Teorainn Chillean is Ghleann na bhFiach

Tuairim le Ciarán Dunbar

Chaith mé bliain ag taisteal ansin mar gheall ar chúrsaí oibre, tháinig sé sin chun deiridh an deireadh seachtain seo agus d’aistrigh muid ónár dteach i nGaeltacht na Gaillimhe go dtí teach nua sa Ghalltacht i dTuaisceart na hÉireann.

Most_common_nationality_2011
Náisiúntachtaí an Tuaiscirt

Agus mé ag tiomáint aníos idir Thuaisceart Éireann agus Deisceart Éireann mar a thugtar ar an Phoblacht go minic ó thuaidh rinne mé mo mhachnamh ar na difríochtaí idir an dá áit.

Ní dhéanfadh sé aon chiall don mhórchuid ó thuaidh ‘Éire’ a thabhairt ar an stát ó dheas dála an scéil

Sin an t-aon rud faoin spéir atá aontachtóirí agus náisiúntóirí ar aon fhocal faoi, nach raibh aon cheart ag stát an deiscirt ‘Ireland’ a thabhairt uirthi féin gan trácht ar an nós ‘the north-east’ a thabhairt ar Shráidbhaile Dhún Dalc!

Is mé ag teacht fríd Ghleann na bhFiach agus ag dul isteach go Cillean fágaim stát amháin agus téim isteach i stát eile.

Fágaim tír amháin agus téim isteach go tír eile dar le roinnt mhaith daoine.

Ba dhoiligh sin a chur ina luí ar mhuintir Chillean nó ar mhuintir Ghleann na bhFiach ach an oiread caithfidh mé a rá.

Tá sé iontach éasca domsa an teorainn a aithint ach déanta na fírinne níl ann ach díog, seans nach bhfeiceann daoine eile chomh furasta é.

Map_of_those_with_some_ability_in_Irish_in_the_2011_census_in_Northern_Ireland
Ábaltacht sa Ghaeilge sna Sé Chontae (2011)

Is iad na comharthaí bóithre Briotanacha aonteangacha an leid is mó, léiríonn siad an meon cultúrtha, cruthaíonn siad íomhá, cuireann siad in iúl do lucht an deiscirt go bhfuil siad sa Ríocht Aontaithe, mar a insíonn siad d’aontachtóirí.

Sin an fáth go mbeidh Gaeilge coscaithe orthu go deo, ní éilíonn ceachtar den dá pháirtí náisiúnach a leithéid fiú.

Cluinim caint go minic go bhfuil an teorainn a thuaslagadh, nach bhfuil sé ann níos mó.

Chan aontaím.

Más doiligh sin an teorainn a aithint go fisiciúil, go hintinneach, tá ballaí móra á dtógáil i rith an ama agus tá an críochdheighilt á buanú ar an dá thaobh den teorainn.

Tá muid ag an phointe go mbíonn acadúlaithe ag déanamh tagairtí do Thuaisceart Éireann sular tháinig sí ar an tsaol fiú.

Rith sé liom áit éigin idir Dhealbhna agus an Ráistín – gurb iad an pholaitíocht agus an córas poiblí a eascraíonn as sin, an difear is mó idir an dá Éire seo.

Tá cosúlachtaí móra ann go cinnte ann ach bun-difríochtaí ann chomh maith – rud a théann i bhfeidhm ar chultúr agus ar dhearcadh an dá áit – rud a chuireanns go mór leis an chríochdheighilt.

Repartition_of_Ireland_(amended)
Dhá Éire, Éire Amháin, Trí Éire fiú?

Maidir le polaitíocht an Deiscirt, tá scéal maith agam d’aontachtóirí – de réir mo thaithí féin, níl suim dá laghad ag muintir an Deiscirt i gcoitinne in Éire Aontaithe.

Níl an go leor spéise ann ná go mbeadh daoine ina choinne fiú – fuair an aisling sin bás ó dheas le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Taobhnaíonn bunaíocht an deiscirt le haontachtóirí agus le haontachachas ó thuaidh gan mórán ceist.

