Ceolchoirm Adele curtha ar ceal

“An rud is annamh is iontach” a deirtear, ach anocht nuair a rinne amhránaí Adele postáil neamhchoitianta a dhéanamh ar Facebook, ní dea-scéal a bhí aici le roinnt.   Faoi láthair tá an bhean óg ó Londain ar thuras domhanda tar éis di a halbam ‘25’ a fhoilsiú i mí na Samhna seo caite. Le […]

https://diograiseachdochasachdilis.wordpress.com/2016/08/18/ceolchoirm-adele-curtha-ar-ceal/

Imní go raibh bunús ciníoch le cinneadh páistí a thógáil

Anailís le Seán Mícheál Ó Donnchadha

Tá imní  léirithe ag ENAR  go raibh bunús ciníoch leis an gcinneadh beirt ógánach ón bpobal Róma a thógáil óna dtuismitheoirí. Dheimhnigh tástálacha DNA a deineadh ar chailín óg seacht mbliana d’aois gurb í iníon theaghlach Rómach í.

20111101035931Roma-Gypsies
Muintir Róma, an cultúr imeallaithe

Bhí Aoife Ní Mhurchú ón Eagraíocht ENAR ag caint faoin eachtra seo ar Athmhaidin. Dúirt sí go raibh mionlaigh eithneacha  an-bhuartha agus go raibh níos mó ná  aon eachtra amháin i gceist mar bhí páiste i gceist ag Baile Átha Luain  freisin ar bharr ar an cás i dTamhlacht. Bhí gach dealramh go raibh próifíliú eithneach agus idirdhealú ciníoch [ ethnic profiling and racial discrimination] i gceist.

Tá an tAcht um Chúram Páistí soiléir nach féidir páistí a thogaint óna dtuismitheoirí ach i gcás go bhfuil baol láidir dáiríre ar an toirt  do shláinte an Pháiste. Is cosúil sa chás seo nach san a bhí i gceist ach go raibh craiceann difriúil ag na páistí a tógadh, craiceann bán agus gruaig fhionn san áireamh. Bhí páistí eile sa teach agus níor toghadh iad san.

Chuir Bean Uí Mhurchú fáilte roimh an fiosrúchán atá ordaithe ag an tAire Alan Shatter ó Choimisinéir na nGardaí agus an ceann eile ag Francis Fitzgerald ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte. Cháin Mary Lou McDonald, Leas- cheannaire SF sa Dáil an chur cuige seo agus ghlaoigh sí ar fhiosrúchán neamhspléach. Is cosúl go mbeidh Ombudsman Do  Leanaí Emily Logan ag deanamh fiosrúchan neamhspléach freisin ar an gcás.

Ar an drochuair tá na  hÚdaráis, Na Gardaí agus Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte idir dhá thine Bealtaine sna cásanna seo. Is é sláinte na bpáistí an cloch  ba mhó ar a bpaidrín agus ar  a shon sin caithfidh siad ghníomhú nuair a bhfaigheann siad fáisnéis ón bpobal. Dá mba rud é nár rinne siad tada agus go raibh mí-úsáid páistí i gceist bheadh an pobal ar mire ach caithfidh siad bheith cúramach gan cearta daonna éinne a shárú.

Bhí a lán poiblíocht faoi na cásanna seo go mór mór tar éis an cás sa Ghréig ina bhfuair póilíní a bhí ar thóir drugaí i lonnaíocht Rómach [Roma Settlement]cailín fhionn nár leis na tuismitheoirí í. De bhrí gur chuir sé sin na Gardaí faoi bhrú sna meáin is deachair a thuigbheáil an chiall a bhí leis an leid a thug na Gardaí do tuairisceoir imscrúduithe [investigative reporter] faoin gcás seo.

Bhí Uinsíonn De Brún ag rá i TV3 go raibh fuadach páistí i gceist agus ós rud é go raibh sárú dlí anseo  go gcaithfear  daoine a chúiseamh faoin bhriseadh dlí seo. Im thuairimse tá sé ro-luath a bheith ag caint faoi ionchúiseamh  go dtí go dtiocfaidh an fhianaise go léir amach sna fíosrúcháin atá beartaithe.

