Joe McHugh : Tugaimis seans dó

Tuairim le Ciarán Dunbar

Agus mé i mbun an cholúin seo b’fhearr liomsa gan ‘cúis na Gaeilge’ a lua ar chor ar bith, b’fhearr liom labhairt ar an tsaol inti mar Ghaeilge agus ligin orm féin go bhfuil gach rud go breá.

Ach chan amhlaidh atá, tá cogadh cultúrtha ar bun in Éirinn mar a bhíodh i gcónaí, tá trí rogha againn, an fód a sheasamh, an blár catha a thréigint nó an bád bán a fháil go dtí ceann de na coilíneachtaí Béarla.

Lena chois, agus aon cholún á scríobh agam faoin Ghaeilge caithfidh mé cartlann mo ríomhaire a sheiceáil go cúramach le cinntiú nár scríobh mé an colún céanna cheana.

Agus nach feasach dom go maith go bhfuil muid ag caint linn féin anseo – fíor-Ghaeil le fíor-Ghaeil, ní feasach don Éireannach Gallda, agus ní dóigh liom gur masla an aidiacht sin dála an scéil ach fíric lom, go bhfuil muid ann nó as.

JoeMcHughFineGael_large
An tAire Stáit Gaeltachta Joe McHugh

An tseachtain seo chuaigh thart, díreach nuair a shíleadh nárbh fhéidir le cúrsaí éirí níos measa ó thaobh seasamh an rialtais i leith na Gaeilge, cheap an Taoiseach Enda Kenny Aire Sinsir agus Aire Stáit le cúramaí Gaeltachta gan Ghaeilge líofa.

Ní fhaca sé féin nó a pháirtí aon fhadhb leis sin agus chun cothrom na Féinne a thabhairt dó cha raibh aon fhadhb ag roinnt mhaith den tráchtaireacht leis ach an oiread.

Tá sé dearbhaithe ag Heather Humpreys, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta nach mbeidh sí ag foghlaim na Gaeilge, ceal ama.

Níorbh fhiú di a cuid ama a chur amú ag foghlaim na Gaeilge don ról is léir.

Maidir leis an Aire Stáit, Joe McHugh, “He has the language inside him,” a dúirt an Taoiseach.

Tá mé ag glacadh go raibh a fhios aige féin cad a ba chiall leis sin.

Creidim féin gurb mhasla é seo do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go ndearnadh d’aonchúis mar fhreagair ar na Gaeil shotalacha sin a ghlac a gcás amach ar sráideanna Bhaile Átha Cliath ag tús na bliana.

Mar sin féin, is as imeall na Gaeltachta é Joe McHugh, rinne sé Gaeilge ar feadh 14 bliana ar scoil, is múinteoir é lena chois agus ní raibh sé mí-réasúnta a ghlacadh go mbeadh Gaeilge aige.

Agus mé ag scríobh an cholúin seo, bhí an tAire McHugh ar a bhealach chuig Oideas Gael agus Gleann Cholm Cille, Gaeil Éireann ag guí gur féidir le Liam Ó Cuinneagáin ní amháin Gaeilge a theagaisc dó ach grá don teanga agus tiomantas ina leith.

liam
Fear Oideas Gael, Liam Ó Cuinneagáin

Níl brú ar bith ort a Liam!

Ach mura bhfuil líofacht Gaeilge bainte amach ag an Aire Stáit tar éis 14 bliana ar scoil, cén seans a bheas aige tar éis seachtain i nGleann a déarfadh an ‘soinicí’.

Agus Gaeltacht catagóir C atá i nGleann Cholm Cille faraor d’ainneoin éachtaí Liam agus a chomrádaí.

Go n-éirí leis, ba mhaith liom smaoineamh go dtiocfaidh rud éigin dearfach amach as an phrácás sin cé nár chuir a ráitis go dtí seo aon mhuinín orm.

Ach le bheith cothrom le Joe McHugh, chuala mé é ar Raidió na Gaeltachta agus cé go raibh a chuid Gaeilge go holc bhí síol éigin ann, feictear domsa gur féidir leis an-dul-chun-cinn a dhéanamh go hiontach sciobtha ar nós éinne a rinne an Ghaeilge don Ardteist – agus mar a luaigh iriseoir amháin liom chuala sé Gaeilge i bhfad níos measa uathu siúd a thugann Gaeilgeoirí orthu féin.

Gleann_Cholm_Cille_-_geograph.org.uk_-_69004
Gleann Cholm Cille

Nach gcuireann sé sin leis an chás ar son na Gaeilge riachtanaí sa chóras oideachais?

Tugaimis seans dó a deir roinnt agaibh – tugaimis, ach an bhfuil an dara suí sa bhuaile againn?

Ná déanaimis dearmad ach an oiread gur thosaigh Fianna Fáil leis an nós seo nuair a cheap siad Síle de Valera mar Aire Gaeltachta sna nóchaidí agus í gan mórán Gaeilge.

Agus níl mórán Gaeilge ag an Aire Cultúir ó thuaidh, Carál Ní Cuilín ó Shinn Féin, ach an oiread cé go bhfuil sí ag foghlaim.

Níl deireadh leis an liosta ar ndóigh ach ná ceap gurb iad Fine Gael an páirtí Gallda thar aon dhream eile.

Níor chuala mise leas-Uachtárán Shinn Féin Mary Lou McDonald ar Raidió na Gaeltachta riamh roimhe, cé gur chaith sé 14 bliana ag foghlaim agus gur bean an-cliste atá inti.

Thiocfadh liom dul ar aghaidh.

Ní nach ionadh, bhí an mhórchuid de Ghaeilgeoirí na tíre ar buille faoin chinneadh seo seachas corr-easaontóir ar an eite dheis agus corrdhuine gafa ag an ‘nua-dúchasachas’ nár mhaith leo cearta teanga a thabhairt do dhaoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge agus a tógadh léi taobh amuigh den Ghaeltacht ar eagla go dtabharfadh sé dlisteanacht dá gcaint neamhthraidisiúnta.

Ach go cinnte, bhí an mórchuid den tráchtairteacht, agus na hintleachtóirí ar an aon fhocal leis an taoiseach maidir leis na ceapachán ag maíomh nach raibh gá le Gaeilge don ról mar go bhfuil muintir na Gaeltachta dhátheangach – ag déanamh neamhaird ar an chúis atá leis an dátheangachas sin.

Bhí daoine áirithe ar Twitter ag maíomh go ndéanann easpa Gaeilge Joe McHugh níos fóirsteanaí don jab é fiú!

Is trua nach bhfuil tacaíocht ó hintleachtóirí ag an teanga, idirdhealú suntasach idir chás na Gaeilge agus cás theangacha mionlaithe eile is ea é seo.

Ní hé nach n-aontaíonn siad le cearta teanga, aontaíonn, ach is é lom na fírinne ná gurb í an tuiscint coitianta in Éirinn ar chearta teanga ná cearta na mBéarlóirí a chosaint i gcoinne na nGaeilgeoirí.

Tá cultúr forlámhas teanga beo beathaíoch mar a bhí riamh, “The middle classes think it a sign of vulgarity to speak Irish,” a scríobh Thomas1845, char tháinig athrú ar an scéal.

Chomh maith leis sin tá an-cheangail idir Chaitliceachas agus an Ghaeilge in aigne an-chuid daoine – chuir mé an cheist orm féin an tseachtain seo , an bhfuil an Ghaeilge ag fulaingt mar chuid den chath i gcoinne na hEaglaise?

Tá muinín agam go mairfidh an Ghaeilge nó leagan di sa todhchaí d’ainneoin dearcadh an rialtais agus claontaí ‘Éire Oifigiúil’ – ach níl a fhios agam an mbeidh aon ‘Irish Language’ amach anseo nó aon mhuintir Éireannach ar leith i ndáiríre.

Féach chomh maith

Éistear lenár nGlór a Thaoisigh – Caithear Éisteacht 

Éistear lenár nGlór a Thaoisigh – Caithear Éisteacht

Protest Photos LISTEN TO THE PUBLIC TAOISEACH - WE WANT A MINIST

Bhailigh slua ag agóid arna eagrú ag Conradh na Gaeilge ag Roinn an Taoisigh i dTithe an Rialtais, Baile Átha Cliath níos moille inniu (Dé Céadaoin, 16 Iúil 2014), ag éileamh ar an Taoiseach Aire Stáit le Gaeilge líofa a cheapadh chun cúram Aire Gaeltachta.