Measann mionlach gur eachtrannaigh amach is amach iad muintir an Tuaiscirt fiú – seachas Rory McIlroy, Séamus Heaney, Mary McIleese, John Hume agus Liam Neeson ar ndóigh, déanann an cúpla punt an difear i gcónaí is léir.

I measc ghnáth-mhuintir na tíre, tá dámh éigin ann do Ghaeil an Tuaiscirt ach an vótáilfeadh muintir an Deiscirt ar son ‘Éire Aontaithe’ agus na deacrachtaí a rachadh leis, tá mé in amhras caithfidh mé a admháil.

Ach níor mhothaigh mé aon nua-aontachtachas i measc mhuintir na Poblachta, taobh amuigh de chorr-dhaoine a dúirt gurb bhotún a bhí ann sa neamhspleáchas “ach go raibh sé ró-mhall anois.”

Mar sin féin, tá daoine iontach fuarchúiseach maidir le neamhspleáchas na hAlbain, bheadh sé doiligh domsa go pearsanta glacadh gur féidir le duine ar bith a bheith i gcoinne neamhspleáchas na hAlbain ach ar son neamhspleáchas na hÉireann i ndáiríre.

Predominant_passport_held_northern_ireland
Pasanna an Tuaiscirt

Maidir leis an Tuaisceart, ná bíodh aon dabht ann – níl mórán eolais ag tuaisceartaigh i bpolaitíocht an deiscirt – dá mbeadh eolas ar bith acu air taobh amuigh de scéal uafáis nó dhó.

Tá geilleagar poiblí ollmhór ó thaobh, tá na mílte mílte daoine compordach i bpoist phoiblí gan mórán le déanamh – gan aon iachall orthu íoc as cuairt chuig an doctúr.

Bheadh faitíos orthu féin roimh a bheith slogtha isteach sa Phoblacht – faitíos roimh an HSE, faitíos roimh an chóras oideachais, faitíos roimh chorais nach dtuigeann siad.

Má tá Sinn Féin ag iarraidh sin a athrú beidh orthu an Tuaisceart a dhéanamh níos caipitlí, agus an Deisceart a dhéanamh níos sóisialaí – tá an dá rud indéanta iontu féin ach ní bheadh sé sin éasca ó thaobh na polaitíochta de.

Luaigh duine liom le déanaí gurb chosúla go mbeidh 3 stát in Éirinn seachas ceann amháin amach anseo, is dóigh liom go raibh an ceart aige.

Ach cén t-ainm a bheadh againn ar an tríú Éire?

Éire Láir? An Éire idir an dá Éire Eile? Deisceart Thuaisceart Éireann? Na Trí Chontae?

Freagraí ar chárta poist le bhur dtoil.

Féach chomh maith

ni2001

 

Timpeall an Tuaiscirt

le Ciarán Dunbar

N121 sa Nuacht mar is gnáth ….

Tá scáil na conspóide ar N121 arís eile tar éis gur tháinig sé chun solas go bhfuil an páirtí ag meabhrú ar dhul i mbun ghníomh smachtaithe i gcoinne a leas-cheannaire, John McCallister.

Tagann sé seo san sála ar shonraí fiosrúcháin ar mhí-iompair gnéasach a cuirtear i leith cheannaire N121, Basil McCrea, a bheith ligthe le fios do na meáin.

Tháinig an cor nua seo chun solas i ndiaidh do John McCallister a rá leis na meáin go dtuigtear dó gur cuireadh stop leis an fhiosrúchán sin.

Scéilín maith do lucht na Gaeilge

Tuigtear go bhfuil an áisíneacht ‘Companies House’ a dhéanann eolas corparáideach a riarú sa Ríocht Aontaithe ag déanamh a machnamh maidir le síntí fada a cheadú in ainmneacha chomhlachtaí ó thuaidh.

Tá cosc ar chomhartha diaicritice san am atá i láthair – de thoradh ar sin – cuireadh in iúl do chomhlacht ó thuaidh ‘Céad Céimeanna’ go raibh orthu gan síntí fada a úsáid ina ainm nó ainm eile a fháil go díreach.