Bhí Martin Collins Co-ordaitheoir ar an Eagraíocht Pavee Point a dhéanann ionadaíocht ar son an lucht súil agus ionadaithe ar son an bPobal Rómach ar Chlár Uinsinn De Bhrún ar TV3 aréir agus d`aontaigh siad leis an gcur cuige seo. Dá mba rud é gur deineadh botún, agus gach dealramh gurbh amhlaidh sa chás seo, d`iarr siad ar an Rialtas leithscéal a ghabháil leis an bPobal Rómach ionas nach mbeidís buartha faoi todhchaí  a bpáistí faoin dlí sa tír seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh an dlí ar freastal ar gach duine sa tír seo ar bhonn cothrom.

Díospóireacht theasaí maidir le Ginmhilleadh

Tuairisc le Seán Míchaél Ó Donnchadha

Lean an díospóireacht ar aghaidh De Chéadaoin go dtí 5r.n maidin Déardaoin. Cuireadh tús leis an díospóireacht arís sa Dáil ag 4 i.n tráthnóna Déardaoin.

2302_Lucinda-Creigh_832764t
Reibiliúnach : Lucinda Creighton TD – caite amach as Fine Gael – an ligfear isteach arís í? An gcuirfidh sí páirtí úr ar bun? An bhfuil sí chun éirí as an pholaitíocht

Bhain an díospóireacht le leasuithe maidir leis an mBille um Bheatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint 2013.

Bhí sé socraithe go gcaithfí an vóta deiridh ag meán oíche De Chéadaoin  maidir leis an reachtaíocht ach ní mar seo a tharla sa deireadh.

Chuaigh an díospóireacht ar aghaidh go dtí 5am ar maidin Déardaoin agus níor déileáladh ach le 11 leasú ar fad as an  165 leasú ar fad a bhí molta.

Bhuaigh an Rialtas an chéad dá vóta sa Dáil maidir le leasuithe éagsúla a bhí molta – deireadh a chur leis an gclásal maidir le féinmharú agus leasú eile a dhéileáil le mínormáltachtaí marfacha féatais [fatal foetal abnormalities].

Dúirt sé teachtaí a bhí ar son rogha go raibh siad chun vótáil  i gcoinne an Bille mar go bhfuil sé ro-theoranta sna cúinsí ina gceadaítear ginmhilleadh; Clare Daly, Joe Higgins, Luke “ Ming” Flanagan, Richard Boyd Barrett, Mick Wallace agus Joan Collins. Bhí siad i gcoinne an pianbhreith de cheithre bhliana dhéag i gcoinne mná a bhris an dlí agus ba mhaith leo go gceadaíodh an Bille ginmhilleadh i gcásanna éignithe agus mínormáltachtaí marfacha féatais.

Dúirt Emer Mulhern go raibh sí chun vótáil ar son an Bille mar ní raibh sí chun a ligean dí féin a bheith caite amach as an Pháirtí cé go raibh fadhbanna aici leis an mBille.

Labhair Lucinda Creighton agus dúirt sí go raibh sí i gcoinne an Clasal 9 a cheadaíonn ginmhilleadh do mhná atá i mbaol féinmharuithe. Dúirt sí go raibh breith “Cás X”, a thógadh gan aon fhianaise liachta [medical evidence] mí-cheart agus ná raibh sí ag tabhairt tacaíocht don Bhille.

Bhí neamhspléachaigh cosúil le Michael Healy- Rae agus Mattie McGrath i gcoinne an Buille mar bhí siad i gcoinne ginmhilleadh.

Labhair “na ceithre reibiliúnaithe” ó FG, Terence Flanagan, Peter Matthews, Brian Walsh agus Billy Timmons i gcoinne an Bille.

Dúirt Roisín Shortall nách  mbeadh sí ag votáil ar son an Bille mar gur cheart ginmhilleadh a cheadú i gcásanna éignithe agus mínormaltáchtaí marfacha féatais. Bhí deacrachtaí aici lena gceadaítear ginmhilleadh déanach sa tréimhse iompair[gestational period] agus le ginmhilleadh i gcásanna féinmharuithe a bhí deachair a chruthú go cliniciúil. Bhí na socraithe chun tuairisciú a dhéanamh don Aire ó na hospidéil ar líon na ginmhilltí easnamhach.

