Léirmheas : ‘An Bhean Feasa’

Léirmheas le hAonghus Ó hAlmhain ar ‘An Bhean Fheasa’ le Alan Titley.

indexDé réir an blurba “an chéad úrscéal i bhfoirm véarsaíochta sa Ghaeilge” atá sa leabhar turgnamhach seo ó Alan Titley. Pléann an saothar le scéal Goody Glover, http://ga.wikipedia.org/wiki/Ann_%28Goody%29_Glover bean a crochadh i mBostún mar asarlaí. Mhaígh sí ag a triail nach raibh aici ach Gaeilge.
Ba duine den dream í a cuireadh as Éirinn go Barbados ina daor mar thoradh ar ionradh Cromail ar Éirinn agus a cuireadh ar aghaidh uaidh sin go Bostún phiúratánach ar ball.
Ráitis ó dhaoine éagsúla atá sa leabhar – agus i gcás amháin míoltóg agus faolchú – a bhaineann lena stair; ag tosú amach ag a crochadh agus ag bogadh siar san am go dtí a hóige in Éirinn.
Beagán thar leathanach i ngach ráiteas véarsaíochta, agus dáta curtha leo chun an imeacht siar ama a mharcáil. Scaoileann Titley lena acmhainn foclaíochta idir imeartas focal, fuaimfhoclaíocht agus focail Béarla le cló Gaeilge orthu sna sleachta.
Tá na sleachta an-mhaith ag cothú atmaisféir fiabhrasach na linne, collaíocht agus duairc chreideamh ag spreagadh ainghníomhartha. Tá na mothúcháin atá ag na pearsa iontu léirithe go maith.
Mar sin féin, níor oibrigh an leabhar domsa ó thaobh scéal na mná a chuir i feidhm orm. Is deacair aon aithne cheart a chuir uirthi ó na splancacha a tugtar uirthi ó súile dhaoine eile, ná aon tuiscint a fháil uirthi murab é gur fhág ainnise a saol ina gealt dhuairc í.
Taipéis uaillmhianach lán mionsonraí, ach cheil siad an príomhscéal ormsa is d’fhág m’fhiosracht faoin gcéad tagairt seo don nGaeilge in imeacht cúirte i Meiriceá gan sásamh.

Léirmheas : ‘An Colm Bán’

Léirmeas le hAonghus Ó hAlmhain
 
Is annamh úrscéal le téagar ar fáil sa Ghaeilge. Ní locht ar scríbhneoirí na Gaeilge sin; sa mhullach ar tinfeadh, samhlaíocht agus máistreacht ar an nGaeilge, ní mór don úrscéalaí dua a chaitheamh le fuineadh agus fáisceadh na heagarthóireachta chun snas na foirfeachta a chur ar úrscéal.
 
Rud a éilíonn allas agus thar aon rud am; dhá earra nach mbíonn ar fáil don scríbhneoir tráthnóna agus deireadh seachtaine; agus is taobh leo sin a bhíonn an ghnáth scríbhneoir Gaeilge, ceal margadh a chothódh iad.
Tá eisceachtaí ann, ar ndóigh, agus is eisceacht an dans libre d’úrscéal seo ó phinn Liam Uí Mhuirthile.Colm-Med
Gluaiseann An Colm Bán/la blanche colombe go héadrom rinciúil ó Iarthar Chorcaí go Páras; ag lingeadh idir tús na fiche aoise agus tús na haoise seo.  Colm bán an teidil ina leitmotif, ag teacht isteach sa scéal faoin iliomad cló chun casadh a chuir sa insint; ach i ndáiríre ina íomhá ag banlaoch an scéil – Nóra Buckley, cailín tuaithe a aimsíonn an rinceoir inti féin agus a bhaineann cáil amach i bPáras idir an dá chogadh.
 
Baineann dual snáithe eile an scéil le William Driscoll, scríbhneoir. Agus é i bPáras sna 1970í faigheann sé gaoth scéil an rinceora Nóra Buckley agus ainm eile luaite léi freisin – Ellen Daunt. Tá sé le tuiscint gurbh eisean an reacaire ar scéal Nóra as sin amach. Baineann a chuid siúd den scéal lena eachtraí i mbun scríobh, é ag cuir faoi in óstán i bPáras agus ag buaileadh le carachtar éagsúla – cuid ach nach léir an go hiomlán ina shamhlaíocht atá siad, nó nach ea.
 
