Imígí agus fógraígí an soiscéal

Lá Gnímh 3
Gaeil óga a bhfuil Misneach acu ag soiscéalaíocht i nDeisceart an Dúin

Tá bealach nua aimsithe ag grúpa Gaeilge chun an teanga a chur chun cinn – soiscéalaíocht ar na sráideanna.

Chuaigh scata ón eagraíocht Misneach amach i mionbhus ó Bhéal Feirste Dé Sathairn agus thug siad aghaidh ar cheantar na mBeann Boirche i nDeisceart Chontae an Dúin, áit ar chaith siad lá i mbun stocaireachta ar son na Gaeilge agus ar son na Gaelscoile áitiúla, Gaelscoil na mBeann, go háirithe.

Tá sé ar intinn acu a dhéanamh amhlaidh uair sa mhí amach anseo i gceantair ar fud Chúige Uladh.

Dúirt Seán Ó hEacháin, urlabhra ar son na heagraíochta le Seachtain, “D’imigh bus lán le Gaeil ón Chultúrlann sa Cheathrú Gaeltachta agus chaith muid lá thar a bheith fiúntach i gceantar na mBeann ag seasamh leis an Ghaelscoil áitiúil.

“Bhí sé mar sprioc againn tacaíocht agus dlúthpháirtíocht a léiriú leis an phobal. Eagrófar lá gnímh gach mí ina dtacófar le Gaelscoil trí lá earcaíochta a dhéanamh.”

“Eagrófar lá gnímh gach mí ina dtacófar le Gaelscoil trí lá earcaíochta a dhéanamh, mar aon le himeachtaí sóisialta agus feachtais eile atá idir lámha faoi láthair.

“Eagraíodh an G-Spota mar chuid d’Oíche Chultúir i dTigh Uí Mhadáin Dé hAoine ina raibh scoth na hoíche ag na céadta Gaeil. Is cinnte go bhfuil sé tábhachtach suíomh sóisialta a chruthú do Ghaeil na cathrach agus déanfar seo chomh maith le laethanta gnímh gach mí.”

Tá Gaeilge i ngach áit, Tosnaíonn sé linne

 

MISNEACH á spreagadh ag grúpa úr Gaeil

Lá Gnímh 2
Gníomhairí Misneach taobh amuigh Gaelscoil na mBeann, Deisceart an Dúin

G-Spota Bhaile Átha Cliath

UASDÁTÚ : Cruinniú eagraithe Misneach amárach, Dé Céadaoin, 15u, in Óstán Faiche Stiobhaine, O’Callaghan’s ag 7.30 i.n. “chun Athréimniú na Gaeilge a chur ar bun”

Tá clú agus cáil ar an ócáid shóisialta Ghaelach i mBéal Feirste, ‘An G-Spota’, anois beidh G-Spota ar siúl i mBaile Átha Cliath.

Beidh ‘Gaelchlub Bhaile Átha Cliath’ ar siúl 25 Bealtaine ag 9.00 i.n. sa ‘Seomra Spraoi’, 10 Cúirt Belvedere, BÁC 1.

Táille mholta: €5 do mhic léinn agus do dhaoine gan phá/€8 do dhaoine ar pá.

Oíche ‘Tóg leat do dheoch féin’ a bheas ann agus ní bheidh deochanna le ceannach san ionad féin.

Tá an ócáid seo á heagrú ag an eagraíocht ‘Misneach’.Misneach

Seo aidhmeanna Misneach

Eolas Faoi/Fúithi

Is grúpa Gaeilge Pobalda é Misneach a ghníomhaíonn chun athghabháil na Gaeilge a thiomaint agus todhchaí na teanga a chinntiú trí chosmhuintir na tíre.

Misean

Comhluadar Gaelach láidir a thógaint ar mhaithe le hathneartú na Gaeilge agus troid ar son caighdeáin saoil na cosmhuintire, óir ní teanga go pobal agus ní pobal go teanga.

Cur Síos

Is iad na príomhchuspóirí atá ag Misneach ná:

•             Pobal láidir muiníneach Gaelach a thógaint trí eagraíocht dheonach a fhorbairt atá neamhspleách ar pháirtithe polaitiúla agus ar mhaoiniú stáit

•             Ceartaí daonna agus teanga phobal na Gaeilge a chosaint agus feachtasaíocht a dhéanamh ar a son

•             Obair i dtreo díchoilínithe trí bhéim a chur ar fheasacht teanga

•             Aird phobal na hÉireann a dhíriú ar shealbhú na teanga mar bhunchloch féiniúlachta na tíre.