Bhí Peadar Tóibín ó SF i gcoinne an Bille de bharr an clasál faoi fhéinmharú. Votáil sé i gcoinne mír den bhille aréir agus caithfear amach as an pháirtí é ar feadh sé mhí.

Chuir Joe Higgins dhá leasuithe ar aghaidh a gceadódh ginmhilleadh i gcásanna éignithe agus ciorrú coil [incest]. Bhí ceann ag Joan Collins a gceadódh ginmhilleadh i gcásanna ionsaithe mígheanasacha [sexual assaults].Thug Caoimhín Ó Caoláin ó SF tacaíocht do na leasuithe seo. Duirt an tAire James Reilly go raibh an Bille seo ag tabhairt reachtaíocht isteach a cheadódh ginmhilleadh faoi Cás X agus breithiúnas na Cuairte Uachtaraí go sainiúil agus dá bharr sin ní féidir glacadh leis na leasuithe seo.

Chuir Denis Naughton leasú ar aghaidh nách féidir aon cóir leigheas a úsáid a mbeadh mar thoradh air go gcuirfí deireadh leis an féatas sa bhroinn sa cás go mbeadh an féatas seo inmharthana [viable] taobh amuigh den bhroinn. Dúirt an tAire James Reilly nach nglacfar leis an leasú seo mar tá sé dleathach toirceas a fhoirceannadh i gcás ina bhfuil beatha, seachas sláinte,  na mná i mbaol faoi Cás X agus faoin reachtaíocht seo.

Chuir Lucinda Creighton leasú ar aghaidh go mbeadh sé mídhleathach ginmhilleadh a dhéanamh i gcás gur féidir le lucht leigheas breith spreagtha [induced birth] a thabhairt isteach. Chuir Roisín Shorthall ceann ar aghaidh a mbeadh teorann ama i gceist i gcás foirceannadh toirchis. Dúirt Peadar Tóibín go raibh fadhb mór ag a lán daoine faoi foirceannadh toirchis déanach agus iarr sé leasú nach gceadófaí  foirceannadh toirchis riamh níos déanaí na 12 seachtaine sa thréimhse iompair. Cháin Denis Naughton an tAire nach raibh na rialacháin[regulations] foilsithe leis an mbille. Dúirt sé go bhféadfadh Áire éile sa todhchaí athrú a dhéanamh ar na rialacháin reatha no fiú rialacháin nua a thabhairt isteach .Bhí leasú eile faoi breith anabaí dosheachanta [inevitable miscarriage] agus go gceadófaí ginmhilleadh sna cásanna sin.

Dúirt an tAire dá gcuirfí teorann ama isteach go gcaillfí mná. Níl ginmhilleadh ceadaithe san reachtaíocht seo ach amháin i gcás a bhfuil beatha na mná i mbaol. Diúltaigh se na leasuithe mar ní féidir teorann a chur le cheart.

Chuir Caoimhín Ó Caoláin leasú go gcuirfí dhá Tithe an Oireachtais agus an Ciste Pharlaiminte ábhartha ar an eolas faoi aon athrú ar liosta na n-oispidéil nua ina gceadaítear ginmhilleadh ná na  rialacháin. Diúltaigh an tAire agus dúirt go gcuirfí dhá Tithe an Oireachtais ar an eolas agus gur leor sin.

Chuir Joe Higgins agus Peadar Tóibín dhá leasaithe faoin eolas a mbeidh a bhailiú ag an Aire ionas go mbeidh an próiséas trédhearcach. Dúirt Roisín Shorthall go raibh sé tabhachtach go mbeidh an t-eolas go dtí an Aire follasach [explicit] ionas go mbeidh torthaí an reachtaíocht seo soiléir agus gur féidir maoirseacht cheart [propper supervision] a dhéanamh air. Diúltaigh an tAire do na leasuithe. Diarr Roisín Shorthall can a thaobh nach raibh an tAire chun staitisticí a fhoilsiú ar cén t-am a rinneadh an foirceannadh agus ar stádas an bhean agus an leanbh taréis an idirghabháil. Dúirt an tÁire nach raibh aon rud eile le rá aige faoin eolas a chuirfí ar fáil seachas a ndúirt sé cheana.

