Léirmheas – ‘Scéal Ghearóid Iarla’

‘Scéal Ghearóid Iarla’

Máire Mhac an tSaoi

€9.00 (bog),

120 lch;

Leabhar Breac

Léirmheas le Ciarán Dúnbarrach

Úrscéal stairiúil é seo, bunaithe ar fhíorscéal é seo. Glacaim go bhfuil an leabhar go hiomlán cruinn ó thaobh na staire de, agus is cinnte gur rud é sin atá ar intinn agam a fhiosrú dom féin.

Seo an cur síos ar an scéal ó shuíomh an fhoilsitheora, Leabhar Breac.

  “Duaisleabhar Ghradam Uí Shúilleabháin 2011. Taoiseach Normannach, file Gaelach, agus leasrí Shasana in Éirinn ab ea Gearóid Iarla, mar a thug na Gaeil ar Ghearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan. Leath a thiarnas ó ché Phort Láirge anoir trí chontaetha Chorcaí, Luimnigh, agus Chiarraí, agus siar chomh fada le Caisleán na Mainge. In ainneoin a chumhachta, cuimhnítear fós ar Ghearóid Iarla mar fhile a thug gean do na mná, agus mar sheandraoi.

Ó pheann dhuine de phríomhfhilí na hÉireann an t-úrscéal seo, leabhar a bhfuil pearsa staire atá gar do chroí an fhile mar ábhar ann — Gearóid Mac Gearailt, 3ú hIarla Dheasumhan (1335-1398), taoiseach, leasrí, file — an fear ar bhaist na Gaeil ‘Gearóid Iarla’ mar ainm air.”

Thaitin sé sin go maith liom go pearsanta, tá laige agam d’ábhar a shíolraíonn ó aimsir nach raibh an Ghaeilge ina teanga mionlaithe ach ina príomhtheanga na hÉireann.

B’amhlaidh an cás sa leabhar seo cé go mbaineann sé le taoiseach Normannach gaelaithe, Gearóid Mac Gearailt, tá corrfhocal Fraincise agus Béarla sa leabhar ach sin é go díreach.

Scéal suimiúil, más bunúsach go leor é, dar liom. Ach is cinnte gur scríobhadh go maith é, aithne níos fearr againn ar Mháire Mhac an tSaoi mar fhile, is mar léirmheastóir b’fhéidir, ná mar úrscéalaí.Sceal Ghearoid Iarla (1)

Bhí mé ag smaoineamh, is mé ag críochnú an leabhair, cad é as nár scríobh Máire Mhac an tSaoi níos mó prós? An scríobhfaidh sí níos mó prós go seadh? B’fhiú go mór di dar liom.

Tá an leabhar scríofa i nGaeilge na Mumhan, le rian na Gaeilge Clasaicí le mothú uirthi. Níl mé féin, mar Ultach aineolach, ábalta a rá go díreach cá háit a stopann ceann amháin acu is ar thosaigh an ceann eile.

Saineolaí ar an dá chanúint is ea í Máire Mhac an tSaoi, rud a raibh a fhios ag Seán Ó Riordáin go rímhaith. Sea, Gaeilge an-chruinn agus shaibhir atá ar fáil sa leabhar, ardGhaeilge léanta ar go leor bealaigh.

Cha dtabharfainn éitheach dhuit áfach, thug an Ghaeilge sa leabhar seo dúshlán dom féin, chomh crua céanna liom is a bheadh Gaeilge na hAlban le léamh.

Mar sin féin, níorbh bhréag-shaibhreas na bhfoghlaimeoirí é, b’fhíor-Ghaeilge ì. Bhí cúis leis. Ní hé go bhfuil focail á n-úsáid aici a fuair sí san fhoclóir féin is nach bhfuil faoi smacht iomlán tuisceana aici.

Muna raibh sé chomh héasca sin a léamh, sin mar atá, is beidh orm é a léamh arís- rud a dhéanfas mé amach anseo.

Seo leabhar beagáinín difriúil ó leabhair eile a foilsíodh i nGaeilge le tamall anuas, ach leabhar suimiúil arbh fhiú a cheannach is a léamh, agus fiú staidéar a dhéanamh air.

Tá Leabhar Breac le moladh as leabhar eile den scoth a chur amach ar an mhargadh, go raibh díolachán acu. 

