Scaifte Mór Ar Shlógadh Shinn Féin

Ba é ceannaire Shinn Féin Gerry Adams a thug an chéad óráid ag Slógadh Shinn Féin ar an Iúir Dé Sathairn.

Bhí príomh-halla Ghaeláras Mhic Ardghail plódaithe don ócáid.

Dar leis an fhear eagraithe, Johnny McGibbon, bhí 65 i láthair ach is féidir go raibh níos mó daoine ann.

Bhí go leor de cheannaireacht an pháirtí i láthair, an tAire Cultúir sna Sé Chontae Carál Ní Chuilín, Aire Oideachais Stormont John O’Dowd, cathaoirleach an pháirtí Declan Kearney agus an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ina measc.

Bhí an Ball Parlaiminte don Iúr is Ard Mhacha, Mickey Brady, agus an Ball Tionóil Róise Nic Thoirealaigh ann lena chois.

Thug an gníomhaire Gaeilge Linda Ervine óráid don slua chomh maith in éineacht le go leor eile.

Seo roinnt taifeadáin a rinne an Tuairisceoir ar an lá (tá siad ar fad dhátheangach).

Oráid Gerry Adams.

An Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh as Conamara.

Linda Ervine, a oibríonn chun an Ghaeilge a chur chun cinn in Oirthear Bhéal Feirste.

An Dr. Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge.

An tOllamh Malachy Ó Néill ó Ollscoil Uladh.

 

 

Gaeilge ina ‘buntáiste’ ach ní ina ‘riachtanas’ do Shinn Féin

Tá post á fhógairt ag Sinn Féin do phreas-oifigeach in Oifig na hEorpa Shinn Féin sa Bhruiséil.

Luaitear an Ghaeilge leis an phost; “Ability to write as Gaeilge will be viewed as an advantage.

Ach seo do phost san Aontas Eorpach (áit a bhfuil stádas éigin ag an Ghaeilge) ag cur ionadaíochta ar fáil do thír ina bhfuil an Ghaeilge ina teanga oifigiúil agus ina teanga náisiúnta in éineacht leis an Bhéarla.

Príosún na Maighe / H-Blocanna na Ceise Fada, áit ar éirigh le príosúnaigh IRA dhá sciathán a Ghaelú ina nGaeltachtaí.
Príosún na Maighe / H-Blocanna na Ceise Fada, áit ar éirigh le príosúnaigh IRA dhá sciathán a Ghaelú ina nGaeltachtaí.

Lena chois, tá polasaí ag Sinn Féin an páirtí féin a Ghaelú ón taobh istigh, ag glacadh inspioráid Batasuna Thír na mBascach agus na H-Blocanna Gaeltachta inar thiontaigh príosúnaigh ar an Ghaeilge mar ghnáth-theanga labhartha.

Mar sin de, cén fáth gur “advantage” amháin” é a bheith ábalta feidhmiú i dteanga dúchais na hÉireann ach ní “riachtanas”?

Cuireadh an cheist sin ar Shinn Féin (i nGaeilge amháin).

Tháinig na freagraí ón Fheisire Pharlaimint na hEorpa, Liadh Ní Ríada, atá ina cainteoir Gaeltachta ó dhúchas agus aitheanta mar Ghaeilgeoir gníomhach.

Uime sin, cad chuige an coinníoll sin luaite leis an phost?

“Táimíd i gcónaí ag iarraidh ár bpáirtí a Ghaelú,” a deir an BPE Ní Ríada, “agus is coinníoll coitianta é seo i gcur síos ar phostanna sa pháirtí.”

“Tuigimíd go bhfuil a lán daoine sárchumasach nach bhfuil Gaeilge acu agus nílimíd ag iarraidh leatrom a dhéanamh orthu, ach é sin ráite feictear dúinn gur cheart, gach rud san áireamh, buntáiste a thabhairt dóibh siúd a bhfuil sé ar a gcumas scríobh as Gaeilge.”

An Feisire Eorpach Liadh Ní Ríada - aithnítear í mar dhuine de na polaiteoirí is laidre ó thaobh na Gaeilge de in Éirinn.
An Feisire Eorpach Liadh Ní Ríada – aithnítear í mar dhuine de na polaiteoirí is laidre ó thaobh na Gaeilge de in Éirinn.

Ach cad chuige mar sin nach bhfuil sé iomlán riachtanach go mbeadh an preas-oifigeach a cheapfar ábalta feidhmiú sa Ghaeilge agus sa Bhéarla (ar a laghad)?

