Nuacht ó Shaol na hEolaíochta: Gáma-Radaíocht sna Stoirmeacha Toirní

Is é an scéala is úire dár tháinig ó Údarás Spáis na Stát Aontaithe ná gur minice i bhfad ná a shíltí go nuige seo a bhíos na stoirmeacha toirní in ann splancanna gáma-radaíochta a thabhairt uathu. Rud é seo a bhainfeadh stangadh as an duine nach bhfuil ach fisic na meánscoile ar eolas aige, nó ní leis an toirneach is túisce a shamlódh sé an cineál sin radaíochta, ach leis na hiseatóip radaighníomhacha. Is giorra tonnfhad agus is saibhre fuinneamh an gháma-radaíocht ná na x-ghathanna féin, agus chomh fuinniúil is a bhíos na gáma-ghathanna bíonn an-dainséar iontu don duine agus do na horgánaigh bheo go léir: is féidir leo an-dochar a dhéanamh do struchtúir ghoilliúnacha na bhfíochán. Le fírinne is iad na gáma-ghathanna an cineál radaíochta is dainséaraí a bhaineas leis an radaighníomhaíocht – ach ón taobh eile de, úsáidtear iad sa radaiteiripe le cillíní ailse a mharú. Is é iseatóp radaighníomhach an chóbailt, Cóbalt-60, is mó a mbaintear leas as i ngléasra radaiteiripe le gáma-ghathanna a chruthú le haghaidh na húsáide seo.

Na splancanna domhanda gáma-radaíochta a chruthaítear le linn na stoirmeacha, ní mhaireann siad oiread is micreasoicind féin (is é sin, an míliú cuid den tsoicind), ach mar sin féin, áirítear iad ar na himeachtaí radaíochta is láidire dá dtiteann amach ar an Domhan go nádúrtha. Is éard a deir lucht na heolaíochta anois go mbíonn splancanna gáma-radaíochta á ngineadh sna lagstoirmeacha toirní féin – is é sin nach bhfuil stoirm as pabhar láidir de dhíth le haghaidh splancanna gáma-radaíochta.

An t-eolas nua a fuarthas ar na splancanna seo tá sé bunaithe ar chumasc na sonraí a bhailíos Teileascóp Gáma-radaíochta Fermi agus gléasra brathadóireachta atá suite ar dhroim an Domhain. Teileascóp spásbhunaithe is ea teileascóp Fermi, agus é ag fithisiú an Domhain ón mbliain 2007 anuas.

Na splancanna gáma-radaíochta a haithníodh ar an dóigh seo, cruthaíodh iad go léir in uachtar an trópaisféir, is é sin, faoi dheich gciliméadar de dhroim an domhain, nó níos airde fós. (Is é an trópaisféar an ciseal is ísle den atmaisféar, agus é timpeall ar 10-20 ciliméadar ar airde, ag brath ar an domhanleithead: ag dul in airde in aice leis an meánchiorcal, ag éirí tanaí i dtreo an phoil thuaidh agus an phoil theas.) Is dóigh leis na heolaithe, áfach, go mbíonn splancanna den tsaghas seo á ngineadh níos ísle san atmaisféar freisin, ach amháin nach féidir leis na gléis bhrathadóireachta iad a aithint, chomh tiubh is atá an t-atmaisféar thíos ansin, agus na gathanna ag bualadh faoi na móilíní aeir agus ag cailleadh fuinnimh.

Ní thuigeann na saineolaithe féin na “splancanna dorcha” seo go rómhaith go fóill, ach tá ciall áirithe acu don dóigh a ngintear iad. Go bunúsach, is éard atá i gceist leis an tintreach ná na luchtanna leictreacha a bheith ag neodrú a chéile sna scamaill. Faoi thionchar na sruthanna aeir suas agus síos taobh istigh den scamall, bíonn na deoiríní uisce, na cáithníní sneachta agus na míreanna beaga oighir ag bualadh faoi chéile, rud a spreagas iad chun lucht leictreach a ghlacadh. De ghnáth bíonn na luchtanna deimhneacha á mbailiú in uachtar an scamaill, agus na luchtanna diúltacha san íochtar. Is inslitheoir maith leictreachais é an t-aer, rud a chiallaíos gur féidir leis na luchtanna an-charnadh a dhéanamh sula neodróidh an splanc thintrí – an díluchtú leictreach – iad.

stoirm gamaradaiochta
An dóigh a gcarnann na luchtanna leictreacha éagsúla i réigiúin éagsúla sa scamall toirní: na luchtanna diúltacha (breis na leictreon) thíos, na luchtanna deimhneacha (easpa na leictreon) thuas. Pictiúr: Údarás Náisiúnta Aerloingseoireachta agus Spástaistil na Stát Aontaithe (NASA)/Lárionad Spástaistil Goddard (Goddard Space Flight Center)

