Conas Gaeltacht a bhunú

Seo óráid Shéamuis Mhic Sheáin as Pobal Feirste ag an seimineár dar teideal Atógáil Phobal na Gaeilge in Áras Crónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath Dé Sathairn. 

1618417_672968432754082_1344337197_n
Roinnt den scaifte a bhí i láthair ag an seimineár Atógáil Phobal na Gaeilge in Áras Crónáin, Cluain Dolcáin, Baile Átha Cliath Dé Sathairn.

Bhí áthas orm nuair a chuala mé faoin tseimineár seo nó bhí na téamaí a bhí le plé ann praicticúil agus ag baint le habhar agus gan rian ar bith den teoiricíocht ag baint leo a bhíos ag baint le cúrsaí Gaeilge ró mhinic i mo thuairim.

San am chéanna níl a fhios agam an bhfuil mórán is féidir liomsa a rá libh ar an abhar a tugadh domhsa le labhairt air inniu nó baineann mo thaithí féin le treimhse a bhí ann i bhfád ó shin agus níl rud ar bith is lú ar dhaoine i mo thuairim ná sean duine a bheith ag ramhaillí ar aghaidh faoi rudaí a tharla fadó.

Ar scor ar bith ó tharla ann mé rannfaidh mé cúpla smaoineamh libh. Caoga bliain ó shin bhí cara liom a d’fhág Béal Feirste le dul a chónaí i nGaeltacht Dhún na nGall. Bhí beirt pháistí aige a bhí sé ag tógáil le Gaeilge i mBéal Feirste. Ní raibh sé i bhfad sa Ghaeltacht gur bhuail sé le lanúin de chuid na háite a rinne iontas go raibh Gaeilge ag na páistí a bhí aige agus iad as Béal Feirste.

“Caidé mar atá Gaeilge ag na páistí ,” arsa lanúin na Gaeltachta “ó labhair muid Gaeilge leo agus iad sa bhaile i mBéal Feirste,” arsa mo chara.

“Tá sin go hiontach,” arsa lanúin na Gaeltachta, “Thug muid féin iarraidh ár gcuidse a thógáil le Béarla abhus ach theip orainn”.

Léiríonn an scéal beag sin is dóigh liom an tabhacht atá le comhluadar , cuideachta agus tacaíocht phobail i gcaomhnú teanga. Dá mó é an comhluadar teanga is amhlaidh is láidre í an chuideachta agus an cumas caomhnaithe teanga ann.

Bhí an lanúin Ghaeltachta sin ag rá gur theip orthu á dteaghlach a thógáil le Béarla ,ní de bharr easpa tacaíochta ón stát ná gan acht teanga a bheith ann nó gan Gaeilge a bheith ag statseirbísigh ach go raibh an comhluadar teanga sa tsochaí thart orthu chomh láidir sin nach dtiocfadh troid ina choinne go dtí sa deireadh gur thóg teanga an phobail seilbh ar theanga an tí.

An dtiocfaidh an tam achoíche go mbeadh se sin amhlaidh in áiteanna eile? An féidir pobal a chruthú taobh amuigh den Ghaeltacht a mbeadh an teanga chomh láidir sin ann go mba dheacair í a sheachaint?

Níl a fhios agam ach is cinnte gur sin raison d’eitre na lonnaíochtaí Gaeilge agus an cuspóir ar chuir muid romhainn caoga bliain ó shin i mBéal Feirste nuair a bhunaigh muid Gaeltacht Bhóthar Seoighe.

Bhí daoine i gcónai i mBéal Feirste a thóg teaghlach le Gaeilge ach is troid bhí ann an teanga a choinneáilt chun tosaigh agus iad timpeallaithe ag an bhéarla ar gach taobh.

I 1961 tháinig grúpa de lanúineacha óga le chéile a d’fhoghlaim an Ghaeilge ag Cumann Chluain Ard sa chathair agus a raibh sé ar intinn acu teaghlach a thógáil le Gaeilge nuair a thiocfadh ann dóibh ach rinne siad amach go rachadh siad céim amháin níos faide ná an dream a chuaigh rompu agus cruinniú le chéile in aon láthair amháin sa chathair le mbeadh an Ghaeilge ag á gcomharsa agus go gcluinfeadh na páistí an teanga á labhairt ag a macasamhail féin i dtimpeallacht nadúrtha.

Tá sin simplí go leor mar chuspóir agus ní ghlacann sé samhlaíocht ró mhór a bheith ag duine lena thuigbheáil. Dar leat mar sin gur bunú comharsanachtai Gaeilge an rud is túisce a thiocfadh chun chuimhne chuig dream ar bith a bhí ag smaoíneamh ar an teanga a athbheochan taobh amuigh den Gaeltacht má bhí said le troid i gcoinne tonn rabharta an Bhéarla atá ár mbualadh gach lá sa tseachtain.

Ní sin an rud a tharla dar ndóigh agus níor mhiste fios a bheith againn cá chuige. le céad bliain agus breis anuas rinneadh a lán leis an teanga a láidriú taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Is iarrachtaí stáit a bhí i gcuid mhór acu sin ach san am chéanna níor tugadh faoí chomharsánachtaí Gaeilge a bhunú ach go hannamh.

Shílfeá ó thaobh bolscaireacha ná hathbheochana féin de gur ghá a chruthú don phobal go dtiocfadh an teanga a dhéanamh beo arís, ní amhain sa chóras oideachais agus in institiúidí de chuid an stáit ach mar chuid orgánach de shaol an phobail féin, pobal a bhí, ar an mhór chuid i bhfáthach leis an teanga ach a bhí in amhras go mór an dtiocfadh í athbheo áit ar bith mar an chéad chéim i dtreo a hathghabhála mar theanga náisiúnta.

Ní hé nach raibh daoine ann a thuig an rud nó go gearr i ndiaidh bunú an stáit ó dheas i 1922 thug rialtas cumann na nGael á mbeannacht do bhunú ‘páirc na Gaeltachta’ i dtuairsceart Bhaile Átha Cliath agus cé nár éirigh leis an scéim sin chruthaigh sé gur thuig daoine an ceanncheap .

Arbh é teip an tionscnaimh áirithe sin a rinne Gluaiseacht na Gaeilge faicheallach faoina leithéid a thríall arís? Cá fios? Ach níor cailleadh suim go hiomlán sa smaoineadh faoi lonnaîochtaí Gaeilge a bhunú nó nuair a foilsíodh ‘Tuarascáil an choimisiúin cum athbheochan na Gaeilge’ i 1963 mhol siadsan rud ar thug siad ”pobal aonad Ghaeilge ”air a bhunú fríd an tír ach go díreach cosúil le straitéis fiche bliain don Ghaeilge inniu níor cuireadh na moltaí i bhfeidhm ariamh agus tá na moltaí fiúntacha a rinneadh an tam sin ina luí áit éigin in oifigí rialtais ag cruinniú dusta. Scéal ár mbeatha go síoraí de réir cosúlachta.

Ar scor ar bith i 1936 rinneadh iarracht eile rialtais le rud éigin a dhéanamh nuair a háistríodh cúpla chéad duine aníar as Gaeltachtaí Iarthair na tíre go dtí Rath Cairn agus Baile Gibb i gcontae na Mí le ceantair Ghaeltachta a dhéanamh ansin.

Is cainteoirí dúchaise Gaelige a bhog go Co. na Mí dar ndóigh agus is áistriú pobal Gaeilge ó áit amháin go háit eile a bhí i gcéist agus ní Gaeltacht Uirbeach úr nua mar a bhí í gceist againne í mBéal Feirste agus ag na daoine a bhunaigh Gaeltacht Ard Barra i gCorcaigh i dtrátha an ama chéanna linn féin.

Bhí baint ag an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain le bunú Rathcarn sna tríochaidí ach is léir gur ag caint ar ar lonnaíochtaí uirbeacha Gaeilge a bhí sé nuair a dúirt sé, ”d’ainneoin a bhfuil de fhoirgníocht nua déanta ar fud na hÉireann níl i mbaile mór amháin, sráid ,céide, corrán, ascaill ná scéim tithe dá laghad ata Gaelach ná leath- Gaelach féin.”

Agus san alt chéanna scríobh sé,”caithfidh muid baile mór a bhúnú muid féin agus ná bí ag ceapadh go mba ní dodhéanta é. níorbh ea. Níor ghá ach áit feiliúnach a thoghadh sort cumann foirgníocht a bhunú na tithe a thógáil agus busanna a bheith ann le daoine a thabhairt isteach is amach chuig a gcuid oibre. Teastaíonn baile mór ó lucht na Gaeilge: bunaidis féin é.”

Aon uair amháin a rinne muid féin amach i mBéal Feirste gur mhaith linn comharsánacht nua Ghaeilge a bhunú is rudaí praicticiúla a bhí ag cur as dúinn i ndiaidh sin agus bhí deireadh leis an teoiricíocht, rud a bhfuil faoíseamh ag baint leis igcónaí -gníomh seachas caint- nó ba é “ná habair é – déan é ” an mana a bhí againn.

Bhunaigh muid Comharchumann agus chuir muid ciste beag le chéile le daoine a cheangail leis an smaoineamh ar dhóigh fhoirmiúil nó go dtí sin ní raibh ann ach caint. Ba é an chéad rud a bhí le socrú againn ná líon na dtithe a thógfaimís le gur fiú pobal a thabhairt air.

Rinne muid amach go dtógfadh sé fiche teach le comhluadar ceart a dhéanamh agus d’iarr muid ar Ailtire Gaelach i mBéal Feirste, Seán Mac Goill , plean a dhearadh dúinn do na tithe mar aon le halla pobal a raibh muid ag dúil le scoil a dhéanamh as ar ball.