Seo léirmheas eile ar an leabhar céanna le hAonghus Ó hAlmhain. 

Léirmheas eile ar an ‘An Litir’ iontach

Liam Mac Cóil

€15.00 (bog)

Leabhar Breac

Ciarán Dúnbarrach

Litríocht : Is iomaí léirmheas atá scríobh ar ‘An Litir’ le Liam Mac Cóil agus seo ceann eile – mar tá sé tuilte go mór aige.

Seo cur síos ar an scéal féin ….

“Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus  Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain – Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.”

Not ‘High literature’ but ‘An Litir’ by Liam Mac Cóil is one of the most enjoyable books available in Irish today. 

Ní ard-litríocht é seo, ní leabhar tábhachtach nó clasaiceach é seo a ba mhaith leat a bheith léite agat ach nár mhaith liom a léamh – tá sé díreach iontach maith.An Litir

Deir lucht na siopaí leabhair Ghaeilge liom gurb é seo an leabhar Gaeilge is mó díol le blianta anuas agus níl sé deacair tuiscint cén fáth.

Tá sé díreach an-sultmhar! Baineann an léitheoir an-sult as a leithéid de leabhar, ní ghlacann sé iarracht nó féinsmacht chun é a léamh, a mhalairt, bhí sé doiligh orm é a leagan síos!

An féidir moladh níos fearr a thabhairt do leabhar – ní féidir taobh amuigh de gheataí ollscoile is dócha.

Litríocht do na daoine é seo, tá Gaeilge dhúchasach den chéad scoth ar fáil ann, díreach Gaeilge shimplí éifeachtach nach mbeadh stró ar bith ar dhuine ar bith, muintir na Gaeltachta go háirithe a léamh gan stró.

Seo an chineál litríochta atá de dhíth go géar i saol na Gaeilge agus tá gliondar orm a rá gur é seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.

Tá súil agam go mbeidh scannán againn amach anseo – sin an chineál leabhar atá ann! Tá sé chomh beoga seo ná go bhfuil sé éasca na radharcanna a shamhlú is tú á léamh agus is tú á shú isteach ag an leabhar.

Thaitin gaelachas an leabhair seo go mór liom. Ní gaelachas na Gaeltachta é ach gaelachas Eorpach, gaelachas a bhaineann leis an tréimhse nuair a bhí an Ghaeilge ag gach Éireannach agus nuair a ba thír thábhachtach Eorpach í Éire lenár gcultúr gaelach féin – an rud atá Eorpach fúinn i gcónaí.

Má tá locht amháin agam ar an leabhar, is é go bhfuil an Ghaeilge 99% cruinn, is mór an trua faoin 1% eile mar tá an caighdeán chomh hard seo.

Tá déantús an leabhair féin agus an clúdach ar chomhchéim le rud ar bith atá a bhfoilsiú go coitianta i mBéarla, cuirfidh sé leabhair ‘Penguin’ i gcuimhne duit.

Ní féidir an rud céanna a rá faoi gach leabhar atá á fhoilsiú i nGaeilge agus is trua é mar tá cur i láthair chomh tábhachtach céanna le substaint i saol na linne seo.

Muna a bhfuil an leabhar sé léite agat nó muna bhfuil sé ar intinn agat a léamh, ní léifidh tú aon litríocht i nGaeilge choíche.

Leabhar Breac

Tá an leabhar á fhoilsiú ag Leabhar Breac, dream atá bunaithe in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige.

Le blianta beaga anuas tháinig Leabhar Breac chomh tosaigh go mór ó thaobh litríochta na Gaeilge de agus i mo thuairim féin tá na scríbhneoirí litríochta sa Ghaeilge ag scríobh dóibh anois agus tá an caighean an-ard i gcónaí.

Is cinnte liom gur as Leabhar Breac an chéad leabhar Gaeilge eile a léifeas mé.

Cad a dúirt siad …

Tá an-mhothú ann don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta. — Éilís Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG

 Page-turner…. Seasfaidh an scéal seo i measc mórscéalta gaiscíochta an domhain. — Proinsias Mac a’Bhaird, Gaelscéal

Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach. — Micheál Mac Craith, Comhar.

You can feel the boots and blades in Mac Cóil’s Galway… An Litir is a singular achievement. — Pól Ó Muiri, The Irish Times