Faoi imthoscaí oiriúnacha, aithnítear an díluchtú sin mar thonn leictreon ag dul ó íochtar (diúltach) an scamaill go dtí an t-uachtar (deimhneach), agus nuair a bhuaileas na leictreoin seo faoi na móilíní aeir thuas, scaoiltear gáma-ghathanna, mar dhíluchtú fuinnimh. An cineál seo radaíochta, is gnách leis na saineolaithe Bremsstrahlung a thabhairt air – téarma Gearmáinise a chiallaíos “radaíocht choscáin” nó “radaíocht díluasúcháin”. Is é sin, tá an-luas faoi leictreon amháin, agus é ag bualadh faoi leictreon eile atá ceangailte d’adamh éigin.

An leictreon a raibh an-luas faoi, caillfidh sé cuid mhór den luas san imbhualadh, agus den fhuinneamh chinéiteach (fuinneamh gluaiseachta) ba chúis leis an luas sin. Deir dlí imchoimeádta an fhuinnimh, áfach, nach féidir don fhuinneamh imeacht ina ghal soip – ní féidir dó ach claochlú ó chineál amháin fuinnimh go cineál eile. Sa chás seo, an fuinneamh a chailleas an leictreon, claochlaíonn sé go candam radaíochta – agus má tá an-fhuinneamh cinéiteach ag an leictreon, is leor é chun candam gáma-radaíochta a chruthú, an cineál radaíochta is saibhre fuinneamh is aithin dúinn.

Chomh fuinniúil is atá an gháma-radaíocht, ní mór an cheist a chur, an bhfuil dainséar sna gáma-splancanna seo don duine. Deir na saineolaithe nach gcreideann siad go bhfuil, ó nach maireann siad ach go gairid. Mar sin féin, tá sé incheaptha go gcuireann na splancanna seo leis an bpriacal radaíochta a ghabhas leis an aerthaisteal, cé gurb í an radaíocht chosmach (an radaíocht ón spás) an chúis is mó leis an bpriacal sin.

(bunaithe ar ábhar ó Stiúideónna Meán Goddard/Goddard Media Studios, Údarás Náisiúnta Aerloingseoireachta agus Spáis na Stát Aontaithe/NASA, agus ó livescience.com)

An Nuacht is Úire ó Shaol na Réaltaí

Is iontach a lán eolais atá ar na réaltaí ar an saol deiridh seo. […] Tá cuid acu chomh fada sin uainn go mbíonn an solas féin na milliúin blianta ar an mbealach chugainn uathu, tar éis go dtéann sé os cionn aon mhilliún déag mílte sa nóiméad. Tá an t-ábhar chomh dlúth, chomh pacáilte i gcuid eile is go bhfuil tonna meáchain in oiread silín de cheann amháin acu […].

– Tomás Ó Máille, An Béal Beo (lch. 31 in eagrán na bliana 2002)

Dhá réaltra ar bharr lasrach ag bualadh faoi chéile

 

NGC2207andIC2163
Seo an dá réaltra úd NCG 2207 (nó NGC 2207, mar a deir an Béarla) agus IC 2163, mar a léiríodh ar leathanach Idirlín Astronomy.com iad. Pictiúr cumasctha é seo atá bunaithe ar shonraí solais infheicte, sonraí X-ghathanna agus sonraí infridhearga araon. (Foinse: http://www.astronomy.com/news/2014/12/galactic-get-together-has-impressive-light-display)

Deir an láithreán Idirlín úd Astronomy.com gur haithníodh trí ollnóva le cúig bliana déag sa dá réaltra úd NCG 2207 agus IC 2163, chomh maith lena lán foinsí láidire x-ghathanna. Tá an dá réaltra seo le feiceáil i réaltbhuíon an Mhadra Mhóir, agus iad suite faoi 130 milliún solasbhliain dínn. An dóigh a mbíonn imtharraingt an dá réaltra ag dul i bhfeidhm ar a chéile tá réaltaí nua ag teacht chun saoil go tiubh teirimeach sna scamaill gháis a bhaineas siad as a chéile, ach thairis sin d’aithin foireann taighde na réadlainne úd Chandra X-Ray Observatory i gCambridge, Massachusetts go bhfuil na réaltraí seo breac le foinsí sárlonracha x-ghathanna. Tá an dá réaltra ag aomadh a chéile, agus an chomh-imtharraingt seo ag spreagadh gníomhaíocht iontu: ag cur luais faoi fhoirmiú na réaltaí nua agus ag madhmadh ollnóvaí mar a bheadh buamaí iontu.