Rinne an tAiltire amach gur fá thuairim dhá acra a bheadh de dhith orainn don scéim agus chuartaigh muid thart le léadhb talaimh a aimsiú. Tharlaigh sé ag an am go raibh Cumann Lúth Chleas Gael i mBéal Feirste ag díol 12 acra de thalamh a bhí acu ag Bóthar Seoighe ar imeall na cathrach atá fá thuairim trí mhíle ón lár a bhí iontach fóirstineach don rud a bhí ar intinn againn.

Bhí CLCHG ag iarraidh an talamh a dhíol ina léadhb amháin ach ní raibh sé ar ár nachmhaoín 12 acra a cheannacht agus d’iarr muid ar bheirt iar Uachtarán de cuid an CLCHG, Ailf Ó Muirí agus Pádraig Mac Con Midhe labhairt ar ár son féachaint an mbainfeadh siad dhá acra as an díolachán agus iad a dhíol linne.

Thoiligh siad sin a dhéanamh. Bhí sin simplí go leor dar leat ach go fírinneach bhain sé ceithre bliana asainn a theacht chomh fada sin agus bhí go leor lanúineacha a tháinig agus a d’imigh le linn an ama sin de bharr nach raibh rudaí ag bogadh scoibthe go leor ach bhí baicle beag I gcónaí a d’fhán leis an aisling i rith an ama.

Bhí suíomh geallta dúinn fá dheireadh ach ní raibh airgead againn leis an talamh a cheannacht agus cuimhnigh gur gnáth oibríthe a bhí ionainn gan pinginn ar thús nó ar deireadh againn gan a bheith ag caint ar an £10,000 a bhí CLCHG ag iarraidh ar an talamh.

Ba ansin a fuair muid amach chomh tabhachtach agus a bhí caidreamh idir Gaeil nuair a bhí rud éigin tabhachtach le cur i gcríoch againn agus go fírinneach nach dtuigeann muid go minic an cuidiú agus an saineolas atá inár measc féin mar dhream ach muid cur le chéile.

D’iarr muid iasacht airgid ar Chomhaltas Uladh de Chonradh na Gaeilge agus ainneoin nach mbímis i gcónaí ar aon intinn le chéile fá ghnótha Gluaiseacht na Gaeilge thuig said an rud a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh agus thoiligh said an t-iasacht a thabhairt ach muid barántas pearsánta a thabhairt go ndéanaimis é a áisíoc. rud a rinne muid.

Is maith liom a rá go ndearna muid an t-iasacht sin a áisíoc ina iomlán le himeacht ama. Dar ndóigh bhí caidreamh Ghael tabhachtach againn ó thús nó bhí Ailtire againn Seán Mac Goill go mba Ghael díleas é agus Dlíodóir chomh maith i Séamus De Napier go ndéana Dia a mhaith air a bhí sásta an obair uilig a dhéanamh ar chairde go raibh an tairgead againn le hiad a íoc, de bharr gur chreid siad sa rud a bhí ar bun againn agus is ar éigean go néireódh linn achabé iad.

d’iarr muid cead pleanála do fhiche teach agus halla pobail agus fuair muid sin. Faoin am seo ní raibh fágtha den chéad dream a chuir suim sa scéim ag an tús ach cúig theaghlach rud a d’fhág go raibh na costais uilig ag titim ar líon an bheag daoine agus ó tharla nach rabh deontais i gcéist in am ar bith bhí an tualach airgid do thús na scéime ag dul a bheith trom go leor.

Ar scor ar bith bhí an talamh inár seilbh agus cead pleanála againn agus d’iarr muid morgháistí le teach sraithe an duine a thógáil le ceithre sheomra luí agus gáirdín beag chun tosaigh agus ar chúl.

Bhí lucht morgháiste sásta go leor an t-airgead a thabhairt ach dar ndóigh ní scaoileann lucht morgháiste airgead ar bith go bhfuil an teach ag leibhéal an bhunurláir agus glacann sé airgead leis an teach a thabhairt go dtí sin.

Bhí baint againn uilig le Cumann Chluain Ard agus chuir muid gníomhais sheilbhe an chumainn i ngeall ar iasacht sa bhanc bíodh a’s nach raibh gach duine i gCumann Chluain Ard sásta le sin ar eagla go dtarlódh rud éigin agus go gcaillfí seilbh ar an chumann féin.

Nuair a mhínigh muid gur iasachtaí pearsánta ar gach teaghlach den chúigear a bhí i gcéist. Shíothlaigh an cheannairc agus bhrúigh muid ar agaidh. Mar is léir ón mhéid atá ráite agam go dtí seo bhí muid beo bocht agus ar an abhar sin chinn muid ar an obair uilig a stiúradh muid féin agus a oiread den obair a dhéanamh is a bhí ar ár gcumas.

Bhí sin crua ar mo dheartháir Seán a bhí ina shúinéir agus a mbéigean dó obair adhmaid chúig theach a dhéanamh é féin i ndhiadh dó a lá oibre féin a dhéanamh sa phost a bhí aige.

Féadaim a rá nach raibh lá saor ag duine ar bith againn le linn an ocht mí dhéag a bhí an cúig theach ag dul suas. D’iompar muid brící agus reitigh muid scafálra san oíche dona bríceadóirí an lá dar gceann.

Obair chrua a bhí ann ach i mí feabhra 1969 ,ocht mbliana i ndhiaidh dúinn toiseacht amach , bhog an chéad teaghlach isteach sa Ghaeltacht nua ar bhóthar seoighe agus i gceann roinnt seachtaine bhí cúig theaghlach ann. I 1970 thóg muid trí theach eile agus i 1971 bunaigh muid scoil. Thar na blianta tháinig daoine eile isteach go dtí nach bhfuil níos mó talaimh fágtha agus 22 teaghlach ar fad ina gcónaí ann idir óg agus aosta.

Rugadh páistí ann, tógadh teaghlaigh ann agus fuair daoine bás ann sin scéal comhluadar ar bith áit ar bith ach gurbí an Ghaeilge teanga na muintire ann.

Tá daoine a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Bhóthar Seoighe anois aráis ina gcónaí ann lena dteaghlaigh féin,rud a fhágann go bhfuil an tríú glúin de chainteóirí Gaeilge anois ag fás suas sa Ghaeltacht bheag seo i mBéal Feirste agus is cuma cad é a tharlaíonn don teanga sa chuid eile den tír sa todhchaí mairfidh an teanga beo ansin ar feadh fada go leor eile.

Bheadh daoine ann b’fhéidir a bheadh buartha go mbeadh siad ag dul isteach i saghas “commune” agus iad ag dul a chónaí i lonnaíocht nua Gaeilge ach ní sin an cleachtadh a bhí againn.

Ní raibh ach dhá riail againn féin ar feadh a bhain sé le Lonnaíocht Ghaeilge Bhéal Feirste an chéad cheann gurbh í an Ghaeilge teanga choitíanta an tí agus go gcaithfeadh teaghlach dearbhú a thabhairt i scríbhín go ndíolfadh siad an teach le teaghlach Gaelach eile dá mbéadh acu le bogadh agus bhog daoine amach ar chúiseanna éagsúla ach díoladh gach teach acu le teaghlach Gaelach eile i gcónaí.

Gidh gur dócha gur bhain sé beagán níos faide an teach a dhíol nó bionn an margadh do theach mar sin teoránta.Cé nach ndearna muid féin é is féidir iontaobhas tithíochta a bhunú a chinnteodh gur leis an phobal i gcoitine a chaithfí an teach a dhíol le bheith cinnte nach mbogadh duine ar bith isteach sa chomharsánacht nár mhaith leis an phobal?

Taobh amuigh de sin tá fiche dearcadh éagsúla ag daoine ann ar gach uile abhar agus easaontaíonn muid le chéile go minic ach tá muid diongbhálta go mbeidh an Ghaeilge mar an ceangail eadrainn i gcónaí .

Cionn is go raibh an tsaoirse sin ag daoine ar gach bealach sílim gur éirigh linn cuid mhór a bhaint amach i mBéal Feirste ó thaobh forbairt na Gaeilge de ach sin scéal do am éigin eile.

Is maith liom go bhfuil muintir Charn Tóchair as Contae Dhoire anseo inniu le labhairt ar an Ghaeltacht atá siad ag cruthú as an nua sna cnoic ós cionn bhaile Mhachaire Ratha. Moladh go deo leo . Is ceannródaithe iad ar go leor bealaigh agus eiseamláir don chuid eile den tír.

Mar fhocal scoir nach iontach an spreagadh agus tuar dóchais a bheadh ann agus muid ag druidim le bliain chomórtha Éirí amach na Casca dá gcuirfí tús le lonnaíocht nua Gaeilge i bPríomh Chathair na hÉireann agus ar láthair na réabhlóide a tharla ann céad bliain ó shin.

Is cinnte gur athraigh an saol go mór ó bunaíodh Gaeltachtaí Uirbeacha Bhéal Feirste agus Chorcaigh caoga bliain ó shin ach san am chéanna tá rudaí ann a fhánann buan seasmhach is cuma cad é an treimhse atá i gceist. Is ón phobal aníos a chaithfeadh an treoir agus an spreagadh a theacht le lonnaíocht nua Ghaeilge a bhunú.

Comh dócha lena mhalairt is daoine faoi bhun caoga bliain de aois a thabharfadh faoi. Ba mhaith freisin go mbeadh buntáiste abharach ag baint le daoine cinneadh a dhéanamh dul a chónaí inti.

Ba mhór an gar dá bhfaighfí cuidiú ó chiste poiblí éigin le suíomh a cheannacht nó le seirbhisigh a chuir isteach tágadh sé sin ón sparán phoiblí i nÉirinn nó ó chistí éigin de chuid na hEorpa. Tá a leithéid ann.

