirinn.

Cibé ar bith, ba léir dom gur leath Indian Runner a bhí san éan seo, tonnóg a sheasann in airde ar nós piongain seachas mar ghnáth-lacha.

B’iontach liom í a fheiceáil mar bheadh sí an-deacair uirthi maireachtáil san fhiántas mar is cinnte liom nach féidir léi eitil agus bheadh sé níos deacra uirthi go leor bia a aimsiú chun í féin a bheathú – mar i ndeireadh na dála, ainmhí leath-cheanasaithe ab ea í, is é sin le rá go ndearna a síol á cheansú ar mhaithe leis an chine dhaonna agus gur cothaíodh tréithe inti dá bharr, tréithe nach gcuideoidh léi maireachtáil i gcanáil an Iúir féadaim a rá.

Smaoinigh mé ar an tonnóg / lacha seo agus mé ag léamh na bpáipéir Éireannacha le tamall anuas, fiú agus mé ag caint le daoine ar an tsráid.

Caidé as sin?

An dtuigeann daoine cén dóigh a dhéantar ainmhí feirme nó tí as ainmhí fiáin? Cén chaoi iad a cheannsú?

Bhál, is é an dóigh an dóigh a dhéantar é ná go gcothaíonn tú tréithe naíonachta páistiúla iontu ionas go mbeidh sé níos éasca smacht a choinneáil orthu.

Mar sin de, tá an-chosúlacht idir do mhadadh agus coileáin an mhac tíre cé go bhfuil difríochtaí suntasacha idir an dá ainmhí fásta, is beag difear idir bhanbh muice is banbh toirc allta ach difear sách suntasach idir mhuc feirme fásta is toirc allta cé go bhfuil an muc fásta an-chosúil le banbh an toice allta i dtólamh.

Títear domsa go bhfuil an-chosúlacht idir an próiseas ceannsaithe sin agus coilíniú agus ceansú náisiúin.

Nach ionann lucht sibhialtachta a dhéanamh de mhuintir barbarthach éigin agus iad a cheannsú, chun tréithe páistiúla a chothú iontu ionas go mbeidh sé níos éasca iad a stiúradh is a choinneáil faoi smacht?

Chun a neamhspleáchas a bhaint dóibh is iad a dhéanamh spleách ar an ‘mháthairthír’ nua.

Agus caithfidh mé a admháil go bhfeicim an rian sin ar mhuintir na hÉireann i gcónaí, is sin le rá go bhfuil páistiúlachas agus mí-aibíocht le mothú go minic agus an náire cultúrtha a théann leis.

Smaoinigh air sin, ar bhuail tú le duine ar bith riamh a d’admhaigh gur vótáil siad do na páirtithe sa rialtas?

Go traidisiúnta, cuireadh an milleán do gach rud den spéir ar na Sasanaigh, nuair a d’fhág siadsan 26 contae den 32 a bhí in Éirinn ag an am, (26 chontae atá in Éirinn inniu agus sin mar a bhí riamh roimhe i gcónaí de réir chosúlachtaí), fágadh i bponc sinn.

Bhí na páistí fágtha gan mháthair, gan duine éigin leis an fhreagracht a ghlacadh as ár ngníomhaíocht – ach buíochas le Dia bhí an Eaglais Chaitliceach ann

Inniu, cuirtear an milleán de gach fadhb in Éirinn orthu sin, ní ghlacann an tréad, na páistí, freagracht as rud ar bith – díreach ag leanúint ordaithe a bhíomar.

Deirtear linn go bhfuil muid fásta aníos agus mar sin chuir muid fearadh na fáilte roimh chlann ríoga na Breataine ach déarfainn go raibh iontas orthu féin fiú leis an lútáil a rinne bunaíocht na hÉireann rompu, anois tá siad ag teacht chuig comóradh 1916 – an léiríonn sé sin aibíocht nó páistiúlacht go díreach?

