Ceolchoirm Adele curtha ar ceal

“An rud is annamh is iontach” a deirtear, ach anocht nuair a rinne amhránaí Adele postáil neamhchoitianta a dhéanamh ar Facebook, ní dea-scéal a bhí aici le roinnt.   Faoi láthair tá an bhean óg ó Londain ar thuras domhanda tar éis di a halbam ‘25’ a fhoilsiú i mí na Samhna seo caite. Le […]

https://diograiseachdochasachdilis.wordpress.com/2016/08/18/ceolchoirm-adele-curtha-ar-ceal/

Peig – an bhfuil malairt modh múinte incheaptha?

Tá sé ina dheilín smolchaite i measc na neamh-Ghaeilgeoirí agus na nGaeilgeoirí araon go bhfuil teagasc na Gaeilge curtha ó mhaith ag Peig, an dóigh a n-úsáidtear í leis an teanga a mhúineadh don ghlúin óg dhrogallach. Ar dtús caithfidh mé a rá go bhfuil mé cineál amhrasach i leith an tseanbhailéid seo. Ar ndóigh is eachtrannach mise agus ní bhím mórán i dteagmháil leis an aos óg atá díreach ag foghlaim na teanga i scoileanna na hÉireann – mar sin níl cur amach agam ar an stádas atá ag Peig ansin faoi láthair. Mar a thuigim áfach baintear leas as a lán leabhar Gaeilge eile i múineadh na teanga. Mé féin ba mhaith liom go roghnófaí Rotha Mór an tSaoil le Micí Mac Gabhann thar Pheig, ós rud é gur scéal suimiúil ón Iarthar Fiain atá ann. Rud a chuireas an-ghliondar ar mo chroí é go bhfuil glacadh le Máire Nic Artáin mar lón léitheoireachta do na daltaí scoile, nó cé nach raibh an teanga ó dhúchas ag Séamus Ó Néill, bhí sí go gleoite galánta aige, agus is corraitheach ar fad an scéal atá ann. Dháiríre ní fhágfainn fuíoll molta ar Mháire Nic Artáin.

Mar sin féin, cé go bhfuil ábhar léitheoireachta ar fáil do na daltaí scoile is fearr ná Peig, is minic a ritheas liom an cheist a chur, nach bhféadfaí Peig féin a chur in aithne dóibh ar bhealach nua de chineál éigin. Is cuimhin liom fós an uair, fiche éigin bliain ó shin, a chrom mé féin ar Pheig an chéad uair. Mhothaigh mé go raibh mé ar thairseach móreachtra, díreach mar a bheinn ar tí cuairt a thabhairt ar dhomhan rúndiamhair de shórt éigin. B’fhéidir go raibh na scoláirí in Éirinn dubh dóite den leabhar sula bhfuair siad an chéad radharc air, ach bhí mise go mór mór in éad leo agus áiméar acu staidéar a dhéanamh ar scéal beatha Pheig ina bpáistí dóibh.12110931peigsayers

Is tábhachtach a thuiscint cad é an chúis, go beacht, le Peig a mhúineadh do na daltaí. Nuair a thosaigh athbheochan na Gaeilge, bhí an traidisiún scríbhneoireachta agus litríochta ligthe i ndearmad, an chuid is mó. Ní raibh sé praiticiúil dul i muinín an Chéitinnigh mar phatrún dea-úsáide agus dea-Ghaeilge, ós iomaí craiceann a chuir caint na ndaoine di idir an dá linn. An t-aon litríocht a raibh aithne ag muintir na Gaeltachta uirthi, ba í an bhéal-litríocht í, agus ba iad na seanchaithe an t-aon dream a raibh aird acu ar stíl agus ar fheabhas na teanga mar is dual d’ealaíontóirí an fhocail.

