Feasta : Mac Fhearghusa dóchasach

Tá sé ráite ag eagarthóir ‘Feasta’, Pádraig Mac Fhearghusa, go bhfuil sé féin dóchasach maidir le todhchaí ‘Feasta’ agus ‘An tUltach’ mar aon.

Mar a thuairiscigh an suíomh seo inné, tá sé socraithe ag Bord Fhoras na Gaeilge deireadh a chur le deontais reatha an dá irise, a bhí mar chuid de dheontais a máthair-eagraíochtaí, Conradh na Gaeilge agus Comhaltas Uladh, ó mhí Iúil ar aghaidh.

Eagarthóir 'Feasta', Pádraig Mac Fhearghusa
Eagarthóir ‘Feasta’, Pádraig Mac Fhearghusa

Tá go leor buairimh ann in Ultaibh maidir le todhchaí ‘An tUltach’ ach tá Pádraig Mac Fhearghusa níos dóchasaí.

I ráiteas leis an suíomh seo, dúirt sé, “Níl fhios agam cad atá beartaithe ag an bhForas ach bheadh ionadh orm mura mbeadh maoiniú ann go deireadh na bliana.

“Samhlaim go mbaineann an t-athrú atá á dhéanamh ar an modh maoinithe le suirbhé a bheith ar siúl ag an bhForas faoi nuachtán Gaeilge, léitheoireacht agus léitheoirí.

“An dearcadh atá ag Feasta i gcónaí ná gur gá ardáin éagsúla a bheith ann chun an scríbhneoireacht agus scríbhneoirí nua a chothú. Ní monailit atá uainn.

“Is géar atá na háiseanna poiblíochta agus cruthaitheachta seo de dhíth tráth a ndeineann nuachtáin Bhéarla na tíre neamhshuim i gcoitinne dá bhfuil ar siúl i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge, tráth a bhfuil cúlú ar an gclúdach a dheineann RnaG féin ar leabhair agus ar litríocht, gan trácht ar easpa suime TG4 ina bhfuil déanta agus á dhéanamh i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge.

“Bheinn den tuairim go ndéanfar cúram den Ultach agus de Feasta araon,” a dúirt sé.

Mar sin féin tá sé ráite ag leas-phríomhfheidhmeannach an Fhorais, Seán Ó Coinn nach bhfuil aon chinnteacht ann maidir le maoiniú agus táthar ag rá gur féidir go mbeidh cluiche ‘musical chairs’ i gceist maidir le deiseanna maoinithe don dá iris. Is é sin le rá, nach bhfuil ar fáil ach deontas amháin.

Idir an dá linn, tá ‘Hannibal Lecter is na hirisí Gaeilge’ baiste ag an tráchtaire Concubhar Ó Liatháin ar Fhoras na Gaeilge i mblag ar an suíomh ‘iGaeilge’ inniu.

Féach chomh maith 

Arbh fhéidir go bhfuil ‘Feasta’ faoi bhagairt chomh maith?

“Níl muid buailte fós” – An tUltach

Deireadh le maoiniú an tUltach

Éist le Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach an tUltach ag caint le RnaG

Arbh fhéidir go bhfuil ‘Feasta’ faoi bhagairt chomh maith?

Ciarán Dúnbarrach

Beidh ar ‘An tUltach’ agus ar ‘Feasta’ cur isteach ar dheontas ar leith ó Fhoras na Gaeilge chun an tréimhse idir Iúil agus Nollaig 2013 a mhaoiniú.cludach

Tá sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don ‘Tuairisceoir’ gur “thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin.”

“Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de,” a deir an ráiteas.

Tuigtear dúinn nach bhfuil aon chinnteacht go bhfaighidh ceachtar acu aon mhaoiniú.

Fuair ‘An Tuairisceoir’ an ráiteas seo a leanas ó Fhoras na Gaeilge tráthnóna …

Cheadaigh Foras na Gaeilge ar a chruinniú i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh €2.78m mar dheontais sa dara sciar de mhaoiniú d’eagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge thuaidh agus theas don tréimhse ó thús mhí Iúil agus deireadh na bliana. Tá na cinneadh sin ag teacht le cinneadh a rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar a cruinniú in Ard Mhacha i Márta 2012, agus fágann sin gur iomlán de €6.25m atá ceadaithe ag Foras na Gaeilge in 2013 do na 19 eagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge thuaidh theas, ísliú is ionann agus 4.2% ar dheontais 2012 don na heagraíochtaí Gaeilge.