Fuair muid féin amach i mBéal Feirste nach miste buntáiste airgid a bheith ag baint leis an idéalachas corr uair. Cé gurbh iad na chéad teaghlaigh a chuir tús le scéim Bhéal Feirste a chuir an tairgead uilig ar fáil leis an scéim a thionscnamh.

Fuair daoine a tháinig isteach ar ball suíomh tí saor i naisce nuair a bhog siad isteach agus ba mhór an cuidiú é sin don dream a ba dheireánaí a tháinig isteach ocht mbliana ó shin nó ba theaghlaigh óga iad uilig nach raibh i bhfad pósta agus gan mórán airgid acu agus b’ionann é agus deontas saor in aisce de £30,000 a fháil leis an teach a thógáil , cé gur ón chomhluadar féin a tháinig sé agus ní ó chiste poiblí ar bith.

Tá mé cinnte go mbeadh corr theaghlach ina measc nach mbeadh sé ar a n-achmhainn b’fhéidir teach a thógáil gan an cuidiú sin.

Sa deireadh má shíleann duine ar bith go mba bhuntáiste praicticúil don athbheochan é comharsánacht nua Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Chliath nó in aon áit eile tá reamh shámpla ann ag dul i bhfad siar i mBéal Feirste agus i gCorcaigh agus sa lá atá inniu féin ann i gCarn Tóchair i gContae Dhoire.

Ní glacann sé ina dhiaidh sin ach toil, comhoibriú agus cur chuige éifeachtach lena chur i ngníomh.

Leis an fírinne a dhéanamh tá sibh leath-bhealach ann cheana féin más fíor an scéal a leigh mé ar gur bhunaigh Comhluadar comharchumann roinnt bliana ó shin daon ghnó le comharsanacht nua Ghaeilge a bhunú i mBaile Átha Cliath agus go raibh 15 teaghlach ag baint leis, i bhfad níos mó ná a bhí againn féin i mBéal Feirste caoga bliain ó shin.

Is féidir go gcluinfidh muid inniu caidé mar atá sin ag dul chun tosaigh.

Goitse ar ais?

Danny Brown

Ná creideadh duine ar bith go bhfuil sé furasta gabháil ar ais agus triail eile a bhaint as fiontar ar chuir tú deireadh leis

I mí Aibreáin 2010, lainseáil foireann bheag againn “Goitse” i gceantar Gaeltachta i dTír Chonaill a dtugtar “na trí paróistí” air agus, ar feadh 14 mí, choinnigh muid é ag gabháil.

Páipéar áitiúil a bhí ann le scéalta nuachta áitiúil, neart grianghraf ó imeachtaí, spórt an cheantair, filíocht, gearrscéalta, cartúin agus colúin agus gné-ailt faoi shaol an cheantair.???????????????????????????????

Ba é an dóchas a bhí againn nuair a thoisigh muid ná go mbeadh daoine eile sásta a leithéid a chur ar bun ina gceantar Gaeltachta féin agus go dtiocfadh linn gréasán de nuachtáin áitiúla a bhunú fríd na ceantracha Gaeltachta uilig.

Cé nár tharla sé mar sin, moladh muid as an pháipéar a chuir muid amach agus spreag sin muid le treabhadh linn agus nuachtán míosúil Gaeilge a choinneáil sa Ghaeltacht.

Tháinig an t-airgead uilig a choinnigh muid beo an t-am sin ón fhógraíocht. Ní bhfuair muid pingin rua i bhfoirm maoinithe ó na heagraíochtaí stáit, cé gur thug siad fógra nó dhó dúinn. Rinneadh an obair uilig; scríobh, leagan amach, dáileachán agus margaíocht, rinneadh sin uilig ar bhonn deonach.

Cuireann sé lúcháir orm mar eagarthóir gur chuir muid daoine as an cheantar seo ag scríobh don chéad uair agus go raibh an nuachtán ábalta scríbhneoirí úra a chothú agus a spreagadh.

Chuir sé gliondar orm fosta nuair a dúirt príomhoide bunscoile sa cheantar go raibh luach ar leith don fhoireann múinteoirí leis an nuachtán mar go raibh na páistí ag léamh faoi eachtraí a bhí ag tarlú ina gceantar féin agus na scéalta scríofa ina gcanúint féin. Sin an sórt rud a choinneodh páipéar ar bith ag teacht amach.

Ach chuir muid deireadh leis an pháipéar i mí Meithimh 2011 agus ní easpa tacaíochta ón phobal a bhí taobh thiar de ar chor ar bith, ach easpa airgid.

Cnocfola
Cnoc Fola, Gaoth Dobhair

Ní féidir leat bheith ag dréim le daoine obair go deonach go fad-téarmach ar thionscnamh ar bith, is cuma caidé chomh fiúntach leis.

Nuair a bhí deireadh leis, thoisigh daoine ár moladh, ag inse dúinn gur chóir dúinn coinneáil leis agus é a thabhairt ar ais. Ach bogann daoine ar aghaidh agus ghlac an fhoireann leis go raibh deireadh leis mar nuachtán agus chuaigh muid uilig ár mbealach féin.

Anuraidh, fuair muid amach gur moladh Goitse go hard i dtuarascáil a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge faoi na meáin chlóite as Gaeilge agus bhí roinnt cruinnithe againn leis an eagraíocht sin le feiceáil arbh fhéidir an páipéar a thabhairt ar ais. Níor éirigh leis na cainteanna sin.

I mbliana, áfach, bhí léitheoirí ag caint linn faoin pháipéar go fóill, ag cur ceiste orainn cad chuige nach raibh muid ag déanamh iarrachta eile cosa a chur faoi Goitse arís. Achan uair a cuireadh an cheist orm, bhí freagra agam dó. Airgead.

Ach seo an Ghaeltacht. Tarlaíonn rudaí aisteacha anseo.

Thart fá sé seachtainí ó shin, bhí scaifte againn i dToigh Hiúdaí Bhig ar an Bhun Bheag i nGaoth Dobhair. Bhí cuairteoirí as na Sé Chontae ann don deireadh seachtaine agus shuigh mise tamall leo. Sula dtáinig siadsan isteach, bhí mé i gcuideachta chuid de na daoine a bhíodh ag obair ar Goitse.

I ngainfhios dom, nuair a bhí mise ag caint leis na cuairteoirí faoi Goitse, bhí an dream eile ag caint ar an pháipéar fosta.

Mar sin, nuair a chuaigh mé ar ais chuig an chomhluadar sin, bhí cinneadh déanta cheana féin go labharfadh cuid againn arís faoi.

Ag an am sin, bhí deireadh le Gaelscéal agus bhí deireadh le Foinse fógartha ag an Irish Independent. Ní raibh iomrá ar bith ar chinneadh Fhoras na Gaeilge maidir le nuachtán náisiúnta úr agus is dóiche gur chreid muid gur mhór an fheall é nach raibh nuachtán clóite Gaeilge áit ar bith sa tír.

Ceann de na rudaí a rinne muid nuair a thoisigh muid a phlé na ceiste i ndáiríre ná cruinniú poiblí a eagrú mar bhí sé soiléir nach dtiocfadh linn a dhath ar bith a dhéanamh gan tacaíocht ón phobal thart orainn. Rinneadh sin le cuidiú ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaoth Dobhair agus reáchtáil muid cruinniú iontach dearfach ina raibh 16 duine i láthair, cuid mhaith acu as eagraíochtaí pobail sa cheantar.

Réitíodh cuid mhaith fadhbanna maidir le dáileachán, cumhdach spóirt agus go leor eile agus chinn muid ar straitéis maoinithe.

Tá a fhios againn nach bhfuil airgead ar fáil ón stát do nuachtán míosúil áitiúil Gaeilge. Mar sin de, bhí againn le hamharc in áiteacha eile. Chuala mise faoi chóras maoinithe a dtugtar “crowd funding” air i mBéarla.

Bíonn sé in úsáid go minic ag ealaíontóirí agus ag ceoltóirí le tionscnamh dá gcuid féin a chur ar bun. Cuireann tú do thionscnamh os comhair an phobail ar shuíomh idirlín agus, má tá an t-ádh ort, geallann daoine airgead duit leis an tionscnamh a chur ar bun.

Mar chúiteamh ar an infheistíocht airgid, gheibh na maoinitheoirí duais. I gcás Goitse, tá muidne ag tairiscint buíochais sa chéad eagrán, málaí cadáis Goitse agus fógraí sa pháipéir mar dhuaiseanna.

Tá rud inteacht iontach deas faoin scéim seo nár thuig mé i gceart nuair a thoisigh muid air agus tá mé iontach tógtha leis anois.

In áit dul chuig eagraíocht mhór stáit agus plean gnó a chur faoina mbráid, téann muidne chuig pobal na Gaeltachta agus, leoga, chuig pobal na Gaeilge agus iarrann muid orthu tacaíocht a thabhairt don pháipéar. Má bhaineann muid €5000 amach, beidh muid in ann trí eagrán den pháipéar a fhoilsiú. Má éiríonn linn go leor fógraí a dhíol sa trí eagrán sin, seans go mbeimis in ann an ceathrú eagrán a thabhairt amach.

Muna mbaineann muid an sprioc sin de €5000 amach, ní tharlaíonn rud ar bith. Ní bhaintear airgead ar bith amach as cuntaisí na ndaoine a gheall airgead dúinn agus tá deireadh le Goitse. Tá sé iontach simplí agus tá áilneacht sa tsimplíocht sin. Má chreideann daoine go bhfuil fiúntas leis an tionscnamh, tarlóidh sé. Muna gcreideann, ní tharlóidh rud ar bith.

Ach is cuimhin liom dhá cheist a chuir fear na mílte bliain ó shin. “Murach sinne, cé? Murach anois, cá huair?”