Thairis sin, mar a dúirt mé go minic (cloisim na léitheoirí ag osnaíl cheana: Dia dár réiteach, tá Panu ar an diabhal téad sin arís), ní gnách leis na múinteoirí ná le húdair na n-áiseanna foghlama trácht cuí cuimsitheach a dhéanamh ar chomhréir na Gaeilge, nó is fearr leo an taobh sin den teanga a fhágáil faoi na daltaí féin – iad a chur ag léamh leabhair cosúil le dírbheathaisnéis Pheig, mar mhúnla comhréire ar cóir dóibh aithris a dhéanamh air. Cinnte is gné chasta d’aon teanga í an chomhréir, agus caithfidh mé féin a admháil gur trí staidéar ar an mbéaloideas agus ar shaothar na scríbhneoirí dúchasacha a d’fhoghlaim mé an chuid is mó dá bhfuil ar eolas agam fá dtaobh de chomhréir na Gaeilge – an dóigh a dtéann na focail i bhfeidhm ar a chéile, an dóigh a mbíonn siad ag brath ar a chéile i gcomhthéacs na habairte, an dul ceart a bhíos ar na focail. Mar sin féin, b’fhearr liomsa an chomhréir a theagasc do na daltaí – agus do na múinteoirí féin! – sula rachaidís i ngleic leis an litríocht. Is í an chomhréir an chuid den Ghaeilge is difriúla leis an mBéarla, agus mar sin, is tábhachtach gan í a fhágáil faoin dalta féin gan cuidiú leis.

Ní hionann sin is a rá nach mba chóir Peig a chur os comhair na ndaltaí scoile a thuilleadh. Níl sé ciallmhar áfach gan an modh múinte a athrú de réir is mar atá tuiscint na scoláirí ar Pheig ag forbairt. Na torthaí nua taighde a chuaigh i gcló ar Cheiliúradh an Bhlascaoid mar shampla, nó an fhianaise a thug Pádraig Tyers sa leabhar deireanach a tháinig óna pheann sular cailleadh é, mar atá, Scéal trí Scéal – ba chóir go rachadh a leithéid i bhfeidhm ar an teagasc scoile.

Mar a thuigim féin an scéal ní léir gurbh é guth Pheig féin atá ag labhairt sa leabhar is clúití dá luaitear léi, is é sin, an dírbheathaisnéis. Deirtear go raibh a cuid scéalaíochta chomh lom, chomh neamh-mhaisithe le seanságaí na hÍoslainne, agus nár dhual di cuid mhór den tsíor-bhéal bhocht agus na hagalla cráifeacha a bhfuil an “tuairisc ar imeachtaí a beatha féin” chomh torrach sin leo. Mar sin, níl i mórán díobh ach an cóiriú catha a chuir a mac féin, Mícheál Ó Guithín, agus an bhean eagar, Iníon Uí Chinnéide, ar an leabhar, toisc go raibh a dtuiscint féin acu ar an gcineál urlabhra is dual don bhean. Ní raibh Peig sách banúil ag labhairt agus á cur féin in iúl, agus mar sin, b’éigean d’fhear – dá mac – snas ceart banúil a chur ar a cuid cainte. Sin paradacsa den chineál ba chóir a chardáil leis na daltaí, agus Peig á plé leo.

Anois caithfidh mé a admháil, arís, nach bhfuil mé eolach ar theagasc “Peigeolaíoch” na scoileanna in Éirinn an lae inniu, ó tá mé lonnaithe i dtír eile ar fad, agus ní féidir liom aon rud údarásúil a rá i dtaobh stádas Pheig i dteagasc scoile Gaeilge an lae inniu. Más fíor é, áfach, nár tháinig malairt cuma ar an stádas sin le déanaí, tá súil úr ag teastáil go géar ar fad. Dá mbeifí ag múineadh fisice ó théacsleabhar a foilsíodh sna 1920idí, bheadh scannal ann; agus cén fáth nach ábhar scannail den chineál chéanna é, mura bhfuiltear ag múineadh “Pheig” de réir nuathuiscintí scolártha ár linne féin?

Amach liom ’na Galltachta

Litir ón líne thosaigh le Ciarán Dúnbarrach

Tá mé ar saoire an deireadh seachtaine seo agus tá an líne thosaigh sa Spidéal tréigthe agam, amach liom ’na Galltachta féachaint an féidir aon dóchas don Ghaeilge a fháil ansin.

Thosaigh mé oíche Aoine le hoíche shóisialta i mbaile mór an Iúir, Co. an Dúin / Co. Ard Mhacha.