De réir an mhaoinithe sin atá ceadaithe ag Foras na Gaeilge do na heagraíochtaí bunmhaoinithe, beidh ar a gcumas leanúint ar aghaidh lena n-obair ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge thar raon leathan de réimsí gnímh go dtí deireadh na bliana. Le cois tacú le costais reáchtála na n-eagraíochtaí, cuirfidh an maoiniú seo ar a gcumas do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge tabhairt faoi imeachtaí agus faoi thograí a thacaíonn le tosaíochtaí do chur chun cinn na Gaeilge mar atá á léiriú sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus le forbairtí reatha i gcur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh, ar nós Líofa.

Tá an maoiniú sin á cheadú i gcomhthéacs an phróisis chuíchóirithe a bhaineann le hathstruchtúrú earnáil na Gaeilge de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, ar cuireadh tús leis in 2008. Leanfaidh Foras na Gaeilge de bheith ag comhoibriú leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge sna míonna amach romhainn lena chinntiú go bhfuil tosaíochtaí aitheanta i gcur chun na teanga á bhforbairt.

Tá Foras na Gaeilge ag cur an mhaoinithe seo ar fáil le linn tréimhse ina bhfuil buiséad an Fhorais féin bheith á ísliú go mór. Íslíodh buiséad Foras na Gaeilge 6% in 2012, agus idir na blianta 2008 agus 2012 baineadh breis agus 20% de bhuiséad iomlán Fhoras na Gaeilge, suim is ionann agus €5m. Táthar den tuairim go mbeidh ísliú suntasach eile le déanamh ar bhuiséad an Fhorais trasteorann Gaeilge i mbliana agus in 2014.

Thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin. Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de.

Féach chomh maith

“Níl muid buailte fós” – An tUltach

Deireadh le maoiniú an tUltach

Éist le Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach an tUltach ag caint le RnaG

Deireadh le maoiniú an tUltach

Tuigtear don Tuairisceoir go bhfuil sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don iris Ghaeilge ‘An tUltach’ go bhfuil siad ag cur deireadh le maoiniú na hirise.AntUltach

Tuigtear go bhfuil baol nach beag ann go gcuirfear deireadh le maoiniú na heagraíochta a fhoilsíonn na Iris, Comhaltas Uladh, an taon eagraíocht Ghaeilge atá maoinithe ach go hiomlán deonach.

Ní fhaigheann an tUltach ach £16k sa bhliain, sin mar chuid de mhaoiniú foriomlán Chomhaltas Uladh.

Caitear an chuid eile de mhaoiniú an Chomhaltais ar scoláireachtaí Gaeltachta a sholáthar as siocair gur eagraíocht dheonach é an Comhaltas.

Tá go leor fearg agus díomá á léiriú in Ultaibh agus an scéal millteanach seo á scaipeadh.

Is é ‘An tUltach’ an  Iris Ghaeilge is sinne ar an tsaol, tá sé a fhoilsiú ó bhí 1924 ann, an iris Ghaeilge is fadbhunaithe i dteanga Cheilteach ar bith.

Ní fios cad atá i ndán don iris anois.

Dar le colúnaí na hirise ar Twitter, ‘Maguaird’ “Níl iris Ghaeilge Chúige Uladh ag teacht le tosaíochtaí an Fhorais, is cosúil.”

Bhí ardmholadh ag An Dr. Regina Uí Chollatáin ina tuairisc ‘Tuarascáil ar straitéis úr maidir le Foras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne – Athláithriú agus athshealbhú teanga’, a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, i leith na hirise seo.

“Seirbhís fhiúntach á soláthar ar phobal ar leith agus ag éirí go maith leis an iris freastal ar chanúintí an tuaiscirt agus an iarthuaiscirt sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an eagrais, Comhaltas Uladh.”

“Tá an fóram seo éifeachtach agus tarraingteach. Tá claonadh Ultach ar dhearadh agus ar ábhar na hirise féin agus cloítear leis an gcur chuige seo a thugann tús áite do phobal ar leith. De thoisc fadsaoil na hirise fosta feileann an chruth ina bhfuil sí faoi láthair don phobal úd ach tugann an blag ardán eile agus stádas eile dá réir don iris.”

“Tá saibhreas agus luach ar leith leis an iris seo sa dóigh go bhfuil gné an chanúnachais ag baint léi. Gné eisceachtúil de na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne í seo nach bhfuil á saothrú ag an leibhéal céanna i bhfóraim eile iriseoireachta atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.”

“Tá caighdeán ard gairmiúlachta le feiceáil ar an iris seo agus is léir go bhfuil polasaí agus straitéis ar leith eagarthóireachta agus bainistíochta a leanúint ag an bhfoireann atá ina bhun.”