Bhí dhá leasuithe ag Clare Daly agus Joan Collins faoin tréimhse de cheithre bliana dhéag pionóis a ngearrfaí ar bhean nó éinne a thug tacaíocht dí faoi ghinmhilleadh a fháil. Níor ghlac an t Áire leis na leasuithe seo. Bhí ceann ag Lucinda Creighton go laghdófaí an tréimhse pionóis ó cheithre bhliana dhéag go dtí cúig bliana. Diúltaigh an tAire leis an leasú mar dúirt sé go raibh an tréimhse de cheithre bhliana dhéag ann dé réir comhairle ón Ard Aighne.

Agus í ag vótáil I gcoinne mír 58 den reachtaíocht ginmhillte dúirt  an Aire Stáit Lucinda Creighton, ‘Ní thiocfadh liom vótáil dó, go háirithe I bhfianaise an choimitmint soiléir a thug Fine Gael roimh an toghchán deiridh gan ginmhilleadh a thabhairt isteach. Tá tábhacht le geallúintí I bpolaitíocht, ach tá tábhacht ar Leith leo nuair atá ceisteanna beatha nó báis I gceist. Ní thiocfadh liomsa feall ar an gheallúint seo a thug mé is cuma cad iad na coinníollacha.’

Tá Lucinda Creighton briste as a post agus Paschal Donohoe roghnaithe ag Eanna Ó Cionnaith  chun teacht i gcomharbacht uirthi ina Aire Stáit do Ghnóthaí na hEorpa I ndiaidh di a vótáil I gcoinne reachtaíocht ginmhillte an rialtais sa Dáil oíche aréir. Tá sí caite amach as páirtí FG ach dúirt sí go leanfaidh sí ar aghaidh mar bhall den pháirtí agus nach raibh aon suim aici seasamh mar iarrthóir neamhspleách do Thoghcháin na h Eorpa ná nách raibh aon suim aici i mbunú páirtí nua. Tá sé ráite ag Eanna Ó Cionnaith cheana nach bhféadfadh aon iarrthóir a chaill aoire an rialtais [government whip] seasamh do FG san olltoghcháin atá le teacht.

Diúltaigh an Rialtas do na leasuithe go léir im thuairimse mar bhí socrú daingean idir an lucht Oibre agus Fine Gael ar an reachtaíocht deiridh.

Glacadh leis an reachtaíocht ar deireadh 131 votaí i gcoinne 27. Tosófar ag plé an Bille sa Seanad maidin Dé Luain.

An bhfuil Éireann ag feidhmiú mar thearmann cánach?

Seán Míchaél Ó Donnchadha

An bhfuil Éireann ag feidhmiú mar thearmann cánach? D’eascair an líomhain seo tar éis príomhfheidhmeannach Apple, Tim Cook a rá agus é  ag freagairt ceisteanna ós comhair Fochoiste De Seanad Mheiriceá le haghaidh Imscrúduithe [US Senate Subcommittee for Investigations] go bhfuair an comhlacht Apple socrú speisialta ó Rialtas na hÉireann, cáin de 2% a íoc ar bhrabús na comhlachta, nuair a tháinig Apple go hÉireann i 1980.1334903025

Dar leis an Fochoiste tá Apple tar éis úsáid a bhaint as an socrú seo chun na billiún de cháin a shábháil go dleathach ar a chuid brabús mór thimpeall na cruinne. Shean an Taoiseach Enda Ó Cionnaith go raibh an socrú seo idir Rialtas na hÉireann agus Apple ar bhun go fóill agus dúirt se go raibh córas féinmheasúnú trédhearcach[transparent self assessment system] i bhfeidhm ina íocann gach comhlacht cáin chorparáideach de 12.5%.

Ag labhairt dó De Chéadaoin tar éis cruinniú den Choimisiún Eorpach, inar phléadh ceist imghabháil cánach, dúirt an Taoiseach nach ndéanann an tír seo aon socraithe speisialta le haon comhlacht faoi ráta cánach ach go bhfuil ráta 12.5% i bhfeidhm agus go bhfuil sé trédhearcach agus de réir dlí.

