Suíomh Nua Nuachta FnaG – Ní Leor Ceann Amháin

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Tá colún na seachtaine seo á scríobh san Iodáil agus tá bac scríbhneora orm – Tá sé deacair tosú arís ar an obair tar éis saoire.

igaeilge
An suíomh nuachta neamhspleách – igaeilge.ie/

Deirtear go mbíonn scríbhneoir ag obair agus é nó í ag stánadh amach ar an fhuinneoig, ach ní aon scríbhneoir mise ach tuairisceoir.

Mura bhfuil mé ag clóscríobh nó ag léamh, cha ligim orm féin go bhfuil mé ag obair.

Is tuairisceoir mé ar an ábhar go bhfuil mé féinfhostaithe go lánaimseartha mé sa ról sin.

Dar liomsa, is é an tuairisceoir an fíor-iriseoir seachas an ‘tuairimeoir’ mar a cheaptar go minic, in Éirinn go háirithe.

Maith nó olc ní ceist domhsa é sin ach don lucht éisteachta agus thar aon duine eile, don eagarthóir.

Níor cheistigh mé tuairimí nó orduithe eagarthóra riamh caithfidh mé a admháil, mar a theagasctar i leabhar na samurai, an Hagakure, dílis do mo fhostóir a bhí mé riamh, fiú nuair nach n-aontaím le treoir-línte m’fhostóra, leanaimse iad.

‘Northern Ireland, Londonderry, terrorist, murder,’ deirimse na focail seo gach lá ar an ábhar gurb é sin an rud a dheachtaíonn na treoirlínte.

Polaitíocht na n-Úinéirí agus níos tábhachtaí arís eacnamaíocht an mhargaidh is bunús leis seachas aon phrionsabal a bhaineanns le hiriseoireacht.

Go han-bhunúsach, sin an tuairisceoireacht, eolas a fháil, a atheagrú de réir fhormála, iarracht a dhéanamh cur leis, agus é a chur i láthair.

Is é mo thuairim phearsanta gurb é príomhról an tuairisceora ná tuairisciú gan claonadh, más féidir é sin in aon chor de réir na dtreoirlínte a thugtar duit ar an chéad lá.

‘Reuters Style Guide’ mo Bhíobla féin, is mór liom an neodracht a bhaineann siad amach.

An lá a thosaigh mé ar an iriseoireacht go lánaimseartha, chuaigh mé amach fá choinne siúlóid agus rinne mé mo sheacht ndícheall mo thuairimí féin a fhágáil i mo dhiaidh i gcoill an Lagáin.

Tá scoil smaointeoireachta eile ann áfach a deir gur chóir go mbeadh gach iriseoir iomlán soiléir agus oscailte faoi chuid smaointeoireacht féin ionas gur féidir leis an éisteoir nó leis an léitheoir a thuiscint gur féidir go bhfuil an tuairisc nó an anailís faoi thionchar na dtuairimí sin.

Chan aontaím leis sin ach ritheann sé liom gurb é sin an scoil a bhfuil an lámh in uachtar aici in Éirinn.

Is minic a bhíonn plé againn mar Ghaeil ar na focail ‘iriseoir’ agus ‘iriseoireacht’.

Títear domsa go bhfuilimid i gcónaí ag iarraidh an méid is mó agus is féidir a dhéanamh as an fhocal, chun uaisleacht a thabhairt do, ról na bhfilí sa seansaol Gaelach a thabhairt dó.

An iriseoir mé féin? Más ea, ní focal a shantaím é. Is cuma liom faoi. Mar a dúirt mé, scríobhaim agus léim an nuacht, ní aon ealaíontóir mé agus cosúil le mórchuid de mo chuid chomhghleacaithe, chan fhuil aon amhras ná gur duine den lucht oibre mé.

Cén fáth a bhfuil an fear seo ag cur leadráin orainn leis an chaint siopa seo a deir sibh?

Bhál, mothaím agus plean Fhoras na Gaeilge chun nuachtán ar líne a mhaoiniú, arbh fhiú €300,000 sa foras_logo_daitebhliain é, go bhfuil an iriseoireacht mar choincheap acadúil agus ealaíona á plé i gcónaí agus tábhacht na hiriseoireachta don togra céanna thar a dhath eile.

Ach ritheann sé liomsa gur tábhachtaí tuairimí lucht gnó agus margaíochta don togra i ndeireadh na dála, ach mar thuairisceoir nach é sin an rud atá uaim i gcónaí, treoirlínte, ríomhaire, deasca agus fón, san ord sin seachas aon chaint faoin iriseoireacht.

Níor chuala mí na focail ’journalism’ nó ‘journalist’ riamh sa seomra nuachta a bhím féin ag obair ann.