“Is ceist mhaith é seo, agus tuigim an pointe a dhéanann tú leis. Tá foireann láidir againn sa Bhruiséil agus Gaeilge iontach mhaith ag cuid mhór dóibh.

“Is Gaeltacht bheag í m’oifig féin, agus Gaeilge ag m’fhoireann féin sa Pharlaimint agus sa toghcheantar.

“Mar aon le seo tá beirt eile sa Pharlaimint le hardchaighdeán Gaeilge, agus roinnt mhaith le caighdeán maith Gaeilge labhartha acu.

“Déanann mise nó m’fhoireann mo phreas, agus Gaeilge againn go léir. Tá beirt sa bhreis taobh amuigh do m’oifig féin, atá ar fáil chun tacaíocht a thabhairt i dtaobh aistriúchán idir Gaeilge agus Béarla.

“Is ról bainistíochta agus straitéiseach a bheidh i gceist sa phost seo, ag obair go hinmheánach leis na feisirí agus a bhfoirne. Mar sin níl cumas scríobh inár ndá teangacha oifigiúla riachtanach don ról.

“Níl na feisirí bainteach leis an bpróiseas roghnúcháin. Ar bhonn pearsanta, bheinn féin thar a bheith sásta fáilte a chuir roimh Ghaeilgeoir breise sa Bhruiséil. Is aoibhinn liom cloisteáil ár dteanga náisiúnta sna dorchlaí Shinn Féin.

“Labhraím féin Gaeilge le m’fhoireann féin i gcónaí, agus cé nach bhfuil Gaeilge láidir ag againn go léir sa Bhruiséil, déanann gach duine iarracht í a labhairt.

Tá Sinn Féin ar son Acht na dTeangacha Oifigiúla sa Phoblacht agus ar son Acht Gaeilge ó thuaidh – Nach bhfuil na polasaithe iad siúd ag teacht salach ar an chur chuige a úsáideann Sinn Féin taobh istigh den pháirtí? Is é sin le rá, mura mbeidh Gaeilge ag an té a cheapfar, seirbhís as Béarla amháin a bheas ag teacht ón Eoraip ó Shinn Féin?

Cad chuige a gcuirfeadh Sinn Féin dualgas ar an stát nach bhfuil an páirtí sásta a chur air féin?

“Ní hea. Bhí, tá agus beidh go deo seirbhís dhátheangach ar fáil ó Shinn Féin in Éirinn agus san Eoraip. Táimíd ag cur lenár gcumas i dtaobh na Gaeilge i gcnaí, agus cinnte is féidir linn feabhas a chur ar an tseirbhís sin in áiteanna.

“Ach mar aon lenar sochaí, táimíd mar gníomhaí ar an mbealach fada i dtreo athghabháil na hÉireann. Nílimíd ann go fóill, agus is tábhachtach bheith macánta go leor é seo a admháil.

“Tá níos mó obair le déanamh againn i Sinn Féin chun an Ghaeilge a chur chun cinn, agus glacaimíd le cáineadh ón bpobal.

“É sin ráite táimíd go hiomlán tiomnaithe i dtaobh na Gaeilge agus i dtaobh í a cur chun cinn.

“Maidir leis an cheist dheireanach. Ní stát muidne, nó ní státseirbhís muid. Mar sin, cinnte níl an dualgas céanna orainn mar pháirtí agus mar atá ar an stát. Mar atá ráite agam cheana, bhí, tá agus beidh seirbhís ar fáil as Gaeilge agus as Béarla ó Shinn Féin.

“Táimid ag lorg cothrom na Féinne ar son na Gaeilge agus go dtí go bhfuil sé seo againn ó thuaidh agus ó theas déanfaimíd ár ndícheall di.”

Tá sé i gceist ag an Tuairisceoir teagmhail a dhéanamh le gach páirtí in Éirinn ar an ábhar seo. 

Páirc Bhocht an Bhaile Bhoicht

Páirc Réamoinn Mhic Raois – an scéal a dhiúltaíonn bás a fháil

AN tIÚR – Le coicís anuas tá scéal ‘Pháirc Réamoinn Mhic Raois’ ar chéad leathanach na bpáipéar nuachtáin agus ar na haerthonnta ó thuaidh ar bhonn laethúil.