Ag na hÉisteachtaí i Washington, mhaígh na Seanadóirí John McCain agus Carl Levin go raibh Apple ag úsáid Éire  chun seachaint cánach [tax avoidance] agus go raibh fochomhlacht amháin den comhlacht Apple atá corpraithe [incorporated] in Éirinn tar éis gan cáin ar bith a íoc ar ioncam €23.3 Billiún idir 2009 agus 2012.

Níor íoc fochomhlacht eile corpraithe in Éirinn ach ráta cáin de 0.05% ar €57 Billiún thar an tréimhse céanna. Sa bhliain 2012 bhain Apple úsáid as Éirinn gan cáin de €7 billiún a íoc sna Stáit Aontaithe.

Dúirt Mr Levin gur tearmann cánach í Eire agus go raibh sé mícheart go bhféadfadh comhlacht Meiriceánach a chuid brábús a aistriú go tearmann cánach chun a dhliteanas cánach a sheachaint.

Sé atá i gceist anseo ná seachaint cánach [tax avoidance] atá dleathach agus ní imghabháil cánach [tax evasion] atá mídhleathach. D`aontaigh na Seanadóirí nach raibh aon rud mídhleathach i gceist ag Apple.

Dúirt Tim Cooke go n-íocann Apple ráta cáin chorparáideach de 30.5% ar brabús a thuileann siad i Meiriceá. Dúirt se go raibh ráta íseal ag Apple taobh amuigh de Mheiriceá ach bhain sé seo le tairgí a díolann siad taobh amuigh de Mheiriceá.

Baineann an pleanáil cánach seo le cearta maoine intleachtúla [intellectual property rights or IP]  agus an tslí a láimhseáiltear é.

Tá 4,000 fostaithe ag Apple in Éirinn, áit a bhfuil 4% dá bhfostóirí agus 1% da gcustaiméirí. Íocann comhlacht Apple in Éirinn cíos do na  cearta maoine intleachtúil do comhlacht Apple a bhíodh lonnaithe i dtearmann cánach cosúil le Bermuda nó  na hOileáin Bhriotanacha na Maighdean [British Virgin Islands] agus nach bhfuil aon cháin le n-íoc ann. Ní bhíonn ach fíorbheagán brabús fágtha ag an comhlach Apple in Éirinn ag a bhfuil ráta cáin chorparáideach de 12.5% agus sin an fáth nach n-íocann siad ach 2%.

Bíonn ar gach comhlacht Meiriceánach atá liostaithe ar Stocmhalartan Nua Eabhrach cuntas a sheoladh go dtí an Coimisiún Mhalartán na nUrrús [Securities and Exchange Comission -SEC] gach bhliain.

Ní maith le Apple a admháil go raibh  a fochomhlachtaí do na cearta maoine intleachtúla suite i dtearmann cánach cosúil le Bermuda agus na hOileáin Bhriotánacha na Maighdean agus sin an fáth go bhfuil an dhá fochomhlacht siúd nár íoc beagnach aon cháin in Éirinn ar €80.3 Billiún anois corpraithe in Éirinn.

Fé dhlithe cánach na hÉireann ní mór do chuideachta a bheith lonnaithe in Éirinn [resident in Ireland] chun dliteanas cánach a bheith acu. Chun bheith lonnaithe in Éirinn ní mór lár ionad bhainistíochta agus rialú [centre of management and control] na comhlachta a bheith in Éirinn.

Má bhíonn cruinniú na stiúrthóirí agus an cruinniú cinn bhliana [annual general meeting] i dtearmann cánach cosúil le Bermuda is féidir leo a mhaoímh nach bhfuil an lár ionad bainistíochta agus rialú in Éirinn agus nach bhfuil na dhá fochomhlachtaí do na cearta maoine intleachtúla lonnaithe in Éirinn,  seachas bheith corpraithe in Éirinn, agus ar a shon sin níl dliteanas cánach ortha.

