Beart agus briathar an Fhorais 

Aindrias Ó Cathasaigh 

Ó thit an tubaist eacnamaíochta anuas orainn, is minic a bhí ar ár bhformhór an crios a theannadh. Is minic a d’áitigh daoine i gcumhacht orainn é a dhéanamh, mar nach raibh an dara rogha ann. Is annamh, áfach, a bhraith siadsan an gátar chomh géar céanna leis an gcuid eile againn.

Ba é an scéal céanna i dtaca leis an nGaeilge é. Agus acmhainní dá ngearradh siar, bhí ar chuile dhuine agus chuile thionscnamh a theacht le níos lú, a dúradh. Ach b’fhéidir nárbh amhlaidh do chuile dhuine…

In 2012 agus Foras nForas logoa Gaeilge ag féachaint le maoiniú na neagraíochtaí Gaeilge a athrú, dúirt a phríomhfheidhmeannach Ferdie Mac an Fhailigh go mba ghá “luach ar airgead níos fearr a chinntiú”.

An bhliain chéanna bhí sé ar thoscaireacht an Fhorais chuig comhchoiste Oireachtais a phléigh leis an teanga. Thar éis don Fhoras trácht ar an gcoigilt a theastaigh in earnáil na Gaeilge, dúirt cathaoirleach an chomhchoiste: “The committee would welcome the opportunity to hear what efficiencies you have made in your own organisation since 2008”.

“Since 2008, our budget has been reduced by 16%”, a d’fhreagair Mac an Fhailigh, ach bhí ar an bhForas níos mó daoine a fhostú le ghabháil i mbun cúraimí breise a bhí leagtha air. Mar sin féin, “We have been carrying out efficiency savings in our own operations internally and in how we carry out the work we do.”

Agus níl aon amhras ach go rabhthas ag gearradh siar san earnáil stáit trí chéile sna blianta sin. I measc na gciorruithe bhí

  • laghdú 6.5%, ar an meán, ar pháidhe san earnáil phoiblí in 2009 de thoradh reachtaíochta éigeandála
  • laghduithe ar thuarastal na nairí rialtais: 10% in 2008, 5.5% in 2009, 6.6% in 2011
  • laghdú 7.3%, ar an meán, ar thuarastal na mbreithiúna (agus b’éigean an bunreacht a athrú chuige sin)

Ní áirítear ciorruithe ar phinsin san earnáil phoiblí ansin, ar ndóigh. Laghdaíodh tuarastail ar fud an gheilleagair uilig sa tréimhse chéanna. Léiríonn figiúirí ón bPríomhoifig Staidrimh gur thit páidhe na bhfostaithe i gcoitinne 3.6% idir 2008 agus 2012.

Ach céard faoi Fhoras na Gaeilge agus a phríomhfheidhmeannach tíosach? An raibh siadsan ag iompar a gcion féin den ualach coiteann? Fan go bhfeicfidh muid.

De réir tuarascáil bhliantúil an Fhoras Teanga do 2008, bhí tuarastal idir €115,000 agus €120,000 (£90-95,000) ag Ferdie Mac an Fhailigh. Is iomaí duine a déarfadh nach bhféadfaí tuarastal chomh hard sin a chosaint maidir le luach ar airgead a fháil, ach bíodh sin mar atá.

Leis an luas agus an éifeachtúlacht is dual don Fhoras Teanga, d’fhoilsigh sé tuarascáil bhliantúil 2012 trí seachtainí ó shin. Léiríonn sí gur íocadh idir €120,000 agus €125,000 (£100-105,000) mar thuarastal leis an bpríomhfheidhmeannach.

Mar sin, fad is a bhí titim os cionn 3% ar pháidhe na ndaoine i gcoitinne, tháinig méadú os cionn 4% ar thuarastal Mhic an Fhailigh. Tráth ar baineadh 16% den méid a bhí dá chaitheamh ar an teanga, cuireadh 4% leis an méid a bhí dá chaitheamh ar phríomhfheidhmeannach an Fhorais.