Maidir leis na hollnóvaí, áirítear iad ar na himeachtaí is scanrúla, is iontaí, is cumhachtaí dá dtiteann amach sa spéir. Is éard atá i gceist le hollnóva ná réalta mhór agus í ag déanamh mórphléisce: is féidir le haon réalta amháin réaltra iomlán a shárú ar feadh tamaill ag scaoileadh solais agus fuinnimh uaithi. Ní mhaireann an t-ollńóva ach go ceann roinnt seachtainí nó míonna, áfach.

Ní hionann iad an t-ollnóva agus an rud ar a dtabharfá an gnáthnóva. Is éard atá i gceist leis an ngnáthnóva ná go bhfuil déréalta – córas dhá réalta – againn agus ceann de na réaltaí ag tarraingt (nó ag fuilleamh, mar a deir an téarmaíocht) ábhair as an gceann eile, ionas go lasfaidh an t-ábhar sin suas ina phléasc mhór. Go bunúsach, tá ceann den dá réalta i bhfad níos dlúithe, i bhfad níos lú ná an ceann eile – abhacréalta bhán a bhíos i gceist go tipiciúil – agus is í an réalta bheag dhlúth sin a bhíos ag ól ábhair chuici ón réalta eile sa chóras.

Making_a_Nova
Léaráid é seo a léiríos an dóigh a dtarraingíonn, nó a “bhfuilleann”, an abhacréalta bhán damhna ón réalta eile sa déréalta, Tugtar diosca fuillimh ar an diosca timpeall ar an abhacréalta bhán. (Léaráid: Vicipéid an Bhéarla.)

 

Tá an damhna san abhacréalta an-difriúil leis an damhna a bhfuil taithí againn air ónár saol laethúil. Deirtear gur damhna díchineálaithe atá ann. An damhna is aithin dúinn tá sé comhdhéanta as adaimh, agus is éard atá san adamh ná núicléas beag dlúth trom agus cineál “atmaisféar”, is é sin, néal na leictreon. Tá an núicléas beag bídeach i gcomparáid leis an adamh: is minic a deirtear, más é an t-adamh féin an pháirc, gurb é an núicléas an chuileog i lár na páirce. Mar sin féin, tá an chuid is mó de mhais an adaimh comhchruinnithe sa núicléas. An damhna díchineálaithe atá le fáil san abhacréalta bhán, áfach, cé go bhfuil sé comhdhéanta as leictreoin agus as núicléis chomh maith, tá an dá rud fáiscthe go tiubh in aice a chéile.

An damhna atá sna gnáthréaltaí bíonn sé níos cosúla leis an ngnáthdhamhna. Nuair a bhuailfeas sruth damhna den chineál seo faoi dhromchla na habhacréalta báine, bíonn luas mór faoi, toisc go bhfuil an-mhais agus an-imtharraingt san abhacréalta – chomh dlúth is atá sí. Is millteanach an tuairt é an t-imbhualadh seo, agus é ag cur luas faoin imoibriú núicléach sa damhna a dhéanas an t-imbhualadh. Nuair a bhainfeas an solas ón imoibriú sin amach an Domhan, rachaidh sé i bhfeidhm ar na réalteolaithe mar a lasfadh réalta nua suas gan choinne, agus sin é an tuige go dtugann siad nóva ar phléasc den chineál seo – tháinig an téarma ó stella nova na Laidine a chiallaíos “réalta nua”.

Cuid de na nóvaí ar chuir na réalteolaithe sonrú iontu, is nóvaí ateagmhasacha iad mar a deirtear – is é sin, lasann siad suas in athuair go tráthrialta de réir a sceidil féin. Tá cuid de na réalteolaithe barúlach, fiú, go bhfuil timthriall den chineál sin ag na nóvaí go léir mar sin: an leathbhádóir beag ag tarraingt ábhair chuige ón réalta mhór, agus an réalta mhór ag carnadh lastas eile ina dhiaidh sin, de réir a chéile, lena chaitheamh uaithi i dtreo na habhacréalta nuair a bheas a dóthain aici.