Bhí tuairim ar 50 i láthair ag an agóid, uimhir shuntasach nuair a cuirtear san áireamh gur fógraíodh é an oíche roimhe go díreach.

Protest Photos LISTEN TO THE PUBLIC TAOISEACH - WE WANT A MINIST

 

 

D’admhaigh an tAire Sóisearach reatha, Joe McHugh TD, nach bhfuil sé de mhuinín aige a chuid Gaeilge a úsáid toisc go bhfuil sé “rusty” agus tá Conradh na Gaeilge ag ceistiú chinneadh an Taoisigh chun cúraimí na Gaeltachta a thabhairt dó nuair nach bhfuil sé inniúil ar an nGaeilge, ag rá nach bhfuil sé seo “cothrom ar an Aire Stáit nua ná ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.”

Agóid Inniu i mBÁC

Éist Leis an bPobal A Thaoisigh – Aire Inniúil ar an nGaeilge Uainn
Preasráiteas ó Chonradh na Gaeilge
Bhí idir dhíomá agus iontas ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta inné (Dé Máirt, 15 Iúil 2014) nuair a d’fhógair an Taoiseach go mbeadh an Teachta Dála Joe McHugh ina Aire Stáit na Gaeltachta nua toisc go dtuigtear nach bhfuil an Teachta McHugh inniúil ar an nGaeilge.
Tá sé beartaithe ag Conradh na Gaeilge agóid ghasta a dhéanamh lasmuigh de Roinn an Taoisigh ag 13.15 inniu, Dé Céadaoin, 16 Iúil 2014, le cur i gcoinne an chinnidh seo de chuid an Taoisigh, ag léiriú go soiléir dó nach bhfuil an pobal sásta lena chinneadh agus go bhfuil gá an fhadhb a réiteach láithreach.
Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Níl cumas an Aire Stáit nua, Joe McHugh TD, a bheith ina Aire Stáit á cheistiú ag duine ar bith; guíonn muid gach rath air mar Aire Stáit amach anseo. Táimid, áfach, ag ceistiú chinneadh an Taoisigh chun cúraimí na Gaeltachta a thabhairt dó nuair nach bhfuil sé inniúil ar an nGaeilge. Níl sé seo cothrom ar an Aire Stáit nua ná ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.”
Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Shiúil 10,000 duine ar son ceart agus cothromaíochta do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta i mBaile Átha Cliath ar 15 Feabhra 2014. Má tá an Taoiseach dáiríre ag déanamh ionadaíochta ar son phobal uile na hÉireann, agus tuigeann muid go bhfuil an-spéis aige féin go pearsanta sa teanga, glacfaidh sé an teachtaireacht shoiléir a rinneadh ar an lá sin san áireamh agus déanfaidh an Rialtas freastal níos fearr i nGaeilge ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta.
“Dá réir, fiú ag an tráth seo, ba chóir don Taoiseach fós freagracht na Gaeltachta agus na Gaeilge a thabhairt go hAire Stáit eile atá léirithe aige / aici go bhfuil siad inniúil ar an nGaeilge, dála an Aire Stáit Aodhán Ó Riordáin TD atá bainteach leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta chomh maith, nó duine sa bhreis atá inniúil ar an teanga a cheapadh, ar nós an Teachta Dála Seán Kyne nó eile.
Seo é an chéad uair ó bunaíodh an Stát nach bhfuil an tAire Stáit le freagracht na Gaeltachta air inniúil ar an nGaeilge. Is ísliú stádais eile é seo do phobal na Gaeilge agus Gaeltachta nuair a thógtar san áireamh go raibh Aire Sinsearach ann le hinniúlacht sa Ghaeilge le freagracht na Gaeltachta sa Rialtas deireanach, gur íslíodh sin go hAire Stáit le hinniúlacht sa Ghaeilge sa Rialtas nua in 2011, agus anois go bhfuil an Rialtas ag iarraidh sin a ísliú arís go hAire Stáit gan inniúlacht sa Ghaeilge, agus le cúram eile ar an duine céanna (.i. acmhainní nádúrtha). Léiríonn sé seo ar fad easpa tosaíochta do riachtanais an phobail Ghaeilge agus Gaeltachta i gclár oibre an Rialtais reatha.
Arsa de Spáinn: “Tá sé iomlán mícheart go mbeadh ar phobal na Gaeilge agus Gaeltachta plé leis an Aire Stáit as Béarla amach anseo.”
Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh cruinnithe práinneacha leis an Taoiseach leis an bhfadhb seo a phlé agus le cur ina luí air gur gá athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh agus freagracht na Gaeltachta agus Gaeilge a thabhairt go hAire Stáit eile atá léirithe aige / aici go bhfuil siad inniúil ar an nGaeilge – dála an Aire Stáit Aodhán Ó Riordáin TD atá bainteach leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar aon nós – nó duine eile a ceapadh atá inniúil ar an teanga amhlaidh an Teachta Dála Seán Kyne nó eile.

 

Cé leo oidhreacht Mandela?

Ciarán Dúnbarrach ar Nelson Rolihlahla Mandela, a oidhreacht agus a dhearcadh maidir le foréigean polaitiúil

Tá leabhar amháin Ghaeilge léite agam arís agus arís eile, sin Caisleán Óir le Séamus Mac Grianna, éiríonn sé níos fearr gach uair a léimse é.

Tá clú agus cáil ar thús an leabhair agus ar an chuntas a rinneadh ar chéad lá an phríomhcharachtair, Séimí Phádraig Duibh Ó Gallchóir ar scoil.

Muise, tá scigaithris déanta ag Myles na gCopaleen ar an eachtra.

Chun achoimre a dhéanamh air, faigheann Séimí greadadh nuair nach n-aithníonn sé féin a ‘ainm’ féin, mar dhea, James Gallagher, an t-ainm a bhí a mhúinteoir scoile tar éis a thabhairt dó.

south-africa-young-mandela-pd-001
Nelson Rolihlahla Mandela agus é óg

Tháinig an scéal sin chun cuimhne domh an tseachtain seo chuaigh thart agus mé ag déanamh staidéir ar shaol Nelson Mandela.

Cosúil le Séimí Phádraig Duibh, fuair Mandela an t-ainm ‘Nelson’ ar a chéad lá ar scoil – mar síleadh go mbeadh ainm Béarla de dhíth air.

Thug a mhúinteoir Iníon Mdingane an t-ainm sin dó, mar a ba nós in am na himpireachta, díreach mar a b’amhlaidh in Éirinn.

Chaith mé go leor ama ag iarraidh foghlaim cén dóigh fíor-ainm Mandela a rá ach theip orm, beidh orm ligin dó féin a rá leat cén chaoi a rá, gabhaim leithscéal.

Caithfidh mé a rá – tá mé in amhras dá mbeadh an clú céanna ar an Madiba dá mba rud é gur chlóigh sé leis an ainm a thug a athair dó.

Agus níl aon amhras agam nach gcluinfeadh aon éinne trácht air dá mba rud é nach raibh Béarla den scoth aige.

Ach ná ligimis don bholscaireacht dul i bhfeidhm orainn, cé nach luaitear é go minic, níorbh chainteoir dúchais Béarla é, cainteoir dúchais Xhosa a bhí ann.

Níorbh aon Dhónall Ó Conaill é ach an oiread, níor shéan sé riamh a theanga dhúchais.

Agus bhí roinnt de na searmanais an tseachtain seo caite i dteanga dhúchais Mandela, ach cha bheadh a fhios agat sin ag éisteacht leis na meáin Bhéarla.

images
Mandela ag caitheamh éadaí a thréibhe

Ach le seachtain anuas, bhí stair Mandela á athscríobh agus gach polaiteoir ar an saol, seachas Jim Allister ón TUV, ag iarraidh Mandela a lua mar laoch s’acu agus mar thionchar mór orthu.

In amanna, bhí sé sin díreach seafóideach, le David Cameron na Breataine ag maíomh a leithéid – d’ainneoin go raibh sé ina bhall d’eagraíocht a bhí ag iarraidh go gcrochfaí Mandela mar sceimhlitheoir agus d’ainneoin go ndeachaigh sé ar thuras go dtí an Afraic Theas urraithe ag eagraíocht a bhí ag feachtasaíocht i gcoinne smachtbhannaí in aghaidh Apartheid.

Anseo in Éirinn, caithfidh muid a bheith níos seafóidí ná gach duine eile ar ndóigh agus caithfidh mé a rá, d’éirigh linn baint de dhínit na seachtaine leis.