Is méanar dóibh siúd ar thuarastail sé fhigiúr, ní foláir, ach cén praghas atá ar bheart de réir briathair?

Ráiteas an Fhorais ar Irisí na Gaeilge

Tá an ráiteas seo a leanas faighte ag an Tuairisceoir ó Fhoras na Gaeilge tráthnóna :

Ráiteas maidir leis na hIrisí Gaeilge atá á mhaoiniú ag Foras na Gaeilgeforas_logo_daite

Tiocfaidh deireadh leis an chóras reatha maoinithe do na heagraíochtaí bunmhaoinithe ar 30 Meitheamh 2014 agus beidh socrú nua maoinithe i bhfeidhm ón 1 Iúil do na sé cheanneagraíocht atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge.

Ciallaíonn sé seo go dtiocfaidh deireadh le maoiniú don iris Feasta (iris Chonradh na Gaeilge) agus don iris An tUltach (iris Chomhaltas Uladh) ar an dáta seo. Beidh plé ar súil le Conradh na Gaeilge maidir le tosaíochtaí maoinithe don ceanneagraíocht nua idir seo agus deireadh mí an Mheithimh.

Ar an dóigh céanna tiocfaidh deireadh le maoiniú Chomhdhail Naisiúnta na Gaeilge do Ghaelport.com (seirbhís eolais leictreonach). Beidh plé ar siúl leis na páirtithe leasmhara éagsúla faoin tseirbhís eolais leictreonach idir seo agus deireadh mí an Mheithimh.

Maidir le NÓSmag agus www.beo.ie beidh deireadh leis an dá chonradh seo ar 30 Meitheamh 2014 agus tá tuilleadh plé le déanamh faoin cheist seo sna míonna atá romhainn.

Féach chomh maith :

Slad na nIrisí

 

Slad na nIrisí

Tá imní á léiriú ag foinsí in éarnáil na n-irisí go gcuirfidh Foras na Gaeilge deireadh le maoiniú Nós, Feasta, An tUltach, Gaelport agus beo.ie  ag deireadh mhí Mheithimh.

Tuigtear “go bhfuil litir sa phost” chuig na hIrisí údaí sin – ach gur chuir Foras na Gaeilge scairt ghutháin ar riarthóirí na n-irisí le cur in iúl dóibh go raibh an litir ag teacht.

Tuigtear go bhfuil Comhar slán áfach.

Cuirfear tuilleadh sonraí ar fáil ar ball.

Tá teagmhail déanta againn le Foras na Gaeilge agus cuifear ár lucht léite ar an eolas chomh luath agus is féidir linn – cuireadh ceisteanna chucu ag 07:00, 6/3/14.

“Tá sé fíor,” a dúirt eagarthóir Nós, Tomaí Ó Conghaile ar Chlár Chormaic ag a Cúig tráthnóna Déardaoin ach dúirt sé go bhfuil “dóchas áirithe” ann go mbeidh scéim nua ann anseo cé nach bhfuil aon chinnteacht ann.

Fógra

Bh_yz-eCYAEIccP

“Ré úr, mar dhea”

Preasráiteas ó Forbairt Feirste.

“ Ré úr inniu i bhforbairt na Gaeilge a d’fhógair Liam Ó Maolmhichil, Cathaoirleach Foras na Gaeilge, agus é ag fógairt deireadh le bunmhaoiniú do gach eagraíocht thuaisceartach a raibh infheistíocht bunmhaoinithe déanta iontu ó tháinig ann don chéad ‘Ré Úr don Ghaeilge’ a fógraíodh i 1999 ag am bunaithe an Fhorais féin.Forbairt Feirste

“Má insítear an fhírinne dhubh agus bhán is próiseas cuíchóirithe amháin a bhí á mhaoirsiú ag an Fhoras le tamall de bhlianta anuas, fad agus a cuireadh le bille thuarastal an Fhorais féin, agus is próiseas cuíchóirithe a bheas á chur i bhfeidhm acu beag beann ar na himpleachtaí do phobal na Gaeilge thuaidh agus theas ach go háirithe ó thuaidh, áit a bhfuil infrastruchtúr an phobail, taithí, scileanna, infheistíocht agus tógáil páirtnéíreachta bánaithe acu.