Bhí sé ar bun i dToigh Mhic Dhomhnaill, nó ‘The Railway Bar., i Sráid Mhuineacháin. Bíonn sé ar bun uair sa mhí.newry2

Caithfear a admháil, cé gur áit mhór poblachtach í deisceart Ard Mhacha agus go bhfuil traidisiún láidir ag CLG i ndeisceart an Dúin, tá an dá dhúiche seo, i mo thuairimse, taobh thiar de go leor ceantair ó thuaidh maidir leis an Ghaeilge de.

Tá leideanna áirithe ann go bhfuil sé sin ag athrú áfach.

Tá bunsraith de bhunscoileanna Gaelacha leagtha ar fud an cheantair agus i dtuaisceart Chontae Lú.

Cibé polaitíocht atá i réim i mBéal Feirste agus Baile  Átha Cliath, theip ar an chríochdheighilt muintir dheisceart Uladh agus Chontae Lú a scaradh ón chéile go hiomlán.

Tá infreastruchtúr leagtha chomh maith le Gaeláras an Iúir oscailte ar an Iúr agus ionad eile thoir in Áth na Long, Co. an Dúin.

Rud a dúradh liom anois, ná go bhfuil deis ann don teanga nach raibh ann riamh sa cheantar seo – Tá na hacmhainní ann ach iad a úsáid mar is ceart.

Is cinnte go bhfuil go leor daoine óga díograiseacha ó thaobh na Gaeilge de ar an bhaile seo agus sa cheantar máguaird – mar sin féin, tá barraíocht acu sin ar imirce nó goidte ag gluaiseacht na Gaeilge d’áiteanna eile.

Ní raibh aon easpa cainteoirí ‘líofa’ sa cheantar seo riamh, a bhuí do na scoileanna gramadaí ar an bhaile, iad uilig ar chaighdeán an-ard ar fad.

Mar sin féin, cé go bhfuil go leor cainteoirí den scoth sa cheantar seo, is léir dom go bhfuil leisce ar roinnt de na daoine seo an teanga a úsáid mar phríomhtheanga an tí, nó go sóisialta fiú.

Bilingual_welcome_sign_Newry
Tá polasaí dhátheangach ag Comhairle an Iúir agus Mhúrna

Is cosúla le scoláireacht ar an Laidin an cineál Gaeilgeoireachta seo, dá dtiocfadh linn an lipéid sin a chur air fiú.

Ar an lámh eile, tá go leor d’iar-dhaltaí na nGaelscoileanna thar a bheith sásta an Ghaeilge a labhairt mar theanga shóisialta, ach caithfear a admháil, agus chan masla é seo dar liomsa, gur ‘Gaelscoilis’ atá i gceist go minic.

Is fearr liom féin a bheith ag caint Gaelscoilise, caithfidh mé a rá, ná a bheith ag caint Béarla le duine a bhfuil scoth na Gaeilge aige nó aici.

Bhí go leor foghlaimeoirí ann ag an oíche shóisialta, agus foghlaimeoirí díograiseacha leis.

Chuala mé go mbíonn baicle acu ag taisteal suas go Cumann Chluain Árd i mBéal Feirste le Gaeilge a fhoghlaim – anois, sin díograis inspioráideach.

Ar ndóigh, gan an tairseach chriticiúil de chainteoirí líofa ar an Iúr, beidh sé deacair go leor ar bhunfhoghlaimeoirí líofacht sa Ghaeilge a bhaint amach.

Ar aghaidh liom mar sin.

Ailt Bainteach 

Litir ón líne tosaigh : An t-aos óg

Cearta teanga : litir ón líne tosaigh

Is leithcheal é riachtanas Gaeilge do chúrsa trí mheán na Gaeilge : DUP

Díreach nuair a shíl tú nárbh fhéidir leis an DUP a bheith níos seafóidí lena bhfrithGhaelachas, d’éirigh leo a bheith níos seafóidí arís.

Tom-Buchanan-291x275
Tom Buchanan, DUP

Tá sé á mhaoímh ag an DUP go bhfuil sé “leatromach” go bhfuil riachtanas ann go mbeadh Gaeilge ag duine atá ag cur isteach ar chúrsa d’ábhair mhúinteoirí Gaelscolaíochta i gColáiste Mhuire i mBéal Feirste.