Insítear scéal Nóra go réalaíoch ach go dtugann an reacaire uilefheasach léargas dúinn ar a samhlaíocht a ligeann don gcailín aimsire bláthú ina rinceoir dans libre sna Folies Bergère.  Bhíos níos mó ar mo chompord leis an scéal seo; ní léitheoir mé atá tugtha don réaltacht draíochtúil. Ní locht ar an scríbhneoir sin, ar ndóigh.
 
Tá an cur síos san úrscéal ar dhaoine agus ar eachtraí thar barr ar fad – téagar fiú sna mion-charachtar a chastar ar na laochra, iad léirithe le substaint. Mac na baintrí boichte Éireannaí, abair, a éalaíonn de bhíthin an oideachas a íocann a mháthair as le sclábhaíocht tí. Déantar ard státseirbhíseach faoi ghradam de, comhshamhlaithe i gcinseal Sasana; go dtí go scriosann buille fill – óna dhearcadh siúd – Éirí Amach 1916 a chruinne.
 
Tá an cuir síos ar saol ceoil agus oíche Pháras – sna 1920í agus sna 1990í faoi seach – thar barr. Blaiseann an léitheoir fiántas mian na saoirse is na beatha iontu siúd a tháinig slán ón ár, agus iad siúd a tháinig anoir théis do Bhalla Beirlín cliseadh. Blaistear freisin saol an bochtán tuaithe, an seirbhíseach spléach ar meas na máistrí. Saol an damhsóra compántáis faoi smacht tíoránach bhig de stiúrthóir.
 
Tá na Frainciseoirí Afracacha ann freisin; lena gcultúr atá idir tarraingteach agus diamhair do chleas an Iarthair.
Tumoideachas ann féin an léamh, lán de lón samhlaíochta.
 
Chuala gur luadh pornagrafaíocht le heachtra nó dhó sa scéal. Ní thagainn leis an gcur síos cé go bhfuil eachtraí collaíochta drúisiúla a ndéantar mion cuir síos orthu san insint. Tá feidhm leo san scéal agus níor mhothaigh gur ag gliúcaíocht go suarach a bhí mé agus mé á léamh. Go deimhin, an eachtra is miangasaí, is le comhbhá agus trua a bhaineann sé a bhuaic amach, tuiscint nua ar chruatan an tsaoil bronnta ar an reacaire.
 
Mar a deirim, is measa liomsa an scéal díreach, gan bearnaí, agus mhothaigh mé tochas fiosrachta sa bhearna a fágtar san scéal agus iarracht den Deus ex Machina ag baint leis an dóigh a cuireadh bailchríoch ar – idir an dóigh a thagann fuascailt an scéil chuig Driscoll agus an críoch a bhíonn ar Nóra.
 
Thugas suntas d’aguisín filíochta sa leabhar, luaite le duine de na mion-carachtar a chastar ar William Driscoll. Ní léir dom an leaganacha an údair iad seo ar bhundánta Fraincise, nó an cumadóireacht dá chuid féin iad. Taisc beag sa bhreis iad pé scéal é.

Ní bheadh drogall orm an leabhar a mholadh d’aon duine a mbeadh in inmhe ag foclóir shaibhir Uí Mhuirthile, nó ar laghad sásta cur leis an bhfoclóir atá acu féin. Ní hé gur Gaeilge chrosta, casta atá ann, ach go bhfuil foclóir leathan ann, atá in oiriúint don scéal ach nach mbeadh ag an té nach bhfuil go leor léite aige.

Liam Ó Muirthile
An Colm Bán
la blanche colombe
ISBN: 978-1-907494-33-8
Foilsithe: 2014
Leathanaigh: 265

€14.00 (bog)

‘An Béal Bocht’ le buachan!

Tá gliondar ar ‘An Tuairisceoir’ comórtas nua a reáchtáil i gcomhpháirtíocht leis ‘An Siopa Leabhar’.

Is é an duais ná an leagan grafach den leabhar clúiteach ‘An Béal Bocht’.