Mar shampla, chuir an Taoiseach Enda Kenny in iúl don Dáil gur síochánaí a bhí ann agus chuir sé i gcomparáid le Mahatma Ghandi é.

Dá mba rud é gur dhúirt sé go raibh sé ina chiníoch bheadh sé chomh míchruinn céanna.

Ba é Nelson Mandela an chéad cheannaire ar eilit mhíleata an ANC (Umkhonto we Sizwe,” nó “Sleá an Naisiúin,”) agus bhí traenáil míleata déanta aige.

image004
Iarmhairt an ‘Church Street Bombing’ san Afraic Theas. Umkhonto we Sizwe a bhí freagrach as. Fuair 19 bás agus gortaíodh 217 duine.

Bhí tionchar níos láidre ag Mao Tse Dong agus ag Che Guevara– agus Carl von Clausewitz fiú ar Mandela ná mar a bhí Ghandi.

Is fiú cuimhneamh gur ofráil Uachtarán na hAfraice Theas saoirse go Mandela in 1985 dá shéanfadh sé foréigean agus agóidíocht fhoréigeanach mar dhóigh chun athrú a bhaint amach san Afraic Theas.

Dhiúltaigh sé don ofráil – ag cur in iúl nach ndeachaigh an ANC i mbun fhoréigin ach nuair nach raibh aon bhealach eile ar fáil dóibh.

Níor éirigh sé as an mhíleatachas go dtí gur thosaigh cainteanna sa bhliain 1990 ach bhí sé ar liosta faireachais sceimhlitheoirí SAM go dtí 2008.

Dúirt Uachtarán na hAfraice Theas Jacob Zuma an tseachtain seo caite, dar le Mandela, “chun go mbainfeadh an Afraic Theas síocháin amach, bhí an streachailt armtha dosheachanta, ach ba dhóigh chun cuspóir a bhaint amach, níorbh é an cuspóir é.”

Tuigeann muid in Éirinn áfach go bhfuil seach-chogadh ar bun, bhí sé tábhachtach don Taoiseach a chinntiú nach mbainfeadh Sinn Féin aon sochar polaitiúil as bás Mandela – laoch a bhí ann do Phoblachtanaithe agus bhí baint idir an IRA agus Umkhonto we Sizwe – fíric na staire atá ann.

Guard-of-Honour
Gerry Adams ina sheasamh mar chuid de Ghárda Onóra ar chónra an Madiba.

Táthar ann a mhaigh go bhfuil Sinn Féin ag baint ó dhínit Mandela as trácht a dhéanamh ar a bhás agus go bhfuil sé sin chomh dona céanna leis an Toraithe ag feadaíl a bpoirt athraithe anois.

Seans go raibh ciall éigin leis an argóint sin – ach ansin chonacthas Gerry Adams ina sheasamh mar bhall den gharda onóir ar chónra Mandela – sílim gur chuir sé sin deireadh leis an argóint, agus cibé barúil atá ag daoine ar Gerry Adams, ba shoiléir tuairim an ANC agus Mandela féin.

Cad tuige mar sin a mhaíonn gach duine go bhfuil baint acu le Mandela –bhál, tá freagra simplí ar sin – bhain sé – agus is maith le daoine a bheith luaite le buaiteoirí.

Ach cinnte, tá sé níos doimhne ná sin, rinne sé go leor don athmhuintearas – níor lorg sé díoltas, níor chuir sé éinne ar thriall, níor chuir sé cosc ar an Afrikaans

Ach ba thábhachtaí arís do cheannairí an Iarthair – níor chuir sé isteach ar an chaipitleachas agus ní dhearna sé mórán iarracht ar athdháileadh saibhris – leathréabhlóid a bhí ann ach thar aon rud eile – sin an fáth a rinneadh naomh as.

Ar bhotún é sin – níl a fhios agam.

Dá mba rud é go ndearna sé iarracht talamh an chine ghil a dháileadh ar an chine ghorm, dhéanfadh meáin an Iarthair diabhal as – mar a rinne sé le seanchomrádaí s’aige, Robert Mgabe.

Ach is cinnte liom go ndearna sé botún ollmhór amháin – is é sin nár scoir sé an ANC agus an cogadh bainte acu – creidim go léiríonn caimiléireacht an pháirtí inniu go bhfuil an ceart agam ar an phointe áirithe sin.

Seans go bhfuil daoine agaibh míshásta liom ar an ábhar gur roghnaigh mé cuid den fhírinne a léiriú anseo agus b’fhurasta ligin do na bréaga.

Sharpeville Victim
Fear armtha ina sheasamh in aice le corp fhear marbh tar éis sléacht Sharpeville ina bhfuair 69 duine bás.

Ach dar le Mandela, bhí foréigean riachtanach chun deireadh a chur le Apartheid – dar liomsa, bhí an ceart aige.

 

Ménage à Trois – FF, FG 7 SF

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Sin é mar sin, ar ais ar scoil, deireadh leis an tsamhradh agus níos tábhachtaí arís deireadh, tá súil againn, le séasúr na seafóide sna meáin.

Beidh ár bpolaiteoirí ar saoire rud beag níos mó áfach, ní bheidh siadsan ar ais ar scoil go dtí leath i ndiaidh a dó Dé Céadaoin, 18 Meán Fómhair, tar éis naoi seachtaine ar saoire.

Beidh Tionól an Tuaiscirt i mbun ghnímh, más é sin an focal cuí, arís Dé Luain 9 Meán Fómhair.

PA-13871838-390x285
Gerry Adams, ceannaire Shinn Féin – Ar bhféidir leis an bhfaitíos, nó an deistín fiú, roimh an fhear seo Fine Gael agus Fianna Fáil a bhrú le chéile?

Ar na scéalta polaitíochta is mó agus is seafóidí a bhí againn i séasúr na seafóide i mbliana bhí an ceann faoi athshainmhíniú ar choincheap an phósta chun pósadh idir Fhianna Fáil agus Fine Gael a chur san áireamh.

Chuala muid go leor tráchtairí ag caint faoin phósadh seo ar dhóigh go sílfeadh duine go mbeadh sé ar dhóigh éigin réalaíoch. Comhairle in aice lena dtoil féin atá ann.

Ar ndóigh, tá comhrialtas idir an dá pháirtí luaite ag Mary O’Rourke, iar-leas-cheannaire Fhianna Fáil. Ar lámh amháin, chan ionann sin is cumasc eatarthu ach tá na difríochtaí idir an dá pháirtí chomh caolchúiseach sin ná gurb é sin an toradh nádúrtha ar chomhrialtas eatarthu.

Sin cad tuige nach dtarlóidh comhrialtas eatarthu dar liom, seo cén fáth.

In 2011, fuair Fine Gael 36.1% den vóta, fuair Fianna Fáil 17.4%, sin 53.5% le chéile, ach toghchán as an ghnáth a bhí ann. Sa toghchán roimhe sin 2007, fuair Fianna Fáil 41.5% agus fuair Fine Gael 22.5%, sin 64% nuair a chuirtear le chéile iad.

Agus i dtoghchán 2002, bhí 67% den vóta ag an dá pháirtí mhór seo curtha le chéile.

Seo an rud, i dtír ar bith daonlathach, chan go minic a tharlódh sé go bhfaigheadh páirtí ar bith níos mó ná 60% den vóta.download

Níor sháraigh Fianna Fáil féin 50% den vóta ó fuair siad 50.6% in 1981, faoi cheannaireacht Rí Inis Mhic Aoibhleáin, Séarlas Ó hEochaidh.

Is dóigh liomsa, dá dtiocfadh siad le chéile, go dtitfeadh a vóta comhcheangailte ó 60% nó níos mó go tuairim is 40% thar oíche agus go gcaillfeadh a lán teachtaí dála a suíochán dá bharr.

Mar a deir an Béarla, cha vótálann turcaithe don Nollaig.

Ciallaíonn an córas seo go raibh Fianna Fáil nó Fine Gael i gcumhacht ó bhí 1923 ann. Go bunúsach mar sin, ó thaobh pholasaithe sóisialta agus eacnamaíochta de, bhí stát aonpháirtí againn ó bunaíodh an stát. An rud is  áistí faoi ná gurb é sin toil na dtoghthóirí.

Chan ionann sé sin is a rá nach bhfuil miondifríochtaí idir Fhianna Fáil agus Fine Gael, tá agus tá suntas leo.download (1)

Deirtear gurb é an bhun-difríocht a bhíodh ann riamh ná go raibh Fine Gael dílis don stát, an stát a bhunaigh siad, go raibh Fianna Fáil dílis dá bpáirtí agus don náisiún, seans gurb ionann an dá rud dar leo, thar an stát.