Labhair Banríon Shasana focal Gaeilge agus shíl daoine áirithe aibí go raibh cead acu cúpla focal a chaitheamh amach den chéaduair.

Shíl daoine go raibh cothrom na Féinne eadrainn den chéaduair – ach an féidir féinmharú cultúrtha a dhéanamh ort féin is a bheith ag súil go n-amharcfar ort mar mhuintir ar chomhchéim le daoine eile a shíleann go bhfuil luach ina gcultúr féin?

Agus mé ag caint faoi 1916, tá iar-Thaoiseach ar Phoblacht na hÉireann, John Bruton, ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh ar Home-rule nár tharla riamh seachas ar 1916.

p-021032-00-33
Iar-Thaoiseach na hÉireann, John Bruton, Réamannach.

Tá cuma air an scéal go bhfuil sé ag caoineadh leis gur bunaíodh a leithéid nuair a dhéanfadh ‘Home Rule’ cúis de réir cosúlachtaí agus tá sé ag fáil cluas éisteachta go forleathan – fásta aníos ab é, an ndéanfadh uachtarán Mheiriceá a leithéid?

Agus cad faoi Barack Obama, muise rinne muid leipreacháin chearta amach asainn féin an t-am a tháinig seisean ar cuairt, meas tú gur shíl sé agus é ag imeacht, “Wow, cé chomh haibí is a bhí an dream sin?”

Níl a fhios agam má theann muid arís sa Commonwealth nó cibé cad é rud atá beartaithe ag lucht ‘fás aníos’ nó an gcabhróidh sé linn amuigh i bhfiántas an domhain,.

Ach is cinnte go léiríonn géarchéimeanna féiniúlachta againne gur leath-tonnóga – leath lachain sinne i gcónaí.

Ní chabhraíonn sé sin amuigh ar an chanál i ndáiríre.

Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.

Is minic a chuirtear i leith an Ghaeilgeora go measann said go bhfuil siad ‘níos Éireannaí de bharr go labhraíonn siad Gaeilge’. Caithfidh mé a rá nach bhfuilim tar éis teacht ar an tuairim seo rómhinic ag Gaeilgeoirí. An freagra a bhíonn ag mórchuid na nGaeilgeoirí ná nach measann siad sin in aon chor. Nuair a smaoiním féin faoi áfach, is léir dom gur Éireannaí an duine a labhraíonn Gaeilge gan aon amhras. Díreach le bheith soileir nílim ag rá gur fearr bheith níos Éireannaí, díreach go bhfuil níos mó den Éireannachas ag roinnt leo.

Ar dtús céard is Éireannachas ann? An bhfuilimid ag caint ar shaorántacht na tíre? Ó d’fhéadfadh duine pas is saorántacht Éireannach a bheith acu gan aon eolas nó cur amach acu ar aon rud Éireannach nó Gaelach glas bán nó riabhach, caithfidh nach leis sin atáimid ag plé. Mar sin baineann an cheist seo le féiniúlacht is dócha, nó gnéithe de chultúr a thugann le fios go mbaineann duine le cultúr áirithe.

Buaic Chultúr na hÉireann? Anlann Bhaile UÍ Mhaolmhuaidh

Baineann teanga le féiniúlacht is le cultúr. Ní féidir a shéanadh gur dlúthchuid an Ghaeilge de chultúr na hÉireann. Ní thig le lucht an fhéinfhuatha sin a dhiúltiú. Is féidir go bhfuil sin ag athrú le cuid ghearr de stair na tíre ach is ann dó fós. Mar sin má tá tuilleadh den chultúr agat, is é sin go labhraíonn tú Gaeilge, tá tú níos Éireannaí. Dá gcuirfí beirt a bhí díreach mar a chéile i gcomórtas lena chéile ach Béarla a bheith ag duine amháin acu ach Gaeilge anuas air sin a bheith ag an duine eile, nach mbeadh an duine sin níos Éireannaí? Is geall le fíric é.