Seo leagan grafach de ‘An Béal Bocht’ le Myles na gCopaleen déanta ag Cló Mhaigh Eo, cóirithe ag Colmán Ó Raghallaigh agus maisithe ag John McCloskey.

an-beal-bocht

Meastar go forleathan gurb é ‘An Béal Bocht’ ceann de na leabhair is fearr a foilsíodh riamh i nGaeilge agus seo leagan iontach den leabhar céanna.

Chun cur isteach ar an chomórtas, níl le déanamh ach inse dúinn cén leabhar Gaeilge is fearr leat riamh agus cad chuige (2/3 líne). Níl le déanamh ach trácht a fhágáil i mbosca tráchta thíos.

Roghnóidh moltóir neamhspleách an freagra is fearr agus gheobhaidh an duine sin an leabhar – tá sé chomh simplí sin.

Beidh an comórtas oscailte go dtí 12:00 Dé Luain 29 Aibreán!

Ádh mór oraibh!

406885_472529129465122_1442979011_n

Is siopa leabhar Gaeilge é ‘An Siopa Leabhar’ i mBaile Átha Cliath, bunaithe i bhfoirgneamh stairiúil de chuid Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.

Is féidir iad a fháil ar líne ag http://www.cnagsiopa.com/

Ar an bhfón – (01) 475 7401
Ar fhacs – (01) 475 7844
Ar rphost : siopa@cnag.ie

3 leabhar Gaeilge ar ghearr-liosta do ghradaim mhóra

LITRÍOCHT : Tá trí leabhar Gaeilge ar an ghearr-liosta don ghradam is mó do litríocht do pháistí in Éirinn.

The shortlist for the 23rd CBI Book of the Year Awards was revealed today, Tuesday March 19th 2013. Each of the ten titles will compete for six awards.

‘Mise agus an Dragún’ le Patricia Forde, deartha le Steve Simpson, ‘Na Laochra is Lú’ le Laoise Ní Cléirigh agus deartha le Steve Simpson agus ‘Hóng’ le Anna Heussaff  na trí leabhar atá ar ar ghearrliosta ghradaim Children’s Books Ireland (CBI).

Tá clú agus cáil ar na gradaim seo a bunaíodh i 1990 agus glactar leis gurb iad na gradaim is tábhachtaí ó thaobh litríocht na nÓg de in Éirinn.

Seo an gearr-liosta iomlán

The Terrible Thing That Happened to Barnaby Brocket by John Boyne and illustrated by Oliver Jeffers

The Weight of Water by Sarah Crossan

Hóng by Anna Heussaff

Na Laochra is Lú by Laoise Ní Cléirigh and illustrated by Steve Simpson

Spellbound by Siobhán Parkinson and illustrated by Olwyn Whelan

Mise agus an Dragún by Patricia Forde and illustrated by Steve Simpson

Dark Warning by Marie Louise Fitzpatrick

Oh No, George! by Chris Haughton

This Moose Belongs to Me by Oliver Jeffers

Grounded by Sheena Wilkinson

Níos mó eolas faoina leabhair Ghaeilge

HÓNG by Anna Heussaff

Publisher: Cló Iar-Chonnacht (Galway)953374dd26426fcf637cd341e5084220fd4a62a0

ISBN: 978-909367616 (PBK)

Tá Evan agus an cara is fearr leis, Rio, gafa le cluiche iontach ar líne darbh ainm Hóng. Tá saol iomlán difriúil i Hóng, i gcomparáid leis an léamhthuirse a bhíonn i mBaile an Chuain ó thús go deireadh na bliana.

Athraíonn an scéal seo go tobann nuair a fhaigheann Evan teachtaireachtaí aisteacha ó imreoir eile ar líne leis an leasainm Yin. Níl mórán ar eolas ag Evan faoi Yin ach cuirtear in iúl do go bhfuil Yang i ndainséir agus é i mbun poist in Éirinn.

Tuairiscí an Mholtóra: Lonnaithe in Éirinn na haoise seo, is scéal ar leith é seo ina bhfuil eachtraíocht, cluichíocht agus teicneolaíocht, cairdeas agus mistéir fite fuaite lena chéile. Is leagan údarach, fíréanta é seo de shaol an óige in Éirinn inniu ina bhfeicimid Gaeilgeoirí déagóra ag dul i ngleic le domhain an Bhéarla.