Ar an lámh eile, bhí Sinn Féin dílis dá ngluaiseacht féin idir pháirtí agus arm riamh agus don náisiún mar a thuigtear dóibh é gan aon dílseacht don stát idir.

Tá cuid mhór de na tuairimí seo spreagtha ag an fhaitíos go mbeidh Sinn Féin agus Gerry Adams go háirithe mar chuid den chéad rialtas eile.

Dá mbeadh rogha ann, tá mé ag déanamh go roghnódh Fianna Fáil dul i mbun chomhrialtas le Sinn Féin ach go roghnódh Fine Gael Fianna Fáil.

Rachadh Sinn Féin isteach le dream ar bith ar an tsaol, fiú dream a chreideann go bhfuil an domhan 3,000 bliana d’aois agus gurb an Pápa an frithChríost – tá fianaise agam don ráiteas sin don té atá in amhras faoi.

Mar sin féin, bheinn den tuairim, cé gur breá le Sinn Féin a bheith i gcumhacht thuaidh agus theas don bhliain chomórtha ar Éirí Amach na Cásca 1916, bheadh siad níos sásta arís dá dtiocfadh leo Fianna Fáil is Fine Gael a bhrú le chéile – ach arís, sin fáth eile nach dtarlóidh sé dar liomsa.

Cleamhnas idir Fhianna Fáil agus Fine Gael?

Cleamhnas idir Fhianna Fáil agus Fine Gael?

Ba cheart cuimhneamh ar chomhrialtas idir Fianna Fáil agus Fine Gael tar éis an Chéad Olltoghchán eile a scríobhann Seán Mícheál Ó Donnchadha

pa-10341145-390x285
Ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny (ar chlé) agus Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil ar dheis – arbh fhéidir dá ndá pháirtí teacht le chéile faoi dheireadh?

De ghnáth i bhformhór tíortha daonlathacha san Iarthar bíonn páirtithe polaitíochta roinnte idir chlé agus dheas. Ar an drochuair in Éirinn de dheasca an chogaidh Cathartha tá an feiniméan ar a dtugtaí  “an dá pháirtí go leith” i.e Fianna Fáil, Fine Gael agus leath pháirtí an Lucht Oibre. Ba thír láidir Chaitliceach í Éire ón dtosach a bhí caomhach ó thaobh cúrsaí sóisialta de agus sílim gurbh é sin an fáth nár dhein an Lucht Oibre an fhorbairt chéanna agus a dhein a mhacasamhail  i dtíortha eile.

Bhí thar 80% den vóta ag SF in olltoghchán 1918 agus tar éis na cogaí cathartha scoilt an vóta seo idir Cumann na nGael, réamhtheachtaí Fhine Gael agus Fianna Fáil a bhunaigh Eamonn De Valera  i 1926. Bhí an lámh in uachtar ag an dá pháirtí caomhacha ón dtús agus lean cúrsaí mar sin go dtí an lá atá inniu ann.

Dála an scéil déanfar scrios ar Pháirtí an Lucht Oibre san chéad olltoghchán agus tá an chosúlacht ann go n-aistreoidh vóta an eite chlé go SF, nach fíor pháirtí den eite chlé in aon chor. B’fhéidir go bhfuil sé in am do FF agus FG smaoineamh ar dul isteach i gcomhrialtas tar éis an chéad olltoghchán agus SF  a choimeád amach as an rialtas do chomóradh chéad bhliain Éirí amach na Cásca 1916, rud a  ghoillfidh go mór ar Ghearóid Mac Ádhaimh mar bhí sé ar intinn aige a bheith sa rialtas ó thuaidh agus ó dheas don chomóradh stairiúil.

Agus í ag labhairt ag Scoil Samhraidh William Carleton i dTír Eoghain le déanaí d’iarr iarAire FF Mary  O’Rourke ar FF agus FG dul isteach i gcomhrialtas tar éis an chéad olltoghchán. D’úsáid sí mar spreagadh “ceann des na haithisc  is flaithiúla agus is neamhchlaonta a thugadh riamh” ag a iar-nia, Aire Airgeadais ag an am, Brian Ó Lionnacháin, an chéad bhall de FF a thug an t-aitheasc stairiúil ag comóradh bliana bás Mhichíl Uí Choileáin ag Béal na mBláth i 2010.

Ina óráid dúirt Ó Lionnacháin “Níl na difríochtaí  idir FF  agus FG inniu sainithe [defined] ag an gCogadh Cathartha ná níl siad ar feadh tréimhse fhada. Bheadh sé áiféiseach dá  raibh siad.”

“Tá an tréimhse seo inár stáir ag bogadh as cuimhne de réir a chéile. Iarraimid  ar mhuintir an tuaisceart maireachtáil agus oibriú taobh le chéile in ainneoin an áir agus dhobróin [grief] ó choimhlint a tharla i bhfad níos déanaí agus a bhí i bhfad níos fadtréimhsí”. Agus é ag tagairt do theacht comóradh  chéad bhliain Éirí amach na Cásca dúirt Ó Lionnacháin” Dá bhféadfaí féachaint ar an chomóradh inniu mar ghníomh phoiblí  breise d’athmhuintearas stairiúil ag ceann de láithreacha beannaithe stair na h Éireann beidh mé bródúil as mo pháirt féin ann.”

gerry-adams-td
Ceannaire Shinn Féin, Gerry Adams – an gcuirfeadh Fianna Fáil agus Fine Gael deireadh le polaitíocht Chogadh na gCarad chun a chinntí nach mbeadh Sinn Féin mar chuid den rialtas ó dheas?

Tá an pearsanra teilifíse ó Chorcaigh Bill O’Herlihy ag tabhairt na hóráide stairiúla i m Béal na          mBláth i mbliana. Tá cúlra aige i FF, vótáil sé do Sheán Ó Loinsigh tráth, agus bhí sé ag obair le Garrett Fitzgerald mar chomhairleoir mheán chumarsáide. Dúirt sé go mbeidh sé ag caint faoin téama seo ina aitheasc  i mbliana agus cé go bhfuil difríochtaí polasaithe idir FF agus FG fós bhí a lán rudaí  comhoiriúnach [compatable] acu.

Rinne beirt ollamh  le polaitíocht i gColáiste na Tríonóide, Michael Gallagher agus Michael Marsh, suirbhé ar 1700 ball de FG i 2002. Bhí móramh a cheap nach raibh aon difríochtaí polasaithe idir an dá pháirtí agus daoine a dúirt go raibh dhifríochtaí áirithe idir na páirtithe. Ba é polasaithe faoi Thuaisceart Éireann, chúrsaí cánach agus thalmhaíocht ba mhó a luadh faoi difríochtaí idir na páirtithe. Ní  dúirt ach 5% gurbh é polasaithe faoin Aontas Eorpach an difríocht is mó idir na páirtithe.

Tar éis shocrú Aoine an Chéasta níl aon difríocht idir polasaí FF agus FG faoin tuaisceart. Tar éis an  reifrinn  thuaidh-theasn glacann an stáit ó dheas go mbeidh tuaisceart na hÉireann mar bhall den Ríocht Aontaithe fad agus tá móramh sa tuaisceart i bhfabhar an tsocraithe sin.

Tá an polasaí céanna ag an dá pháirtí faoi chúrsaí cánach, ráta cáin chorparáideach de 10% ar chomhlachtaí agus cáin phearsanta íseal chomh fada agus a íocann sé as seirbhísí poiblí maithe. Caithfimid polasaí an Eoraip a leanúint faoi chúrsaí talmhaíochta agus na hEorpa agus a bhuí sin níl sé i gceist go bhfuil aon difríocht idir FF ná FG faoi na polasaithe seo.

Fiú agus an ghéarchéim eacnamaíochta is mó i stair na tíre ar na bacáin tá an comhrialtas faoi stiúir FG ag leanúint go cruinn an  polasaí déine a bhí aontaithe ag FF  leis an Triúracht sar a  d’áitrigh an rialtas, beag beann ar aon ionchur ó pháirtí an Lucht Oibre. Maidir le cúrsaí eacnamaíochta sa todhchaí  beidh aontas baincéireachta ann faoi cheannas Banc Ceannais na hEorpa agus beidh smacht i bhfad níos mó ag an Aontas Eorpach ar  Bhanc Ceannais na hÉireann agus fiú faoi bhuiséad na hÉireann. Fágfaidh sé sin nach mbeidh aon difríochtaí idir FF agus FG faoi gheilleagar na tíre ina mbeidh na cinntí tábhachtacha  déanta sa Bhruiséil.

