RUGBAÍ
Amharcann Seán Míchaél Ó Donnchadha ar fhoireann na León
Roghnaigh Warren Gatland naonúr Éireannaigh do fhoireann na León. Tar éis droch-shéasúr i gComórtas na Sé Náisiún ba cheart im thuairimse go mbeadh Éire sásta go leor.
Bhí séasúr i bhfad níos fearr ag Sasana a d’imir i gcoinne an Breatain Bheag i Stáid na Mílaoise don Craobh san cluiche deiridh ach nach bhfuil ach deichniúr acu roghnaithe.
Ní haon ionadh gur roghnaigh Warren Gatland móramh na himreoirí ón Bhreatain Bheag mar bhuadar an Caithréim Mhór [Grand Slam] anuraidh agus bhuadar Comórtas na Sé Náisiún tar éis bhua mhór ar an Bhreatain san cluiche deireanach i Stáid na Mílaoise i mbliana.
Is iad na hÉireannaigh a roghnaigh Gatland ná:
Rob Kearney, mar lán-chúlaí,
Tommy Bowe, sa cliathán,
Brian O Driscoll, sa Líne Lár,
Johnny Sexton, mar leathchúlaí amuigh,
Conor Murray, mar leath chúlaí clibirte,
Cian Healy, mar fhrapa ceann scaoilte,[Loose Head Prop]
Paul O`Connell, sa dara líne,
Jamie Heaslip, ag uimhir a hocht,
Sean ó`Brien, mar chúl-tosaí caoch, [Blindside Flanker]
B’fhéidir go raibh mí-ádh ar Rory Best agus Simon Zebo gur chailleadar amach. Ar an drochuair bhí droch-shéasúr ag Rory Best go mór mór lena caitheamh isteach sa síne amach agus chaill Zebo do Sean Maitland, Nua Shealánach a imríonn don Albain, agus seans gurbh é an líon bheag Albanaigh, gan ach triúr acu a roghnú, a chabhraigh leis.
Leis an mbainisteoir agus formhór an foireann cultacha ón Bhreatain Bheag shílim gurbh cheart ról an captaen a thabhairt do Pól Ó Conaill chun na ceithre náisiúin a dhlúthú.
Tá sé amuigh ar mhuintir na Breataine Bige go bhfanann siad le chéile le linn camchuairt agus go bhfuil sé deacair iad a chomhtháthú [integrate] leis na tíortha eile go mór mór leis na Sasanaigh.
Beidh díomá ar muintir na Breataine gur chaill Chris Robshaw amach ach tá an-iomaíocht san líne chúil [back row]. Seans, b’fhéidir dár mbuail an Breatain ar an Breatain Bheag san cluiche cinniúnach sin ag deireadh an chomórtais i Stáid na Mílaoise go mbeadh Robshaw mar chaptaen.
Ceist eile chonspóideach ná canathaobh nár roghnaigh Warren Gatland ach dhá leath-chúlaí amuigh, Johnny Sexton agus Owen Farrell?
Dúirt Gatland gur iarr sé ar Johnny Wilkinson taisteal leo tar éis an sár-sheasúr a bhí aige le Toulon atá i gcluiche cheannais Corn Heineken ach diúltaigh Wilkinson mar ní bheadh a chorp in ann don tastáil fhisiciúil ar Camchuairt na León agus go mbeadh air dul faoi scian arís ar na mallaibh chun go mbeadh sé ábalta imirt do Toulon ar feadh bhliain amháin eile sara rachaidh sé ar scor.
Na Cluichí
An Tástáil Tosaigh[ The First test] Brisbane 22ú Lá Meitheamh
An Dara Tástáil Melbourne 29ú Lá Meitheamh
An Triú Tástáil Sydney 6ú Lá Iúil
Mo fhoireann, ma roghnófaí é anois díreach;
L. Halpenny (An Breatain Bheag)
T. Bowe (Éire) B. O`Driscoll(Éire) Jamie Roberts(An Breatain Bheag) Alex cutbert (An Breatain Bheag)
Johnny Sexton (Éire) Mike Philips ( An Breatain Bheag)
Cian Healy (Éire) Tom Youngs (An Breatain) Adam Jones (An Breatain Bheag)
Ian Evans ( An Breatain Bheag) Paul O`Connell (Éire)
Sam Warburton Captaen (An Breatain Bheag) Justin Tipuric ( An Breatain Bheag) Toby Faletau (An Breatain Bheag)
Tá fhios agam nach mbeidh muintir na hAlbain sásta liom gan aon imreoir acu siúd tofa ná muintir na Breataine agus gan ach imreoir amháin acu ach beidh cluiche dúshláin i Hong Cong idir na Leon agus na Barbaraigh agus d`fhéadfaidh imreoirí eile teacht isteach san áireamh de thoradh an cluiche dúshláin agus ag braith ar cé atá ag déanamh go maith sna seisiúin traenalá.