Tá an cúrsa féin beagán go hiomlán trí Ghaeilge. Tá an riachtanas seo á cheistiú ag an Bhall Tionóil d’Iarthar Thír Eoghain, Thomas Buchanan DUP, áfach.

D’iarr sé i gceist scríofa ar an Aire Oideachas, John O’Dowd, cén fáth a raibh sé riachtanach go mbeadh ardleibhéal Gaeilge ag mic léinn atá ag iarraidh an chúrsa seo a dhéanamh.

D’iarr sé ar an Aire O’Dowd a mhíniú dó cad a bhí sé ar intinn aige a dhéanamh faoin chúrsa “leatromach” seo.

To ask the Minister of Education why students wishing to sit a PGCE Course at St Mary’s University College, Belfast must have a high level of written and oral Irish; and what action he proposes to take to address the discriminatory nature of the course at St Mary’s.

Cé gur mhínigh an tAire O’Dowd go raibh an Ghaeilge riachtanach don chúrsa mar go mbeadh ar na múinteoirí seo a bheith ábalta teagasc trí mheán na Gaeilge, mhaigh Buchanan go raibh “element of discrimination” fós i gceist.

Ceantar na hOllscoile chun tosaigh ar an Iarthar

Ciarán Dúnbarrach

Maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, tá Iarthar Bhéal Feirste chun tosaigh sna Sé Chontae ach tá Botanic i gceantar na hollscoile chun cinn maidir le líon na ndaoine a bhfuil scileanna de gach sórt acu sa teanga.

Botanic_Avenue,_Belfast_-_geograph.org.uk_-_523641
Ascaill Botanic, Béal Feirste

Ní nach ionadh, mar seo an barda ina bhfuil Ollscoil na Banríona agus bheadh an Ardteist nó Ard-Leibhéal sa Ghaeilge ag cuid mhaith de na mic léinn ar Ollscoil na Banríona agus ar Ollscoil Uladh leis.

Bhí Bóthar an Ghleanna chun tosaigh ar gach barda toghcháin áitiúil eile ó thaobh an Ghaeilge mar phríomhtheanga, sa dara háit atá sé maidir leis an líon daoine a bhfuil scileanna de gach cineál acu le 696 duine atá ábalta an Ghaeilge a labhairt, a scríobh, a léamh is a thuigbheáil.

Arís, seo an ceantar in Iarthar Bhéal Feirste ina bhfuil Gaeltacht Bhóthair Seoighe agus Bunscoil Phobal Feirste le fáil ann. Bheadh duine ag súil lena leithéid sa dúiche seo, an t-aon áit a rinneadh athghaelú ceart air sa tír seachas Rath Cairn i gContae na Mí.

Barda Fios ar an Ghaeilge : Labhairt, léamh, scríobh agus tuigbheál na Gaeilge : Aois 3+
(Na Sé Chontae)

64847

Botanic (BF)

871

Glen Road (BF)

696

Derryaghy (LnagC)

653

Glencolin (BF)

629

Culmore (Doire)

581

Falls Park (BF)

580

Stranmillis (BF)

558

Ladybrook (BF)

542

Beechmount (BF)

508

Andersonstown (BF)

482

Whiterock (BF)

478

Windsor (BF)

475

Ardoyne (BF)

464

Upper Springfield (BF)

449

Derrytrasna (Craig Abhann)

443

Rosetta (BF)

439

Water Works (BF)

435

Clonard (BF)

429

Chichester Park (BF)

427

Shantallow West

413

Ballynafeigh (BF)

407

Silver Bridge (An tIur)

403

Burren and Kilbroney (An tIur)

398

Cliftonville (BF)

396

Collin Glen (BF)

391

Forkhill (An tIur)

386

Swatragh (Machaire Fíolta)

371

Derryleckagh (An tIur)

359

Musgrave (BF)

355

Arís, Béal Feirste go mór chun tosaigh ar cheantair eile sa Tuaisceart sa phríomh-deichniúir.

An Bhoireann agus Cill Bhrónaí, ceann den dá áit i gContae an Dúin ar an liosta thuas, ní luaitear an ceantar seo leis an Ghaeilge mórán agus níl aon Ghaelscoil le fáil ann. Tá míniú simplí ar an scéal áfach, ceantar meán aicmeach atá ann le go leor múinteoirí ag cur fúthu ann.