Dar an suirbhé bhí tromlach baill FG i bhfabhar cónascadh [merger] le FF. Faraor ní tharlóidh an cónascadh sin ar an toirt. Ar an láimh eile tá seans nach beag  go mbeidh comhrialtas idir FF agus FG  tar éis  gach rud a tharla le déanaí, an borradh agus cliseadh, [boom & bust] an ghéarchéim, teacht na Triúrachta,  déine  agus go mór mór beagnach scriosadh FF. Dar le Paddy Power is comhrialtas idir FF agus FG  rogha na coitiantachta tar éis an chéad toghchán  eile ag 5/4 chun tosach ar chomhrialtas idir FG/LO ag 11/8.Foilsíodh pobal bhreith Red C a thaispeáin FG (29%), FF (22%) nó  51% v rogha mhalartach níos radacaí, neamhspléachaigh (23%), SF (15%), agus an LO (11%), i.e 49%.

Meon Éanna Uí Chionnaith

Agus a chumhacht dosháraithe i FG chuir  Éanna Ó Cionnaith gearáin i gcoinne FF le déanaí sa Dáil go raibh “ais chlaonpháirteachais” [axis of collusion] idir iad agus an Banc Angla Éireannach agus é soiléir nach bhfuil suim dá laghad aige i gcomhrialtas le FF i 2016, nó riamh. Tá gach cosúlacht ann go n-úsáidfidh FG agus an LO an fiosrúchan bainc, chun FF a choimeád as oifig ar feadh téarma eile, nó glúin eile nó go deo fiú.

Ach seans go bhfillfidh an feall ar an bhfeallaire, áfach, mar bhí teangmháil le hÉanna Ó Cionnaith le feidhmeannaigh sa Bhanc Angla Éireannach freisin mar a foilsíodh san ‘Irish Independent’. Ach tá lucht FF buartha mar a léirigh na ráflaí a bhí sna meáin le déanaí faoi cheannasaíocht  Mhíchil Uí Mhairtín. Dúirt baill de bhinse tosaigh FF le comhfhreagraí  nuachta le déanaí nár cheart go mbeadh baint ag aon aire a bhí freagrach leis an Triúracht a thabhairt isteach le haon rialtas sa todhchaí, rud a mbeadh impleachtaí ann do cheannaireacht Mícheáil Uí Mháirtín.

Ina chéad aitheasc mar Cheannaire nuathofa  ar FF go dtí a chéad  Ard Fheis gabh Míchaél Ó Máirtín leithscéal. Dúirt sé “rinneamar botúin, rinneamar rudaí mí cheart agus tá brón orainn faoi seo”. Bhí an chosúlacht ann gur mhaith muintir na hÉireann FF agus iad ar chomhchéim le FG i mí an Mheithimh ar 29%  ach braitheann a lán ar cad a thiocfaidh amach san fhiosrúchán banc.

Tá an gunna i lámha Ó Cionnaith maidir le críochnú an fhiosrúcháin a mhairfidh go dtí tosnú an toghchán áitiúil. Tá dealramh ann nach ndéanfaidh torthaí an fhiosrúcháin aon rud chun fearg na cosmhuintire a mhoilliú faoi bhotúin FF agus an méid a d’fhulaing siad dá réir.

Ní féidir le comhrialtas de  FG agus an LO talamh slán a dhéanamh de go dtiocfaidh siad ar ais sa rialtas as ucht  Polasaí Déine na Triúrachta a chuir i gcrích go daingean tar éis na hidirbheartaíochta a bheith déanta ag FF leo.

Fágann sé sin an rogha mhalartach níos radacaí de SF faoi  cheannaireacht  Gearóid Mac Ádhaimh nach bhfuil gean an phobail ar ó dheas, bailiúcháin de neamhspleáchaigh anaithnid agus fuílleach Pháirtí an Lucht Oibre. Dúirt Albert Reynolds tráth agus é ag caint faoi Bertie Ahern gur mhaith le muintir na hÉireann cá maireann a dTaoiseach. Bheadh sé suimiúil a fháil amach cad a cheapann muintir na hÉireann faoi thurasanna Ghearóid Mhic Ádhaimh sa veain dhubh sin  leis na fuinneoga daite amach chun bualadh le bithiúnach nach féidir le Gearóid aon eolas a thabhairt faoi do na  Gardaí.

An cheist é seo go bhfuil dlí amháin do Ghearóid agus dá chompánaigh agus dlí na tíre don chuid eile againn, cosúil leis an turas go Meiriceá le haghaidh cóireáil leighis, agus gan bheith ag feitheamh i scuainí  lofa  Feidhmeannas na Seirbhísí  Sláinte agus é íoctha ag an earnáil phríobháideach sin a bhíonn Gearóid ag tabhairt amach fúthu sa Dáil.

Mar sin,  is é a bheidh fágtha ná comhrialtas de FG agus FF, faoi cheannaire nua ó Chorcaigh, (idir Simon Coveney agus Michael  McGrath) chun an tír a threorú, tar éis imeacht na Triúrachta ó 2016 ar aghaidh. Thabharfadh  sé rialtas seasmhach dúinn agus gan aon rian de veain dhubh le feiceáil.

 

Cén bhail atá ar na páirtithe?

Agus Séasúr na Dála thart ar feadh bhliain eile amharcann Seán Mícheál Ó Donnchadha ar stádas na bPáirtithe Polaitíochta anois.

Fine Gaeldownload

D’éirigh go maith le FG agus go mór mór le hÉanna Ó Cionnaith agus an Bhille um Cheist na  mBeatha le Linn Toirchis tugtha isteach aigé in ainneoin gur gheall FG roimh an olltoghchán deireanach nach dtugaidís isteach reachtaíocht ar son ghinmhilleadh fiú chun breith na h Ard Cúirte ar son Cás X a dheimhniú agus gur caitheadh cúig Teachtaí Dála agus beirt Sheanadóirí amach as an bPáirtí agus iad ag cloí le seasamh an Páirtí sa toghacháin tá vóta FG fós ar 29% rud a chiallaíonn go bhfuil aird an phobail dírithe ar an eacnamaíocht go príomha seachas ceist an ghinmhilleadh.

Ar an lámh eile, tá cuid des na Teachtaí Dála i FG fiú daoine mar Emer Mulhern a vótáil ar son na reachtaíochta an-mhí –shásta agus má dhéanann Éanna Ó Cionnaith aon bhotún beidh siad ag féachaint ar a gceannaireacht.

Tá buiséad deacair le tabhairt tríd na Dála ag Ó Cionnaith i mhí Dheireadh Fhómhair agus an dealramh ann go mbeidh sé ina dhian-choimhlint lena comhghleacaithe sa comhrialtas, An Lucht Oibre. Tá siad son ag rá gur cheart  buiséad níos éasca a thabhairt isteach agus buntáiste a bhaint as an faoiseamh a fhuaireamar as an socrú maidir leis na Nótaí Gealltanais. Tá Michael Noonan i bhfábhar buiséad dian a thabhairt isteach agus gearradh siar de €3.1 billiún a dhéanamh.

Tá cuid des na hAirí mí-shásta mar tá an cumhacht go léir i lámha baill den Chomhairle um Bainistíocht Eacnamaíochta [ EMC-Economic Management Council], An Taoiseach, An Tanaiste agus an tAire Airgeadais, Michael Noonan agus an tAire Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin.

Dhá rud a chabhróidh le hÉanna Ó Cionnaith ná dá mbuafadh Maigh Eó Craobh na hÉireann i mhí Mheán Fhómhair agus an cosúlacht ann go mbuafaidh siad taréis an taispeantas a thugadar i gcoinne Dún na n Gall sa cluiche Ceathrú Ceannais agus dá mbeadh an tír ábalta imeacht as an Clár Tarrthála i ndeireadh na bliana, fáil réidh leis An Triúracht agus flaithiúnas na tíre a fháil ar ais. Bheadh cheart ag Ó Cionnaith dul isteach san chéad olltoghcháin eile mar an ceannaire a bhain flaithiúnas ar ais don tír taréis é a bheith caillte ag FF.