Ceisteanna maithe.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoi scéim Goitse anseo:

http://www.fundit.ie/project/funders/goitse

Buachaillí: Tá ‘suipéar réidh!

Labhraíonn Cian Ó Tuathaláin faoi eagraíochtaí an Ghaelcholáiste óna thaithí féin ag obair i gConamara

Tá cúpla póca parthais scaipithe faoin tuath in iarthar na hÉireann. Is i dTír Chonaill, i gCiarraí agus i nGaillimh a bhfuil na háiteanna is saibhre as na ceantair seo – a bhfuil cultúr agus teanga na hÉireann faoi bhláth. Idir Meán Fómhair agus Bealtaine, bíonn na daoine áitiúil sna ceantair seo breá sásta ina saolta féin: ag siúl leis na madaí, ag comhrá leis na comharsana, nó ag ól le chéile ag an bpub théis an traenáil. Is cuid den bhflathais iad na háiteanna seo, muna bhfuil tú iontu le linn an tSamhraidh, ar ndóigh.gaeltacht

Ar thaobh eile na hÉireann, áit eicínt i mBaile Átha Cliath 4, tá Yummy Mummy áirithe ag bailiú bróisiúr don Ghaelcholáiste is fearr don stóirín álainn atá aici. Beidh an Teastas Sóisearach le déanamh ag an stóirín seo an bhliain seo chugainn, agus caithfidh na tuismitheoirí (nó an Sugar Daddy ach go háirithe, b’fhéidir) €890 a íoc as an gcoláiste leis an halla is deise, na seomraí is mó agus an bhean tí is fearr in Éirinn. Seans go bhfuil na tuismitheoirí seo ag súil go bhfuil traenáil HACCP ag an mbean tí bhocht. Caithfidh Annabel Rose freastal ar an nGaeltacht ar aon nós mar cheann de na cearta atá aici mar D4.

Ar ais go dtí an t-Iarthar, tá coláiste samhraidh áirithe ag ullmhú don bhliain seo chugainn freisin – ach ar scála i bhfad níos mó. Ar an gcéad dul síos, tá mílte bróisiúr agus foirmeacha iarratais le bheith seolta ó na clódóirí, agus níl sé seo saor ar chor ar bith. Nuair a shroicheann na bróisiúr chuig an oifig, caithfidh an coláiste iad a sheoladh chuig Cill Dara agus An Charraig Dhubh trí mheán an iarchinnire. Ritheann na seanchinnirí ar fud na háite (chuig scoileanna, hallaí, srl.) leis na bróisiúir seo le cinntiú go bhfuil jab acu féin le linn an tsamhraidh. Ansin, caithfidh rúnaí an choláiste le bheith cinnte nach bhfuil aon ghealt fhostaithe aici – i mbliana, ar aon nós- agus bíonn sí gníomhach ag déanamh agallamh ar an nguthán agus ag seoladh roinnt foirmeacha réamhscrúdú an Gharda Síochána thart.

Agus an riarachán réidh, tosaíonn bainisteoirí an choláiste ag lorg ionaid le haghaidh ranganna, spóirt agus céilithe. Ó am go ham, cuireann an sagart áitiúla halla an pharóiste ar fáil don choláiste samhraidh. Seans go bhfuil an Lotto buaite ag fear eicínt ó Dhún Chaoin agus go bhfuil halla deas nua ceannaithe aige. Ach don chuid is mó, caithfear áit dheas slán a bheith réidh do scoláirí agus creid é nó ná creid, bíonn na bainisteoirí ag iarraidh go bhfuil na páistí sásta agus iad ag foghlaim le linn an tsamhraidh, agus ag pointe áirithe, is cuma faoi phraghas an ionaid, cé chomh costasach is atá sé.

Roimh thús an chúrsa, bíonn na múinteoirí is na cinnirí bailithe le chéile agus tascanna faighte acu. Tá céimithe bainte amach ag na cinnirí ó anuraidh ó NUIG agus is múinteoirí anois iad. Bíonn siad in umar na haimléise ag déanamh pleananna ranga, ag ullmhú imeachtaí do na scoláirí, agus arís – creid é nó ná creid – ach ní bheidh Annabel Rose i ngrá leis an modh coinníolach á staidéar gach lá ar feadh trí sheachtain. Uaireanta bíonn na múinteoirí ag íoc lena gcuid airgid féin as duaiseanna agus milseáin do na páistí. Ní bhíonn milliún euro á dhéanamh acu sa chéad dul síos agus creidim go mbíonn bualadh bos tuillte acu théis an méid oibre a dhéanann siad le haghaidh páistí ag glaoch ‘wanker’ orthu taobh thiar a droim nó a dhroim ar aon nós. (Tharla sé domsa anuraidh. Ní dhearna mé dearmaid air go fóill.)

Bíonn na múinteoirí ag déanamh masla ar na cinnirí as a bheith ina n-alcólaigh agus ag fáil laethanta saoire saor in aisce sa Ghaeltacht. Tá beagán fírinne sa ráiteas seo, ach i ndáiríre bíonn na cinnirí ag obair go crua le haghaidh a gcuid seiceanna. Obair láimhe: ag taisteal 300 cathaoir ó gharáiste an bhainisteora go dtí an halla. Obair riaracháin: ag freagairt an ghutháin nuair atá an príomhoide fós sa leaba, an dúlagar air théis an méid gearán a mbíonn le déanamh ag tuismitheoirí dó. Obair feitheoireachta: ag déanamh spiaireachta ar 200 déagóirí, ag éisteacht go bhfuil pleananna le bualadh suas agus ól/shifteáil déanta i nGaeilge agus nach Béarla.

Ag deireadh an lae, insíonn na múinteoirí agus na cinnirí slán leis na scoláirí agus téann Annabel Rose is a cuid Uggs ar a mbealach go dtí an bhean tí bhocht chráite.

Tá cairde agam in Indreabhán, agus bíonn scoláirí acu chuile bhliain. Bhí siad ag ra le déanaí go mbíonn na ceisteanna céanna faighte acu bliain i ndiaidh bliana. Freagróidh mé anois iad ar eagla nach bhfuil a fhios agaibh féin. uisce reatha i gConamara. leictreachas faighte acu taobh thall de Bhearna. Bíonn an leithreas taobh istigh sa lá atá inniú ann acu.

Ar an mbealach siar anuraidh, agus muid sna Forbacha, dúirt duine de na scoláirí ó thuaisceart Bhaile Átha Cliath: “Jaysus, dis place looks loike bleedin’ Lanzahrotee!” Árainn: Canáracha na hÉireann, b’fhéidir?

Agus páistí i do theach ar feadh trí mhí, bíonn an cuisneoir lán le rudaí deas nach bhfuil cead agat ithe. Faigheann tú cuireadh chuig cóisir eicínt agus níl tú in ann freastal, mar teastaíonn curraí sicín ó Annabel Rose. Fágfaidh sí an chuid is mó ar an bpláta ar aon nós.

Chuala mé ráfla go mbíonn €30,000 le déanamh ag mná tí théis trí mhí. Is annamh go bhfuil sé seo fíor. Faigheann teach idir €70 agus €90 in aghaidh na seachtaine le haghaidh scoláire, agus tá an t-airgead sin tuillte acu tá mise ag rá leat! Bíonn mná tí ag tabhairt aire do 10-15 páistí ar altramacht, buartha fúthu agus iad ag béicíl an oíche ar fad, sceimhlithe nuair a bhíonn siad ag léim as na fuinneoga –agus fós féin – ullmhaíonn siad dinnéar gach uile thráthnóna le grá agus le cúram.

I mí Lúnasa, filleann an Ghaeltacht ar ais go cothromaíocht. Níl a fhios agamsa, i ndáiríre, agus Yummy Mummy ag léamh trí fhoirmeacha ghaelcholáiste, an bhfuil a fhios aici cé chomh fada is a théann an €890 sin?

GLUAIS:

Parthais: Of Paradise

Ag déanamh spiaireachta: Spying

Canáracha: Canaries

Cothromaíocht: Equilibrium

Tá Gaeilge i ngach áit, Tosnaíonn sé linne

Foilsíodh an píosa seo ar an bhlag http://ancroiait.blogspot.ie/ de chéaduair.

Chaith mé trí lá as Gaeilge sa Mhuileann gCearr. B’shin an chaoi a mhínigh mé céard a tharla dom do dhaoine, ach bhí níos mó ná sin ann. Bhuail mé le daoine cosúil le Damhnait, Veronica, agus Brendon a mhúin dom go bhfuil Gaeilge i ngach áit agus gur Gaeltacht í an tír go léir.download

Tháinig an smaoineamh chugham anuraidh. Seo Bliain na Gaeilge is tá an Tóstal faoi lánseol. Is duine mise de ‘The Scattering’ im’ cónaí le 15 bliain anuas i gCathair na nAingeal, i gCalifornia. Lá amháin, is mé ag múineadh teangachaí iasachta ansin, chuala mé mé fhéin ag páipearacht le mo dhaltaí faoi thábhacht na teangacha dúchasacha. “Faigheann teanga amháin bás gach coicís,” ar mise leo.

Ach an lá sin chuaigh sé i bhfeidhm orm i ndáiríre. Céard faoi mo theanga féin? Cén maitheas bheith a tabhairt amach faoi bhás na teangachaí dúchasacha i SAM muna raibh mé sásta mo theanga a shábháil. Sin mar a thosaigh sé. Dúshlán dom féin.Ní bhíonn seans agam Gaeilge a labhairt ar an taobh eile den domhan. Ach is aoibheann liom bheith ag twiteáil as Gaeilge. Tar éis tweeteanna a léamh ag insint go raibh roinnt mhaith Gaeilge i mBaile Átha Cliath is neart Gaeilge ag an aerfort, shocraigh mé ar phlean.