Ó thaobh na gcéatadán de, tá an scéal difriúil go maith. Tá go leor ceantair tuaithe chun tosaigh sa phríomh-deichniúr.

Seachas Bóthar an Ghleanna arís, tá ceantair tuaithe chun tosaigh, cé go bhfuil Páirc na bhFál in Iarthar Bhéal Feirste sa cheathrú háit.

Tá an Tearmann (An Charraig Mhór) i lár Thír Eoghain sa dara háit, bhí go leor dóchais ann maidir leis an Ghaeilge sa cheantar seo tuairim ar 20 bhliain ó shin ach tá an ceantar tar éis titim siar ó thaobh chlú na Gaeilge de le blianta anuas.

Mar sin féin, is léir go bhfuil láidreacht éigin ag an teanga ann. Tá an Poblachtanachas an-láidir sa dúiche seo.

Tá ceantar an tSuaitrigh sa tríú áit, seo an barda ina bhfuil an t-ionad cultúrtha ‘An Carn’. Tá clú agus cáil ar an cheantar seo ó thaobh labhairt na Gaeilge de agus ó thaobh na Gaeilge á labhairt mar theanga bhaile. Tá sé mar aidhm ag an phobal an Ghaeilge a athghabháil mar theanga an phobail.

Tá Washing Bay sa cheathrú háit, bhí an céatadán Gaeilgeoirí ard i gcónaí sa dúiche seo ar bhruach Loch nEathach taobh amuigh d’Oileán an Ghuail.

Barda Fios ar an Ghaeilge : Labhairt, léamh, scríobh agus tuigbheál na Gaeilge : Aois 3+ %
Glen Road (BF)

12.97

Termon (Ó Maigh)

12.06

Swatragh (Machaire Fíolta)

11.84

Washing Bay (Dún Geannain)

11.81

Falls Park (BF)

11.27

Lower Glenshane (Machaire Fíolta)

11.27

Silver Bridge (An tIúr)

11.23

Camlough (An tIúr)

10.45

Coalisland North (Dún Geannain)

10.39

Ballynashallog (Doire)

10.36

Glenshesk (Ceantar na Maoile)

10.34

Creggan (An tIúr)

10.16

Glencolin (BF)

10.1

Andersonstown (BF)

10.1

Drumalane (An tIúr)

10.01

Botanic (BF)

9.97

Mullaghmore (Dún Geannain)

9.82

Beechmount (BF)

9.73

Forkhill (An tIúr)

9.35

Dalriada (Ceantar na Maoile)

9.34

Burren and Kilbroney (An tIúr)

9.32

Kilwee (LnagC)

9.26

Glenariff (Ceantar na Maoile)

9.23

Clonard (BF)

9.09

Upper Springfield (BF)

8.89

Whiterock (BF)

8.8

Ballymartrim (Ard Mhacha)

8.76

Strand (Doire)

8.75

Ladybrook (BF)

8.61

Abbey Park (Ard Mhacha)

8.61

Conclúidí

Ní nach ionadh, maidir le líon na ndaoine leis an chumas scríobh, léamh, labhairt agus tuigbheál, tá Béal Feirste go mór chun tosaigh, ar ndóigh cathair is ea í – tá níos mó daoine ann.

Tá an-chosúlacht idir an liosta de na ceantair ina bhfuil líon na ndaoine a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu agus na ceantair ina bhfuil líon na ndaoine a bhfuil na ceithre scil acu.

Ceantair luaite leis an athbheochan chun tosaigh – ceantair ina mbeadh gluaiseacht radacach i bhfeidhm cuid mhaith acu sin.

Ó thaobh na gcéatadán de, tá an scéal sách difriúil áfach.

Tá sé suntasach go leor go bhfuil difear nach beag idir na ceantair seo agus na ceantair a bhí chun tosaigh maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga.

B’fhiú a lua gur ceantair phoblachtacha iad an chéad chúigear.

Tá corr-rud suntasach le mothú sa liosta seo.