Cluinim daoine ag caint faoi léamh ‘stadach’ nó abairt amscaí nó foghraíocht aisteach – i bhfocail eile – an táirge seachas an teoiric mar chan fhuil aon tábhacht le teoiric ó thaobh chúrsaí gnó de – agus sin a bhfuil ann, táirge, gnó, nuacht agus cé nár mhaith linn a admháil, siamsaíocht.

Ach cén táirge? cér leo é? cén chineál ruda a bheas ann? cé a bheas i bhfeighil air? cé a bheas mar eagarthóir nó eagarthóirí air, cé a bheas mar iriseoirí ann?

Cén seasamh a bheas aige ó thaobh teoiricí na hiriseoireachta agus an mbeidh sé liobrálach, liobraíoch, coimeádach, sóisialach nó caidé?

Agus cén seasamh a bheas aige ó thaobh na Gaeilge de, má cheadófar an cheist a phlé fiú – radacach? Forásach? Éabhlóideach? Coimeádach?

Dar liomsa, is cuma cé chomh hiolraíoch is a bheas sé, nó cé chomh maith is a bheas sé, ní féidir le suíomh amháin freastail ar riachtanais phobail éagsúla, fiú pobail atá chomh beag le pobail labhartha na Gaeilge féin.

Gan trácht ar a easpa léitheoireacht a dhéantar sa Ghaeilge cibé ar bith.

Seans gurb é an réiteach ar sin ná an éagsúlacht, gréasáin de shuíomhanna neamhspleácha ag freastal ar dhearcaí éagsúla, ar áiteanna éagsúla, ar Ghaeltachtaí éagsúla.

Thiocfadh leo ar fad teacht le chéile ar shuíomh ar nós Nuacht1.com ach lena bhféiniúlachtaí féin acu i gcónaí.

Seans go spreagfadh an éagsúlacht sin, agus na ceangail dhíreacha a spreagfadh sé, léitheoireacht na Gaeilge ar chaoi nár éirigh le meán ar bith eile a dhéanamh go dtí seo?

Cibé ar bith, creidim gur féidir leis an Fhoras níos mó na suíomh amháin a mhaoiniú leis an mhéid airgid atá i gceist.

Dála an scéil, is féidir liom tuairisciú go bhfuil spéis as cuimse a chur sa chomórtas seo, is ar éigean go bhfuil aon duine nach bhfuil ag cur isteach air!

Gach rath ar an bhuaiteoir ach beidh an-díomá ar go leor leor daoine mar gheall ar an chomórtas seo chomh maith, tá súil agam nach spreagfadh an díomá sin olc nó searbhas.

Arbh fhéidir go bhfuil ‘Feasta’ faoi bhagairt chomh maith?

Ciarán Dúnbarrach

Beidh ar ‘An tUltach’ agus ar ‘Feasta’ cur isteach ar dheontas ar leith ó Fhoras na Gaeilge chun an tréimhse idir Iúil agus Nollaig 2013 a mhaoiniú.cludach

Tá sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don ‘Tuairisceoir’ gur “thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin.”

“Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de,” a deir an ráiteas.

Tuigtear dúinn nach bhfuil aon chinnteacht go bhfaighidh ceachtar acu aon mhaoiniú.

Fuair ‘An Tuairisceoir’ an ráiteas seo a leanas ó Fhoras na Gaeilge tráthnóna …

Cheadaigh Foras na Gaeilge ar a chruinniú i mBéal Feirste ar an 27 Meitheamh €2.78m mar dheontais sa dara sciar de mhaoiniú d’eagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge thuaidh agus theas don tréimhse ó thús mhí Iúil agus deireadh na bliana. Tá na cinneadh sin ag teacht le cinneadh a rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas ar a cruinniú in Ard Mhacha i Márta 2012, agus fágann sin gur iomlán de €6.25m atá ceadaithe ag Foras na Gaeilge in 2013 do na 19 eagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge thuaidh theas, ísliú is ionann agus 4.2% ar dheontais 2012 don na heagraíochtaí Gaeilge.

De réir an mhaoinithe sin atá ceadaithe ag Foras na Gaeilge do na heagraíochtaí bunmhaoinithe, beidh ar a gcumas leanúint ar aghaidh lena n-obair ag tacú le cur chun cinn na Gaeilge thar raon leathan de réimsí gnímh go dtí deireadh na bliana. Le cois tacú le costais reáchtála na n-eagraíochtaí, cuirfidh an maoiniú seo ar a gcumas do na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge tabhairt faoi imeachtaí agus faoi thograí a thacaíonn le tosaíochtaí do chur chun cinn na Gaeilge mar atá á léiriú sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ó dheas agus le forbairtí reatha i gcur chun cinn na Gaeilge ó thuaidh, ar nós Líofa.