“Thiar i 2003, nuair a thosaigh Rialtas na 26 Chondae, ar phróiseas seo na cuíchóirithe le gearradh siar de 11% ar bhuiséad an Fhorais d’eisigh Bord Foras na Gaeilge ráiteas láidir a rá, i measc eile: “D’aontaigh comhaltaí an bhoird go raibh stádas agus clú Foras na Gaeilge mar Áisíneacht tras-teorann, lagaithe agus go raibh amhras ann faoi chreidiúnacht an Fhorais.”

“Deich mbliana níos moille is deacair a chreidbheál go dtig leis an Fhoras a rá, gan mórán lorg íoróine orthu, gur ‘Ré úr’ atá fógraithe acú nuair atá ‘stádas agus clú Foras na Gaeilge mar Áisíneacht tras-teorann, lagaithe’ agus níos  ‘amhras ann faoi chreidiúnacht an Fhorais.’ Ná mar a bhí ariamh.

“Sin ráite tá obair cheannródaíoch déanta ag Forbairt Feirste, ag cruthú earnál oibre nach ann dó in aon áít eile ar an oileán agus muid ag úsáid na Gaeilge mar ghléas athghiniúna eacnamaíochta, agus tá an obair seo i gcur chun cinn na Ceathrún Gaeltachta, agus Gaelphobail Feirste róthabhachtach le ligint le sruth nó lena fhágáil faoi Shamhal Nua Maoinithe gan an taithí nó an tsamhlaíocht atá riachtanach.”

“Cinneadh tubaisteach: déanfaidh sé dochar don teanga go ceann i bhfad”

Deir POBAL gur cosúil go gcaillfear 14 phost i réimse oibre amháin, ‘Ardú Feasachta, Cosaint na Teanga agus Ionadaiocht’ mar gheall ar phróiseas Fhoras na Gaeilge le deireadh a chur le maoiniú do na heagrais bunmhaoinithe “seachas 6 eagras atá roghnaithe ag an Fhoras féin.”

Deir Janet Muller, Príomhfheidhmeanach POBAL, “Faoi chur chuige an Fhorais, caillfidh POBAL féin 4 as 5 phost lán-aimseartha.

images“Caillfear seirbhísí agus tacaíocht a cuireann POBAL ar fáil do phobal na Gaeilge, agus caillfear sainscileanna agus saineolas atá rí-thábhachtach don obair ar reachtaíocht, ar chearta, ar chomhionannas, ar Shainriachtanais, agus ar réimse leathan oibre eile a imríonn tionchair ar fhorbairt na Gaeilge ó thuaidh.

Níl oiread is eagras amháin do na heagrais atá roghnaithe ag Foras na Gaeilge lonnaithe ó thuaidh.

Dar le Pobal, ciallaíonn sé sin “nach bhfuil an t-eolas ná an taithí áitiúil, pearsanta céanna taobh thiar dá gcur chuige, agus imreoidh seo dlúththionchair ar fhorbairt na Gaeilge abhus.”

“Níl an caidreamh fad-bunaithe le réimse leathan d’eochair- imreoirí ag eagras ar bith do na ‘ceanneagrais’, mar atá ag leithéidí POBAL. Beidh maoiniú d’eagrais an tuaiscirt atá curtha ar fáil do thograí Gaeilge ag maoinitheoirí eile i mbaol,” a deir ráiteas ón eagraíocht.