  • Tá tionchar na scoileanna gramadaí Béarla seachas na Gaelscoileanna le sonrú (go háirithe thart faoin Iúr mar shampla).
  • Tá ceantair chun tosaigh ina bhfuil gluaiseacht Ghaeilge níos traidisiúnta ar fáil, ar nós Dún Geanainn mar shampla, bunaithe ar fhoghlaim na Gaeilge mar dhara theanga sna scoileanna Béarla agus sna Gaeltachtaí.
  • Is léir go raibh an-tionchar ag na cúinsí seo ar leibhéil líofachta na Gaeilge i gceantair áirithe ach nár imir sé sin an-tionchar céanna ar líon na nGaeilgeoirí a bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga acu mar a d’imir i mBéal Feirste.
  • Mar atá leis an scéal maidir leis an Ghaeilge mar phríomhtheanga, níl áit ar bith i bhFear Manach ar an liosta seo, is beag má tá aon ghluaiseacht Ghaeilge ann sa Chontae seo cé go bhfuil Gaelscoil anois ann.

Alt bainteach leis an cheann seo. 

Béal Feirste chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de

Cearta teanga : litir ón líne tosaigh

Ciarán Dúnbarrach

COMHFHREAGRAS : Tá cónaí ormsa sa Spidéal, ceantar Gaeltachta i ‘gcatagóir B’ tuairim is 10 míle ó Chathair na Gaillimhe.

Teanga phobail is ea í an Ghaeilge go fóill ar an Spidéal ach ní féidir mórán dóchais go leanfaidh sé sin ar aghaidh mórán níos faide.

With language rights in the news – what is the experience of a Gaeltacht resident?

Tá trí chúis leis sin, cainteoirí dúchais ag tiontú ar an Bhéarla, daoine gan Ghaeilge ag bogadh isteach sa cheantar agus páistí á dtógáil le Béarla go coitianta – ach sin scéal eile do lá eile.

‘Spiddal Village’ a thugann roinnt mhaith Béarlóirí an áit.

Cónaí orainn ar an Bhruach Thiar d’Abhainn Bhoth Loiscthe, taobh thiar dúinn tá an fíorGhaeltacht is mó agus is láidre dá bhfuil fágtha againn in Éirinn. Taobh thoir dúinn, tá breacGhaeltacht ag leá léi go dtí go bhfuil tú in Éirinn Ghalldaithe.

Seo an líne tosaigh sa chath cultúrtha ar son anam Gaelach na hÉireann. Seo an áit a bhfuil an cogadh coinbhinsiúnta fós á throid tar éis 800 bliana agus áit a bhfuil an líne á choimeád i gcónaí, más ar éigean é. Chun tosaigh orainn tá Gaeil fós le fáil go cinnte, ach is cogadh ‘guerilla’ atá ar bun acusan.Spiddal Map

Más sin féin, is mionlach sinne atá ag tógáil páiste le Gaeilge ar an taobh thiar d’Abhainn Bhoth Loiscthe, gan trácht ar Abhainn an Chnoic sna Forbacha nó an Choirib féin fiú.

Tá an Ghaeilge láidir go leor sa Spidéal ná gur féidir le páiste óg maireachtáil gan Bhéarla, beagnach gach duine sásta í a labhairt léi, ach is féidir le soláthair seirbhísí a bheith sách difriúil uaidh sin ach ní dona an scéal i gcónaí.

Tháinig litir ón FSS áitiúil an tseachtain seo caite – coinne leis an bhanaltra, litir i mBéarla. Tá mé idir dhá chomhairle más ceart dom gearán a dhéanamh leis an Choimisinéir Teanga faoi sin go fóill.

Bhí stampa poist ar le seoladh galldaithe, d’ainneoin gurb as áit fhíorGhaeltachta é – beidh gearán ag dul isteach faoi sin go cinnte.

Ar an lá, isteach linn. Bhíomar istigh ag fanacht, iníon neirbhíseach go leor. Tháinig an bhanaltra isteach agus is i mBéarla a labhair sí le m’iníon. Pléascadh. Gol, caoineadh, scaoll.

“Níl mórán Béarla aici,” a mhínigh mé.

“Ok, maith go leor – Gaeilge mar sin,” arsa an bhanaltra agus lean sí léi chun seirbhís den scoth a thabhairt dúinn i nGaeilge, d’ainneoin nach raibh an teanga ó dhúchas aici.

Go raibh míle maith aici agus go raibh míle maith agaibh Poblacht na hÉireann.