Dhéanfainn iarracht dul ó aerfort ÁC go dtí an Muileann gCearr gan focal Béarla a labhairt. D’úsáidfinn córas iompar poiblí. B’shin mar a thosaigh sé i ndáiríre.

179404-OPOCE-AFF_2010.3790_web.pdf

Bhí airgead, eolas agus bus uaim. Níor thug an bhean a bhí ag féachaint ar na pasanna aon aird orm. Mise: Seo duit. Ise: Fine. Thanks. Gan ligint di cur isteach orm, ar aghaidh liom le m’airgead a athrú. Labhair mé go mall leis an lead óg ann: “Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?”

Thug mé faoi deara ar an turas seo go mbíonn trí soicind nó mar sin ag teastáil ó dhaoine le dul ó theanga amháin go teanga eile.

Sos 3 soicind. “Beagáinín,” a d’fhreagair sé. “Ana-mhaith,” ar mé le gliondar. Leanamar ar aghaidh agus ba léir go raibh áthas air go raibh áthas orm. De réir a chéile thosaigh sé ag comhaireamh as Gaeilge agus bhí m’airgead agus an chéad bua agam.

Suas an staighre ansin liom ag leanúint an fógra ‘Eolas’ go dtí go bhfaca mé beirt ina suí istigh san ionad sin. “Ceist. An bhfuil Gaeilge agaibh?” ar mé go mall leo. Ciúnas ar feadh trí soicind.  Ansin rinne an bhean draothadh gáire agus í ag féachaint ar an bhfear eile is dúirt sí, “Tá Gaeilge aige.” Fadhb ar bith agam ansin. Bhí Gaeilge acu agus áthas orainn go léir faoin gcomhrá a bhí againn.

Zón 12. Sin a bhí scríofa agam ar an bpáipéar a fuair mé uathu. Nuair a chonaic mé an gárda taobh amuigh bhí áthas orm arís. Bheadh Gaeilge aige. D’fhiafraigh mé de cá raibh zón 12. Is thuig sé gach focal. Ach dhiúltaigh sé go hiomlán í a labhairt. Eiseann: Over there. Mise: Thall ansin san áit ina bhfuil an bhean ina seasamh? Eiseann: That’s right. Agus araile.

Ag stad an bhus chuir mé ceist ar an dtiománaí an raibh sé an dul go dtí an Muileann gCearr. Mar a tharla sé, Daithí Ó Flaithearta a bhí air agus Gaeilge álainn aige. Ach ní féidir bheith ag caint le tiománaí bus agus é ag tiomáint.

An bhfuil Gaeilge agat?

Mar sin, nuair a bhí mé suite istigh ann thosaigh mé ag labhairt mé leis an mbean in aice liom ag tosnú le “Gabh mo leithscéal. Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?” Bhí, mar a tharla sé. Chaith mé an chuid is mó den turas ag caint as Gaeilge le Damhnait Ní Loinsigh, bean chairdiúil,  go dtí gur shroicheamar an baile. Ba mhúinteoir í. Mhúin sí Laidin agus Mata i meánscoil ach bhí sí ar scor anois. Ní raibh aon focail deacra ná téarmaíocht nua-aimseartha sa chómhrá a bhí againn. Ach chuireamar aithne ar a chéile agus b’shin an chéad cómhrá fada a bhí agam sa bhaile. Bhí ionadh orm agus uirthi faoi. Ach mar sin féin bhí sé an-nádúrtha go deo. Níos sásúla ná Béarla. Shroicheamar an Muileann gCearr agus d’fhágamar slán lena chéile.

DSC_0005_thumb
Áras an Mhuileann, An Muileann gCearr

Bheadh cultúr, éadaí agus bia uaim sa bhaile. Shocraigh mé ar tosnú le ceol is craic. Bhí mé ar saoire. An oíche sin chuaigh mé go Áras an Mhuilinn. Is ionad iontach é.  In áit dul isteach san áit ina raibh an damhsa, chuaigh mé isteach sa seomra caife ag súil le comhrá a dhéanamh le daoine ann. Is orm a bhí an t-ádh. Bhí gaeilgeoirí den scoth ann. Bhí sé deireanach nuair a d’fhill mé abhaile tar éis an lá ar fad a chaitheamh ag labhairt Gaeilge. B’shin an chéad lá.

An lá ina dhiaidh lean mé ar aghaidh agus an lá dár gcionn mar bhí muinín agam asam féin. Ins na  siopaí agus ins na bialanna thosaigh mé leis an mantra “Ceist: an bhfuil Gaeilge agat?” agus d’éirigh liom i ngach áit. Bhí Gaeilge fiú ag an bhfear ó Shasana sa siopa rothar. Moladh do Kenneth i Heatons, do Holly Grey i Just Baked, do Jennifer Poole sa café in aice le Dunne’s, don cailín lách i bPeppers, do na daoine i ngach áit a labhair liom as Gaeilge. Bhí mo thaithí sa bhaile i bhfad níos saibhre mar gheall oraibh.

Níor chreid mé go raibh an oiread sin Gaeilge i mo bhaile dúchais.

Níor chreid mé go raibh an oiread sin Gaeilge i mo bhaile dúchais.  Ach ar an gceathrú lá bhí sé in am dom dul go dtí ‘An Ghaeltacht.’ Ag an stáisiún traenach bhí mé ag léamh an leabhar Pedro Páramo i nGaeilge. Thosaigh bean in aice liom an caint liom i mBéarla, ag cur ceist orm faoin leabhar. Ós rud é go raibh mé ag smaoineamh i nGaeilge ansin, ní raibh fonn orm athrú go Béarla. Mar sin thaispeáin mé an leabhar di agus mhínigh mé (go mall as Gaeilge) mo phlean Gaeilge a labhairt. Bean álainn a bhí inti agus bhí a Daid léi ar an taobh eile. “Ú,” ar sise. “I understood that.” Ansin thosaigh sí ag caint liom i nGaeilge, go mall ar dtús agus gan stró roimh i bhfad. Ó am go ham stop sé le rá lena Daid ar an taobh eile “I can’t believe I’m speaking Irish!” agus ar ais léi arís ag caint liom.  Veronica a bhí uirthi agus bhain mé an-taitneamh as ár gcomhrá. D’fhág mé slán léi agus lena Daid i nDún na nGall.

‘Sé an chéad rud a bhuail mé sa Ghaeltacht i nDún na nGall (i ndiaidh áilleacht na háite) ná go raibh mé ag labhairt níos mó Béarla ansin an chéad lá a bhí mé ann. Bhí daoine nach raibh Gaeilge ar bith acu ar an gcúrsa. Tá Gaeilge ón scoil ag daoine sa bhaile. Ach b’shin an chéad lá ann agus bhí Gaeilge le cloisteáil mór thimpeall orm freisin.

Chuaigh mé ansin le fáil amach cén draíocht a bhí ag Oideas Gael. Chuala mé faoi go minic ó dhaoine i Meiriceá. Tuigim anois cén fáth a a dtagann daoine ó thíortha i bhfad is i gcéin ar ais go dtí an áit sin bliain i ndiaidh a chéile. Tá na himeachtaí, an ceol, na múinteoirí, an cúrsa ar fad ar an gcaidhdeán is airde. Tá Gaeilge agus ár gcultúr ag fás ansin agus ag scaipeadh ar fud an domhain. Moladh go deo leo.

Ach nuair a bhí an tseachtain thart agus mé ar ais sa Mhuileann gCearr tháinig sé chugham go raibh na rudaí céanna is a bhí le fáil i nDún na nGall againne freisin (seachas na sléibhte). Chuala mé ceoltóirí ó Bhaile an tSrutháin agus ó Chúil an tSúdaire in Áras an Mhuilinn agus bhí siad dochreidthe! Bhí rinceoirí den scoth ann chomh maith agus stíl sean-nós ag na daoine óga. Seoda beo. Gaeilge, ceol, cultúr: bhí siad anseo in aice linn an t-am go léir. Chuaigh mé ag taisteal is labhair mé Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh is ní raibh fadhb ar bith agam in aon áit. Is Gaeltacht í an tír go léir. Creid é.

Ar m’oíche dheireanach sa bhaile chuaigh mé go ar ais go Áras an Mhuilinn. Is bhuail mé le Brendon ann. “Níl focal Gaeilge agam.” Sin a dúirt sé agus ní raibh aon rud as bealach ná neamhchoitianta ag baint leis an ráiteas sin seachas go ndúirt sé as Gaeilge é agus go raibheamar tar éis bheith ag caint le chéile ar feadh fiche nóiméid trí Ghaeilge amháin, rud a luaigh mé dó ag taispeáint an t-am dó ar m’uaireadóir.

Duine lách a bhí ann. Chuala sé mé ag labhairt le fear eile as Gaeilge ar an mbealach isteach agus phioc sé suas an comhrá ag labhairt go mall ar dtús agus muid ag cur aithne ar a chéile ar an mbealach isteach go dtí an Seisiún thuas staighre.

Cé gur dhiúltaigh sé go raibh Gaeilge aige, bhí sé líofa agus bhí sé soiléir go raibh áthas air an teanga a úsáid. Fuair mé amach tar éis píosa maith cainte go raibh aithne aige ar mo Dhaid agus fuair sé amach go raibh mé ag fanacht i dteach mo Dhaid fhad is a bhí mé sa bhaile. An mhaidin ina dhaidh sin, mo mhaidin deireanach sa tír, fuair mé beart sa bhosca litreacha: leabhar a scríobh sé a bhí ann mar bhronntanas dom. Sin cineáltas duit.