“Aithníonn Foras na Gaeilge go mbeidh bearnaí ann, mar admhaíonn siad go mbeidh ar na cheanneagrais roinnt daoine ó thuaidh a fhostú, ach déanta na fírinne, beidh níos lú phost ann ná mar atá faoi láthair, fiú.

“Beidh i bhfad níos mó daoine dí-fhostaithe ná mar a bhfaighidh post nua. Beidh titim oll-mhór chomh maith i rólanna ceannasaíochta, straitéiseacha d’oibrithe an tuaiscirt.

“Ciallaíonn sé seo, fiú má fhaigheann líon bheag de dhaoine ó thuaidh poist, go mbeidh sé thar a bheith deacair dóibh polasaithe na n-eagras a fhorbairt ná tionchair a imirt orthu fiú.

“Beidh sé doiligh dóibh idirbheartaíocht a dhéanamh le polaiteoirí agus le soláthraithe seirbhísí nó plean oibre a struchtúrú de réir riachtanais an phobal abhus. Beidh na ceisteanna seo uilig á socrú i mBaile Átha Cliath.”

Deir Janet Muller, “Próiseas scoilteach, fabhtach go smior a bhí i bpróiseas an Fhorais agus tá an teanga ó thuaidh thíos leis go mór.

“Rinne POBAL i gcónaí co-ordú, taighde agus obair tionscnamh ar bhonn uile-oileánda, ach is léir go bhfuil géarghá le cur chuige saineolach sa dhá dhlínse, mar go bhfuil an infrastructur ó thuaidh neamhfhorbartha i gcomparáid leis an infrastructur ó dheas, agus mar go bhfuil cúinsí sóisialta, polaitíochta agus reachtaíochta na teanga chomh difriúil sin againn uathu siúd atá i bhfeidhm sna 26 chontae.

“Chomh maith leis sin, aithnítear go forleathan go bhfuil fuinneamh agus cur chuige ar leith i bpobal na Gaeilge abhus, ach níor roghnaigh Foras ach eagrais Baile Átha Cliathach.’

“De réir Foras na Gaeilge, bualfaidh seisear ceannasaithe na sé eagras a mhaireann le chéile i bhFóram le cinntí agus co-ordú a dhéanamh ar na seirbhísí uilig atá le cur ar fáil.

“Beidh Foras na Gaeilge féin sa chathaoir ag an Fhóram seo.

“Eagrais móra, lonnaithe i mBÁC atá sna heagrais ar fad a roghnaigh Foras na Gaeilge. Ní bheith spás ar bith ar an Fhóram seo ach do na ceannasaithe seo agus Foras na Gaeilge féin.

“Ní bheith ar an Fhóram seo ach líon beag bídeach d’eagrais a bheidh ag brath ar mhaoiniú an Fhorais, ina suigh sa seomra céanna le hionadaithe an Fhorais, agus iad siúd freagrach as phleanáil fhorbairt na Gaeilge as seo amach. Is bagairt dáiríre é seo, ann féin, do neamhspleáchas earnáil na Gaeilge.

“Beidh cinntí an Fhorais i dtaca le ceanneagrais tubaisteach. Is léir nach féidir cead a chinn a thabhairt dóibh moltaí an Comhaireacht Thuaidh Theas a chur i gcrích gan treoir láidir. Gríosaíonn muid an tAire Carál Ní Chuilín seasadh isteach sa bhearna bhaoil agus miontreoir soiléir a phoibliú ar cad é mar is féidir an damáiste atá á dhéanamh ag moltaí an Fhorais a leasú,” a deir sí.

Suíomh Nua Nuachta FnaG – Ní Leor Ceann Amháin

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Tá colún na seachtaine seo á scríobh san Iodáil agus tá bac scríbhneora orm – Tá sé deacair tosú arís ar an obair tar éis saoire.

igaeilge
An suíomh nuachta neamhspleách – igaeilge.ie/

Deirtear go mbíonn scríbhneoir ag obair agus é nó í ag stánadh amach ar an fhuinneoig, ach ní aon scríbhneoir mise ach tuairisceoir.