“Éiríonn leis an iris seo ábhar fiúntach, spreagúil, spéisiúil a sholáthar don spriocphobal a bhfuil sí ag freastal air ach tá an spriocphobal aitheanta in ábhar na hirise. Tá gné chaomhnú an chultúir Ultaigh le braistint go láidir ar ábhar agus ar dhearadh na hirise ach cuireann sé seo leis an iris seo seachas a mhalairt, mar is léir go bhfuiltear ag cloí le polasaí ar leith eagarthóireachta,” ar sise.

Thuairiscigh Ciarán Dunbar ón suíomh seo ar nuacht TG4 an tseachtain seo caite go raibh an baol seo ann.

Tá blag ag an iris anseo http://antultach.wordpress.com/

Bealach nua ag teastáil

Tá múnla nua de dhíth chun na meáin Ghaeilge scríofa a mhaoiniú

TUAIRIM le Ciarán Dúnbarrach

Sula léifidh tú an t-alt seo, cuirimis rud éigin as an bhealach.

“Bhál, déarfadh sé sin nach ndéarfadh.”

Sin a déarfaidh cuid mhaith daoine agus mo thuairimí i leith na meáin Ghaeilge scríofa á léiriú.

Agus, ar bhealach, tá an ceart acu.

“Sea, déarfainn sin … agus?”

Sa chéad dul síos, má leanann RTÉ ar aghaidh lena bpleananna chun seirbhís scríofa a bheith acu féin as Gaeilge, líonfaidh sé sin spás ollmhór. Tá buncheist ann, ar ndóigh – cén fáth nach raibh sé i gcónaí ann?

Ach beidh spás ann d’anailís neamhspleách agus do thuairimíocht neamhspleách i gcónaí.

Ar líne nó i bprionta?

Creidim féin go pearsanta go bhfuil gá le nuachtán clóite i gcónaí de bhrí go bhfuil níos mó cumhacht ag scéal i gcló ná ar an scáileán amháin.

Chomh maith leis sin, tá fós go leor daoine ann arbh fhearr leo a bheith ag léamh pháipéir chlóite.

“Bhál, déarfadh sé sin nach ndéarfadh.”

Arís, sea, déarfainn sin.

Tá súil agam go mbeidh páipéar nuachtáin neamhspleách againn i nGaeilge agus go mbeidh sé sin á mhaoiniú ag dream éigin.

Ní dóigh liom féin gurb iad Foras na Gaeilge an dream leis an mhaoiniú sin a riaradh.

“Bhál, déarfadh sé sin nach ndéarfadh.”

Is é mo bharúil nach bhfuil an saineolas acu nó an fonn orthu a leithéid a riaradh. Ó thosaigh Foras na Gaeilge, tá trí pháipéar caillte againn. Níl sé sin maith go leor.

B’fhearr go mór sciar d’airgead a bhaint den Fhoras is eagraíocht nua a bhunú. Ba chóir an Ciste Craoltóireacht Gaeilge sa Tuaisceart á úsáid mar mhúnla.

Bheadh bord ceaptha, abair cúigear, saineolaithe amháin air, ní gá go mbeadh costais mhóra i gceist, nach bhfuil Skype ag gach duine?

Ní bheadh de dhíth mar fhoireann ach feidhmeannach amháin agus rúnaí leis an rud ar fad a stiúradh.

Tuigim go maith nach bhfuil sé seo dul a tharlú ach pé scéal é, sin mo thuairim.

‘Pota lárnach’ de dhíth

Bheadh pota lárnach faoi stiúir an dream seo.

Ní bheadh sé seo a roinnt do dhream ar bith ar bhonn chonradh ach bheadh sé á dháileadh ar bhonn bliana, bunaithe ar léitheoireacht.

la nua
An t-eagrán deireanach de Lá Nua

Go bunúsach, gheobhadh foilseachán a mbeadh 4,000 léitheoirí níos mó léitheoirí ná an dream a bhfuil 1,000 léitheoirí acu ach bheadh an dá dhream i dteideal do scair an airgid.

Bheadh na doirse á n-oscailt do gach dream agus don iolrachas agus is é an t-iolrachas sin, rud éigin a chur ar fáil do gach dream an t-aon rud atá dul léitheoireacht na Gaeilge atá an-íseal amach is amach a ardú.

Bheadh an t-airgead a dháileadh is a riaradh bunaithe ar léitheoireacht agus ar fhoirmlí. Ní bheadh sé i gceist ag an bhord ach an léitheoireacht sin a dhearbhú is foirmlí a chur i bhfeidhm chun méid na ndeontas a thomhais.