Fianna Fáildownload (1)

Bhí ag éiri go maith le Mícheál Ó Máirtín suas le mí Meitheamh. Bhí ag éirí go maith lena bhfeachtas chun áth-eagair a chur ar an bPáirtí agus FF ar comh chéim le FG  29% don chéad uair ó thosnaigh an géarchéim eacnamaíochta. Ansin tháinig ceist an ginmhilleadh agus dúirt an ceannaire go raibh sé i bhfábhar reachtaíocht ar son Cás X agus thug treoir don Pháirtí a shampla a leanúint. Ansin d’iarr Michael McGrath agus Dara Calleary cead saor vótala de réir choinsiasa agus bhí ar Ó Máirtín géilleadh. Bhí sé suntasach gurbh iad bheirt a bheadh i gcomórtas don cheannaireacht dá mbeadh Ó Máirtín ag seasamh síos a dhein an glaoch don saor-vótáil. Ar deireadh, vótáil dhá thrian den Pháirtí Páirliminte i gcoinne na reachtaíochta.

Gan dabht tá damáiste déanta do cheannaireacht Mícheál Ó Mairtín. Anois tá baill den Pháirtí ag caint faoin cheannaireacht arís agus iad ag rá nár cheart Ó Máirtín a bheith ina cheannaire ag dul isteach san olltoghchán atá ag teacht mar bheadh sé ro-shothalach a iarraidh ar mhuintir na hÉireann vótáil do Thaoiseach a bhí ar bhord Rialtais nuair a chaill an tír a flaithiúnas.

Tá sé curtha ina leith freisin  go bhfuil sé timpeallaithe ag líon an-bheag den Pháirtí, Avril Doyle agus Niall Collins san áireamh agus nach bhfuil sé ag éisteacht le héinne eile.

An Lucht Oibredownload (2)

Tá siad síos go dtí 11% sa phobalbhreith is deireannaí agus beagnach leath a chuid tacaíochta caillte acu ón olltoghchán deireanach agus leath de bhaill tofa an pháirtí imithe ar chúis amháin nó cúis eile. Tá easaontas i measc na gcúlbhinseoirí mar tá a fhios acu nach bhfuil puinn seans go dtoghfaí iad san olltoghchán atá ag teacht. Dá mbeidh drochthoradh sna toghcháin atá ag teacht an bhliain seo chugainn, toghchán áitiúil agus Eorpach, beidh deireadh le ceannaireacht Eamon Gilmore.

Níl aon dabht ach go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre in ísle bhrí agus go scriosfar iad san olltoghchán atá ag teacht mar bhriseadar a lán dá ngealltanais réam-thoghchán agus ba iad tacadóirí a Pháirtí a fuair an léasadh is mó ó na polasaithe déine atá an Rialtas reatha ag leanúint.

Sinn Féindownload (3)

Tá siad ag 15%, méadú beagnach 50% ar a vóta san olltoghchán deireanach. Agus an tóin taréis titim as an Lucht Oibre san eite clé níl ag éirí comh maith le SF agus ab fhearr leo. Tá fadhb i gcónaí leis an gCeannaire Gearóid Mac Ádhaimh nach bhfuil an svae leis ó dheas. Bhí sé ar intinn ag  Mac Ádhaimh bheith sa rialtas sa Tuaisceart agus sa Deisceart do Chomóradh Chéad Bhliain Éirí Amach na Cásca i 2016. Im thuairimse ní dhéanfaidh SF forbairt mhór ó dheas fad agus atá Mac Ádhaimh mar cheannaire. Bheadh sé níos fearr ag SF fáil réidh leis an gceannaire agus an leas-cheannaire Mary Lou MacDonald a thoghadh mar cheannaire.

Tá dhá fadhb eile ag SF. Tá siad i gcoinne gach rud agus is deacair in amanna a dhéanamh amach a gcuid polasaithe. Sa toghchán deireanach bhí siad i bhfábhar an Seanaid a choimeád ach é a leasú. Tá siad tar éis a mheon a athrú le déanaí agus iad ag rá gur cheart fáil réidh leis an Seanad. Ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor do lucht an fhreasúra a bheith diúltach  faoi gach polasaí rialtais, fiú má tá fiúntas iontu.

Chothaigh SF san díospóireacht faoin ghinmhilleadh gur pháirtí iad atá ar son rogha nó ar a laghad go bhfuil siad i bhfábhar ginmhilleadh i gcúinsí níos leithne ná na páirtithe eile seachas an Lucht Oibre. Tá siad i bhfábhar ginmhilleadh i gcás éigniú ,ciorrú coil agus mínormáltacht mharfach féatais [rape, incest and fatal foetal abnormality]. Bheadh impleachtaí ag an seasamh seo do pháirtithe cosúil le FF dul isteach i gcomhrialtas leo taréis an chéad olltoghchán eile.

An Lucht Neamhspleách

Chruthaigh an díospóireacht faoin ghinmhilleadh nach bhfuil siad thar moladh beirte mar tá polasaí difriúla ag a lán acu. Bhí cuid acu mar Mattie McGrath agus Michael Healy Rae i gcoinne aon ghinmhilleadh a cheadú agus vótáil siad i gcoinne na reachtaíochta. Bhí cuid eile mar Richard Boyd Barrett agus Claire Daly agus iad ar son rogha agus vótáil siad i gcoinne na reachtaíochta mar bhíodar i bhfábhar ginmhilleadh i gcúinsí i bhfad níos leithne. Tá siad ar 26% sa pobalbhreith is deanaí. Ní dóigh liom go bhfaighidh siad an vóta seo san toghacháin atá le teacht.

Ginmhilleadh : Iarmhairtí Polaitiúla

Seán Míchaél Ó Donnchadha

 Fine Gael

Bua atá anseo go gearrthréimhseach d`Éanna Ó Cionnaith. Thóg sé cinneadh láidir gan cead saorvóta ar bhonn coinsiasa a thabhairt do Theachtaí Dála a raibh fadhbanna acu leis an reachtaíocht agus níor chaill sé ach cúig theachtaí. Tá seans ann go gcaillfidh sé beirt sheanadóirí an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh an díospóireacht sa Seanad ar an Bhille.download

Is iad seo Fidelma Healy- Eames agus Paul Bradford, fear céile Lucinda Creighton. Ag  féachaint don thodhchaí áfach cé gur vótáil cuid des na teachtaí FG don bhille seo mar níor theastaigh uatha go gcaithfí amach as an pháirtí iad  bhí díomá mhór orthu mar thuigeadar go raibh geallúint tugtha ag FG roimh an olltoghcháin deireanach don Ghluaiseacht ar son na Beatha [Pro-Life Movement] nach dtabharfadh siad reachtaíocht isteach ar son ginmhilleadh.

Níl siad son ró-shásta l`Eanna Ó Cionnaith agus beidh siad ag féachaint ar a cheannasaíocht san fhadthréimse. Tá an feachtas seo go léir taréis a bheith an-thromchúiseach d`Finne Gael agus ní doigh liom go mbeidh aon fhonn orthu tabhairt faoin ginmhilleadh ar feadh tréimhse fada. Tá siad ag cur an milleán go léir ar an lucht oibre agus beidh impleachtaí ag seo ag a bpáirtíocht i gcomhrialtas leo sa todhchaí.

An Lucht Oibre

Is léir anois gur pháirt í iad an Lucht Oibre atá “ar son rogha”[pro-choice].

download (2)

Beidh impleachtaí ar seo ar a bpáirtíocht i gcomhrialtas sa todhchaí mar is léir nach bhfuil aon suim ag muintir FG ginmhilleadh a cheadú ar coinsí níos leithne ná Cás X.

Bua é seo áfach don Lucht Oibre, an rud is annamh is iontach.

Sinn Féin

Ní féidir a rá go beacht gur pháirtí iad ar son rogha ach tá teachtaí dála acu cosúil leis an leas-cheannaire Mary Lou McDonald atá i bhfábhar ginmhilleadh ar chúinsí níos leithne ná Cás X, éigniú, ciorrú coil agus mínormáltacht fhéatas, ach go háirithe.download (3)

Bheadh tionchar ag an bpolasaí seo ar chomhrialtas idir iad féin agus FF, in ar vótáil dhá thrian dá dteachtaí dála i gcoinne an reachtaíocht reatha.