Mura bhfuil mé ag clóscríobh nó ag léamh, cha ligim orm féin go bhfuil mé ag obair.

Is tuairisceoir mé ar an ábhar go bhfuil mé féinfhostaithe go lánaimseartha mé sa ról sin.

Dar liomsa, is é an tuairisceoir an fíor-iriseoir seachas an ‘tuairimeoir’ mar a cheaptar go minic, in Éirinn go háirithe.

Maith nó olc ní ceist domhsa é sin ach don lucht éisteachta agus thar aon duine eile, don eagarthóir.

Níor cheistigh mé tuairimí nó orduithe eagarthóra riamh caithfidh mé a admháil, mar a theagasctar i leabhar na samurai, an Hagakure, dílis do mo fhostóir a bhí mé riamh, fiú nuair nach n-aontaím le treoir-línte m’fhostóra, leanaimse iad.

‘Northern Ireland, Londonderry, terrorist, murder,’ deirimse na focail seo gach lá ar an ábhar gurb é sin an rud a dheachtaíonn na treoirlínte.

Polaitíocht na n-Úinéirí agus níos tábhachtaí arís eacnamaíocht an mhargaidh is bunús leis seachas aon phrionsabal a bhaineanns le hiriseoireacht.

Go han-bhunúsach, sin an tuairisceoireacht, eolas a fháil, a atheagrú de réir fhormála, iarracht a dhéanamh cur leis, agus é a chur i láthair.

Is é mo thuairim phearsanta gurb é príomhról an tuairisceora ná tuairisciú gan claonadh, más féidir é sin in aon chor de réir na dtreoirlínte a thugtar duit ar an chéad lá.

‘Reuters Style Guide’ mo Bhíobla féin, is mór liom an neodracht a bhaineann siad amach.

An lá a thosaigh mé ar an iriseoireacht go lánaimseartha, chuaigh mé amach fá choinne siúlóid agus rinne mé mo sheacht ndícheall mo thuairimí féin a fhágáil i mo dhiaidh i gcoill an Lagáin.

Tá scoil smaointeoireachta eile ann áfach a deir gur chóir go mbeadh gach iriseoir iomlán soiléir agus oscailte faoi chuid smaointeoireacht féin ionas gur féidir leis an éisteoir nó leis an léitheoir a thuiscint gur féidir go bhfuil an tuairisc nó an anailís faoi thionchar na dtuairimí sin.

Chan aontaím leis sin ach ritheann sé liom gurb é sin an scoil a bhfuil an lámh in uachtar aici in Éirinn.

Is minic a bhíonn plé againn mar Ghaeil ar na focail ‘iriseoir’ agus ‘iriseoireacht’.

Títear domsa go bhfuilimid i gcónaí ag iarraidh an méid is mó agus is féidir a dhéanamh as an fhocal, chun uaisleacht a thabhairt do, ról na bhfilí sa seansaol Gaelach a thabhairt dó.

An iriseoir mé féin? Más ea, ní focal a shantaím é. Is cuma liom faoi. Mar a dúirt mé, scríobhaim agus léim an nuacht, ní aon ealaíontóir mé agus cosúil le mórchuid de mo chuid chomhghleacaithe, chan fhuil aon amhras ná gur duine den lucht oibre mé.

Cén fáth a bhfuil an fear seo ag cur leadráin orainn leis an chaint siopa seo a deir sibh?

Bhál, mothaím agus plean Fhoras na Gaeilge chun nuachtán ar líne a mhaoiniú, arbh fhiú €300,000 sa foras_logo_daitebhliain é, go bhfuil an iriseoireacht mar choincheap acadúil agus ealaíona á plé i gcónaí agus tábhacht na hiriseoireachta don togra céanna thar a dhath eile.