Tá an maoiniú sin á cheadú i gcomhthéacs an phróisis chuíchóirithe a bhaineann le hathstruchtúrú earnáil na Gaeilge de réir threoir na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas, ar cuireadh tús leis in 2008. Leanfaidh Foras na Gaeilge de bheith ag comhoibriú leis na heagraíochtaí bunmhaoinithe Gaeilge sna míonna amach romhainn lena chinntiú go bhfuil tosaíochtaí aitheanta i gcur chun na teanga á bhforbairt.

Tá Foras na Gaeilge ag cur an mhaoinithe seo ar fáil le linn tréimhse ina bhfuil buiséad an Fhorais féin bheith á ísliú go mór. Íslíodh buiséad Foras na Gaeilge 6% in 2012, agus idir na blianta 2008 agus 2012 baineadh breis agus 20% de bhuiséad iomlán Fhoras na Gaeilge, suim is ionann agus €5m. Táthar den tuairim go mbeidh ísliú suntasach eile le déanamh ar bhuiséad an Fhorais trasteorann Gaeilge i mbliana agus in 2014.

Thóg Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh gan “An tUltach” agus “Feasta” a mhaoiniú don tréimhse Iúil go Nollaig 2013 tríd an mhaoiniú a chuirtear ar fáil do Chomhaltas Uladh i gcás ‘An tUltach’, agus do Chonradh na Gaeilge i gás Feasta mar chuid de bhunmaoiniú na n-eagraíochta sin. Is é rud, áfach, gur chinn an Bord gur féidir le ‘An tUltach’ agus le ‘Feasta’ iarratais ar leith a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge don tréimhse sé mhí sin i dtaca leis an dá iris sin de.

Féach chomh maith

“Níl muid buailte fós” – An tUltach

Deireadh le maoiniú an tUltach

Éist le Réamonn Ó Ciaráin, Cathaoirleach an tUltach ag caint le RnaG

“Níl muid buailte fós” – An tUltach

Tá sé ráite ag Cathaoirleach na hirise ‘An tUltach’, Réamonn Ó Ciaráin nach bhfuil an iris “buailte fós.”images

Mar a thuairiscigh an Tuairisceoir inné, tuigtear don Ultach go bhfuil deireadh le maoiniú Fhoras na Gaeilge don iris, atá ar an tsaoil ó bhí 1924 ann.

In ráiteas leis an Tuairisceoir, dúirt sé, “Tá gnéithe áirithe dár gcultúr Gaelach gur fiú a chosaint agus a chaomhnú – tá an tUltach ar cheann de na gnéithe sin agus 90 bliana chóir a bheith slánaithe.”

 “Bhí mé ag caint le cúpla ball foirne ón Fhoras a dhearbhaigh gur féidir le Comhaltas Uladh cur isteach ar mhaoiniú don tUltach ach nach dtig aon bharrántas a thabhairt.
“Beidh an tUltach scártha ón mháthair-eagraíocht agus bheinn buartha faoi stádas na hirise amuigh léi féin. Beidh soiléiriú i scríbhinn de dhíth orainn.”
Ach chríochnaigh sé ag rá, “Níor cháill mé dóchas riamh.”

Dúirt sé i dtvuit ar maidin :

“An-bhuíoch go deo as na teachtaireachtaí go léir faoi mhaoiniú An tUltach – níl muid buailte fós.”

Tá litir curtha aige chuig lucht tacaíocht na hirise chomh maith, ag cur na ceiste :

“Fearg, suaitheadh intinne agus díoma orm leis an scéal nach mbeidh maoiniú ar fáil! Cad chuige nach bhfuil An tUltach luaite GO FÓILL ag Foras na Gaeilge sa phlean nua maoinithe. Tá míniú de dhíth. Tá 90 bliana d’oidhreacht shaibhir taobh thiar dínn.”

“Bheinn go mór faoi chomaoin agat ach cibé tionchar atá agat a Ghaeil mhaithe a úsáid leis an scéal seo a chur ina cheart,” ar seisean.

Cé gur tuairiscíodh gurb é an tUltach an iris Ghaeilge is sine ar an tsaoil, tuigtear dúinn anois gur leis an iris ‘An Timire’ an onóir sin, tá sé ar an tsaoil ó bhí 1911 ann.

Tá ‘An Tuairisceoir’ ar lorg ráiteas ón Fhoras i dtaca leis an ábhar seo.

https://twitter.com/Tuairisceoir

Féach chomh maith 

Deireadh le maoiniú an tUltach