I ndairíre ní cheist d’Éireann amháin an caoi a láimhseáiltear pleanáil cánach go mór mór ceist na cearta maoine intleachtúla i gcomhlachtaí teicneolaíocht faisnéise. Is ceist idirnáisiúnta é seo gur ceart é a phlé idir na Stáit Aontaithe agus an Aontas Eorpach. Tá ceist imghabháil cánach le phlé sa Chruinniú  G8  i bhFear Manach an mhí seo chugainn. Bá cheart ceist an seachaint cánach a phlé freisin.

Taobh amuigh den droch íomhá atá ar an tír taréis an imscrúdú a dhein na Seanadóirí i Meiriceá bhí coiste i Rialtas na Breataine ag déanamh imscrúdú ar Google atá sáite i pleanáil cánach ionsaitheach [agressive tax planning] agus a chur len ár ndroch-íomha.

Fadhb eile leis na fochomhlachtaí Apple atá corpaithe in Éirinn ach nach bhfuil lonnaithe in Éirinn ó thaobh dliteanas cánach de ná go méadaíonn siad ár n-olltáirgeacht náisiúnta agus de bhuí go bhfuil an méid airgead go gcaithfimid a íoc leis an Aontas Eorpach gach bhliain bunaithe ar an figiúr seo cosnaíonn sé seo €100 milliún ar cáiníocóirí na hÉireann gach bhliain.

Cá bhfuil Éire?

Le roinnt laethanta anuas, bhí díospóireacht ar siúil ar Rónán Beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidir leis an ainm ‘Éire’, na 26 Chontae agus na ‘Sé Chontae’, fiosraíonn Ciarán Dúnbarrach an scéal.

An Phoblacht, An Saorstát, ‘Down South’ nó na 26 Chontae a thugann Gaeil na 6 Chontae ar an Stát ó dheas.

Tugann Aontachtóirí ‘The Republic’, ‘The South’, ‘Southern Ireland’ nó ‘Air-rah’ ar na 26 Chontae. D’úsáidfeadh go leor Aontachtóirí ‘Ireland’ don oileán agus ‘Eire’ do na 26 Chontae.

Is é ceann de na rudaí fánacha a bhfuil idir náisiúntóirí agus aontachtóirí an Tuaiscirt aontaithe air ná go bhfuil sé iontach sotalach amach is amach gur ghlac na 26 Chontae ‘Éire’ orthu féin mar ainm an Stáit.

Ghoid siad ainm an oileáin agus an t-aon rud a bhí coitianta eadrainn, ach ar ghoid?

Bhál, ar ndóigh, go dtí gur athraíodh alt a 2 is a 3 de Bhunreacht na hÉireann dar leis an Stát ó dheas ba leo an t-oileán ar fad.

Seo airteagal a 2 mar a bhíodh :

“AIRTEAGAL 2

Is é oileán na hÉireann go hiomlán, maille lena oileáin agus a fharraigí teorann, na críocha náisiúnta.

I saol na linne seo, fógraíonn an stát, ina bhfuil 26 Chontae, “Éire is ainm don Stát nó, sa Sacs-Bhéarla, Ireland.”

Is ionann Éire go dlíthiúil sna 26 Chontae agus, ní nach ionadh, 26 Chontae.

Éire mar a bhí
Éire mar a bhí

Mar sin féin, in Airteagal a 2 den Bhunreacht, tá ‘oileán na hÉireann’ luaite, ní ‘Oileán na hÉireann’. Ní hé gur ainm ‘oileán na hÉireann’, ach cur síos go díreach.

Mar sin, cé gur rugadh Máire Mhic Giolla Íosa in Éirinn dar le Bunreacht na hÉireann agus in ‘Northern’ Ireland’ dar leis an Ríocht Aontaithe, duine as ‘Northern Ireland’ a bhí inti agus í mar Uachtarán na hÉireann, cé nach raibh sé mar uachtarán ar na 26 Chontae amháin.

Bíonn caint an lae inniu sa Phoblacht faoi ‘Ireland agus Northern Ireland’, cur síos a bheadh maslach do mhuintir an Tuaiscirt ar fad.

Ar an lámh eile, dá n-úsáidfeá ‘an Phoblacht’ mar chur síos ar na 26 Chontae – maslach dar le roinnt daoine ó dheas, déarfadh siad gur ‘football team’ é Poblacht na hÉireann.