Ní raibh siad sásta leis sin agus chuir in iúl go raibh siad toilteanch cur isteach ar athbhreithniú breithiúnach ar an ábhar ach tuigtear go bhfuil athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin seo cibé ar bith.

Seo scéal atá á chlúdach ag an Irish News i láthair na huaire – nuachtán nach n-úsáideann síntí fada taobh amuigh dá leathanach Gaeilge mar a tharlaíonn sé.

Bqa4N3ICMAEp7uoAn bhfuil an Ghaeilge polaitiúil?

Sin í an cheist a bheas faoi chaibidil oíche Déardaoin in Ionad Uíbh Eathach sa Cheathrú Ghaeltachta, Tuath na bhFál ag meán lae (meán lae).

An Dr. Ian Malcolm, nach strainséir don chlár seo a bheas sa chathaoir

Is is iad an t-iriseoir Robert McMillen, an t-acadúlaí Breathnach Jonathan Everson a bheas ar an pháinéal in éineacht leis an Chomhairleoir Aontachtach Walter Lyons

Duine de thriúr a shiúil amach ó chruinniú de chuid Chomhairle Cheantar an Dúin roimh chur i láthair de chuid Linda Ervine ní ba luaithe i mbliana é Walter Lyons.

Dar leis an ghrúpa UUP, bhí siad dubh dóite go raibh an Ghaeilge á brú orthu sa chomhairle in éadan a dtola.

Agóid i gcoinne pholasaithe an chomhairle maidir le comharthaí dhátheangacha go háirithe a bhí ann.

Dúirt Ian Malcolm liom aréir nach a fhios aige faoi “Daniel in the Lions’ Den’, ach fair play do Walter Lyons a argóintí a thabhairt go croílár an Náisiúnachais i mBéal Feirste.

Seafóid na seachtaine : Is brat trídhathach é ach ní brat na poblachta é!Linfield+shop

Mar is eol do chách faoin am seo tá Corn an Domhain sa sacar ar siúil sa Bhrasaíl agus tá lucht leanúna an spóirt sin iontach tógtha faoi ar ndóigh.

Lucht siopaí Linfield ar bhóthar na Seanchille san áireamh.

Is club sacair é Linfield a luaitear leis an phobal Phrotastúnach agus leis an dílseachas.

Níl aon easpa bratacha ar bhóthar na Seanchille ar ndóigh agus tá bratacha na dtíortha go léir atá páirteach sa chomórtas le feiceáil i bhfuinneog an tsiopa.

Brat Chósta an Eabhair san áireamh – ach chruthaigh sé sin deacracht do chustaiméir nó dhó mar gheall ar cé chomh cosúil is atá an brat údaí sin le brat na hÉireann.

Is ionann na dathanna ach is san ord flannbhuí, bán agus glas atá brat Chósta an Eabhair, ní nach ionadh, shíl duine nó dhó gur brat na hÉireann a bhí ann, brat nach bhfuil fearadh na fáilte roimhe sa chuid sin den pharóiste.

Ach fuair an siopa réiteach ar scéal : “Seo Brat an Chósta Eabhair,” a deir fógra faoin bhrat – “ní brat Phoblacht na hÉireann.”

Ná Bac le “Tír Bheag S’Againne!”

Déanann Ciarán Dúnbarrach argóint i gcoinne fhoireann sacair uile-Éireann

Is cuimhin liom blianta ó shin cluiche peile idir Thuaisceart Éireann agus Poblacht na hÉireann, le linn na seachtaine agus le linn an lae a bhí sé.

Ar scor ar bith, go neamhoifigiúil, ligeadh dúinn féachaint ar an chluiche agus sinne ar scoil.images

Mar sin d’amharc a raibh sa scoil ar an chluiche – iad uilig ar son na Poblachta – b’shin an chuma ar an scéal cibí.

Nuair a deirimse go raibh gach duine sa scoil ag coimhéad ar an chluiche, níl sé sin iomlán fíor.