Troideadh an cath a ba dhéanaí mar gheall ar an pháirc shúgartha bhocht seo i gceantair an Bhaile Bhoicht ar an Iúr i gComhairle an Iúir agus Mhúrn oíche Dé Luain.

Tá sé ina chnámh spairne ó athainmníodh an pháirc in onóir duine de na fir a fuair bás ar an staic ocrais i 1981, Réamonn Mac Raois, i 2001.

Ach d’éirigh sé níos conspóidí le blianta anuas ó thosaigh na hagóidí a bhaineann le teorainn a chur le bratach na Breataine a bheith ar foluain ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste.

Dúirt an SDLP go vótálfadh siad chun ‘Patrick’s Street Park’ a thabhairt air in athair aréir dá mba rud é go raibh vóta ar an cheist.

Ach sa deireadh, cha raibh a leithéid ann óir chun sin a dhéanamh bheadh air an chomhairle rialacha seasta a chur ar ceal – ach vótáil 15 in aghaidh 14 comhairleoir gan sin a dhéanamh.

Vótáil an SDLP agus aontachtaithe ar an chomhairle ar son, vótáil poblachtaigh neamhspleácha le Sinn Féin chun bac a chur ar an rún.

Tá Sinn Féin ag rá go gcaithfidh na hAontachtaithe agus an SDLP glacadh le toil an phobail áitiúla anois.

Ach tá Aontachtaithe ag rá go leanfaidh siad ar aghaidh ag feachtasaíocht ar an ábhar seo.

Tá an comhairleoir neamhspleách, Brendan Curran, ag cur i leith Shinn Féin nach bhfuil croí s’acusan sa troid seo a thuilleadh agus go raibh airsean labhairt leis na meáin ar an ábhar seo le tamall anuas.

Iarbhall de Shinn Féin agus den IRA é an Comhairleoir Curran.

Tá an SDLP ag rá go bhfuil siadsan ag iarraidh ar an Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann teacht isteach agus rialú daingean a dhéanamh ar an cheist.

Tá na páirtithe Aontachtacha ag gealladh go dtabharfaidh siadsan an troid seo ar aghaidh go dtí an sar-chomhairle nua a thiocfas sé ar an tsaol ag deireadh na míosa seo.

Tá sé ar intinn ag Tom Elliot ón UUP bille príobháideach a chur os comhair an Tionóil a chuirfeadh cosc ar ainmniú aon áis phoiblí ar bith in onóir duine a ciontaíodh as coir sceimhlitheoireachta.

Cá mhéad vótaí ar fiú Bonn Uile-Éireann?

Ciarán Dunbar 

10980764_1421768004783220_301203794081022474_n
Iarrthóir an SDLP in An tIúr agus Ard Mhacha – má bhí aon amhras ann faoin bhéim a leagfadh sé ar a chúlra CLG agus ar a bhonn Uile-Éireann – cuireann a phictiúr próifíle Facebook deireadh leis

Roghnaíodh an iar-pheileadóir Justin McNulty le seasamh ar son an SDLP go hoifigiúil an tseachtain seo caite.
Bhain an fear as Mullach Bán bonn Uile-Éireann sa pheil le Contae Ard Mhacha in 2002.
Seasfaidh sé mar iarrthóir i dtoghcheantar an Iúir agus Ard Mhacha sa toghchán Westminster atá le teacht i mí Bhealtaine.
Tá foinsí gar don SDLP sa toghcheantar dóchasach gur féidir leis an suíochán seo a bhaint ar ais ó Shinn Féin ach tá tráchtairí polaitiúla measartha cinnte nach féidir.
Bhí Sinn Féin 8,000 vóta chun tosaigh ar an SDLP sa toghchán deireanach, ach bhí Conor Murphy ag seasamh do Shinn Féin an iarraidh sin – tá sé socraithe acu Mickey Brady a chur chun tosaigh an uair seo.

Ní bheadh an próifíl céanna ag Mickey Brady, arbh as an Iúr dó, agus a bheadh ag Conor Murphy, nó ag Justin McNulty fiú – go háirithe i nDeisceart Ard Mhacha.
Mar sin féin, baineann clú Justin McNulty le cúrsaí peile, ní raibh aon bhaint phoiblí aige le polaitíocht go dtí seo cé go bhfuil sé ráite aige go bhfuil sé ina bhall den SDLP le fada.
Is é an cheist atá á cur ná cá mhéad vóta arbh fhiú bonn Uile-Éireann agus an mbeidh go leor ama aige chun branda an SDLP a athneartú sa cheantar?
Bheadh ‘luascadh’ de 9% ó Shinn Féin de dhíth ar Justin McNulty leis an suíochán a bhuachan.