♫ ‘Lig mé saor ón suan atá orm.’ ♫ Sin líne ó leagan Coláiste Lurgan den amhrán Wake Me Up. D’fhéadfadh sé a bheith ag tagairt don teanga féin. Tá Gaeilge inár n-intinn is in ár gcroíthe in áit chiúin ina codladh. Caithfear í a dhúisiú, go gcloistear í trí bhéal an phobail.

‘Oscail do shúile agus ansin oscail aríst iad.’ B’shin comhairle Granny Weatherwax i leabhar Terry Pratchett. Sin an draíocht. Sin atá le déanamh againn. Feicimid na daoine mór thimpeall orainn agus labhraíonn muid as Béarla leo. Ach má fheiceann muid arís ón gcroí, le tuiscint, feicfimid go bhfuil Gaeilge acu agus fonn orthu í a labhairt. Tá orainn an doras a oscailt don domhan eile sin nach bhfuil i bhfad uainn. Ach caithfear é a oscailt go ciúin is an teanga a mhealladh amach go binn le cion is le dearbhú. Sin an rún. Taispeáin di ‘bóthar éasca cothrom.’ Áit slán ó náire. Áit lán le háthas is bród. “People will respond to an opportunity to engage with the language,”  a dúirt Micheál O Foighil ag caint leis an Times le déanaí i http://www.irishtimes.com/life-and-style/the-youtube-approach-to-learning-irish-1.1496607 Ní hamháin sin. Tá siad ag súil go mór leis le fada, i ngan fhios dóibh fhéin.

Is Gaeltacht í an tír go léir más mian linn.

Is Gaeltacht í an tír go léir más mian linn. Tá rogha againn. ‘Sé m’aistear é. Níl fhios cén fhad a mhairfidh sé.’ Roghnaím saol le Gaeilge mar ansin atá an muintearas. Is réabhlóid chiúin í an Aiséirí na Gaeilge seo. Ach is féidir linn go léir bheith páirteach ann ag tosnú le “Ceist. An bhfuil Gaeilge agat?” Tá Gaeilge i ngach áit. Tosnaíonn sé linne.

“Ach, sure they all speak English anyway”

Fanatics, An Coimisinéir agus Hiroo Onoda, tuairim le Ciarán Dunbarrach

Chuala muid go léir, is dóigh liom, scéal Hiroo Onoda, leifteanant in arm na Seapáine, a throid ar aghaidh tar éis dheireadh an dara chogadh domhanda go dtí 1974.

D’éirigh sé as an chogadh cé nár ghéill sé riamh nuair a tháinig a oifigeach ceannais as an tSeapáin chun orduithe a thabhairt dó chun déanamh amhlaidh.

onoda quits
Deireadh chogadh Hiroo Onoda, cha raibh ach saighdiúir amháin eile fós ag troid tar éis gur éirigh Onoda as.

Fanaiceach ceart a ba é seo, cé gur éirigh go maith leis ina dhiaidh sin agus go bhfuil sé fós beo.

Is ionann fanaiceach agus duine nach féidir dearcadh dhaoine eile a thuigbheáil agus atá dúghafa le cúis ar leith. Dar le Winston Churchill, “is ionann fanaiceach agus duine nach féidir a dhearcadh a athrú agus nach n-athróidh an t-ábhar plé.”

Ní gá mar sin gurb ionann an fanaiceachas agus radacachas cé go mbíonn mearbhall ar dhaoine in amanna agus iad ag iarraidh idirdhealú a dhéanamh eatarthu.

Agus mé ag cur fúm sa Ghaeltacht, tá an focal ‘fanatic’ cloiste agam minic go leor agus daoine ag cur síos ar Ghaeilgeoirí na Galltachta agus ar ghníomhairí teanga sa Ghaeltacht – ní gá a bheith ro-radacach chun an lipéad áirithe sin a mhealladh ort féin.

Ach ní dóigh liom gur féidir an lipéad sin a úsáid i leith an choimisinéara teanga, Seán Ó Cuirreáin.

Coimisinéir de chuid an stáit, ceaptha ag Uachtarán na hÉireann faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla.

An tseachtain seo caite, rinne Seán Ó Cuirreáin óráid inar léirigh sé gur “cur i gcéill” a bhain le polasaithe an Stáit i dtaca leis an Ghaeilge de ó thús ama.

“Soiniciúlacht, cur i gcéill agus an mhéar fhada a bhí sa treis,” a dúirt sé, “B’ionann sin agus an Stát ag rá le pobal na Gaeltachta “Labhraígí Gaeilge le chéile, coinnígí beo í mar theanga phobail ach ná labhraígí linne í!”

An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa agus An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin
An tUachtarán Máire Mhic Giolla Íosa (mar a bhí ag an am a glacadh an pictiúir) agus An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin

Níor bhain sé féin úsáid as na focail ‘bréaga’ agus ‘bréagóirí’ ach i ndiaidh dom a óráid a léamh, ní bheadh aon leisce orm na focail sin a úsáid.

Óráid láidir, ciallmhar, réasúnta agus radacach a bhí ann – bunaithe ar thaighde agus ar fhíricí.

Mar sin féin, cha raibh mórán de raic ann, níl aon chaint air sna meáin Bhéarla, ní raibh aon agóid ann mar gheall air.

Tá muid chomh coimeádach séimh is a bhíomar riamh. Tá an fhírinne nochtaithe agus is searbh lofa an fhírinne chéanna ach níor mhaith leis an chuid is mó againne rud ar bith a dhéanamh faoi – muidne ró-bhuartha faoin lipéad gránna sin – fanatic.

Tá mé féin spreagtha ag an gCoimisinéir chun mo chearta teanga iomlán a iarraidh, cé go bhfuil mé cinnte go mbeidh mé thíos leis. Admhaím nár iarr mé i gcónaí iad – ar eagla go ndéarfadh daoine gur fanaiceach mé is dócha.

Bíodh acu.

Dúirt Gaeilgeoir mór le rá a bheadh clú air mar dhuine measartha uair amháin liom gur fanaiceach gach duine atá go fóill ag caint i nGaeilge agus nár cheart a shéanadh nó a bheith buartha faoi.

Níl a fhios agam faoi sin caithfidh mé a rá, an ionann dílseacht agus fanaiceachas? An fanaiceach gach duine atá a roghnaíonn Polainnis a labhairt sa teach seachas Béarla mar shampla?

Dúirt an Coimisinéir, “Ba cheart go gcinnteoidh na leasuithe atá le déanamh ar an Acht Teanga go mbeidh Gaeilge ag fostaithe an Stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll.”

Is beag Gaeilgeoir nach n-aontódh leis sin cé gur mhó an méid againn a bheadh gan mórán dóchais go dtarlóidh sé sin tar éis go bhfuil fimíneacht an stáit agus naimhdeas eilimintí áirithe sa stáitseirbhís léirithe arís eile.

Ach, cé go n-aontaím go láidir leis an choimisinéir, smaoiním ar an réaltacht sa Ghaeltacht, poist á gcruthú ag an Údarás gan aon choinníoll teanga is nach ndéanann a dhath don Ghaeilge.

supermacs-e1331405124461
Fonn ort seo a ithe? Bíodh Béarla agat

Agus na gnólachtaí seo, caiféanna, chippies, siopaí, agus tithe tábhairne I gceart lár na Gaeltachta, ar le cainteoirí dúchais iad den chuid is mó ach a fhostaíonn daoine gan Ghaeilge ….

“Sure nach bhfuil Béarla acu ar fad?” a deirtear, “Agus ar ndóigh, ní bheifeá ag cur isteach ar dhuine ar bith … seachas na fanatics sin ar ndóigh.

Fiú as na rudaí sin a lua, tá a fhios agam go gcuirfidh cuid mhór daoine síos orm mar fhanaiceach gan chiall ach an féidir a bheith ag súil le seirbhís Ghaeilge ón stát nuair nach mbacann go leor gnólachta áitiúla leis an choinníoll chéanna?

Títear domsa gurb iad lucht an Bhéarla éigeantaigh na fíor-fanatics sa scéal seo agus mar a dheireadh na seandaoine, tá measarthacht ar achan rud, agus ní hionann do bhunchearta teanga a iarraidh i do thír féin agus a bheith fós ag troid tríocha bliain tar éis gur chríochnaigh an cogadh.

An fhírinne shearbh faoin stát is an Ghaeilge

Máta, leadóg agus Inis Mór

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

hInsíodh scéal suimiúil dom ar na mallaibh, faoi Mheiriceánach ar an ‘Late Late’ blianta ó shin, cuireadh ceist air, goidé a shíl sé do na hÉireannaigh agus dár nósanna.

D’fhreagair sé gur shíl sé go raibh muid ar mire glan, nuair a fiafraíodh de cén fáth, thug sé an míniú seo a leanas.

“Sa chás go mbíonn páiste ann in Éirinn, agus go mbíonn bua acu do leadóg ach go mbíonn deacrachtaí acu i dtaca leis mháta de, goidé a dhéanann tuismitheoirí Éireannacha ach iad a choinneáil ar shiúil as an leadóg agus teagascóir a íoc chun dian-chúrsa máta a thabhairt dóibh.”

Dar leis go bhfuil sé sin seafóideach, gur cheart dúinn díriú isteach ar an leadóg agus gan a bheith róbhuartha faoi mháta sa chás sin.

Chuireas dúspéis sna cúinsí áirithe sin agus chuir mé ceist ar thuismitheoirí goidé a dhéanfadh siad sa chás áirithe seo, gan eisceacht bhíodar ar an fhocal faoi – amach leis na leabhair mháta agus caith an raicéad leadóige úd sa bhosca bruscair.

Ní dóigh liom go mbeidh leithéid Andy Murray ag teacht ón tír seo go luath!

dun-aengus-inis-mor
Dún Aengusa, Inis Mór

Tháinig an scéal seo chun cuimhne dom  agus mé ar bhád farantóireachta tráthnóna Dé Domhnaigh, ar mo bhealach ar ais as Inis Mór Árann, tar éis an-sult a bhaint as lá a chaitheamh istigh san oileán.