Ní bheadh aon ról acu i dtaca le hábhar nó caighdeán an ábhair – sin ceisteanna don mhargadh amháin.

Foirmlí de dhíth

Ar ndóigh, tá fachtóirí eile le cur san áireamh agus bheadh sé riachtanach don bhord nua iad siúd a mheas agus foirmlí a chur i bhfeidhm, mar shampla, an bhfuil an foilseachán ar fáil go neamhspleách, an dtéann sé i gcló? An bhfuil sé ar fáil go hidirnáisiúnta mar shampla?

Dar liomsa, ba chóir go bhfaigheadh foilseacháin neamhspleácha níos mó ná forlíontaí agus leathanaigh sna meáin Bhéarla ach cén fáth nach mbeadh siad siúd a chothú chomh maith?

Chomh maith leis sin, creidim gur chóir go mbeadh níos mó airgead ag dul d’fhoilseacháin a bhfuil leagan clóite ar fáil de.

Ach go bunúsach, bheadh rialacha an chomórtais sách difriúil ón leagan amach a oibríonn an Foras anois, leagan amach nach n-oibríonn.

Bheadh an múnla seo bunaithe ar léitheoireacht thar aon rud ar bith eile. Sin an rud daonlathach.

Ní bheadh foilseachán ar bith slán sábháilte, ach bheadh sé féaráilte mar bheadh an rogha ag an phobal. Thabharfadh sé sin an chumhacht do na daoine, do phobal na Gaeilge sinn féin.

Bheadh an t-ábhar á threorú ag an mhargadh agus bheadh níos mó maoiniú ag na daoine is fearr agus ag na daoine a oibríonn níos díograisí.

Cad a bheadh cearr leis sin?

Féach chomh maith :

Úlla, Oráistí agus Irisí 

Torann na dTonn le leachtú

Tá Torann na dTonn, an comhlacht a d’fhoilsigh an páipéar Gaeilge Gaelscéal, le leachtú.

Tá cruinniú creidiúnaithe socraithe ag Torann na dTonn Dé hAoine 12 Aibreán sa Clayton Hotel i nGaillimh.

1398936420_3a798465a0_z

I litir chuig a gcreidiúnaithe, deir an comhlacht, “De bharr gur fógair Foras na Gaeilge go tobann ag deireadh Eanáir go bhfuil sé ag tarraingt siar maoiniú don nuachtán atáimid sa chruachás seo.”

The company which published ‘Gaelscéal’ is to be liquidated.

“Cé go de cheart ag Foras na Gaeilge an foirceannadh a dhéanamh, tháinig sé aniar aduaidh ar an gcuideachta mar gur tugadh le fios dúinn ag cruinniú le fo-choiste an bhoird an tseachtain roimhe, go leanfar leis an maoiniú go dtí deireadh ár gconartha i Márta 2014.

* Is ionann Torann na dTonn agus úinéirí Gaelscéal, iad siúd Máire Ní Thuathail agus David Hickey

* Is comhlacht é Torann na dTonn

* Is iad Máire Ní Thuathail agus David Hickey na stiúrthóirí ar Thorann na dTonn

* Níor ghlac ceachtar acu aon táille riamh ón chomhlacht

“Phléamar cúrsaí go mion le feidhmeannaigh de chuid Fhoras na Gaeilge agus chuireamar in iúl dóibh go raibh gá le maoiniú breis i ndiaidh don nuachtán scor d’fhoilisiú lena chinntiú go n-íocfar gach fiachas, Murach gur cuireadh deireadh luath leis an gconradh bheimis in ann é sin a dhéanamh gan gá le maoiniú breise.

“Cé gur tugadh le tuiscint dúinn go gcuirfí maoiniú breise ar fáil, dhiúltaigh Bord Fhoras na Gaeilge den iarratas. Tá díomá mór millteanach orainn faoin gcinneadh sin.

“Is é cinneadh Fhoras na Gaeilge an conradh a fhoirceannadh go luath agus diúltú an líon beag tacaíocht airgeadais breise a sholáthar a theastaíonn lena chinntiú go n-íocfaí go hiomlán tú, is cúis leis an drochscéal seo.”

Idir an dá linn, tá ráflaí ag bailiú nirt go bhfuil sé beartaithe ag Foras na Gaeilge maoiniú a thabhairt do RTÉ chun seirbhís ar líne a chur ar fáil, d’ainneoin go raibh sé sin beartaithe acu cibé ar bith.