Duais Nobel Tuillte Ag Stailceoir Ocrais?

Tá sé ina ábhar conspóide ó thuaidh an tseachtain seo tar éis gur dhúirt Ball Tionól de chuid Sinn Féin, Barry McIlduff gurb “laoch agus mairtíreach” an stailceoir ocrais Raymond McCreesh a fuair bás in 1981.

download (1)
Barry McIlduff

Lean an Ball Tionóil leis ag rá go raibh duais shíochána Nobel tuillte ag McCreesh níos mó ná go leor daoine as Éirinn a bronnadh an duais orthu go dtí seo.

Scríobh sé an ráiteas ar a bhlag tar éis gur bhris conspóid amach in athuair maidir le hainm na páirce súgartha ‘Réamainn Mhic Raois’ ar an Iúir.

Is ar an SDLP atá fócas na nAontachtaithe tar éis gur theip ar ochtar dá gcuid chomhairleoirí freastail ar chruinniú coiste ar an ábhar an tseachtain seo caite inár éirigh le Sinn Féin vóta a bhuachan leis an ainm a choinneáil.

Bhí comhairleoir amháin ón SDLP i láthair ach níor chaith sé vóta.

Bhí ar chomhairleoirí an SDLP freastail ar chruinniú le ceannaire an pháirtí, Alasdair McDonnell, leis an ábhar a phlé.

Tá sé tagtha chun solais ó shin ná gur roghnaigh ceannaire an SDLP ar an chomhairle, Michael Carr, freastal ar chruinniú ag a chlub gailf seachas ar an chruinniú coiste – rud atá aontachtaithe ar buile faoi.

Tá sé ráite ag an fheachtasóir ar son íobartaigh an IRA, Anne Travers, gur chóir go mbeadh náire ar an SDLP agus go mothaíonn sise gur lig siad síos í.

Mitchell McLaughlin ina Cheann-Chomhairle

Tá sé ciúin go leor i saol na polaitíochta ó thuaidh faoi láthair, i gcomparáid leis an tréimhse roimh an Nollaig cibé ar bith.

Mar sin féin, toghadh Mitchell McLaughlin ó Shinn Féin mar cheann-chomhairle ar an Tionóil nó ‘Spaker a’ tha Hoose’ mar a déarfá sa teanga mionlaigh eile.

Is é an chéad náisiúnach a raibh an post sin aige riamh.

Tá sé tagtha chun solas áfach nár vótáil ceithre bhall tionóil do chuid an DUP dó, d’ainneoin gurb vóta faoi cheangail aoireachta é – Edwin Poots, Jonathan Craig, Stephen Moutray agus Sydney Anderson.

Tá gach seans ann go mbeidh siad dlite i mbeart araíonachta anois, ba shuimiúil feiceáil cén tionchar polaitiúil a bheadh ag sin ar na DUP.

Go héifeachtach, ciallaíonn sé seo go bhfuil 28 mball tionól ag Sinn Féin anois, tá 30 de dhíth chun achainí ar bhonn ábhar buartha a shíniú agus cosc a chur ar reachtaíocht dá réir.

Ann Travers ‘brúite’ as Twitter

Tuairim le Ciarán Dunbar

Tá cuntas Twitter Ann Travers dúnta aici.

Deirfiúr í le Mary Travers, múinteoir óg a scaoil an tIRA chun bás in 1984 – bhí siad ag iarraidh a hathair, a bhí ina bhreitheamh cúirt dúiche a mharú.

Bhí ard-phróifíl aici le blianta beaga anuas mar gheall ar a láithreacht sna meáin shóisialta agus mar gheall ar a feachtas in éineacht le Jim Allister ón TUV chun an Civil Service (Special Advisers) Act (Northern Ireland) 2013 a reachtú.

Chuir sé sin cosc ar dhaoine a bhfuil ciontú coiriúla tromchúiseach acu as a bheith ina gcomhairleoirí polaitiúla speisialta i Stormont,

Tuigtear gur scrios sí a cuntas de thoradh ar ‘dhrochíde’ a fuair sí ó ‘trollannaí’ ar líne.

Tá díospóireacht lán seoil ar Twitter faoi – ní nach ionadh, tá lucht tacaíochta s’aici ag cur an milleán ar lucht tacaíochta Shinn Féin.