Fianna Fáil

Beidh díomá ar an cheannaire Míchaél Ó Máirtín nár ghlac an páirtí lena threor gan cead saor-vótála a ligean ar an cheist achrannach seo. Seans go bhfuil a cheannasaíocht ar an pháirtí laghdaithe agus go bhféachfaí ar sa ghearrthréimhse mar cheannaire eatramhach go dtí go mbeidh an beirt is mó a chuaigh ina  choinne ar cheist na saor-vótala Michael McGrath agus  Dara Calleary réidh le dul i gceannas ar an pháirtí.download (1)

Tá sé suntasach gur vótáil dhá thrian den pháirtí i gcoinne reachtaíocht an comhrialtais. Is léir anois gurbh é FF an páirtí is mó atá ar son na beatha, rud nach bheag i bhfianaise ar a tharla do gheallúint FG don Ghluaiseacht ar son na mBeatha roimh an t-olltoghcháin deireanach agus an chaoi a bhfuil an-difríochtaí  ar an cheist seo i measc lucht neamhspleách.

 

An Lucht Neamhspleách

Is tairne eile i gcónra an lucht neamhspleách an chaoi ar láimhseáil siad an reachtaíocht seo. Tá cuid acu mar Mattie McGrath agus Michael Healy-Rae caomhnach go leor ach tá cuid eile cosúil le Joe Higgins agus Richard Boyd- Barrett ar son rogha agus beagnach ginmhilleadh ar éilimh cosúil leis An Ríocht Aontaithe a bheith ar fáil.

Cuirfidh sé sin eagla ar dhaoine atá i gcoinne ginmhilleadh vótáil d` iarrthóirí  neamhspleácha  sa todhchaí.

Díospóireacht theasaí maidir le Ginmhilleadh

Díospóireacht theasaí maidir le Ginmhilleadh

Tuairisc le Seán Míchaél Ó Donnchadha

Lean an díospóireacht ar aghaidh De Chéadaoin go dtí 5r.n maidin Déardaoin. Cuireadh tús leis an díospóireacht arís sa Dáil ag 4 i.n tráthnóna Déardaoin.

2302_Lucinda-Creigh_832764t
Reibiliúnach : Lucinda Creighton TD – caite amach as Fine Gael – an ligfear isteach arís í? An gcuirfidh sí páirtí úr ar bun? An bhfuil sí chun éirí as an pholaitíocht

Bhain an díospóireacht le leasuithe maidir leis an mBille um Bheatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint 2013.

Bhí sé socraithe go gcaithfí an vóta deiridh ag meán oíche De Chéadaoin  maidir leis an reachtaíocht ach ní mar seo a tharla sa deireadh.

Chuaigh an díospóireacht ar aghaidh go dtí 5am ar maidin Déardaoin agus níor déileáladh ach le 11 leasú ar fad as an  165 leasú ar fad a bhí molta.

Bhuaigh an Rialtas an chéad dá vóta sa Dáil maidir le leasuithe éagsúla a bhí molta – deireadh a chur leis an gclásal maidir le féinmharú agus leasú eile a dhéileáil le mínormáltachtaí marfacha féatais [fatal foetal abnormalities].

Dúirt sé teachtaí a bhí ar son rogha go raibh siad chun vótáil  i gcoinne an Bille mar go bhfuil sé ro-theoranta sna cúinsí ina gceadaítear ginmhilleadh; Clare Daly, Joe Higgins, Luke “ Ming” Flanagan, Richard Boyd Barrett, Mick Wallace agus Joan Collins. Bhí siad i gcoinne an pianbhreith de cheithre bhliana dhéag i gcoinne mná a bhris an dlí agus ba mhaith leo go gceadaíodh an Bille ginmhilleadh i gcásanna éignithe agus mínormáltachtaí marfacha féatais.

Dúirt Emer Mulhern go raibh sí chun vótáil ar son an Bille mar ní raibh sí chun a ligean dí féin a bheith caite amach as an Pháirtí cé go raibh fadhbanna aici leis an mBille.

Labhair Lucinda Creighton agus dúirt sí go raibh sí i gcoinne an Clasal 9 a cheadaíonn ginmhilleadh do mhná atá i mbaol féinmharuithe. Dúirt sí go raibh breith “Cás X”, a thógadh gan aon fhianaise liachta [medical evidence] mí-cheart agus ná raibh sí ag tabhairt tacaíocht don Bhille.

Bhí neamhspléachaigh cosúil le Michael Healy- Rae agus Mattie McGrath i gcoinne an Buille mar bhí siad i gcoinne ginmhilleadh.

Labhair “na ceithre reibiliúnaithe” ó FG, Terence Flanagan, Peter Matthews, Brian Walsh agus Billy Timmons i gcoinne an Bille.

Dúirt Roisín Shortall nách  mbeadh sí ag votáil ar son an Bille mar gur cheart ginmhilleadh a cheadú i gcásanna éignithe agus mínormaltáchtaí marfacha féatais. Bhí deacrachtaí aici lena gceadaítear ginmhilleadh déanach sa tréimhse iompair[gestational period] agus le ginmhilleadh i gcásanna féinmharuithe a bhí deachair a chruthú go cliniciúil. Bhí na socraithe chun tuairisciú a dhéanamh don Aire ó na hospidéil ar líon na ginmhilltí easnamhach.

Bhí Peadar Tóibín ó SF i gcoinne an Bille de bharr an clasál faoi fhéinmharú. Votáil sé i gcoinne mír den bhille aréir agus caithfear amach as an pháirtí é ar feadh sé mhí.

Chuir Joe Higgins dhá leasuithe ar aghaidh a gceadódh ginmhilleadh i gcásanna éignithe agus ciorrú coil [incest]. Bhí ceann ag Joan Collins a gceadódh ginmhilleadh i gcásanna ionsaithe mígheanasacha [sexual assaults].Thug Caoimhín Ó Caoláin ó SF tacaíocht do na leasuithe seo. Duirt an tAire James Reilly go raibh an Bille seo ag tabhairt reachtaíocht isteach a cheadódh ginmhilleadh faoi Cás X agus breithiúnas na Cuairte Uachtaraí go sainiúil agus dá bharr sin ní féidir glacadh leis na leasuithe seo.

Chuir Denis Naughton leasú ar aghaidh nách féidir aon cóir leigheas a úsáid a mbeadh mar thoradh air go gcuirfí deireadh leis an féatas sa bhroinn sa cás go mbeadh an féatas seo inmharthana [viable] taobh amuigh den bhroinn. Dúirt an tAire James Reilly nach nglacfar leis an leasú seo mar tá sé dleathach toirceas a fhoirceannadh i gcás ina bhfuil beatha, seachas sláinte,  na mná i mbaol faoi Cás X agus faoin reachtaíocht seo.

Chuir Lucinda Creighton leasú ar aghaidh go mbeadh sé mídhleathach ginmhilleadh a dhéanamh i gcás gur féidir le lucht leigheas breith spreagtha [induced birth] a thabhairt isteach. Chuir Roisín Shorthall ceann ar aghaidh a mbeadh teorann ama i gceist i gcás foirceannadh toirchis. Dúirt Peadar Tóibín go raibh fadhb mór ag a lán daoine faoi foirceannadh toirchis déanach agus iarr sé leasú nach gceadófaí  foirceannadh toirchis riamh níos déanaí na 12 seachtaine sa thréimhse iompair. Cháin Denis Naughton an tAire nach raibh na rialacháin[regulations] foilsithe leis an mbille. Dúirt sé go bhféadfadh Áire éile sa todhchaí athrú a dhéanamh ar na rialacháin reatha no fiú rialacháin nua a thabhairt isteach .Bhí leasú eile faoi breith anabaí dosheachanta [inevitable miscarriage] agus go gceadófaí ginmhilleadh sna cásanna sin.

Dúirt an tAire dá gcuirfí teorann ama isteach go gcaillfí mná. Níl ginmhilleadh ceadaithe san reachtaíocht seo ach amháin i gcás a bhfuil beatha na mná i mbaol. Diúltaigh se na leasuithe mar ní féidir teorann a chur le cheart.

Chuir Caoimhín Ó Caoláin leasú go gcuirfí dhá Tithe an Oireachtais agus an Ciste Pharlaiminte ábhartha ar an eolas faoi aon athrú ar liosta na n-oispidéil nua ina gceadaítear ginmhilleadh ná na  rialacháin. Diúltaigh an tAire agus dúirt go gcuirfí dhá Tithe an Oireachtais ar an eolas agus gur leor sin.