Bhí dís ann a dhiúltaigh amharc ar an chluiche – ar an ábhar go raibh sé críochdheighilteach!

Ba mhaith liom mo leithscéal a ghabháil le duine acu, bhí an-fhonn air an cluiche sin a fheiceáil, ach cha raibh sé chun ligin domsa a bheith níos poblachtanaí ná é.

***

fai_2Uair eile, tháinig stócach isteach ar scoil tar éis dó imirt ar son Thuaisceart Éireann ag leibhéal na mBuachaill scoile.

Ní hé gur bhain sé sult as an eispéireas nó gur thaitin sé leis imirt ‘dá thír’.

Dúirt sé go raibh an drochíde bhéil a fuair sé dochreidte agus go raibh eagla air i rith an chluiche – agus sin drochíde óna chuid lucht tacaíochta féin.

Is é an dóigh ar pléadh Neil Lennon an sampla is fearr den chineál iompair seo, bhí air Lennon éirí as a bheith ag imirt don Tuaisceart ag an deireadh, cén fáth ar thosaigh sé riamh, sin ceist eile.

Is cinnte go raibh tionchair ag na heachtraí sin ar leithéidí Darren Gibson agus James McClean a roghnaigh imirt le Poblacht na hÉireann seachas leis an Tuaisceart.

james-mcclean-14112012-630x432
James McClean, níl poipín air ná baol air.

Ar bhealach, tá gníomh Gibson is McClean tar éis foireann uile-Éireann a chruthú ar bhealach mí-dhíreach, ní do gach duine ach do náisiúntóirí amháin.

Ní ceart smaoineamh gur céim i dtreo fhoireann aontaithe a rogha áfach – a mhalairt atá fíor.

Is ar éigean gur féidir liom a mhíniú cé chomh gonta is a bhí aontachtóirí agus lucht tacaíochta an tuaiscirt mar gheall air, tá nimh san fheoil don bheirt acu nach n-imeoidh áit ar bith go luath.

Chan ionann sin is a rá nach nglacaim féin le cinneadh s’acu, glacaim ach rinne sé dochar do chaidrimh phoiblí – mar go ndeachaigh sé chuig croí na faidhbe mar a fheiceann aontachtóirí é – easpa dlíseachta náisiúntóirí don stát is don choróin, chan ólann siad sláinte na banríona.

***

An tseachtain seo caite, ar mhaol do mhainge, luaigh an Taoiseach Enda Kenny gur shaoil sé gur smaoineamh maith a bheadh ann foireann Uile-Éireann a bhunú chun cluichí carthanachta a imirt in aghaidh Shasana gach dara bhliain agus gurb fhéidir go rachadh an t-airgead ar son ospidéil do pháistí ar an dá thaobh den teorainn.

images (1)
Pat Jennings in 1982 – bhí go leor tacaíocht do fhoireann an Tuaiscirt ón dá phobal sa Tuaisceart sa tréimhse sin

Smaoineamh deas é sin gan amhras – Fuair sé tacaíocht ó cheannaire an DUP Peter Robinson fiú.

Ach tháinig freagra gearr gonta gasta ar ar ais ón IFA, “chan fhuil an smaoineamh, agus cha bhíonn an smaoineamh ar radar an chumainn,” a dúirt sé.

Dála an scéil, tugann focal.ie Cumann Sacair na hÉireann nó Cumann Sacair Thuaisceart na hÉireann ar an IFA agus Cumann Peile na hÉireann ar an FAI, mar sin tá dhá ainm oifigiúla againn ar an chluiche cheannann chéanna – is fearr mo leagan féin air – cicpheil.

Anois, sula ndéanfaidh muid deamhain as an IFA as áiseanna a shéanadh ar pháistí breoite, ná déanaimis dearmad gurb iad an FAI a bhris leis an IFA, iad siúd a chuir an chríochdheighilt i bhfeidhm i gcicpheil na hÉireann, ní an IFA.