Tháinig sí ar ais sa spotsolas le déanaí mar gheall ar a tacaíocht do Maíria Cahill, tá sise ag cur an locht ar Shinn Féin.

https://twitter.com/mairiac31/status/529328424243195906

Ach ardaíonn sé an cás seo an cheist – cad is troll ann, cad is trolláil ann?

An bhfuil daoine ann nár chóir a cheistiú ar chóir ar bith?

Nó an é an cás go ndearnadh tromaíocht mhíchothrom ar Ann Travers go dtí gur éirigh sí as?

Dúirt sí leis an BBC; “When you start to look at your phone with fear, that’s whenever you know that enough’s enough.”

Bíonn cuma ar chúrsaí in amanna go dtugtar ‘troll-annaí’ ar gach duine a easaontaíonn le daoine áirithe áfach, mar sin de, cá bhfuil an líne idir shaoirse cáinte is cainte agus an ‘trolláil’ seo?

An féidir a bheith ag súil gur féidir tuairim láidir a fhoilsiú gan daoine a bheith ag easaontú leat go láidir?

Nó an é gur chuir daoine gan aithne an méid sin teachtaireachtaí gránna chuici gur mhothaigh sí nach raibh rogha aici?

An bhfuil ról an Twitter féin sa chineál seo trolláil – ar chóir cosc a chur ar dhaoine áirithe, cár chóir go mbeadh an líne?

Dar le Ann Travers; “Being on Twitter is like sitting in a room and having complete strangers shout at you incessantly without stopping.”

Deiseanna ar fáil go fóill do gach grúpa Gaeilge : SF

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin Rosie McCorley inniu go bhfuil ról ann go fóill do ghrúpaí nár éirigh leo áit a ghnóthú mar phríomheagrais faoin tsamhail nua mhaoinithe a d’fhógair Foras na Gaeilge Dé hAoine seo caite.download

Arsa Rosie McCorley: “In ainneoin go bhfuil na príomh-ghrúpaí lonnaithe i mBaile Átha Cliath tá siad eagraithe ar bhonn uile oileáin.

“Dúirt an tAire Cultúir Carál Ní Chuilín go ndéanfadh sí cinnte de go mbeadh ar a laghad an ceathrú cuid d’obair na ngrúpaí seo ó thuaidh.

“Gheall sí go mbeadh baill foirne lonnaithe ó thuaidh chun an teanga a fhorbairt agus go mbeidís páirteach sna fóraim áitiúla éagsúla.

“Faoin tsamhail nua beidh fóram forbartha uile Éireann ann le hionadaíocht ó ghrúpaí áitiúla Gaeilge.

“Beidh an fóram seo maoinithe ag Foras ar leibhéal pobail. “Déanfaidh sé an ghníomhaíocht uilig a chomhordú le cinntiú go bhfuil sé ag freastal ar riachtanais phobal na Gaeilge mar is cuí.

“Bhí an obair ar an tsamhail nua maoinithe ag dul ar aghaidh le tamall maith anuas.

“Beidh próiseas ann chun cuidiú le grúpaí na deiseanna a aimsiú atá ar fáil ó Fhoras na Gaeilge agus ó na ranna eile.

“Tógfaidh na socruithe nua uile-Éireann seo an muinín fadtéarmach atá de dhíth le freastal ar na riachtanais do rannóg na Gaeilge amach anseo.

“Tá lánchoimitmint ag Sinn Féin do thodhchaí na Gaeilge agus do mhaoiniú, do chaomhnú agus do chur chun tosaigh na teanga.

“I bhfianaise sin seasfaimid ar an obair atá déanta againn go dtí seo.”

Ménage à Trois – FF, FG 7 SF

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Sin é mar sin, ar ais ar scoil, deireadh leis an tsamhradh agus níos tábhachtaí arís deireadh, tá súil againn, le séasúr na seafóide sna meáin.

Beidh ár bpolaiteoirí ar saoire rud beag níos mó áfach, ní bheidh siadsan ar ais ar scoil go dtí leath i ndiaidh a dó Dé Céadaoin, 18 Meán Fómhair, tar éis naoi seachtaine ar saoire.

Beidh Tionól an Tuaiscirt i mbun ghnímh, más é sin an focal cuí, arís Dé Luain 9 Meán Fómhair.