Ach ritheann sé liomsa gur tábhachtaí tuairimí lucht gnó agus margaíochta don togra i ndeireadh na dála, ach mar thuairisceoir nach é sin an rud atá uaim i gcónaí, treoirlínte, ríomhaire, deasca agus fón, san ord sin seachas aon chaint faoin iriseoireacht.

Níor chuala mí na focail ’journalism’ nó ‘journalist’ riamh sa seomra nuachta a bhím féin ag obair ann.

Cluinim daoine ag caint faoi léamh ‘stadach’ nó abairt amscaí nó foghraíocht aisteach – i bhfocail eile – an táirge seachas an teoiric mar chan fhuil aon tábhacht le teoiric ó thaobh chúrsaí gnó de – agus sin a bhfuil ann, táirge, gnó, nuacht agus cé nár mhaith linn a admháil, siamsaíocht.

Ach cén táirge? cér leo é? cén chineál ruda a bheas ann? cé a bheas i bhfeighil air? cé a bheas mar eagarthóir nó eagarthóirí air, cé a bheas mar iriseoirí ann?

Cén seasamh a bheas aige ó thaobh teoiricí na hiriseoireachta agus an mbeidh sé liobrálach, liobraíoch, coimeádach, sóisialach nó caidé?

Agus cén seasamh a bheas aige ó thaobh na Gaeilge de, má cheadófar an cheist a phlé fiú – radacach? Forásach? Éabhlóideach? Coimeádach?

Dar liomsa, is cuma cé chomh hiolraíoch is a bheas sé, nó cé chomh maith is a bheas sé, ní féidir le suíomh amháin freastail ar riachtanais phobail éagsúla, fiú pobail atá chomh beag le pobail labhartha na Gaeilge féin.

Gan trácht ar a easpa léitheoireacht a dhéantar sa Ghaeilge cibé ar bith.

Seans gurb é an réiteach ar sin ná an éagsúlacht, gréasáin de shuíomhanna neamhspleácha ag freastal ar dhearcaí éagsúla, ar áiteanna éagsúla, ar Ghaeltachtaí éagsúla.

Thiocfadh leo ar fad teacht le chéile ar shuíomh ar nós Nuacht1.com ach lena bhféiniúlachtaí féin acu i gcónaí.

Seans go spreagfadh an éagsúlacht sin, agus na ceangail dhíreacha a spreagfadh sé, léitheoireacht na Gaeilge ar chaoi nár éirigh le meán ar bith eile a dhéanamh go dtí seo?

Cibé ar bith, creidim gur féidir leis an Fhoras níos mó na suíomh amháin a mhaoiniú leis an mhéid airgid atá i gceist.

Dála an scéil, is féidir liom tuairisciú go bhfuil spéis as cuimse a chur sa chomórtas seo, is ar éigean go bhfuil aon duine nach bhfuil ag cur isteach air!

Gach rath ar an bhuaiteoir ach beidh an-díomá ar go leor leor daoine mar gheall ar an chomórtas seo chomh maith, tá súil agam nach spreagfadh an díomá sin olc nó searbhas.

Naíonraí Gaeilge fágtha san fhaopach

Litir ó Chathaoirleach FNT, Máire Uí Bhrian, thar ceann an eagrais

A Stiúrthóir, a chara,

 Táimid ag scríobh chugaibh mar gheall ar fhógra atá faighte againn le déanaí ó Fhoras na Gaeilge faoin Scéim Fhóirdheontais.

Tá an deontas seo á íoc leis na naíonraí ó bhí 1999 ann, ach mar is eol daoibh bhí ceist ann faoi thodhchaí na scéime le cúpla bliain anuas. Ar an drochuair, ghlac Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh ar an 28 Meitheamh 2013 go gcuirfear deireadh leis an deontas seo ó mhí Mheán Fómhair 2013. Mar sin, ní bheidh aon íocaíocht ar fáil do na naíonraí faoin scéim seo as sin amach.

Níor thug Foras na Gaeilge fógra ar bith do FNT/ NNG go mbeadh deireadh ag teacht leis an Scéim Fhóirdheontais.