Iarsmaí Ollnóva na Seolta
Iarsmaí Ollnóva na Seolta. Aon mhíle déag de bhlianta ó shin, chonaic muintir an Domhain ollnóva dochuimsitheach ag pléascadh i réaltbhuíon na Seolta – ollnóva a sháraigh an Ghealach féin ar ghile. Bhí an t-ollnóva seo ar na himeachtaí is cuidsúlaí dá bhfaca an cine daonna ar an spéir, ach ar an drochuair ní raibh lucht na linne in ann cuimhne an ollnóva seo a chur i míotar, ó nach raibh córas scríbhneoireachta acu. (Foinse an phictiúir: http://panther-observatory.com/gallery/deepsky/doc/Vela-SNR_200mm.htm)

Scéal eile é scéal an ollnóva: ní féidir le haon réalta ollnóva a dhéanamh ach uair amháin. Bíonn ollnóvaí coitianta go maith ag réaltaí móra millteanacha: is éard a tharlaíos ná go dtitfidh croíleacan an ollnóva isteach chuige féin (rud ar a dtugtar imphléasc) agus an chuid eile den réalta ag dul ar mire ar fad leis an imoibriú núicléach – ag pléascadh ina hollnóva, go bunúsach. Nuair a bheas breosla an imoibriúcháin sin spíonta, ní fhágfar den réalta ach neodrónréalta nó dúpholl san áit ina raibh a croílár, chomh maith le hiarsmaí an ábhair a chuaigh ar fud na háite le linn an ollnóva.

Crab_Nebula
Réaltnéal an Phortáin, iarsma an ollnóva ar chuir na réalteolaithe Síneacha sonrú ann sa bhliain 1054. Cé go dtugtar “Réaltnéal an Phortáin” ar an néal seo, níl sé suite i réaltbhuíon an Phortáin, ach i réaltbhuíon an Tairbh. Sa bhliain 1968, haithníodh go bhfuil neodrónréalta suite i lár an néil – croílár na réalta a phléasc ina hollnóva, is dócha. (Pictiúr: Vicipéid an Bhéarla.)

 

Is féidir don ollnóva tosú i gcóras dhá réalta freisin. Mar a chonaic muid is é fuilleamh an ábhair ón ngnáthréalta chuig an abhacréalta bhán is cúis leis an ngnáthnóva. Is féidir leis an bhfuilleamh tús a chur leis na himoibrithe núicléacha san abhacréalta féin arís. Go bunúsach, is réalta í an abhacréalta bhán nach bhfuil ag déanamh imoibriúchán ar bith a thuilleadh. Má tá sí te i gcónaí, agus má tá sí ag soilsiú i gcónaí, níl ann ach seanbhreo ó na laethanta a bhí. Má thosaíonn comhleá na núicléas san abhacréalta arís, áfach, rachaidh sé chun cearmansaíochta ar an toirt, agus iompóidh an réalta bheag ina hollnóva.

ollnóva fuinneamh
Taispeánann an dá ghraf seo forbairt na dearbhmhéide (absolute magnitude mar a deir an Béarla) sa réalta atá ag pléascadh ina hollnóva. (Miosúr nó caighdeán ar ghile na réalta í an dearbhmhéid.) Ar dtús méadaíonn an dearbhmhéid go tobann, agus ansin, laghdaíonn sí arís de réir a chéile i rith na míonna. Seasann an dá ghraf don dá chineál ollnóva: is é cineal a haon (Type I) an t-ollnóva nach n-aithnítear lorg na hidrigine ar speictream an tsolais uaidh, agus is é cineál a dó an t-ollnóva a n-aithnítear línte na hidrigine ar a speictream. Is é cineál a haon ollnóva na habhacréalta báine i ndéréalta, arb é an fuilleamh (carnadh an damhna ón réalta leathbhádóra) a chuireas ag pléascadh í, agus is é cineál a dó ollnóva na fathachréalta a ndéanann a croí titim chuige féin faoi mheáchan a imtharraingthe féin (imphléascadh imtharraingthe). Fágann ollnóva de chineál a dó neodrónréalta nó dúpholl ina dhiaidh (mar thoradh don imphléascadh imtharraingthe), ach scaiptear iarsmaí na réalta go léir sa spás le linn ollnóva de chineál a haon. (Foinse: http://www.uni.edu/morgans/astro/course/Notes/section2/new9.html)

 

An cineál seo déréaltaí a bhfuil ollnóva ag bagairt orthu, is minic a bhíos siad ag tabhairt le fios roimh ré go bhfuil an priacal sin ann: bíonn an lonrachas iontu ag athrú go tobann, ag dul i méadaíocht nó ag dorchú síos, agus ní féidir tráthrialtacht ná timthriall a aithint ar an luaineacht seo. Tugtar réaltaí athraitheacha mórchorraiola ar an gcineál seo déréaltaí, agus creidtear go bhfuil an dá réalta chomh cóngarach dá chéile iontu is go gcuireann imtharraingt an abhaic bháin an réalta eile as a riocht ar fad.