PA-13871838-390x285
Gerry Adams, ceannaire Shinn Féin – Ar bhféidir leis an bhfaitíos, nó an deistín fiú, roimh an fhear seo Fine Gael agus Fianna Fáil a bhrú le chéile?

Ar na scéalta polaitíochta is mó agus is seafóidí a bhí againn i séasúr na seafóide i mbliana bhí an ceann faoi athshainmhíniú ar choincheap an phósta chun pósadh idir Fhianna Fáil agus Fine Gael a chur san áireamh.

Chuala muid go leor tráchtairí ag caint faoin phósadh seo ar dhóigh go sílfeadh duine go mbeadh sé ar dhóigh éigin réalaíoch. Comhairle in aice lena dtoil féin atá ann.

Ar ndóigh, tá comhrialtas idir an dá pháirtí luaite ag Mary O’Rourke, iar-leas-cheannaire Fhianna Fáil. Ar lámh amháin, chan ionann sin is cumasc eatarthu ach tá na difríochtaí idir an dá pháirtí chomh caolchúiseach sin ná gurb é sin an toradh nádúrtha ar chomhrialtas eatarthu.

Sin cad tuige nach dtarlóidh comhrialtas eatarthu dar liom, seo cén fáth.

In 2011, fuair Fine Gael 36.1% den vóta, fuair Fianna Fáil 17.4%, sin 53.5% le chéile, ach toghchán as an ghnáth a bhí ann. Sa toghchán roimhe sin 2007, fuair Fianna Fáil 41.5% agus fuair Fine Gael 22.5%, sin 64% nuair a chuirtear le chéile iad.

Agus i dtoghchán 2002, bhí 67% den vóta ag an dá pháirtí mhór seo curtha le chéile.

Seo an rud, i dtír ar bith daonlathach, chan go minic a tharlódh sé go bhfaigheadh páirtí ar bith níos mó ná 60% den vóta.download

Níor sháraigh Fianna Fáil féin 50% den vóta ó fuair siad 50.6% in 1981, faoi cheannaireacht Rí Inis Mhic Aoibhleáin, Séarlas Ó hEochaidh.

Is dóigh liomsa, dá dtiocfadh siad le chéile, go dtitfeadh a vóta comhcheangailte ó 60% nó níos mó go tuairim is 40% thar oíche agus go gcaillfeadh a lán teachtaí dála a suíochán dá bharr.

Mar a deir an Béarla, cha vótálann turcaithe don Nollaig.

Ciallaíonn an córas seo go raibh Fianna Fáil nó Fine Gael i gcumhacht ó bhí 1923 ann. Go bunúsach mar sin, ó thaobh pholasaithe sóisialta agus eacnamaíochta de, bhí stát aonpháirtí againn ó bunaíodh an stát. An rud is  áistí faoi ná gurb é sin toil na dtoghthóirí.

Chan ionann sé sin is a rá nach bhfuil miondifríochtaí idir Fhianna Fáil agus Fine Gael, tá agus tá suntas leo.download (1)

Deirtear gurb é an bhun-difríocht a bhíodh ann riamh ná go raibh Fine Gael dílis don stát, an stát a bhunaigh siad, go raibh Fianna Fáil dílis dá bpáirtí agus don náisiún, seans gurb ionann an dá rud dar leo, thar an stát.

Ar an lámh eile, bhí Sinn Féin dílis dá ngluaiseacht féin idir pháirtí agus arm riamh agus don náisiún mar a thuigtear dóibh é gan aon dílseacht don stát idir.

Tá cuid mhór de na tuairimí seo spreagtha ag an fhaitíos go mbeidh Sinn Féin agus Gerry Adams go háirithe mar chuid den chéad rialtas eile.

Dá mbeadh rogha ann, tá mé ag déanamh go roghnódh Fianna Fáil dul i mbun chomhrialtas le Sinn Féin ach go roghnódh Fine Gael Fianna Fáil.

Rachadh Sinn Féin isteach le dream ar bith ar an tsaol, fiú dream a chreideann go bhfuil an domhan 3,000 bliana d’aois agus gurb an Pápa an frithChríost – tá fianaise agam don ráiteas sin don té atá in amhras faoi.

Mar sin féin, bheinn den tuairim, cé gur breá le Sinn Féin a bheith i gcumhacht thuaidh agus theas don bhliain chomórtha ar Éirí Amach na Cásca 1916, bheadh siad níos sásta arís dá dtiocfadh leo Fianna Fáil is Fine Gael a bhrú le chéile – ach arís, sin fáth eile nach dtarlóidh sé dar liomsa.