Chuir Joe Higgins agus Peadar Tóibín dhá leasaithe faoin eolas a mbeidh a bhailiú ag an Aire ionas go mbeidh an próiséas trédhearcach. Dúirt Roisín Shorthall go raibh sé tabhachtach go mbeidh an t-eolas go dtí an Aire follasach [explicit] ionas go mbeidh torthaí an reachtaíocht seo soiléir agus gur féidir maoirseacht cheart [propper supervision] a dhéanamh air. Diúltaigh an tAire do na leasuithe. Diarr Roisín Shorthall can a thaobh nach raibh an tAire chun staitisticí a fhoilsiú ar cén t-am a rinneadh an foirceannadh agus ar stádas an bhean agus an leanbh taréis an idirghabháil. Dúirt an tÁire nach raibh aon rud eile le rá aige faoin eolas a chuirfí ar fáil seachas a ndúirt sé cheana.

Bhí dhá leasuithe ag Clare Daly agus Joan Collins faoin tréimhse de cheithre bliana dhéag pionóis a ngearrfaí ar bhean nó éinne a thug tacaíocht dí faoi ghinmhilleadh a fháil. Níor ghlac an t Áire leis na leasuithe seo. Bhí ceann ag Lucinda Creighton go laghdófaí an tréimhse pionóis ó cheithre bhliana dhéag go dtí cúig bliana. Diúltaigh an tAire leis an leasú mar dúirt sé go raibh an tréimhse de cheithre bhliana dhéag ann dé réir comhairle ón Ard Aighne.

Agus í ag vótáil I gcoinne mír 58 den reachtaíocht ginmhillte dúirt  an Aire Stáit Lucinda Creighton, ‘Ní thiocfadh liom vótáil dó, go háirithe I bhfianaise an choimitmint soiléir a thug Fine Gael roimh an toghchán deiridh gan ginmhilleadh a thabhairt isteach. Tá tábhacht le geallúintí I bpolaitíocht, ach tá tábhacht ar Leith leo nuair atá ceisteanna beatha nó báis I gceist. Ní thiocfadh liomsa feall ar an gheallúint seo a thug mé is cuma cad iad na coinníollacha.’

Tá Lucinda Creighton briste as a post agus Paschal Donohoe roghnaithe ag Eanna Ó Cionnaith  chun teacht i gcomharbacht uirthi ina Aire Stáit do Ghnóthaí na hEorpa I ndiaidh di a vótáil I gcoinne reachtaíocht ginmhillte an rialtais sa Dáil oíche aréir. Tá sí caite amach as páirtí FG ach dúirt sí go leanfaidh sí ar aghaidh mar bhall den pháirtí agus nach raibh aon suim aici seasamh mar iarrthóir neamhspleách do Thoghcháin na h Eorpa ná nách raibh aon suim aici i mbunú páirtí nua. Tá sé ráite ag Eanna Ó Cionnaith cheana nach bhféadfadh aon iarrthóir a chaill aoire an rialtais [government whip] seasamh do FG san olltoghcháin atá le teacht.

Diúltaigh an Rialtas do na leasuithe go léir im thuairimse mar bhí socrú daingean idir an lucht Oibre agus Fine Gael ar an reachtaíocht deiridh.

Glacadh leis an reachtaíocht ar deireadh 131 votaí i gcoinne 27. Tosófar ag plé an Bille sa Seanad maidin Dé Luain.

“An Bille um Bheatha Dhaonna”

An Bille um Bheatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint 2013 foilsithe inné

Seán Mícheál Ó Donnchadha

Ar maidin inné, foilsíodh an reachtaíocht [legislation] nua a aontaíodh maidir le ginmhilleadh [abortion]  a fháil in Éirinn.

Deirtear go bhfuil an Bille um Bheatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint 2013, 18 leathanach ar fad.

Tá  dhá athrú [change / reduction / variation / reducing / alteration / conversion / shift / reshuffle / substitution / mutation]  suntasacha ann, ón méid a bhí sa dréacht [draft] -reachtaíocht ar dtús. Ní bheidh iallach [constraint] ar aon dochtúir ginmhilleadh a dhéanamh má dhiúltaíonn siad  ar bhonn coinsiasach ach beidh [it will ] orthu dochtúir éigin eile a fháil chun cúram [care]  a ghlacadh ar an othar.

Enda-Kenny
An Taoiseach Enda Kenny – “Ní Taoiseach Caitliceach mé”

Ní bheidh aon chéad ag a institiúid/ospidéal [hospital]  féin diúltú ghinmhilleadh a dhéanamh ar bhonn coinsiasach. Tá an fhoráil seo scriosta [wrecked].

 Athruithe Eile Suntasacha

Tá sé ráite sa Bhille freisin go bhfuil pionós [punishment / penalty] de 14 bhliana sa phríosún leagtha amach d’aon duine a chuireann deireadh le leanbh, nach mbíonn tagtha ar an saol [life ].

Beidh cumhacht ag an tAire Sláinte an tseirbhís fén Acht seo a chur ar athló in aon institiúid nach bhfuil ag comhlíonadh forálacha an Acht.

Foilseoidh an tAire tuarascáil bhliantúil ina dtabharfar dáta, suíomh agus mír an Acht faoin ar ndéanadh aon foirceannadh.

Ní dhéanfar teangbháil le liachleachtóirí ginearálta [general practitioners] ach dé réir chead ón mbean torrach.

Tá líon na n-ospidéil in ar féidir foirceannadh a dhéanamh méaduithe ó 19-25 chun go mbeadh na hollospidéil oiliúna [major teaching hospitals] a soláthraionn dianchúram sláinte páirteach. Níl Ospidéal an Rotunda sa líosta deiridh ach deireann an Roinn Sláinte gur botún é seo agus gur cheart don ospidéal seo a bheith ar an líosta.

Dúirt an Dr O Reilly ar RTE maidin Déardaoin go raibh dian machnamh déanta ag an Rialtas ar ráiteas a deisigh na síceolaithe [psychologists] nach raibh an ginmhilleadh ina cóir leighis chuí don féinmharú ach do na hócáidí neamhchoitianta go mbeadh gá le ghinmhilleadh i gcásanna féinmharuithe bhí ar an Rialtas an Reachtaíocht seo a thabhairt isteach chun forálacha na  hArd Cúirte faoi Cás X agus An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a chomhlíonadh.

Dúirt  sé freisin nach féidir le haon institiúid leigheas atá maoinithe ag an gcáiníocóir ginmhilleadh a dhiúltú do mhná a bhfuil a beatha i mbaol.

Dár le pobalbreith a rinne an  Irish Times/IpsosMRBI go bhfuil tacaíocht fhorleathan ón bpobal don reachtaíocht seo agus go bhfuil 75% den phobal i bhfábhar ginmhilleadh nuair atá beatha na máthar i mbaol.

 Cúrsaí Polaitíochta:

Is dóigh liom go sásóidh an Bille seo formhór na dTeachtaí Dála agus Seanadóirí i bhFine Gael a raibh fadhbanna acu cheana leis an reachtaíocht seo. Sa deireadh thiar thall bhféidir nach vótálfaidh ach Peter Matthews agus   Fidelma Healy Eames i gcoinne an mBille.

Ar an lámh eile níl an “clásal luí na gréine”[sunset clause] a raibh trácht ar san Reachtaíocht chun cabhrú le daoine atá amhrasach go n-osclóidh an reachtaíocht seo na geataí agus mar toradh air go mbeidh ginmhilleadh ar éileamh le fáil in Éirinn cosúil leis an Ríocht Aontaithe agus Meiriceá. Dá mbeadh an clásal thuasluaite ann agus muna mbeadh an reachtaíocht ag feidhmiú mar ba chóir bheadh an Rialtas in ann an Reachtaíocht a aisghairm [revoke].

Tá a lán srianta san Acht agus ní dóigh liom go leanfaidh ginmhilleadh ar éilimh ón Reachtaíocht seo.

Iarmhairt eile polaitíochta a tharla le déanaí ná cé gur tháinig na hEaspaig amach go tréan i gcoinne na Reachtaíochta nach raibh mórán tionchar acu ar chinneadh an Rialtais. Mar a dúirt Eanna Ó Cionnaith sa Dáil agus é ag cur síos ar an bhrú a bhí air ón feachtasaíocht ar son na mbeatha “ is Taoiseach mise don tír ar fad, atá í mo Chaitliceach, ach ní Taoiseach Caitliceach mise”.

As Cill Áirne ó dhúchas é Seán Mícheál Ó Donnchadha, bhí sé ag obair mar Stáitseirbhíseach go dtí gur éirigh sé as.

Féach chomh maith 

“Athrú ar bith ar dhlíthe ginmhillte”

Ginmhilleadh chun tosaigh