Na foinsí sárlonracha x-ghathanna a bhíos ar fáil chomh flúirseach sin sa dá réaltra úd NCG 2207 agus IC 2163, is dócha gur déréaltaí iad chomh maith céanna. Arís, tá réalta throm dhorcha, is é sin dúpholl, ann agus réalta “bheo”, lonrach ag dul timpeall an leathbhádóra seo; is dócha gur dúpholl iontach trom atá i gceist, ós rud é go bhfuil an déréalta ag tabhairt x-ghathanna uaithi atá as pabhar fuinniúil. Is é an fuilleamh, an sruth damhna ón leathbhádóir lonrach chuig an dúpholl, is bunfhoinse do na x-ghathanna, ar ndóigh. Go nuige seo, d’aithin na réalteolaithe seacht bhfoinse x-ghathanna agus fiche den chineál seo sa réigiún spáis idir an dá réaltra.

Tá a fhios ag lucht na réalteolaíochta le fada an lá go spreagann an saghas seo “imbhualadh” dhá réaltra foirmiú réaltaí nua sa scamall gáis idir an dá réaltra. Dealraíonn sé go bhfuil baint éigin ag an bhfoirmiú sin le chomh tiubh is a bhíos na foinsí x-ghathanna seo idir an dá réaltra, ach is dócha  go gcaithfidh lucht comhcheirde Leonard agus Sheldon a lán oícheanta gan chodladh fós ag scríobh foirmlí matamaitice ar an gclár dubh ag iarraidh an bhaint sin a thuiscint.

Tháinig deireadh le misean taiscéalaíochta an Venus Express

Bhí an Venus Express ag déanamh taighde ar phláinéad Véineas le hocht mbliana anuas, ach anois, tháinig deireadh le misean an taiscéalaí seo. Spásbhád gan chriú gan fhoireann a bhí ann a scaoileadh chun bealaigh ó Bayqoñır, an Chasacstáin, sa bhliain 2005. Cé gur baineadh úsáid as roicéad agus gléasra Rúiseach, ba le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa an taiscéalaí féin. Tháinig an taiscéalaí a fhad le Véineas i mBealtaine 2006, agus shocraigh sé ar an bhfithis réamhshocraithe le dul timpeall an phláinéid ag déanamh breathnuithe air.

venusmagellan-580x580
Véineas, an pláinéad is cosúla leis an Domhan ó thaobh na méide de. Tá an pictiúr seo bunaithe ar an mapáil a rinne an spástaiscéalaí úd Magellan i dtús na nóchaidí. (Foinse: http://www.universetoday.com/48317/venus-length-of-day/)

 

Is iad na gléis taighde a bhí ar bhord ná ASPERA-4, VMC, MAG, PFS, SPICAV, VIRTIS agus VeRa. Seasann an giorrúchán ASPERA d’Anailíseoir na bPlasmaí Spáis agus na nAdamh Fuinniúil. Is í an ghrianghaoth atá á hanailísiú ag an ngléas seo, an dóigh a mbuaileann sí faoi atmaisféar Véineas. Leagan leasaithe é ASPERA-4 den ghléas ASPERA-3 atá in úsáid ar an Mars Express, spástaiscéalaí cosúil atá ag fithisiú Mharsa ón mbliain 2004 anuas.

grianghaoth
Is éard atá i gceist leis an ngrianghaoth ná sruth cáithníní a bhfuil lucht leictreach acu, sruth atá ag teacht ón nGrian. Cuireann an sruth seo réimse maighnéadach na bpláinéad as a riocht, mar a léiríos an pictiúr seo. Bíonn an ghrianghaoth athraitheach ar a lán dóigheanna, díreach cosúil le fíorghaoth san atmaisféar, agus cineál claochluithe aimsire ag baint léi, fosta. Tugann na réalteolaithe “spásaimsir” ar na claochluithe seo, fiú. Is í an ghrianghaoth is cúis leis an gCaor Aduaidh (na Saighneáin, an aurora borealis) freisin. (Pictiúr: http://sci.esa.int/soho/32799-solar-wind-buffets-earth-s-magnetic-field/)

 

Níl i gceist leis an VMC ach ceamara ardteicneolaíochta (“Ceamara Monatóireachta Véineas”) agus é ag tógáil pictiúirí le solas infheicthe, le solas ultraivialait agus le solas infridhearg. Baintear leas as na pictiúirí seo i mapáil an phláinéid agus in obair na spásgheolaithe, agus iad ag iarraidh, abair, bolcánachas a aithint ar Véineas.

Maighnéadaiméadar is ea an MAG, mar is léir ón ngiorrúchán féin, agus é dírithe ar réimse maighnéadach an phláinéid a aithint. Is féidir a lán conclúidí a bhaint as réimse maighnéadach an phláinéid. Mar shampla, má tá cuid mhaith iarainn i gcroíleacan an phláinéid, is léir go gcuireann sé leis an maighnéadas.