Cleamhnas idir Fhianna Fáil agus Fine Gael?

Cén bhail atá ar na páirtithe?

Agus Séasúr na Dála thart ar feadh bhliain eile amharcann Seán Mícheál Ó Donnchadha ar stádas na bPáirtithe Polaitíochta anois.

Fine Gaeldownload

D’éirigh go maith le FG agus go mór mór le hÉanna Ó Cionnaith agus an Bhille um Cheist na  mBeatha le Linn Toirchis tugtha isteach aigé in ainneoin gur gheall FG roimh an olltoghchán deireanach nach dtugaidís isteach reachtaíocht ar son ghinmhilleadh fiú chun breith na h Ard Cúirte ar son Cás X a dheimhniú agus gur caitheadh cúig Teachtaí Dála agus beirt Sheanadóirí amach as an bPáirtí agus iad ag cloí le seasamh an Páirtí sa toghacháin tá vóta FG fós ar 29% rud a chiallaíonn go bhfuil aird an phobail dírithe ar an eacnamaíocht go príomha seachas ceist an ghinmhilleadh.

Ar an lámh eile, tá cuid des na Teachtaí Dála i FG fiú daoine mar Emer Mulhern a vótáil ar son na reachtaíochta an-mhí –shásta agus má dhéanann Éanna Ó Cionnaith aon bhotún beidh siad ag féachaint ar a gceannaireacht.

Tá buiséad deacair le tabhairt tríd na Dála ag Ó Cionnaith i mhí Dheireadh Fhómhair agus an dealramh ann go mbeidh sé ina dhian-choimhlint lena comhghleacaithe sa comhrialtas, An Lucht Oibre. Tá siad son ag rá gur cheart  buiséad níos éasca a thabhairt isteach agus buntáiste a bhaint as an faoiseamh a fhuaireamar as an socrú maidir leis na Nótaí Gealltanais. Tá Michael Noonan i bhfábhar buiséad dian a thabhairt isteach agus gearradh siar de €3.1 billiún a dhéanamh.

Tá cuid des na hAirí mí-shásta mar tá an cumhacht go léir i lámha baill den Chomhairle um Bainistíocht Eacnamaíochta [ EMC-Economic Management Council], An Taoiseach, An Tanaiste agus an tAire Airgeadais, Michael Noonan agus an tAire Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin.

Dhá rud a chabhróidh le hÉanna Ó Cionnaith ná dá mbuafadh Maigh Eó Craobh na hÉireann i mhí Mheán Fhómhair agus an cosúlacht ann go mbuafaidh siad taréis an taispeantas a thugadar i gcoinne Dún na n Gall sa cluiche Ceathrú Ceannais agus dá mbeadh an tír ábalta imeacht as an Clár Tarrthála i ndeireadh na bliana, fáil réidh leis An Triúracht agus flaithiúnas na tíre a fháil ar ais. Bheadh cheart ag Ó Cionnaith dul isteach san chéad olltoghcháin eile mar an ceannaire a bhain flaithiúnas ar ais don tír taréis é a bheith caillte ag FF.

Fianna Fáildownload (1)

Bhí ag éiri go maith le Mícheál Ó Máirtín suas le mí Meitheamh. Bhí ag éirí go maith lena bhfeachtas chun áth-eagair a chur ar an bPáirtí agus FF ar comh chéim le FG  29% don chéad uair ó thosnaigh an géarchéim eacnamaíochta. Ansin tháinig ceist an ginmhilleadh agus dúirt an ceannaire go raibh sé i bhfábhar reachtaíocht ar son Cás X agus thug treoir don Pháirtí a shampla a leanúint. Ansin d’iarr Michael McGrath agus Dara Calleary cead saor vótala de réir choinsiasa agus bhí ar Ó Máirtín géilleadh. Bhí sé suntasach gurbh iad bheirt a bheadh i gcomórtas don cheannaireacht dá mbeadh Ó Máirtín ag seasamh síos a dhein an glaoch don saor-vótáil. Ar deireadh, vótáil dhá thrian den Pháirtí Páirliminte i gcoinne na reachtaíochta.