Ach níl sé sin iomlán cruinn ach an oiread.

Tagann an téarma ó hACHT PHOBLACHT NA hÉIREANN, 1948. http://acts.oireachtas.ie/framed/1948.act.022.00.frameset.html

Deir alt a 2 de,

“Dearbhaítear leis seo gur Poblacht na hÉireann is gnéthuairisc ar an Stát.”

Mar sin de, cé gur ‘Éire’ an t-ainm atá ar an Stát dar le Bunreacht na hÉireann, níl sé iomlán mícheart cur síos a dhéanamh ar an stát sin mar Phoblacht na hÉireann.

Tabhair faoi deara gur ‘Poblacht’, ní ‘poblacht’ an téarma úsáidte sa reachtaíocht. Cur síos nó ainm mar sin?

Dearcadh pearsanta

Éire mar atá inniu
Éire mar atá inniu

Rugadh mise i bParóiste darb ainm Cluain Daimh i ndeisceart Chontae an Dúin. Dar liomsa, tá sé chomh seafóideach céanna chun a rá nach bhfuil Cluain Daimh in Éirinn is a bheadh sé a rá nach bhfuil Beirlín sa Ghearmáin, mar sin féin, bíonn a leithéid a mhaoímh.

Ar an lámh eile, bogann teorainneacha, athraíonn tiortha agus náisiúin fiú. Ar tháinig athrú ar an saol áfach.

An rud a chaithfeas muintir an Tuaiscirt, idir Thuaisceart-Éireannaigh, Éireannaigh, Ultaigh agus Briotánaigh ná go bhfuil an ceart ag an Stát ó dheas cibé ainm a ba mhaith leo a thabhairt orthu féin, is Cuma cé chomh seafóideach, fiú más ‘Tír na dTrokia’ nó ‘Éire’ féin é.

Cad a cheapfadh Éiru í féin den cheist nó ar cheart dúinn ‘Fodhla’ nó ‘Banba’ a thabhairt ar an oileán … nó an tír, an féidir linn a bheith cinnte anois?

Alt a 2 & 3 de Bhunreacht mar atá inniu.

Airteagal 2

Tá gach duine a shaolaítear in oileán na hÉireann, ar a n-áirítear a oileáin agus a fharraigí, i dteideal, agus tá de cheart oidhreachta aige nó aici, a bheith páirteach i náisiún na hÉireann. Tá an teideal sin freisin ag na daoine go leir atá cáilithe ar shlí eile de réir dlí chun bheith ina saoránaigh d’Éirinn. Ina theannta sin, is mór ag náisiún na hÉireann a choibhneas speisialta le daoine de bhunadh na hÉireann atá ina gcónaí ar an gcoigríoch agus arb ionann féiniúlacht agus oidhreacht chultúir dóibh agus do náisiún na hÉireann.

Airteagal 3

1. Is í toil dhiongbháilte náisiún na hÉireann, go sítheach cairdiúil, na daoine go léir a chomhroinneann críoch oileán na hÉireann i bpáirt lena chéile, in éagsúlacht uile a bhféiniúlachtaí agus a dtraidisiún, a aontú, á aithint gur trí mhodhanna síochánta amháin le toiliú thromlach na ndaoine, á chur in iúl go daonlathach, sa dá dhlínse san oileán, a dhéanfar Éire aontaithe a thabhairt i gcrích. Go dtí sin, bainfidh na dlíthe a achtófar ag an bParlaimint a bhunaítear leis an mBunreacht seo leis an limistéar feidhme céanna, agus beidh an raon feidhe céanna acu, lenar bhain na dlíthe, agus a bhí ag na dlíthe, a d’actaigh an Pharlaimint a bhí ar mharthain díreach roimh theacht i gníomh don Bhunreacht seo.

2. Féadfaidh údaráis fhreagracha faoi seach na ndlínsí sin institiúidí ag a mbeidh cumhachtaí agus feidhmeanna feidhmiúcháin a chomhroinntear idir na dlínsí sin a bhunú chun críoch sonraithe agus féadfaidh na hinstitiúidí sin cumhachtaí agus feidhmeanna a fheidhmiú i leith an oileáin ar fad nó i leith aon chuid de.