NA LAOCHRA IS LÚ le Laoise Ní Chléirigh agus Steve Simpson (illus.)b89018df017bfe51c759234d55197208c5e74ff2

Publisher: An Gum (Dublin)

ISBN: 978-1857910988 (PBK)

Tá gach ní socruithe, suaimhneach i Rinn Duáin go dtí go bhfilleann An Taibhse Dána tar éis a bheith díbirte ar feadh seacht mbliana taobh istigh de shliogán. Beartaíonn sé leanúint leis an slad agus an raic a thosaigh sé na blianta fada ó shin; iompar a bhí mar chúis a dhíbirte ar dtús báire. Nuair a fheictear do Rian, Rí na Síoga, go bhfuil An Taibhse Dána ar ais agus ag déanamh ionsaí ar iascairí bhochta neamhurchóideacha, beartaíonn sé beirt dá shíoga a roghnú chun ruaig a chur ar an dtaibhse.

Tuairiscí an Mholtóra: Fréamhaithe in Éirinn an miotas agus na finscéalaíochta, is scéal simplí, leithleach, spreagúil é seo a leanann beirt shíog agus iad ar thuras gaiscíochta chun cinntiú go mbeidh lámh in uachtar ag maitheas ar an olc.

MISE AGUS AN DRAGÚN le Patricia Forde agus Steve Simpson( Illus).Mise-agus-an-Dragún-Patricia-Forde-Steve-Simpson

Futa Fata

Buailimid le béirín ag tús an leabhair; béirín beag le huaillmhian iontach. Ba mhaith leis dul ag seilg dragúin nuair a bheidh sé mór. Téann sé ar thuras samhlaíochta sa leabhar thar sléibhte arda, trí choillte fiáine, go hard sa spéir, thar mara, timpeall ar chaisleán agus amach sa spás ar thóir dragún fíochmhar a ghlacann sé mar pheata. Níl eagla ar an bhéir roimh mórán ina dtuairim féin, agus ceapann sé go mbeidh go leor ratha aige mar shealgaire. Sin é mura gcasann sé ar dhriseacha, dorchadas, áiteanna arda, tintreach, deatach nó ba. Cuireann an béirín in iúl dúinn go bhfuil sé cróga ach tuigimid go bhfuil níos mó faitíos air ná mar a ligeann sé air, de réir mar a théann an scéal ar aghaidh. Is scéal álainn é seo faoin tsamhlaíocht, faoi uaillmhianta agus na rudaí beaga a chuireann eagla an domhain orainn.

Tuairiscí an Mholtóra: Tá gnéithe ó bhéal agus gnéithe físeacha fite fuaite le chéile go héifeachtach sa leabhar seo, ina ndírítear isteach ar eagla pháiste óg.

Foghlaimíonn an léitheoir nach féidir linn bheith cróga nó inár laochra gan eagla a bheith orainn in uaireanta.

Léirmheas eile ar an ‘An Litir’ iontach

Liam Mac Cóil

€15.00 (bog)

Leabhar Breac

Ciarán Dúnbarrach

Litríocht : Is iomaí léirmheas atá scríobh ar ‘An Litir’ le Liam Mac Cóil agus seo ceann eile – mar tá sé tuilte go mór aige.

Seo cur síos ar an scéal féin ….

“Gaillimh, Earrach na bliana 1612. Tá an chathair trí chéile ag ráflaí, brúidiúlacht, agus ansmacht; an tír ar fad faoi cheannas Shasana; agus  Aodh Mór Ó Néill agus na taoisigh Ghaelacha sa Róimh. Leagtar cúram ar Lúcás Ó Briain – Gaillimheach óg a thabharfar as a chathair dhúchais ar aistear fada thar lear. Ach ar a shála tá an Sionnach, duine de na spiairí is glice agus is cruálaí atá ag an namhaid, agus orduithe aige stop a chur leis, ar ais nó ar éigean.”

Not ‘High literature’ but ‘An Litir’ by Liam Mac Cóil is one of the most enjoyable books available in Irish today. 

Ní ard-litríocht é seo, ní leabhar tábhachtach nó clasaiceach é seo a ba mhaith leat a bheith léite agat ach nár mhaith liom a léamh – tá sé díreach iontach maith.An Litir

Deir lucht na siopaí leabhair Ghaeilge liom gurb é seo an leabhar Gaeilge is mó díol le blianta anuas agus níl sé deacair tuiscint cén fáth.