Eolas Ginearálta

Creideann Misneach

•             go bhfuil eigeandáil teanga ann agus go bhfuil cruachás sna pobail ina labhraítear an teanga

•             nach féidir aghaidh a thabhairt ar an gcruachás teanga gan aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sóisialta, eacnamaíochta agus polaitiúla atá ag bagairt uirthi agus ar a pobail

•             go bhfuil an t-impiriúlachas agus an caipitleachas ar an dá namhaid is mó atá ag an nGaeilge, ag pobail na Gaeilge agus ag mionteangacha ar fud an domhain

•             go bhfuil athghabháil na Gaeilge riachtanach chun díchóilíniú a chur i gcrích in Éirinn.

Féach chomh maith 

MISNEACH á spreagadh ag grúpa úr Gaeil 

‘Misneach’ seolta

Cén saghas feachtasaíochta a ba cheart do Mhisneach tabhairt faoi?

Tá Misneach, grúpa úr feachtasaíochta tagtha ar an tsaoil agus aidhm acu guth radacach a sholáthar do phobal na Gaeilge in Éirinn, i mbéal an phobail agus go leor daoine fiosrach faoi cad a bheas ar bun acu.

FÓGRA : An bhfuil spéis agat a bheith bainteach le hathréimniú na Gaeilge? Bí le Misneach! Cruinniú oíche amárach (Dé Mháirt) ag a 7.30i.n. i gClub Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair.

Chuir an tuairisceoir ceist ar lucht léite s’againn maidir le cén chineál gníomh a ba cheart do Misneach tabhairt faoi. Mar a fheicfeas sibh thíos, ní soiléir ar chor ar bith cad a ba mhaith libh a fheiceáil ón ghrúpa nua.

Mar sin féin, is léir gurb é an ghné shóisialta an rud is tábhachtaí do dhaoine ag an bpointe seo, le 27.14% ag iarraidh ar Misneach spreagadh a thabhairt do dhaoine an teanga a labhairt go sóisialta.

Tá Misneach ag tabhairt faoin obair seo i mBéal Feirste cheana, leis an ócáid mhíosúil an ‘G-Spota’ ar ais arís mar chuid de ghaelchultúr na cathrach.

UASDÁTÚ : Bhí breis is 60 ar G-Spóta oíche Shathairn. 

 

Cén saghas feachtasaíochta a ba cheart do Mhisneach tabhairt faoi?

  • Ugach do dhaoine le Gaeilge an teanga a labhairt go sóisialta 27.14%  
  • Tacú le cearta teanga, Acht na dTeangacha Oifigiúla, Acht Gaeilge ó thuaidh srl 16.43%  
  • Cur in éadan biogóidíocht fhrithGhaeilge 16.43%  
  • Feachtasaíocht láidir ar son na Gaelscolaíochta 15%  
  • Ciorruithe caiteachais Ghaeilge agus Ghaeltachta a throid 11.43%   
  • Ugach do phobal an Bhéarla an Ghaeilge a fhoghlaim 9.29%   
  • Eile : 4%  

 Ailt bainteach leis an cheann seo. 

MISNEACH á spreagadh ag grúpa úr Gaeil

‘Misneach’ seolta

G-Spota aimsithe in athuair!

Tá an gaelchlub ‘an G-Spota’ ar ais arís!

Beidh an Gaelchlub míosúil ar siúl Dé Sathairn 13ú Aibreán ag 9in sa ‘Sunflower’, Sráid an Aontais, i lár Bhéal Feirste.

Tuigtear go mbeidh go leor “Gaelchraic” ar bun ag an ócáid seo atá á eagrú ag an ghréasán ghaelach ‘Misneach’.

Beidh idir ceol nua agus sean-nós le cloisteáil ann agus is cinnte go mbeidh go leor Gaeil i láthair ann.

522068_10151537869199759_715384101_n

Bhí an G-Spota á reáchtáil cheana, tuairim ar 4 bliana ó shin, uair sa mhí I gCluain Chluain Ard, cumann sóisialta lánGhaeilge in Iarthar Bhéal Feirste.

Bhí an-ráth ar na hócáidí seo, iad plódaithe le Gaeil as áiteanna chomh fada ar shiúil le Baile Átha Cliath.