Samhlaigh an Fhrainc, dá ndéanfaí a chóilíniú is dá dtiontódh mórchuid an phobail ar an mBéarla, is dá mbeadh pócaí de chainteoirí Frainicise ann nach ndéarfaí gur Francaí na daoine céanna? Is cinnte go ndéarfaí. Fiú cúpla céad bliain tar éis don Bhéarla forlámhas a ghlacadh ní dóigh go bhféadfaí a rá nach mbeadh na cainteoirí Fraincise níos Francaí. Cén fáth gur féidir a leithéid a rá in Éirinn?

Blaa Phort Láirge, sainniúlacht arbh fhiú náisiún a bhunú uirthi?

Mar sin conas gur cuireadh an bhréag isteach inár mbéal chomh fada seo is go raibh Éireannaigh sásta leis? Baineann seo leis an teoiric úd, náire an iarchóilíneachais. Is éard atá i gceist leis seo ná an náire a thagann ar an bpobal dúchais tar éis cóilínithe. Nuair a chailltear an rud dúchais(teanga mar shampla) níl de fhreagra ag an dream nach bhfuil sí acu a thuilleadh ach fuath a thabhairt don chultúr céanna agus sodar i ndiaidh na n-uasal. Go mionminic is iad seo is binibí ar fad atá in éadan an chultúir. Má tá suim agat i gcás na dteangacha mionlaithe(níl aon rud mion faoi mhórchuid na dteangacha seo!) aithneoidh tú go dtagann na hargóintí céanna in airde arís is arís eile timpeall na cruinne. Teanga mharbh, teanga na mbocht, gan foclóir ceart, ina bac ar ghnó. Léifidh tú tráchtanna ag lucht fuatha na Breatnaise,agus cloisfidh tú na hargóintí seanchaite céanna ón lucht argóna seanchaite céanna. Arís eile ní daoine ó thír isteach iad seo ach an pobal dúchais ag tabhairt fuatha don rud a bhain leo féin agus ag iarraidh easpa éigin iontu féin a fholú.

Ar ndóigh tá gnéithe eile den chultúr i gceist chomh maith, ceol, spórt, féith ghrinn na hÉireann, fadhb náisiúnta óil. Má tá na gnéithe seo ag duine thar dhuine eile, is féidir a rá go bhfuil an duine sin níos Éireannaí ná an té eile. Ní hé go bhfuil an duine níos fearr nó go bhfuil luach níos mó air sin. Ní féidir luach oibiachtúil a chur ar chultúr thar a chéile. Mórphobal aonteangach na tíre seo tá go leor gnéithe Éireannacha ag baint leo, ach tá níos mó gnéithe idirnáisiúnta nó Angla-Mheiriceánacha ag roinnt leo ná mar atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Anois seans nach bhfuil aon fhiúntas le baint as an tuairim seo a chur sa timpeall, cuireann sé fearg ar dhaoine agus díomá ar dhaoine. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé fíor. Is buille beag amháin é in aghaidh an scata sin a thugann le fios nach mbaineann an teanga leis an tír seo in aon chor agus a dteastaíonn uaithi í a ruaigeadh amach ar fad ar fad.

Stobhadh Gaelach nó Éireannach, cé acu is cirte?

Déarfaidh daoine gur seafóideach an argóint atá déanta agam anseo, go bhfuil sé ciníoch, ach arís eile ní deirim go bhfuil luach níos airde ar chultúr amháin ná a chéile, ach mar sin féin go bhfuil difríochtaí ann. Tá go leor argóintí eile fíor leis, is Éireannaí daoine a sheineann an ceol gaelach nó a théann don spórt gaelach. Fágann ábhar an lae inniu ceist amháin eile agam an bhfuil na Gaeil éagsúil ó na hÉireannaigh nó an cheist í sin a bhíonn ag dó na geirbe ag aonteangaigh na tíre?

Is féidir easaontú go láidir le scríbhneoir an ailt @murchadhmor