Gléasra speictriméadrachta atá sa triúr eile – PFS, SPICAV agus VIRTIS. Aithníonn na sásanna seo na cineálacha éagsúla radaíochta agus iad ag déanamh breathnuithe ar an dóigh a dtéann atmaisféar trom tiubh Véineas i bhfeidhm uirthi.

Venus Express gléasra
Taispeánann an léaráid seo an dóigh a bhfuil na gléis éagsúla taighde suite ar bhord an Venus Express. (Foinse: http://www.esa.int)

 

Sa deireadh, is gléasra raidió é VeRa a úsáidtear le hascnamh na radathonnta in atmaisféar Véineas a thaighde. Ar an Domhan s’againn, cuireann an t-aerthormán isteach ar na craolacháin raidió agus ar an gcumarsáid raidió go minic. Ar Véineas, áfach, is ábhar suime do lucht na heolaíochta é an t-aerthormán, nó is foinse eolais é i dtaobh an leictreachais in atmaisféar an phláinéid sin. Le fírinne ceann de na torthaí is tábhachtaí dár thug an Venus Express dúinn is ea go bhfuil atmaisféar an phláinéid beo le leictreachas agus go mbíonn tintreach ag splancarnaigh ansin níos minice ná ar an Domhan.

Cé go bhfuair Véineas a hainm ó bhandia grá na seanársaíochta, ní áit ghrámhar í ach a mhalairt. Dé-ocsaíd charbóin is mó atá san atmaisféar, agus tá brú an aeir ar dhroim an phláinéid nócha oiread níos mó ná ar an Domhan. Na scamaill atá ann, bíonn siad comhdhéanta as dé-ocsaíd sulfair agus as aigéad sulfarach. Ceapann an t-atmaisféar teas na Gréine go héifeachtúil, ionas go bhfuil dromchla Véineas níos teo ná dromchla Mhearcair féin. Tá Véineas an-mhall ag dul thart ar a hais féin: is ionann réaltlá Véineas agus dhá chéad trí lá agus dhá scór ar an Domhan; níl lá Véineas de réir mar a fheictear an Ghrian ag gluaiseacht ar an spéir ach céad is sé lá Domhanda déag, áfach.

Ní raibh an Venus Express ceaptha ach cúig chéad lá a chaitheamh i mbun an taighde, ach tar éis na tréimhse sin bhí an gléasra ag obair go paiteanta i gcónaí, agus ba mhór an náire a bheadh ann é a fhágáil gan úsáid ansin. Mar sin, mhair na saineolaithe ag bailiú eolais tríd an taiscéalaí i bhfad ina dhiaidh sin féin. In Earrach na bliana 2014, chuaigh an Venus Express síos go dtí an ciseal is airde thuas d’atmaisféar Véineas le hé a thaighde ón taobh istigh, rud nár triaileadh roimhe sin.

Bhí an taiscéalaí in ann dul in airde arís i ndiaidh tamall a chaitheamh ag “surfáil” an atmaisféir, ach níor éirigh leis a sheanairde eitilte a choinneáil a thuilleadh. Nuair a rinne foireann a stiúrtha ar an Domhan iarracht roicéid an Venus Express a oibriú arís leis an taiscéalaí a shocrú ar a sheanfhithis, tháinig chun solais go raibh sé i ndeireadh a bhreosla. Mar sin, is é an scéal atá ann faoi láthair go ligtear don taiscéalaí airde a chailleadh go nádúrtha. I ndeireadh báire rachaidh an gléasra síos agus é á théamh ag friotaíocht an aeir, go dtí go mbeidh sé imithe ina ghal soip, mura mbuailfidh na hiarsmaí deireanacha dromchla Véineas roimhe sin.

Maat Mons
Maat Mons, ceann de bholcáin Véineas. Tá an pictiúr seo bunaithe ar na sonraí a bhailigh an taiscéalaí úd Magellan i dtús na nóchaidí. Rinneadh áibhéil ar na difríochtaí airde. Foinse: http://www.nasa.gov

 

An obair a bhí á déanamh ag an Venus Express fad is a mhair sé, is fairsingiú é ar eolas an chine dhaonna ar a lán gnéithe den phláinéad. Tá sé ina cheist mhór ag na spásgheolaithe, an bhfuil aon cheann de na bolcáin ar Véineas beo i gcónaí. Tá an pláinéad an-saibhir i mbolcáin, ach níor haithníodh aon cheann acu ag brúchtadh leis lenár linn. Níor thug an Venus Express féin freagra ar an gceist seo, ach ar a laghad d’aithin sé difríochtaí móra i dtiúchan na dé-ocsaíde sulfair san atmaisféar. Is féidir gurb as na bolcáin a tháinig an bhreis sulfair, cé go bhfuil an dá bh’fhéidir ann, is é sin, d’fhéadfadh cúiseanna atmaisféir a bheith leis na difríochtaí sin chomh maith.