Chuaigh fiontraíocht mhuintir an oileáin agus go leor acu thíos ag an ché ag iarraidh seirbhísí a dhíol linn agus fógraí a thabhairt dúinn i bhfeidhm orm. Chuir an eispéireas Ryanair i gcuimhne dom, ag iarraidh gach pingin rua a fháil as do phóca a fhad is a bhfuil tú ansin.

Anois ná bíodh aon mhíthuiscint ann, ní maslú é seo ach moladh ó chroí. Tá ardmheas agam ar dhíograis mhuintir an oileáin seo agus a gcumas chun teacht i dtír go maith ar a bhfuil d’acmhainní acu.

Rith sé liom is mé ar an bhád, cé nach bhfuil neamhaird á dhéanamh acu ar an mháta, tá muintir Inis Mór ag díriú ar an leadóg thar aon rud eile, má thuigeann tú leat mé. Tá siad ag baint an leas is mó agus is féidir as an gcumas atá acu – as a scéalta, as a n-oidhreacht, as a stair agus as áilleacht nádúrtha na háite.

An bhfuil ceacht anseo don tír ar fad? Ar cheart dúinn ar fad an rud céanna a dhéanamh?

Kinnahalla
Lag a’ Bheithe, Cluain Daimh, Co. an Dúin

Don dara sheachtain as a chéile, caithfidh mé mo bhaile dúchais féin a lua, Cluain Daimh. Ní dhéanann muid aon rud i dtaca leis an turasóireacht de agus déanta na fírinne, bheadh go leor daoine in amhras faoi, buartha faoi rialacháin a chuirfeadh bac ar an fheirmeoireacht agus ar an tógáil.

Ach tá óstán againne, corr theach tábhairne maith, móta agus bábhún, coillte, iascaireacht, an-saibhreas seandálaíochta, cromleac den scoth agus gan amhras na Beannaí Boirfe ar leac an dorais, ach ní shaothraíonn muid oiread is pingin rua ar na rudaí seo. Tá mé ag déanamh go bhfuil go leor áiteanna eile sa tír díreach cosúil linn.

B’fheadfaí gur cheart dúinn gan a bheith róbhuartha faoin mháta agus díriú isteach ar an leadóg seo?

Tá an-bhéim ar fad á chur ar thionscail na teicneolaíochta, an geilleagar digiteach cliste mar a déarfá i láthair na huaire agus is ann atá ár ndóchas á chur maidir le biseach eacnamaíochta.

Chuige sin tá an-bhéim á chur ar mháta sa chóras oideachais faoi láthair agus pointe bónais á thabhairt don ábhar – mar sin an rud a d’iarr cumhachtaí tionscalaíochta.

Má tá, tá go leor cainte ann faoi stádas na Staire mar ábhar scoile a ísliú sa chóras oideachais, agus an Ghaeilge féin fiú, na rudaí céanna a bhaineann muintir Inis Mór an-tairbhe eacnamaíochta astu.

Seans gur damhsoirí, scríbhneoirí, cainteoirí, galfairí, ceoltóirí agus siamsóirí sinne ó dhúchas, seans gur cheart dúinn díriú ar an turasóireacht seachas ár n-uibheacha ar fad a chur i gciseán na teicneolaíochta amháin?

Agus ar ndóigh, ní leor teicneolaíocht amháin, is é an chruthaíocht agus tairgíocht croí na hidirlíne thar aon rud eile, níl sa teicneolaíocht ach an meán.

Dála an scéil, bhain mé mo sháith suilt as an Inis Mór agus a muintir agus cibé goidé rud a deir duine ar bith, Gaeltacht ‘catagóir A’ is ea Inis Mór go fóill dar liomsa.

Éistimis leis an aos óg

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

[Is leagan leasaithe é seo d’alt a foilsíodh ar an Tuaisceoir cheanna féin]

An mhí seo caite, foilsíodh alt leis an taighdeoir Donncha Ó hÉalaithe i gComhar maidir le Staid na Gaeltachta agus cén catagóir a bheadh na ceantair éagsúla Gaeltachta dá gcuirfí na critéir theangeolaíochta a mhol an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta i bhfeidhm.

Anailís an-chruinn agus úsáideach a ba é seo ó pheann Dhonnchaidh Uí Éallaithe.

Den chéad uair riamh, chonacthas domsa go bhfuil ábhar dóchais éigin ann ó thaobh staid na Gaeilge sa Ghaeltacht ann – cé go bhfuil ábhar buairimh ann chomh maith ar ndóigh.

Ach mar a dúirt Donncha san alt, seo an uair dheireanach a bheas muid in ann a leithéid de thaighde a dhéanamh de bhrí gur cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge ar an drochuair.

As seo amach, beidh fios s’againne ar stádas na Gaeilge sa Ghaeltacht ag bráth ar an eolas atá le fáil sa daonáireamh amháin, agus ar an drochuair, ní róchruinn an tomhas é seo.

Spreag  taighde Dhonncha go leor cainte agus díospóireachta agus mar is  gnáth, pléadh dearcadh an aosa óig i leith na Gaeilge sa chomhthéacs sin.

aerial-view-of-spiddal
An Spidéal (nó ‘Spiddal Village’ mar a thugtar air go coitianta i measc na mBéarlóirí) ón aer. Go leor Gaeilge fós á labhairt ach ní i measc an aosa óg? – cén fáth, sin an cheist.

Tá mise i mo chónaí sa Spidéal le breis is trí bhliain anuas, Gaeltacht láidir ar go leor bealaigh í an Spidéal, ach san am sin uile go léir, níor chuala mé daoine óga, is é sin daoine faoi fhiche bliain d’aois as an pharóiste ag caint i nGaeilge eatarthu féin ach dhá uair. Agus uair acu sin, ba léir go raibh gasúr díreach ag mess-áil thart is ag déanamh aithrise ar sheanfhear.

Chuala mé daoine idir 20 agus 30 ach caint i nGaeilge eatarthu féin ach mar sin féin, ba thearc sin chomh maith.

Mar sin féin, aisteach go leor, deirtear liom go bhfuil na daoine óga seo iontach báúil don Ghaeilge, agus go bhfuil siad bródúil go bhfuil an teanga acu agus gurb as an Ghaeltacht iad. Ach cheana, ní labhraíonn siad í.

Ní dhéanaimse aon bhreithiúnas orthu, is trua liom gurb é sin an cás. Ach tá cearta teanga acu, an ceart leis an Ghaeilge a dhiúltú san áireamh.

“Bás sóisialta a bheadh ann an Ghaeilge a labhairt,” a dúirt iardhalta Choláiste Chroí Mhuire, meánscoil an Spidéil, liom.

“Ní labhrófá an Ghaeilge sa scoil sin, outsider amach is amach a bheadh ionat.”

Ach an cainteoirí dúchais iad na daoine óga seo? An bhfuil siad ag séanadh a ndúchais nó díreach ag cloí le fíor-dhúchas s’acu – an Béarla?

Mar shampla, ní bhfuair ach 39.0% de theaghlaigh an cheantair Scéim Labhairt na Gaeilge iomlán in 2006.

Dar le Plean Teanga an Spidéal

  • “Tógadh níos lú ná leath den phobal le Gaeilge nó le Gaeilge den chuid is mó”
  • “Is as taobh amuigh den Ghaeltacht iad 42% den daonra.”

Sin dá staitistic thromchúiseach don teanga.

Sráidbhaile idirnáisiúnta an Spidéal ar go leor bealaigh. Mar gheall ar sin, cé go maireann an Ghaeilge mar theanga phobail, is í an Béarla teanga choitianta an phobail go léir.

“Is caol an seans gurb í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobail a bheas ag an nglúin atá le teacht,” a deir an plean teanga agus SIN É, an buille marfach, an fhírinne lom.

Mar sin féin, tá sé tábhachtach gan an milleán ar fad a chur ar dhaoine atá ag bogadh isteach sa cheantar.

Tá cainteoirí dúchais ann atá ag tógáil a gcuid páistí le Béarla amháin agus tá daoine ann a rugadh is a tógadh sa cheantar a roghnaíonn gan an Ghaeilge a labhairt níos mó.

Ní minic a fhágtar gan smaoineamh mé, ach nuair a chuirim an cheist orm féin, “Conas a chuirfinn aos óg an Spidéil ag gaeilgeoireacht?”, caithfidh mé an cheist a fhreagairt go hionraic.

Níl barúil dá laghad agam.

Agus glacann sé sin ar ais mé chuig na comhráití ar thaighde Dhonncha, is minic a luadh an t-aos óg ann ach níor chuala muid glór an aosa óig iad féin.

Nach mbeadh sé go maith dá labhródh muid leo go díreach seachas a bheith ag caint fúthu agus ag déanamh tomhais ar a mianta?

Nach mbeadh sé go maith chun aos óg na Gaeltachta arbh fhearr leo Béarla a labhairt a fháil ar an raidió ag míniú dúinn cén fáth?

B’fhéidir go mbeadh smaointe acu faoi cén dóigh an Ghaeilge a láidriú nó b’fhéidir go gcuirfeadh siad in iúl dúinn nárbh fhiú iarracht a dhéanamh agus nach bhfuil suim acu ach sa Ghalldú?

Cibé caidé, mura gcuirfear an cheist, ní bhfaighfear aon fhreagra.

Scoláireachtaí Gaeilge Fulbright bronnta

Fulbright

Fógraíodh inniu go bhfuil 31 scoláireacht Ghaeltachta le bronnadh ar 15 foghlaimeoir Gaeilge as Ceanada agus 16 as na Stáit Aontaithe Meiriceá mar chuid de chlár Fulbright.