***

Ní nach ionadh, spreag moladh an Taoisigh trácht anseo is ansiúd ar fhoireann sacair uile-Éireann – á moladh den chuid is mó.

Caithfidh mé féin easaontú leis sin áfach – cha dóigh liom gur smaoineamh maith é.

Seo cén fáth – tá grá ag an phobal aontachtach d’fhoireann an tuaiscirt, ‘our wee country’ mar a déarfá,  an grá céanna is atá ag muintir an deiscirt d’fhoireann na Poblachta – cén fáth a mbeinn ag iarraidh cur isteach air sin?

Cén fáth nárbh fhéidir le foireann an tuaiscirt leanúint ar aghaidh sa chaoi chéanna is a bhfuil foireann ag Alba faoi láthair agus iad sa Ríocht Aontaithe – fiú in Éire Aontaithe?

Ní dóigh liom go gcabhródh foireann amháin, le cúis Éire Aontaithe, más beo an aisling sin ar chor ar bith.

Déarfainn gur cosúla Éire Aontaithe agus foireann Thuaisceart Éireann ann i gcónaí agus aontachtóirí sona sásta leis sin.

Agus ar scor ar bith, nach bhfuil an dá Éirinn anois faoi smacht ag clann Uí Néill mar is cóir – mar Ultach, sin maith go leor domsa.

download
Lucht tacaíochta an Tuaiscirt sa lá atá inniu ann.

An gcaithfidh an todhchaí roinnte a bheith gallda?

TUAIRIM LE CIARÁN DÚNBARRACH

Is cuimhin liom a bheith ag éisteacht le hacadúlaí Iosraelach ag rá go mbíonn daoine i gcónaí ag rá leis;

“Nach mór an trua nach féidir leis na hIosraelaigh agus na Palaistínigh díreach suí síos agus labhairt le chéile. Dá mbeadh aithne acu ar a chéile bheadh fadhbanna an mheánoirthir réitithe.”

Dar leis go bhfuil an dearcadh sin saonta soineanta amach is amach. Dar leis go bhfuil sé bunaithe ar mhí-thuiscint an-mhór. Maíonn sé go bhfuil aithne an-mhaith ag an dá threibh sin ar a chéile agus go bhfuil fios acu go díreach cad atá an dream eile á iarraidh agus cén fáth.

National Identity Majorities and Pluralities
Féiniúlachtaí náisiúnta ó thuaidh – íomhá ón suíomh dhátheangach http://ni2011censusuk.webs.com/2011 (Anailís ar dhéimeagrafaíocht Thuaisceart Éireann bunaithe ar Dhaonáirimh 2001 agus 2011 na RA)

Tá macalla den tsoineantacht sin le fáil sna Sé Chontae. Tá an ‘Shared Future’ mar a déarfá a bhrú chun tosaigh ag daoine meánaicmeacha a chreideann gur ar an lucht oibre atá an locht ar fad agus dá mbeadh aithne ag daoine ar an dá thaobh den na hísealaicmí seo ar an chéile go socródh sé gach rud a chuir Comhaontú an Chéasta ar an mhéar fhada.

Tá an dearcadh sin soineanta, seafóideach agus bunaithe ar aineolas mar níl aithne nó tuiscint ag roinnt mhaith den mheánaicme ó thuaidh ar an lucht oibre.

Déanta na fírinne, tá aithne mhaith ag an lucht oibre ar an chéile, seans nach bhfuil aithne pearsanta acu ar a chéile i gcónaí ach tá fios acu ar an ‘taobh eile’ mar a déarfá.

Téann siad ar an ‘teic’ le chéile, bíonn siad ag obair le chéile agus bíonn siad ina gcónaí an-ghar le chéile.

Ach cinnte, tá ballaí arda eatarthu. Tá daoine áirithe ag iarraidh go mbainfear aníos na ballaí sin láithreach.

Ach más féidir liom daoine níos uaisle ná mise a cheistiú, cé hiad muintir na n-ghettos meánaicmeacha seo chun a rá le daoine go gcaithfeadh siad maireachtáil gan na ballaí sin?