Réamhstair na Stáisiún Spáis

Anois, agus an spásaire Ceanadach Chris Hadfield ag timpeallú an Domhain ar an Stáisiún Spáis Idirnáisiúnta agus ag giolcaireacht as Gaeilge ó am go ham, is dócha nach miste cúpla focal a bhreacadh síos faoi choincheap an stáisiúin spáis féin agus faoi fhorbairt na stáisiún seo.

Arthur C. Clarke – Fear na hAislinge

Is ar éigean is féidir dearmad a dhéanamh den fhicsean eolaíochta sa choimhthéacs seo, nó cosúil lena lán aireagán spáis eile bhí an ceann seo á phlé ag scríbhneoirí an tseánra sin i bhfad sular tógadh an chéad stáisiún i ndáiríribh. Ar ndóigh, ba é Arthur C. Clarke ab fhearr a thug cur síos ar an gcoincheap do léitheoirí óga: is dócha nach bhfuil an t-úrscéal Islands in the Sky ar an leabhar is mó a léitear inniu de shaothar ábhalmhór Clarke, nó níl an charachtracht thar moladh beirte, agus is ar éigean má tá scéal nó plota ar bith ann, amach ón mbeagán atá riachtanach mar shiocair le saol an spáis a chur os comhair an léitheora. Mar a shamhlófá le húrscéal don aos óg, déagóir é an laoch agus é ag caitheamh seal ar bhord an spás-stáisiúin i ndiaidh dó an phríomhdhuais a bhaint amach i gcomórtas éigin.

Arthur C. Clarke ina sheanfhear i Srí Lanca, tír inar chaith sé leathchéad bliain dá shaol. Áirítear ar thriúr mórchlasaiceach an fhicsin eolaíochta é in éineacht le Robert A. Heinlein agus Isaac Asimov. Cuid mhór de na tairngreachtaí a bhí le léamh ina chuid scéalta tháinig siad isteach fíor lena lá féin chomh fadsaolach is a bhí sé.
Arthur C. Clarke ina sheanfhear i Srí Lanca, tír inar chaith sé leathchéad bliain dá shaol chomh tugtha is a bhí sé don tumadóireacht scúba. Áirítear ar thriúr mórchlasaiceach an fhicsin eolaíochta é in éineacht le Robert A. Heinlein agus Isaac Asimov. Cuid mhór de na tairngreachtaí a bhí le léamh ina chuid scéalta tháinig siad isteach fíor lena lá féin chomh fadsaolach is a bhí sé. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla)

Caitheann an scéalaí súil timpeall na háite, ar na cineálacha oibre a bhíos idir lámhaibh ag foireann an stáisiúin. Ar ndóigh cé go bhfuil na himeachtaí suite sa todhchaí i bhfad amach, tá cuma na gcaogaidí ar a lán den tsuíomh: buachaillí uilig go léir iad na hábhair spásairí atá á dtraenáil ar an staisiún, agus bíonn na heolaithe i muinín peann agus páipéar lena gcuid matamaitice a dhéanamh. Ní raibh Clarke in ann forbairt na ríomhairí a thairngreacht, ach is cuma faoi sin: an cur síos a thug sé ar ghnáthaimh laethúla an staisiúin tá craiceann áirithe fírinne air i gcónaí.

Ceannródaíocht na Sóivéadach: Salyut

Má ghluaisimid as ríocht na scéalta ficseaneolaíochtúla i dtreo na staire, ní mór dúinn ar dtús na stáisiúin spáis Sóivéadacha a lua. Sna seascaidí bhí na Meiriceánaigh agus na Sóivéadaigh araon ag iarraidh spásárthach le criú daoinna a chur go dtí an Ghealach, ach sa deireadh ba iad na Poncáin a ghnóthaigh an iomaíocht seo, nuair a thuirling Neil Armstrong agus Buzz Aldrin i Muir na Sáimhe. Glactar leis inniu gurbh é bás tragóideach Sergey Korolev a chuir deireadh le hiarrachtaí an Aontais Shóivéadaigh an Ghealach a bhaint amach.