Chuir an tAire Stáit Ghaeltachta, Dinny McGinley, fáilte roimh na scoláirí in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua i Gaillimh inniu.

D’fhreastail ionadaithe as Ambasáidí Cheanada agus na Stát Aontaithe ar an searmanas chomh maith.

Le linn a chuairte, bhronn an tAire Dámhachtainí Gaeilge Fulbright ar bheirt mhac léinn as na Stáit Aontaithe chun Céim Mháistreachta sa Nua-Ghaeilge a chur i gcrích in OÉG.

Bronnadh Dámhachtainí Samhraidh na Gaeltachta ó Fhondúireacht Ollscoile na hÉireann-Cheanada (ICUF) agus ó Choimisiún na hÉireann-Stát Aontaithe um Malartú Oideachasúil (Coimisiún Fulbright) ar na foghlaimeoirí eile as Meiriceá agus Ceanada.

Bhronn an tAire dámhachtainí freisin ar sheachtar teagascóirí Gaeilge a rachaidh chuig ollscoileanna ar fud Cheanada chun an Ghaeilge a mhúineadh.

“Cuireann na malartuithe seo,” arsa an tAire, “deis luachmhar ar fáil d’Éirinn chun cultúr agus cruthaitheacht na Gaeltachta a chur ar taispeáint agus cuidíonn siad chun féidearthachtaí amach anseo d’fhorbairt acmhainní, do chomhoibriú agus do mhalartuithe a aithint.”

Thug sé suntas do líon na scoláirí nach raibh in Éirinn cheana nó nach raibh aon cheangal teaghlaigh ar chor ar bith acu leis an tír.

Baile Úr Gaelach d’Albain

Funding agreed for first stage of new Gaelic village in Skye

Tá gliondar ar lucht Sabhal Mòr Ostaig, an tIonad Náisiúnta Teanga agus Cultúr na Gaeilge in Albain, tar éis gur aontaíodh £1 milliún de mhaoiniú Eorpach a chur ar fáil dá sráidbhaile nua Gáidhlig, an Chill Bheag.

Beidh an sráidbhaile nua lonnaithe i Sléite san Oileán Sgiathanach, áit a bhfuil an Coláiste lonnaithe faoi láthair.

D’fhógair an Leas Phrìomh Mhinistear, Nicola Sturgeon, BPA, go rachaidh £1.908m de mhaoiniú caipitleach chur ar fáil don togra ó Chistí Struchtúracha na hEorpa.

KilbegUpdatedMasterPlan
Mór-phlean na Cille Bige

Cuirfidh an maoiniú seo leis an mhaoiniú de £6.7 milliún atá faighte ag an togra go dtí seo ó Riaghaltas na h-Alba, Iomairt na Gàidhealtachd is nan Eilean, Chomhairle Mhaoineachaidh na h-Alba, Chomhairle na Gàidhealtachd is Urras Leasachaidh Sabhal Mòr Ostaig.

Ciallaíonn sé seo go léir gur féidir toiseacht ar an togra go láithreach.

Maitear go mbeidh an-tionchar dearfach ag an togra seo ar an gheilleagar áitiúil, cruthóidh sé féin 20 post agus beidh 50 fostaithe le linn na tógála.

Tá sé i gceist 75 theach a thógáil san iomlán thar fiche bhliain.

Tógfar ionad comhdhála le 40 seomra chomh maith.

Dúirt Neach-cathrach SMO, an Siorraidh Ruaraidh Iain MacLeòid, “Tha am Bòrd Stiùiridh air leth toilichte gu bheil an Sabhal Mòr a-nis ann an suidheachadh far an urrainn dhuinn a dhol air adhart leis a’ phròiseact bhrosnachail lèirsinneach seo.

“Chan ann a h-uile latha a gheibh ionad-foghlaim an cothrom a dhol an lùib leasachadh cho sàr-shamhlachail, a fhrithealas feumalachdan leasachadh fearainn an t-Sabhail san àm ri teachd ach cuideachd, ann an com-pàirteachas leis a’ choimhearsnachd, a chruthaicheas dhan Eilean Sgitheanach a’ chiad bhaile ùr bhon a stèidhichear baile Phort nan long far an do thogadh mi-fhìn le muinntir na Hearadh is Leòdhas o chionn ceud bliadhna.”

Lean Mgr MacLeòid air, “Tha am pròiseact a’ tachairt aig crois-rathaid chudromach ann an eachdraidh an t-Sabhail Mhòir: bidh a’ chiad phloc air a ghearradh ann an 2013, nuair a bhios sinn a’ comharrachadh an 40mh Ceann-bliadhna againn.

“Tha an tuiteamas sin gu math iomchaidh seach gum bi am baile ùr, ann an iomadh dòigh, na thaisbeanadh air amasan agus rùintean Shir Iain Noble agus nan Urrasairean aige a stèidhich SMO, gum biodh Gàidhlig, mar chànan, na h-adhbhar brosnachaidh do leasachadh eaconamach agus sòisealta san sgìre. Tha mi cinnteach às gum biodh iad air a bhith gu mòr air cùl na tha fo ar comhair an-dràsta.”

Dúirt Prionnsapal Sabhal Mòr Ostaig, an t-Ollamh Boyd Robasdan, “Tha lèirsinn agus ùr-ghnàthachas air a bhith nan comharran air Sabhal Mòr Ostaig bho thoiseach agus tha  Pròiseact àrd-mhiannach na Cille Bige gan taisbeanadh uair eile.

“Tha maoineachadh ERDF fìor chudromach seach gun leig e leis a’ Cholaiste teannadh air an obair a bhios co-cheangailte ri bhith a’ cur lèirsinn a’ Mhòir Phlana an gnìomh.  Bidh buannachd dhan Cholaiste is dhan choimhearsnachd ann an leasachadh na Cille Bige agus cuiridh e spionnadh às ùr ann an ath-bheothachadh eaconamach Shlèite, a chaidh a spreigeadh le stèidheachadh SMO ann an 1973.”

Dúirt Donaidh Rothach, Stiùiriche Leasachaidh, Maoineachaidh is nan Ealain ag Sabhal Mòr Ostaig, “Tha seo a’ toirt cothrom do SMO, ann an com-pàirteachas leis a’ choimhearsnachd ionadail, airson baile ùr, beothail is seasmhach a chruthachadh agus a’ Ghàidhlig a ghleidheadh ann an teis-meadhan na coimhearsnachd. ‘S e pròiseact lèirsinneach fad-ùine a th’ anns a’ Chill Bhig agus thèid a leasachadh mean air mhean airson caochladh ghoireasan a sholarachadh don Cholaiste fhèin is don choimhearsnachd ionadail.

“Thèid goireasan spòrs, air a bheil cruaidh-fheum, a liubhairt an lùib ìrean leasachaidh a’ Mhòir Phlana, agus taighean air prìsean reusanta, bùithtean is gnìomhachasan, toglaichean foghlaim is rannsachaidh, goireasan co-labhairt is thachartasan, taigh-òsta beag agus suas ri 75 taighean a thoirt gu buil.

“Chaidh na riaghailtean dealbhaidh aontachadh an lùib co-theacs an Aonta Dhealbhaidh airson dèanamh cinnteach gun coilean an leasachadh na h-ìrean as àirde a thaobh àrainneachd agus ailtearachd agus gum bi a’ Chill Bheag na deagh eisimpleir air leasachadh dùthchail a tha an dà chuid ùr-nodha agus seasmhach.”

Trácht 

Ciarán Dúnbarrach

Níl aon amhras faoi go bhfuil an togra seo an-dearfach do chúis na Gaeilge in Albain.

Is réabhlóideach an rud é chun 75 theach a thógáil do lucht na Gáidhlig.

Is léir gur laoch i measc na laochra é Iain Noble, an fear a chuir tús le Sabhal Mór Ostaig.

Is é an cheist ná – arbh fhéidir a leithéid a thógáil in Éirinn?

An mbeadh Foras na Gaeilge nó Údarás na Gaeltachta sásta a leithéid a mhaoiniú i mBreacGhaeltacht in Éirinn, agus muna mbeadh, cén fáth?

An mbeadh go leor fuinnimh fágtha i nGaeil na hÉireann chun tabhairt faoi?

Bhí pleananna ar bun chun a leithéid a thógáil i nDeisceart Thír Eoghain ach theip ar an togra de bhrí nárbh fhéidir leo ceadúnas pleanála a fháil do na tithe agus de bhrí gur cuireadh deireadh le deontas na heagraíochta a bhí taobh thiar de.

Féach chomh maith 

Tacaíocht níos mó ná mar a shíleadh don Ghaeilge in Albain

‘Tosaíocht’ do chritéir phleanála Ghaeilge agus Ghaeltachta

An tAire Stáit Ghaeltachta, Dinny McGinley TD.
An tAire Stáit Ghaeltachta, Dinny McGinley TD.

Tá sé ráite ag an Aire Stáit Ghaeltachta Dinny McGinley go bhfuil ‘tosaíocht’ á thabhairt ag a Roinn do na critéir pleanála teanga a bheidh mar bhunús chun pleananna Gaeilge a cheadú do cheantair Ghaeltachta, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge.

Ag freagairt ceist pharlaimint an tseachtain seo caite ó urlabhraí Ghaeltachta Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, dúirt an tAire go mbeidh na critéir mar chuid de reachtaíocht tánaisteach Acht na Gaeltachta 2012.

Ag freagairt ceist eile ó Martin Ferris ó Shinn Féin dúirt an tAire Stáit go bhfuiltear ag súil go mbeadh rialacháin a bhaineann le pleanáil teanga réidh i mí Meitheamh agus go dtabharfar cuireadh do phobail pleananna teanga a chur i dtoll a chéile ag an am sin.