Sa deireadh áfach, d’fhás an G-Spota chomh mór sin go raibh sé an-dheacair á reáchtáil ar bhonn deonach amháin agus de bhrí go bhfuil Cumann Chluain Ard i gceantar cónaithe.

Tá gliondar ar scríbhneoir an ailt seo nach mbeidh sé de dhualgas air an ‘Sunflower’ a mhopáil maidin Dé Domhnaigh!

Guíonn ‘An Tuairisceoir’ gach ráth ar an ócáid speisialta seo.

Is furasta a bheith radacach …

Rud beag comhairle ó réabhlóidí teipthe. Tuairim Chiaráin Dhúnbarraich ar ‘Misneach’, Is furasta a bheith radacach …

An mhí seo caite, nocht dream Gaeilge nua é féin go poiblí le cruinniú i mBaile Átha Cliath.

Tuigtear dom nach mbeadh sé cruinn cur síos a dhéanamh ar Misneach mar eagraíocht, “gréasán nó ardán é atá ag iarraidh meon pobail a neartú agus gluaiseacht cheart a bhunú.”

‘Misneach’ is teideal orthu cibé ar bith agus tuigtear don scríbhneoir seo go bhfuil cead faighte ag an ghrúpa nua ó iarbhall Mhisneach na 1960í leis an ainm a úsáid.

Ciarán Dunbar argues that, sometimes, being radical is the easy option.

citizen
Robert Lindsay, i bpáirt ‘Citizen Smith’, fear a raibh égo mór aige ach nár bhain faic amach riamh!

Is é an rud is follasaí faoi Mhisneach go dtí seo, ag fágáil ar leataobh ceist an tsóisialachais a tháinig chun tosaigh ag an chruinniú i mBaile Átha Cliath, ná go mbeidh sé “radacach”.

Ní dóigh liom féin gur cheart go mbeadh Misneach ‘sóisialach’, níl aon ghá leis sin agus is é mo thaithì féin nà gur féidir le duine ar an eite dheis a bheith chomh radacach céanna le duine ar an eite chlé maidir leis an Ghaeilge de.

Tá aithne agam ar dhaoine a bheith sásta dul chuig príosún ar son na Gaeilge ach nach n-aontaíonn, mar shampla, leis an ghinmhilleadh.

Mar sin féin, níl sé i gceist ag Misneach mion-chur síos a dhéanamh ar chiall an fhocail ‘radacach’ go fóill agus tá an ceart acu, tá sé sin ciallmhar ag an am seo.

Tuigtear dom go bhfuil Misneach ag súil go dtiocfaidh straitéis s’acu ón phobal.

Táthar ag súil, deirtear liom, nach mbeidh aon ‘iad’ ann, díreach ‘sinne’ mar phobal Gaelach.

Ní dóigh liom féin gur cheart go mbeadh Misneach ‘sóisialach’, níl aon ghá leis sin agus is é mo thaithì féin nà gur féidir le duine ar an eite dheis a bheith chomh radacach céanna le duine ar an eite chlé maidir leis an Ghaeilge de

Tá gluaiseacht na Gaeilge ar cheann de na gluaiseachtaí teanga is coimeádaí ar domhan, ní nach ionadh i gcomhthéacs an bhréag-stádais atá ag an teanga i bPoblacht na hÉireann agus an srian a choinníonn maoiniú oifigiúil ar an ghluaiseacht sin.

(Bhí mise fostaithe trí uair i mo shaolsa ar airgead a tháinig as Foras na Gaeilge, “An duine agaibh atá gan pheaca, bíodh sé ar an gcéad duine ag caitheamh clocha [liom].”)

Seans, go ndéanfaidh sé maitheas don ghluaiseacht seo, don earnáil is do na Gaeil má tá eitilt radacach ann ag coinneáil brú orainn chun a bheith níos oscailte, níos glice agus, más maith leat, níos radacaí.

Bheadh mo sháith iontais ormsa áfach má théann Misneach i mbun ghnímh dhírigh, ar nós Chumann na mBreatnaise.

Ní dóigh liom go bhfuil an goile ag na Gaeil dá leithéid, ach ar cheart go mbeadh dream radacach buartha faoi sin?

An mbíonn an radacach ag snámh i muir na ndaoine nó an mbíonn sé/sí chun tosaigh orthu?

Ach seo an rud áfach, seo comhairle ó réabhlóidí teipthe, ná bí ag smaoineamh gurb í sin an rogha is deacra, deirimise gur rogha fhurasta í an radacachas.