Is scrúdú tábhachtach é seo, is minic a chuala mé páistí a lipéadú le ‘learning difficulties’ mar gheall ar easpa Béarla – ach cha raibh cúis ghearáin againn.

Maidin Dé Luain áfach, bhí mé istigh san Oifig Leasa Shóisialta i nGealchathair na Gaillimhe. Mhothaigh mé seanfhear a raibh aithne súil agam air sa scuaine.

Seanfhear Gaeltachta amach is amach. Chuaigh sé chun labhairt ag an deasca. Streachailt an-dheacair dó ab ea é.

Ní raibh Béarla láidir aige.

Ach nach bhfuil Béarla den scoth ag gach duine sa Ghaeltacht, nár cheart dóibh meas a bheith acu ar Bhéarlóir agus Béarla a labhairt go díreach?

Goille, sular chuir mé fúm sa Ghaeltacht, ghlac mé gan cheist go raibh Béarla den scoth ag gach duine sa Ghaeltacht – níl!

Níl aon duine gan Bhéarla sa Ghaeltacht ach is iomaí duine nach labhraíonn Béarla go maith.

Mar sin de, chaith mo dhuine leathuair gan toradh ag iarraidh rudaí a mhíniú leis an bhean óg ag an deasc- níl a fhios agam ar éirigh leis sa deireadh ach deirimse libh go raibh deacrachtaí aige.

Sin an taobh eile den scéal ar ndóigh – brú millteanach ar mhuintir na Gaeltachta chun Béarla a úsáid agus iad i gcumarsáid leis an stát.

Anois, bhí an ceart reachtaíochta ag an fhear seo seirbhís trí mheán na Gaeilge a éileamh – an ndearna sé é?

Déanta na fírinne, ní dóigh liom é, ach is ceist í chomh tábhachtach le ceist ar bith eile maidir le cearta teanga.

Úsáid iad nó caill iad is dócha.

Cad é do thaithí féin? – abair linn ar antuairisceoir@gmail.com

Cé hiad na frithGhaeilgeoirí?

Ciarán Dúnbarrach

TUAIRIM – Seo Seachtain na Gaeilge agus seachtaine na bhfrithGhaeilgeoirí leis!

D’fhoghlaim muid an tseachtain seo gur féidir go ngabhfaidh na Gardaí tú as Gaeilge a labhairt, d’ainneoin go bhfuil siad in ainm a bheith ábalta an teanga a labhairt agus ní amháin sin ach go síleann scair den phobal gurb é sin an rud ceart le déanamh.

Is much of the hatred for the Irish language in Ireland simply underground unionism?

D’fhoghlaim muid go bhfuil ár gcraoltóir ‘náisiúnta’ go hiomlán claonta i gcoinne na Gaeilge. Bhál, d’fhoghlaim cuid againn, bhí daoine eile acu ar an eolas cheana.

Is í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR  a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge 2013 ó thuaidh ag searmanas speisialta in Stormont ag 1.00in inniu (Dé Luain, 04 Márta 2013). Beidh Líofa 2015, tionscadal de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, á chur chun cinn mar chuid den tSeachtain.
Is í an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Carál Ní Chuilín CTR a sheolfaidh Seachtain na Gaeilge 2013 ó thuaidh ag searmanas speisialta in Stormont ag 1.00in inniu (Dé Luain, 04 Márta 2013). Beidh Líofa 2015, tionscadal de chuid na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta le daoine a mhealladh chun an Ghaeilge a fhoghlaim, á chur chun cinn mar chuid den tSeachtain.

I bhfírinne seo an rud, níl ann ach ceart teanga amháin in Éirinn, is é sin an ceart GAN Ghaeilge a labhairt.

Níl aon chultúr de chearta teanga in Éirinn. Níl aon ghlacadh leis agus níl aon tuigbheáil air.

Ní chreideann fiú gach Gaeilgeoir gur cheart go mbeadh cearta teanga ag lucht na Gaeilge, bímis ionraic faoi sin.

Bíonn Gaeil áirithe ag iarraidh teacht ar chomhréiteach leis na hÉireannaigh Ghallda sin gur fuath leo an Ghaeilge, deirimse nach féidir sin.

