Stailc na nDochtúirí ar na Bacáin Fós?

Déanann Eoin P. Ó Murchú scéal stailc atá beartaithe ag dochtúirí neamh-chomhairleacha ospidéil Cheardchumann Dochtúirí Éireann(IMO) a chíoradh.

Beartaíodh go mbeadh stailc ar siúl ag dochtúirí sóisearacha in ospidéil na tíre ar siúl inné ach fógraíodh Dé hAoine go gcuirfí ar athló é go Céadaoin na seachtaine seo chugainn. Cad chuige an stailc seo agus an bhfuil seans ann go rachaidh sé ar aghaidh anois?

Éiríonn an stailc seo as uaireanta cloig oibre na ndochtúirí go príomha, sealanna oibre suas le 48 uair gan stad agus uaireanta seachtainiúla a sháraíonn an Treoir Eorpach Maidir le hAm Oibre(TEAO) a deir gur ceart atá ann nach mbeadh ar éinne breis is 48 uair an chloig oibre a dhéanamh sa tseachtain.

Ainm an fheachtais ag an IMO ná ’24 No More’ is é sin le rá ná nach mbeadh ar dhochtúirí níos mó ná 24 uair an chloig oibre a dhéanamh as a chéile. Ní hannamh 30 uair a chloig oibre a dhéanamh in ospidéal gan ach 2 nó 3 uair a chloig codlata is is iomaí scéal uafáis sa timpeall faoi dhaoine a cuireadh orthu 3 no 4 lá oibre a dhéanamh gan mórán níos mó ná cúpla uair an chloig codlata anseo is ansiúd. Is annamh an rud é go mbeadh stailc ar bun ag dochtúirí ach mar gheall ar na cúinsí seo tá sciar áirithe den phobal agus go deimhin féin ceardchumainn na mbanaltraí is na mban cabhrach ag tacú le haighneas seo na lianna.

Cuireadh an stailc ar athló Dé hAoine de bharr go gcuirfí ‘sábháilteacht othar’ i mbaol dar leis an IMO. Anois, más rud é gur sábháilteacht othar an t-aon sprioc leis níor chóir stailc a phleanáil riamh. Bheadh othar thíos leis an stailc seo go cinnte, is bíonn othair thíos leis gach lá de bharr an chórais atá againn faoi láthair. Níl aon amhras ann, áfach, dá n-éireodh leis an stailc deireadh a chur leis na sealanna fada oibre seo, go mbeadh othair níos fearr as go fadtéarmach. Seans nach bhfuil de mhisneach ag an IMO an cheist seo a bhrú go ceann cúrsa áfach.

Bhíothas ag súil go gcuirfí plean os comhair na ndochtúir Dé Luain feiscint an leanfaí leis an stailc. Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte(FSS) tar éis aontú go gcuirfidh siad amchlár ar fáil ina mbeadh an TEAO i bhfeidhm ag tosú i mí Eanáir na bliana seo chugainn. Is cosúil go bhfuil an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe tar éis tacú leis an margadh trí rá go gcuirfidh siad pé acmhainní a mbeadh gá leo ar fáil. Cuimsíonn an socrú atá idir lámha go ndéanfaí measúnú neamhspleách ar rótaí oibre na ndochtúirí sna hotharlanna éagsúla. Ainneoin seo ar fad is iomaí uair cheana a dúradh go raibh ospidéil ar leith ag teacht leis an treoir oibre seo is nach raibh aon bhunús leis an maíomh céanna.

Tá grúpa oibre curtha ar bun, leis, le breathnú ar cheist phá na ndochtúirí comhairleacha, mar go ndéanfar, faoi shocrú úr Bhóthar Haddington, a laghdú de €30,000. I roinnt cásanna beidh dochtúirí atá ag an leibhéal is airde faoi na dochtúiri comhairleacha seo ag glacadh le ciorrú pá agus iad ag dul isteach sa ról úr dóibh.

Tá an IMO tar éis a rá go léiríonn na scéalta is déanaí ón FSS go bhfuil siad dáiríre faoi cheist na sealanna oibre, ach caithfear breathnú ar ar tharla cheana dar liom, tuarascáil sa mhullach ar thuarascáil eile is gan aon toradh fónta ag éirí astu riamh. Ba dhuine mór dóchais an té a bheadh ag súil go mbainfí mianta an IMO ámach an babhta seo.

Sa teachtaireacht is déanaí ó Eric Young, stiúrthóir cúnta an IMO, táthar tar éis a rá go bhfuil tuilleadh eolais uathu ón FSS ar roinnt ceisteanna a bhaineann le; dearbhú na rótaí oibre, cur i bhfeidhm praiticiúil na moltaí, píonóis a ghearrfaí mura gcuirfear na moltaí i bhfeidhm agus na daoine a bheidh freagrach as cinntiú go ndéantar a gcur i bhfeidhm. Anuas air sin tá coiste na ndochtúirí neamh-chomhairleacha ospidéil le casadh lena chéile inniu Déardaoin le freaga an FSS a phle. Dúradh chomh maith go bhfuil an stailc ar athló ach go mbfhéidir go rachfar ar aghaidh leis mar Dé Chéadaoin seo chugainn, mar sin féin

An mbeartóidh an IMO nach bhfuil mórán eile le baint as an bpróiseas is an stailc a chur ar ceal ar fad nó an leanfaidh siad orthu leis an stailc mar gurb é an t-aon bhealach le haird an FSS a tharraing ar cheist a bhfuiltear á seachaint le 20 bliain anuas? Beidh le feiceáil.

Is dochtúir cónaithe é Eoin P. Ó Murchú in Ospidéal Thamhlachta agus ball de Cheardchumann Dochtúirí na hÉireann atá ann. Is leis féin amháin aon tuairim thuas.

Gluais

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte(FSS) = HSE

Ceardchumann Dochtúirí Éireann = Irish Medical Organisation(IMO)

An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe = The Department of Public Expenditure and Reform

An Coimisiún um Chaidreamh Oibreachais = Labour Relations Commission

Dochtúirí Neamh-Chomhairleacha Ospidéil = NCHDs

Treoir Eorpach maidir le hAm Oibre = European working time directive(EWTD)