Sin mo thaithí féin, tá tuairimí eile ann.

Chaith mé féin an t-uafás ama ag iarraidh a bheith radacach agus ag iarraidh ar dhaoine eile a bheith radacach.

Ar lámh amháin, rinne mé mo shaol féin níos deacra mar gheall air seo uile go léir, ghlac go leor daoine, agus glacann go fóill, gur liúdramán a bhí ionam.

Ní raibh mise ach ag cur isteach ar dhaoine ag iarraidh smaointe nár aontaigh éinne eile leo a bhrú chun tosaigh.

 Gaelaigh do shráid féin agus gaelóidh Éire í féin.

Dílis dom féin a bhí mé, ach is beag a bhain mé amach don Ghaeilge i ndeireadh na dála.

Ar bhealach, b’fhurasta a bheith radacach, níor ghá dom páirt a ghlacadh i rud ar bith ar ndóigh, breá ábalta a bhí mé chun seasamh ‘radacach’ a ghlacadh is mé féin a chur taobh amuigh d’aon ról dearfach nó fiúntach i ngluaiseacht na Gaeilge.

Ar choiste amháin a bhí mé riamh. 
Ar ndóigh, ní dóigh liom go raibh fáilte mhór nó fáilte ar bith romham i gcónaí ach sin scéal eile, agus ar bhealach, tuigim sin. Cé bhí ag iarraidh éisteacht le mo leithéidse ag easaontú i gcónaí agus i gcónaí ag moladh chur chuige ‘radacach’?

Ag iarraidh lonnaíochtaí Gaeilge a bhunú a bhí mé nuair nach raibh na daoine eile fiú sásta an focal ‘Gaelscoil’ a lua ar eagla go gcluinfeadh sagart an pharóiste é?

Char thuig m’aigne soineanta nár chreid daoine eile i bhfocail an Phiarsaigh is Uí Chadhain mar a chreid mé féin agus nach raibh ann ach cur i gcéill traidisiúnta Éireannach nuair a rinne siad aithris roghnaitheach orthu.

Bheadh sé níos deacra dom go pearsanta glacadh leis an chóras mar atá is a bheith ag obair faoina srianta, b’fhurasta an bealach radacach liomsa.

Molaim do Mhisneach smaoineamh go domhain ar chur chuige s’acu agus a bheith cinnte gur gníomh dearfach an toradh a bheas ar obair s’acu, ní caint radacach gan aon toradh.

Is é an rud is radacaí gur féidir le duine ar bith a dhéanamh ar son na Gaeilge ná a bheith ag gníomhaíocht go háitiúil, ní hí sin mo chomhairle ach comhairle na ngníomhairí is éifeachtaí ar an talamh.

Gaelaigh do shráid féin agus gaelóidh Éire í féin.

 An rud is radacaí

Ní soiléir fós cén chineál gníomhaíocht a bheas ar bun ag Misneach – sin rud a bhéas le socrú acu (againn!) féin.

Ach, is léir go bhfuil sé ar intinn acu maireachtáil gan mhaoiniú stáit. 
Measaim féin go bhfuil sé sin radacach go leor.

Caithfidh siad a bheith cúramach áfach, cuirfidh an seasamh seo isteach ar go leor daoine, a ghlacann le maoiniú stáit.

Beidh ar Mhisneach seasamh s’acu a mhíniú go cúramach le daoine ar bhealach tuisceanach. 
Gach seans, go mbeidh brú ann taobh istigh den eagraíocht (agus taobh amuigh?) chun glacadh le maoiniú, ábhar scoilte?

‘Divide et impera’, scoilt is sáraigh – úsáideadh na deontais don chuspóir seo ón chéad lá agus úsáidtear mar seo iad i dtólamh.

Cibé ar bith, is suimiúil an fhorbairt í seo, go háirithe agus daoine ar leith atá an-ábalta bainteach leis an ghrúpa go dtí seo. Beidh sé an-suimiúil féachaint cad é mar a ghlacfaidh sean-Ghluaiseacht na Gaeilge leis an dream nua seo.

Anois, a lucht Mhisnigh, aon fhonn oraibh labhairt faoi lonnaíochtaí úra lán-Ghaeilge a bhunú? Nó? Ná bac liom mar sin, gheobhaidh mé mo chóta mar sin – Tacsaí!

 Scéalta Bainteach –

‘Misneach’ seolta

Bhí slua suntasach i láthair ag seoladh grúpa nua Gaeilge, Misneach, i mBaile Átha Cliath aréir.