Chuir an cinneadh seo díoma ar fhoireann agus ar Bhord FNT agus creidimid go léiríonn sé easpa tuisceana ó thaobh an Fhorais de maidir leis na dúshláin laethúla a bhíonn ar stiúrthóirí agus iad ag obair chun an Ghaeilge a chur chun cinn in earnáil na luathbhlianta.

Le trí bliana anuas rinne lucht FNT agus NNG gach iarracht tábhacht na scéime a chur ina luí ar Fhoras na Gaeilge ar mhaithe leis na naíonraí. In ainneoin na n-iarrachtaí seo cuirfear deireadh glan leis an scéim. Tuigeann muid go mbeidh impleachtaí tromchúiseacha ag an méid seo ar na naíonraí ó thaobh airgid de agus ó thaobh cur chun cinn na Gaeilge de sa naíonra.

Tá liosta de bhaill Bhoird Fhoras na Gaeilge ar fáil anseo agus molann muid daoibh dul i dteagmháil leo agus bhur gcásanna a dhéanamh. Ba mhaith le FNT an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis Na Naíonraí Gaelacha as a bhfeachtas ar son na scéime. Tá FNT agus NNG chun leanúint lenár bhfeachtas in aghaidh an chiorraithe seo. Tá sé ar intinn againn lá inseirbhíse a chur ar fáil d’úinéirí agus do stiúrthóirí naíonraí freisin chun cuidiú leo agus iad ag iarraidh dul i ngleic leis na naíonraí a reáchtáil ar bhuiséad laghdaithe. Mar eolas, tá sé i gceist ag an dá eagras an cheist seo a phlé le Canavan & Byrne.

Ina theannta sin tá mórathruithe ag titim amach in earnáil dheonach na Gaeilge ó thaobh maoinithe de. Ó mhí Iúil 2014 tiocfaidh deireadh le bunmhaoiniú Fhoras na Gaeilge d’FNT.  Ag an bpointe seo tuigtear dúinn go mbeidh Samhail Nua Mhaoinithe i bhfeidhm. I measc an sé réimse nua beidh Gaeloideachas/ Tumoideachas agus Réamhscolaíocht Lán-Ghaeilge á maoiniú ag Foras na Gaeilge (breis eolais ar fáil anseo).

Tá breis eolais lorgtha againn mar gheall ar an tSamhail Nua Mhaoinithe agus chuige sin beidh cruinniú againn le Foras na Gaeilge ar an tseachtain seo chugainn leis an cheist seo a phlé, i measc ceisteanna eile. Tá súil againn go mbeidh muid in ann deiseanna tacaíochta do naíonraí na tíre a phlé ag an gcruinniú seo chomh maith.

Cuirfear cóip chrua den litir seo amach chuig gach stiúrthóir naíonra gan mhoill, mar aon le litir ó Na Naíonra Gaelacha.

Le gach dea-ghuí,

Máire Uí Bhrian

Cathaoirleach Fhorbairt Naíonraí Teoranta

Briseadh : “Spásas” don tUltach

Tuigtear go raibh cruinniú idir fhoilsitheoirí ‘An tUltach’, Comhaltas Uladh, agus Foras na Gaeilge inniu agus go raibh an cruinniú sin dearfach.photo

Tuigtear dúinn go bhfuil “spásas” ann don tUltach mar thoradh ar an chruinniú seo.

Bhí baol ann go mbeadh deireadh leis an iris sheanbhunaithe tar éis gur fógair FnaG go mbeadh deireadh lena maoiniú an tseachtain seo caite – rud a spreag raic in Ultaibh.

Beidh cruinniú ag CATT amach maidir leis an Samhail Nua Maonaithe agus táthar ag súil go mbeidh deireadh leis an phróiseas sin anois agus toradh air.

Tá fanacht fada beagnach thart.

Beidh tuilleamh againn ar an dá scéal seo amárach.