Tá sé díreach an-sultmhar! Baineann an léitheoir an-sult as a leithéid de leabhar, ní ghlacann sé iarracht nó féinsmacht chun é a léamh, a mhalairt, bhí sé doiligh orm é a leagan síos!

An féidir moladh níos fearr a thabhairt do leabhar – ní féidir taobh amuigh de gheataí ollscoile is dócha.

Litríocht do na daoine é seo, tá Gaeilge dhúchasach den chéad scoth ar fáil ann, díreach Gaeilge shimplí éifeachtach nach mbeadh stró ar bith ar dhuine ar bith, muintir na Gaeltachta go háirithe a léamh gan stró.

Seo an chineál litríochta atá de dhíth go géar i saol na Gaeilge agus tá gliondar orm a rá gur é seo é an chéad chuid de thriológ a thabharfaidh trasna na hEorpa muid i gcomhluadar Lúcáis Uí Bhriain i mblianta tosaigh na 16ú hAoise, agus naimhde brúidiúla sna sála orainn.

Tá súil agam go mbeidh scannán againn amach anseo – sin an chineál leabhar atá ann! Tá sé chomh beoga seo ná go bhfuil sé éasca na radharcanna a shamhlú is tú á léamh agus is tú á shú isteach ag an leabhar.

Thaitin gaelachas an leabhair seo go mór liom. Ní gaelachas na Gaeltachta é ach gaelachas Eorpach, gaelachas a bhaineann leis an tréimhse nuair a bhí an Ghaeilge ag gach Éireannach agus nuair a ba thír thábhachtach Eorpach í Éire lenár gcultúr gaelach féin – an rud atá Eorpach fúinn i gcónaí.

Má tá locht amháin agam ar an leabhar, is é go bhfuil an Ghaeilge 99% cruinn, is mór an trua faoin 1% eile mar tá an caighdeán chomh hard seo.

Tá déantús an leabhair féin agus an clúdach ar chomhchéim le rud ar bith atá a bhfoilsiú go coitianta i mBéarla, cuirfidh sé leabhair ‘Penguin’ i gcuimhne duit.

Ní féidir an rud céanna a rá faoi gach leabhar atá á fhoilsiú i nGaeilge agus is trua é mar tá cur i láthair chomh tábhachtach céanna le substaint i saol na linne seo.

Muna a bhfuil an leabhar sé léite agat nó muna bhfuil sé ar intinn agat a léamh, ní léifidh tú aon litríocht i nGaeilge choíche.

Leabhar Breac

Tá an leabhar á fhoilsiú ag Leabhar Breac, dream atá bunaithe in Indreabhán i nGaeltacht Chois Fharraige.

Le blianta beaga anuas tháinig Leabhar Breac chomh tosaigh go mór ó thaobh litríochta na Gaeilge de agus i mo thuairim féin tá na scríbhneoirí litríochta sa Ghaeilge ag scríobh dóibh anois agus tá an caighean an-ard i gcónaí.

Is cinnte liom gur as Leabhar Breac an chéad leabhar Gaeilge eile a léifeas mé.

Cad a dúirt siad …

Tá an-mhothú ann don tréimhse in atmaisféar na Gaillimhe. Braitheann tú go raibh tú ann i 1612. Airíonn tú go bhfuil tú i lámha scríbhneora an-snasta. — Éilís Ní Dhuibhne, Comhluadar na Leabhar, RTÉ RnaG

 Page-turner…. Seasfaidh an scéal seo i measc mórscéalta gaiscíochta an domhain. — Proinsias Mac a’Bhaird, Gaelscéal

Seo é an saothar is dírí agus is eachtrúla atá scríofa Liam Mac Cóil go nuige seo. Ropann an scéal ar aghaidh ó eachtra go heachtra agus ropann an léitheoir ar aghaidh ó leathanach go leathanach. — Micheál Mac Craith, Comhar.

You can feel the boots and blades in Mac Cóil’s Galway… An Litir is a singular achievement. — Pól Ó Muiri, The Irish Times

Leabhair dá bhFaca mé

Panu Petteri Höglund

LEABHAIR : Chaith mé an deireadh seachtaine seo caite ag léamh leabhair Ghaeilge mar is dual dom agus ar ndóigh d’éirigh liom cúpla ceann acu a chríochnú fosta.