Bhailigh thart ar 50 duine le chéile in Ionad Cois Teallaigh i gceannáras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara don ócáid.

Ag caint dó ag an seoladh dúirt duine de bhunaitheoirí Mhisneach, Fearghal Mac Ionnrachtaigh, go raibh ‘cultúr feachtasaíochta’ agus ‘guth radacach’ de dhíth ó phobal na Gaeilge.

Dúirt sé go raibh ‘ciúnas’ ann le tamall anuas aon uair a bhuaileadh an pobal, mar shampla, i dtaobh na gciorruithe ollmhóra atá déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta,  scoileanna atá á dhúnadh agus diúltú na Roinne Oideachais ó thuaidh seirbhís bhus a chur ar fáil do dhaltaí Choláiste Feirste. Tá gá le cur chuige radacach le dul i ngleic le dúshláin an phobail dar leis.

Mheabhraigh sé don slua a bhí i láthair go raibh ceannródaí Mhisneach sna 1960í, Mairtín Ó Cadhain, mar spreagadh mór ag na daoine a bhunaigh Gaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste agus gur féidir le grúpa gníomhach ugach mór a thabhairt don phobal i gcoitinne.

Dar le Misneach léiríonn bunú an Údaráis, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus an stádas dlíthiúil atá bainte amach ag an teanga in Éirinn agus san Eoraip gur trí fheachtasaíocht láidir a bhaintear buanna amach do phobal na Gaeilge.

Chuir Mac Ionnrachtaigh bunú an ghrúpa i gcomhthéacs díchoilínithe agus athghabhála na tíre chomh maith.

Dar leis rinne an coilíniú ‘léirscrios síceolaíochta’ ar mhuintir na hÉireann agus tá an-chumhacht ag an scrios seo go fóill.

Dúirt sé go bhfuil Misneach mar chuid den phróiseas díchoilínithe agus nár cheart an Ghaeilge a chur chun cinn mar ‘chaitheamh aimsire’ gan baint ar bith aige le cúrsaí polaitíochta nó sóisialta.

Labhair an staraí Aindrias Ó Cathasaigh, nach bhfuil mar bhall de Mhisneach, ag an gcruinniú chomh maith.

Rinne sé cur síos ar an nasc a fheiceann sé i idir an Ghaeilge agus ceisteanna sóisialta.

Dar leis tá brú ar an nGaeilge toisc nach bhfuil meas ag an gcóras caipitleach ar an nGaeilge de bharr nach féidir brabús a dhéanamh as.

Ní chuireann an caipitleachas luach ar rud ar bith, teangacha ná cultúr ina measc, murar féidir brabús a dhéanamh astu, ar seisean.

Tá an éagóir atá á dhéanamh ar an nGaeilge fite fuaite san éagóir atá á dhéanamh ar ghrúpaí eile sa tír dar leis.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh lucht na Gaeilge ag tacú le feachtais agus le grúpaí eile atá ag stocaireacht in aghaidh na déine agus an mhíchothromais.

Mar shampla dúirt sé gur cheart do dhaoine atá buartha faoi chóiríocht i nGaelscoileanna  a bheith ag obair le scoileanna eile atá faoi mhíbhuntáiste.

Ag tagairt don chás a thug an Coimisinéir Teanga chun solais inar ghabh na Gardaí fear toisc gur labhair sé Gaeilge leo, dúirt sé gur cheart go mbeadh pobal na Gaeilge ag tacú le daoine eile a fhaigheann drochmheas ó na Gardaí, ar nós an lucht siúil, inimirceach nó daoine ó cheantracha den lucht oibre.

MisneachDúirt sé freisin nár theastaigh uaidh go mbeadh daoine ar nós Enda Kenny, daoine a thacaíonn leis an gcáin mhaoine nó daoine a thacaíonn le rialtas Iosrael, nár theastaigh uaidh go mbeadh siad ag labhairt Gaeilge.

Mhol sé cur chuige níos diongbháilte ó thaobh na teanga de ag rá gur éirigh le roinnt iarrachtaí anseo is ansiúd aon am a thugadh dúshlán an Stáit.

Dar leis b’fhearr don dá Stát sa tír nach mbeadh an Ghaeilge ann óir bheadh rudaí ‘níos simplí’ dóibh.