Is é an fhadhb leis an chomhréiteach ná gur cur i gcéill é an feachtas i gcoinne na Gaeilge éigintí ag leibhéal na hArdteiste, feachtas i gcoinne na Gaeilge amach is amach atá ann.

Thiocfadh linn aontú gur ceart deireadh a chur leis an Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste agus bogadh an feachtas i gcoinne na Gaeilge ar aghaidh chuig an Ghaeilge sa bhunscoil agus mar sin de, go dtí an pointe nach mbeadh fiú an rogha ann leis an Ghaeilge a fhoghlaim, mar atá rudaí sa Tuaisceart?

Ag dul thar fóir atáimse? Nach bhfuil daoine atá i gcoinne na Gaeilge iomlán oscailte faoi, gurb é sin an aidhm atá acu?

Agus an Ghaelscolaíocht? Thiocfadh linn cúlú siar chuig an Ghaelscolaíocht agus ligin do na hÉireannaigh Gallda scoileanna iomlán Gallda a bheidh acu?

Meas tú go sásódh sé sin iad? Deirimise go mbogadh siad ar aghaidh agus go n-éileodh siad nach bhfaigheadh Gaelscoileanna aon mhaoiniú stáit – tá a leithéid éilithe ag an tráchtaire (de shíol Fhine Gael), Sarah Carey i gcolún san ‘Irish Times’ siar in 2008.

Tá cearta teanga iontach teoranta i bPoblacht na hÉireann agus tá siad teorannaithe ag an Acht Teanga atá in ainm a bheith ag cinntiú ár gcearta teanga.

Beagnach gan eisceacht, bheadh tráchtaire sna meáin Bhéarla ag iarraidh deireadh a chur leis an reachtaíocht seo.

Bheadh corr-Ghael ag aontú leo ar an ábhar gur reachtaíocht lochtach é agus de bhrí go gcuireann sé isteach ar Bhéarlóirí na tíre barraíocht agus nach fiú an tairbhe an trioblóid.

Tá go maith, ach má ghéilleann muid na cearta teanga atá againn, an féidir a bheith ag súil le seirbhísí ar bith trí mheán na Gaeilge.

Ach ceist níos tábhachtaí arís, má chailltear an tAcht Teanga (Is cinnte nach mbeidh mórán fágtha de faoin am a bheith an rialtas Fine Gael / Lucht Oibre críochnaithe leis), cé chomh fada is a bheas sé sula mbeadh muid ag troid ag geataí Gharraí Pheter William agus ag crosbhealaigh na Tulaí chun Raidió na Gaeltachta agus TG4 a chosaint?

Ná bíodh aon amhras faoi, tá gráin ag mionlach in Éirinn ar an Ghaeilge agus ní stopfaidh siad go dtí nach mbeidh rian di fágtha, agus níl aon réasúnú nó comhréiteach leis an ghráin.

Cé hiad na frithGhaeil?

Agus mé ag plé le daoine atá i gcoinne na Gaeilge le blianta anuas, ar líne agus sa fíorshaol, chríochnaigh mé an comhrá le ceist shimplí – an gcreideann tú i neamhspleáchas ná hÉireann.

Níor iarr mé orthu dá mba aontachtóirí iad, díreach an gcreideann siad i neamhspleáchas na hÉireann.

Sin ceist nach gcuirfidh RTÉ orthu.

90% den am, d’admhaigh siad nár chreid. Bhí siad feargach agus maslaithe gur chuir mé a leithéid de cheist ach d’admhaigh siad é.

Is é an rud atá ann ná nach bhfuil sé inghlactha in Éirinn, cosúil le gach tír is dócha, do shaoránaigh teacht amach is a rá nach gcreideann siad gur cheart go mbeadh an stát ann, gur bhotún é an neamhspleáchas agus go bhfuil siad dílis do stát eile i ndeireadh na dála.

Ach tá sé inghlactha go mbeadh daoine dubh i gcoinne chultúr dúchasaigh na tíre agus chosaint chultúr na tíre, agus thiocfadh dó gurb é sin is bunús le cuid mhaith de fhrithGhaelachas na hÉireann.

I ndeireadh na dála, nach ionann iarrachtaí chun deireadh a chur le cultúr náisiúin agus deireadh a chur leis an náisiún sin?