Ba é an chéad cheann acu ná “Garret FitzGerald agus Paddy Hillery – beirt a chuir an Ghaeilge dá boinn”, le Maolsheachlainn Ó Collaí (Coiscéim 2013, 52 lch).gf

Tá Gaeilge mhaith sa leabhar agus léargas ann ar na laethanta a bhí in Éirinn – ar an athrú meoin a tháinig ar an tír le teacht na seascaidí i dtaobh na Gaeilge de. Is í an cheist mhór a chuirtear – mar impleacht ar a laghad – sa leabhar ná, an féidir liobrálachas ár linne agus stát a bhfuil misean le comhlíonadh aige a chur in oiriúint dá chéile.

Cuireann an t-údar i leith an Ghearaltaigh ach go háirithe gur bhain sé cuid mhór dá stádas den Ghaeilge agus é ag cur i gcéill nach raibh sé ach ag iarraidh athbheochan na teanga a shruthlíniú in araicis na haoise nua.

Is féidir a mhaíomh nach raibh sa Ghearaltach féin ach ionstraim i lámh na bhfórsaí stairiúla – nach raibh sé ach ag tabhairt isteach don tuiscint nua ar ról an tsaoránaigh a bhí ag teacht faoi lán an tseoil.

Stát a bhí i bPoblacht na hÉireann a raibh misean aige – misean athbheochana na Gaeilge, an misean ba chúis leis an stát teacht ar an bhfód an chéad uair riamh. Ach an féidir ar aon nós misean ar leith a bheith ag an stát? Aon mhisean eile seachas cearta daonna agus sibhialta a chinntiú do na saoránaigh?

Is fíor go hiomlán gur dream seoiníní a bhí i gceist leis an Language Freedom Movement agus go raibh dearcadh ciníoch ag cuid mhór ag na seoiníní sin ar an nGaeilge – is é sin go raibh siad naimhdeach i leith na Gaeilge toisc nach raibh siad eolach uirthi ná ar an gcultúr a bhaineas léi.

Dealraíonn sé áfach go raibh an LFM féin in ann méar a chur ar laige bhunúsach i réasúnaíocht na hidé-eolaíochta Gaeilge: má chaitheann an stát daonlathach nua-aimseartha a bheith neodrach i dtaobh na misean éagsúil polaitiúil nó cultúrtha a bhíos ag na saoránaigh mar dhaoine aonair, an féidir leis an stát céanna a mhisean polaitiúil nó cultúrtha féin a chur i bhfeidhm ar na saoránaigh mar dhaoine aonair in aghaidh a dtola-san?

Dealraíonn sé gur cuireadh an cheist seo ar an nGearaltach, agus nach raibh sé in ann í a fhreagairt. Ansin bhain sé an tátal as an scéal go raibh an ceart ag an LFM, agus nach raibh an “Ghaeilge éigeantach” inchosanta.

An leabhar eile a chríochnaigh mé le linn an deireadh seachtaine, ba é an scéinséir a bhreac Mícheál Ó Ruairc síos le haghaidh na bhfoghlaimeoirí fásta – “Fianaise” (LeabhairCOMHAR, 2012).Fianaise_Leagan_Garbh

Bhí a théarmaíocht féin ag an scríbhneoir le cur síos a thabhairt ar shaol na gclubanna damhsa griognochta, agus cé nach raibh mé sásta le gach gné den stíl, fuair mé an t-atmaisféar noir sách sásúil mar litríocht. Bhí cúpla paidir chapaill ann faoi mheath morálta an tsaoil chomhaimseartha, agus ní raibh siad ag cuidiú leis an scéal teacht ar aghaidh – is ar éigean a bhí mórán maithe iontu mar charachtracht ar an bpríomhlaoch.

I leabhar den chineál seo ba chóir an bhéim go léir a chur ar na himeachtaí agus ar an aicsean – diabhal cabaireacht. Chríochnaigh mé an leabhar go sciobtha, áfach, agus cé go bhfuil deich míle leathanach de litríocht is de bhéaloideas na Gaeitachta léite agus mionléite agam, d’fhoghlaim mé roinnt mhaith ón leabhar seo.

Mar sin, rinne sé cúis go gleoite mar úrscéal don fhoghlaimeoir fhásta.