Gan dabht tá damáiste déanta do cheannaireacht Mícheál Ó Mairtín. Anois tá baill den Pháirtí ag caint faoin cheannaireacht arís agus iad ag rá nár cheart Ó Máirtín a bheith ina cheannaire ag dul isteach san olltoghchán atá ag teacht mar bheadh sé ro-shothalach a iarraidh ar mhuintir na hÉireann vótáil do Thaoiseach a bhí ar bhord Rialtais nuair a chaill an tír a flaithiúnas.

Tá sé curtha ina leith freisin  go bhfuil sé timpeallaithe ag líon an-bheag den Pháirtí, Avril Doyle agus Niall Collins san áireamh agus nach bhfuil sé ag éisteacht le héinne eile.

An Lucht Oibredownload (2)

Tá siad síos go dtí 11% sa phobalbhreith is deireannaí agus beagnach leath a chuid tacaíochta caillte acu ón olltoghchán deireanach agus leath de bhaill tofa an pháirtí imithe ar chúis amháin nó cúis eile. Tá easaontas i measc na gcúlbhinseoirí mar tá a fhios acu nach bhfuil puinn seans go dtoghfaí iad san olltoghchán atá ag teacht. Dá mbeidh drochthoradh sna toghcháin atá ag teacht an bhliain seo chugainn, toghchán áitiúil agus Eorpach, beidh deireadh le ceannaireacht Eamon Gilmore.

Níl aon dabht ach go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre in ísle bhrí agus go scriosfar iad san olltoghchán atá ag teacht mar bhriseadar a lán dá ngealltanais réam-thoghchán agus ba iad tacadóirí a Pháirtí a fuair an léasadh is mó ó na polasaithe déine atá an Rialtas reatha ag leanúint.

Sinn Féindownload (3)

Tá siad ag 15%, méadú beagnach 50% ar a vóta san olltoghchán deireanach. Agus an tóin taréis titim as an Lucht Oibre san eite clé níl ag éirí comh maith le SF agus ab fhearr leo. Tá fadhb i gcónaí leis an gCeannaire Gearóid Mac Ádhaimh nach bhfuil an svae leis ó dheas. Bhí sé ar intinn ag  Mac Ádhaimh bheith sa rialtas sa Tuaisceart agus sa Deisceart do Chomóradh Chéad Bhliain Éirí Amach na Cásca i 2016. Im thuairimse ní dhéanfaidh SF forbairt mhór ó dheas fad agus atá Mac Ádhaimh mar cheannaire. Bheadh sé níos fearr ag SF fáil réidh leis an gceannaire agus an leas-cheannaire Mary Lou MacDonald a thoghadh mar cheannaire.

Tá dhá fadhb eile ag SF. Tá siad i gcoinne gach rud agus is deacair in amanna a dhéanamh amach a gcuid polasaithe. Sa toghchán deireanach bhí siad i bhfábhar an Seanaid a choimeád ach é a leasú. Tá siad tar éis a mheon a athrú le déanaí agus iad ag rá gur cheart fáil réidh leis an Seanad. Ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor do lucht an fhreasúra a bheith diúltach  faoi gach polasaí rialtais, fiú má tá fiúntas iontu.

Chothaigh SF san díospóireacht faoin ghinmhilleadh gur pháirtí iad atá ar son rogha nó ar a laghad go bhfuil siad i bhfábhar ginmhilleadh i gcúinsí níos leithne ná na páirtithe eile seachas an Lucht Oibre. Tá siad i bhfábhar ginmhilleadh i gcás éigniú ,ciorrú coil agus mínormáltacht mharfach féatais [rape, incest and fatal foetal abnormality]. Bheadh impleachtaí ag an seasamh seo do pháirtithe cosúil le FF dul isteach i gcomhrialtas leo taréis an chéad olltoghchán eile.

An Lucht Neamhspleách

Chruthaigh an díospóireacht faoin ghinmhilleadh nach bhfuil siad thar moladh beirte mar tá polasaí difriúla ag a lán acu. Bhí cuid acu mar Mattie McGrath agus Michael Healy Rae i gcoinne aon ghinmhilleadh a cheadú agus vótáil siad i gcoinne na reachtaíochta. Bhí cuid eile mar Richard Boyd Barrett agus Claire Daly agus iad ar son rogha agus vótáil siad i gcoinne na reachtaíochta mar bhíodar i bhfábhar ginmhilleadh i gcúinsí i bhfad níos leithne. Tá siad ar 26% sa pobalbhreith is deanaí. Ní dóigh liom go bhfaighidh siad an vóta seo san toghacháin atá le teacht.