I ndiaidh na gcainteanna labhair roinnt daoine ón slua. Léirigh cúpla duine imní nár cheart daoine nach dtacaíonn le polaitíocht an ghrúpa a chur ón nGaeilge ach dúirt duine eile gur cheart go mbeadh sé ina ghluaiseacht shóisialach neamhbhalbh.

Beidh cruinniú ag Misneach Bhaile Átha Cliath i gClub na Múinteoirí Dé Céadaoin seo chugainn agus tá Misneach Bhéal Feirste chun imeacht sóisialta a eagrú ar 13 Aibreán.

‘Misneach’ le seoladh ag cruinniú poiblí

Misneach

Tá grúpa nua ‘radacach’ Gaeilge, darbh ainm Misneach, le lainseáil i mBaile Átha Cliath Dé Máirt 26 Márta.

Beidh an chéad chruinniú poiblí ag Misneach ar siúl in ionad Chois Teallaigh, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, 46 Sráid Chill Dara, ag 7.30in, áit a dhéanfar plé ar ábhair éagsúla i dtaobh na Gaeilge.

Beidh na gníomhaithe teanga Aindrias Ó Cathasaigh agus Feargal Mac Ionnrachtaigh ag labhairt ag an gcruinniú.

Is é príomhthéama an chruinnithe ná todhchaí na Gaeilge mar teanga labhartha laethúil.

Is as Baile Átha Cliath, Béal Feirste agus Gaillimh iad baill Mhisneach go príomha. Deir an grúpa go mbeidh cruinnithe eile ar bun acu i mbailte agus cathracha eile fud fad na tíre sna míonna amach romhainn.

“Tá sé áitithe ag sochtheangeolaithe go mbeidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobalda laethúil laistigh d’fhiche bliain,” arsa urlabhraí de chuid Mhisneach, Kerron Ó Luain.

“Is sna Gaeltachtaí amháin a úsáidtear an teanga ar an gcaoi seo agus tá na Gaeltachtaí ag fáil bháis go sciopaidh. Aithnímid go bhfuil dul chun cinn déanta, agus á dhéanamh, in earnáil scolaíochta na Gaeilge. Ach mar ghrúpa tá sé mar aidhm againn athbheochan iomlán a chuir i gcríoch agus an teanga a chur ar ais i mbéal an phobail agus is buncloch iad na Gaeltachtaí dúinn.

“Tá sé fíor-dheacair athbheochan iomlán a chuir ar bun gan an teanga bheith in úsáid ar bhonn laethúil a thuilleadh.”

Luaigh Ó Luain an géarghá atá le grúpa ‘fíor-radacach’ Gaeilge faoi láthair.

“Is í an sprioc atá ag Misneach ná an meath seo a stopadh. Ní amháin sin ach teastaíonn uainn go bhfásfaidh an teanga chomh maith. An chéad chéim ná diúltú do na polaiteoirí agus na loiciméirí nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart ar son na teanga. Deir na daoine seo go bhfuil siad ar son na teanga ach bíonn siad sásta go síoraí le reachtaíocht agus gníomhaíochtaí laga.

“An bhliain seo chaite chonaic muid Acht Teanga leasaithe chun olcas á bhrú trí Theach Laighin gan gíog nó míog i ndáiríre. Níl slánú na Gaeilge le bhrath san acht lag mar a sheasainn sé.”

“Nuair a bunaíodh Misneach i dtús báire (sna 1960í) bhí an Ghaeilge faoi ionsaí ag na meáin agus daoine áirithe sa domhan liteartha. Bhí an ‘Language Freedom Movement’ ag déanamh ionsaí ar stádas poiblí na teanga in Éirinn. Bhí Máirtín Ó Cadhain agus daoine eile gníomhach i bhfeachtais a chuir náire ar na tréigtheoirí cultúrtha sin.

“Inniu tá na hionsaithe céanna le chloisteáil ó na cineáil daoine céanna sna meáin. Ag an am céanna níl rialtas ar bith tar éis stádas na teanga a chosaint nó an Ghaeilge a chuir chun cinn i mbealach suntasach a chuirfidh ar aghaidh chuig an gcéad ghlúin eile í.

“Tá sé i gceist ag Misneach dul i mbun gníomh díreach sa stíl chéanna atá ag  grúpaí radacacha teanga sa Bhreatain Bheag agus sa Bhriotáin chun cosaint cheart a thabhairt don Ghaeilge agus chun stop a chuir leo siúd sa bhunaíocht pholaitiúil ar mian leo ísliú céime a chuir i bhfeidhm ar an teanga,” ar seisean.