Seans nach mbeadh siad iad a leagan go láithreach dá mbeadh orthu ‘house-swap’ a dhéanamh? Ballaí níos airde a bheadh uatha sa chás sin dar liomsa.

Ach ná bíodh aon mhí-thuiscint ann, rud maith a bheadh ann mar thodhchaí roinnte gan dabht. Ar ndóigh, tugtar ‘Together Building a United Community’ ar stráitéisí OFMDFM anois, teanga Orwell-ach a húsáid chun an fhírinne a chur faoi cheilt – go bhfuil straitéisí na todhchaí roinnte á maolú i rith an ama.

Ach ní ceart smaoineamh gur drochrud é sin amach is amach – bheadh seans níos fearr go mbeadh rath ar iarrachtaí chun daoine a thabhairt le chéile dá mbeadh siad bunaithe ar chuspóirí réalaíocha seachas ar sheafóid ceaptha faoi dhuilleoga móra na bhfo-bhailte.

th
Comhartha sráide dhátheangach in Iarthar Bhéal Feirste – an mbeadh áit don chineál cothramaíocht seo sa todhchaí roinnte?

Mar sin féin, tá pleananna an Alliance Party mar shampla lán-dairíre. Ní dóigh liom go bhfuil na páirtithe eile ar dhóigh ar bith dáiríre faoin ábhar áfach.

Chan fheil ann ach cogadh cultúrtha don DUP agus cha déanann siad mórán iarracht chun sin a choinneáil faoi rún. Bealach eile leis an Chaitliceachas agus leis an ghaelachas a chur faoi chois. “Todhchaí roinnte Briotanach” atá geallta ag an DUP.

Ach ar an taobh náisiúnach, tá cur i gcéill eile ar bun. Tuigeann náisiúntóirí go rí-mhaith cad atá ar bun ag na haontachtóirí, go bhfuil teanga na todhchaí roinnte ‘hijackáilte’ acu. Mar sin, caithfidh siadsan ligin orthu go bhfuil siad ar fad go mór ar son na todhchaí roinnte – ach níl.

Cén fáth a vótálfadh turcaithe don Nollaig?

Tá sé mar aidhm ag náisiúntóirí Éireannacha iad féin a choinneáil scartha ón Bhreatain agus ón Bhriotanachas. Dar le haontachtóirí, sin é eithne na faidhbe, agus ar bhealach, tá an ceart acu.

Mar chuid den todhchaí roinnte atá molta ag an DUP, cuir i gcás, bheadh deireadh le scoileanna Caitliceacha, agus Gaelscoileanna ar ndóigh.

Níl Sinn Féin nó an SDLP go háirithe dul ligin dó sin – mar sin féin, leanann siad ar aghaidh ag tabhairt tacaíocht béil don todhchaí roinnte.

Creidim go bhfuil botún a dhéanamh ag náisiúntóirí áfach agus ba cheart dóibh iarraidh as.

Ba cheart dóibh a bheith iomlán soiléir leis na haontachtóirí, tá cothrom na Féinne agus áit cheart do chultúr na nGael riachtanach mar chuid de thodhchaí roinnte ar bith.

Níl i gceist sa Todhchaí Roinnte atá molta ag aontachtóirí agus an Alliance ach péindlíthe úra agus iarracht as an nua ar an ghalldú – ach is é comhshamhlú an fhadhb, ní an réiteach.

B’fhearr go mór todhchaí roinnte nua a cheapadh bunaithe ar ghlacadh go bhfuil dhá phríomhchultúr ann ó thuaidh agus gur ceart go mbeadh cothromas eatarthu.

Ach faoi láthair, níl mé chomh dóchasach sin, agus mé ag ullmhú an phíosa seo, rinne mé teagmháil le polaiteoir de chuid eite liobrálach an Alliance Party, agus fiú ansin, dar leis go gcaithfear comharthaíocht Ghaeilge a bhaint de na ballaí mar chuid den todhchaí roinnte.

Féach chomh maith 

‘An Péindlí Deireanach’