Sergey Korolev (nó Korolyov, de réir an fhuaimnithe). Fear éirimiúil a raibh cinniúint thragóideach aige, ar nós go leor eile san Aontas Sóivéadach.
Sergey Pavlovich Korolev (nó Korolyov, de réir an fhuaimnithe). Fear éirimiúil a raibh cinniúint thragóideach aige, ar nós go leor eile san Aontas Sóivéadach. Buachaill de phór na gCosacach a bhí ann a d’fhás aníos i dteach mhuintir a mháthar san Úcráin. D’iompaigh sé amach ina innealtóir mhaith, ach sa bliain 1938, le linn na bpurguithe móra, caitheadh i dtóin phríosúin é, agus chuir sé isteach na blianta fada ina chime. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla)

Ba é Korolev príomhinnealtóir an spáschláir Shóivéadaigh, agus cosúil lena lán innealtóirí éirimiúla sa tír sin chaith sé tréimhse ina phríosúnach i gcampaí géibhinn Stailín. Mar sin ní raibh mórán dá shláinte fágtha aige nuair a chrom sé ar a chuid oibre arís, agus fuair sé bás sula raibh d’uain aige an cuspóir a bhaint amach. Ní raibh a chuid comharbaí in ann an spáschlár a choinneáil dírithe ar an nGealach – ba é a phearsantacht féin a choinnigh an spáschlár le chéile – agus sa deireadh d’athraigh siad an fócas ar na stáisiúin spáis, ó ba iad na Meiriceánaigh ba túisce a bhain amach an Ghealach pé scéal é.

Ba é “Salyut” (Салют) an t-ainm a bhaist na Sóivéadaigh ar a sraith de stáisiúin spáis – focal iasachta ón bhFraincis arb ionann é go bunúsach agus “salute” an Bhéarla. Cineál cúirtéis is ciall leis – cúirtéis a scaoiltear as na gunnaí móra. Le fírinne bhí Salyut féin bunaithe ar “Almaz” (Алмаз), is é sin, an Diamant – coincheap míleata spás-stáisiúin a bhí á dhréachtáil le fada, agus cuid de na staisiúin sa tsraith úd Salyut ba staisiúin mhíleata iad amach is amach.

Salyut a Seacht. Bhí an stáisiún spás seo in úsáid sna blianta ó 1982 go 1986. Sa bhliain 1991 rinne sé athiontráil san atmaisféar os cionn na hAirgintíne.
Salyut a Seacht. Bhí an stáisiún spás seo in úsáid sna blianta ó 1982 go 1986. Sa bhliain 1991 rinne sé athiontráil san atmaisféar os cionn na hAirgintíne. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla)

Mar a d’iompaigh an scéal amach, tháinig na Sóivéadaigh ar an gconclúid nach raibh sé eacnamúil ná éifeachtúil úsáid a bhaint as stáisiúin spáis le criú le spiaireacht a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe – bhí sé ní b’fhusa dul i dtuilleamaí satailítí beaga spiaireachta gan chriú. D’éirigh siad as úsáid mhíleata na stáisiún spáis, agus iad sásta dea-thoil idirnáisiúnta a mhealladh chucu leis an bpoiblíocht a thug siad don taighde eolaíoch ar bhord na staisiún.

Skylab: Saotharlann Spáis na Meiriceánach

Ar ndóigh rinne údarás spáis na Meiriceánach, NASA, iarrachtaí le spás-stáisiúin a fhorbairt chomh maith. Nuair a bhí mé féin i mo bhuachaill bheag, bhí Skylab go mór mór i mbéal an phobail – “saotharlann spéire” na Meiriceánach. Ní raibh cuma an rathúnais ar an tionscadal seo ar dtús, nó rinneadh damáiste don stáisiún nuair a scaoileadh chun bealaigh é i Mí Bhealtaine 1973: thar aon rud eile cailleadh ceann de na griansciatha. Mar sin, nuair a bhain an chéad chriú an stáisiún amach, b’éigean dóibh griansciath nua a thabhairt leo, nó bhí an dainséar ann go bhfágfadh an farasbarr teasa an áit do-úsáidte go hiomlán.

Bhí na griansciatha ag cosaint an stáisiúin ar na micridhreigeoidigh chomh maith – is é sin dreigí mionbheaga, chomh mion is go dtugtar spásdusta orthu freisin. Bíonn ardluas faoi na cáithníní dusta agus iad ag bualadh faoi dhromchla na spásbhád agus na gcultacha spáis, agus mar sin cnaítear an gléasra spáis go sciobtha faoi bhrú na micridhreigeoideach mura bhfuil díonadh maith ann. Le fírinne is cuid thábhachtach d’obair na n-innealtóirí spáis díonadh an ghléasra ar an gcreimeadh seo.

Bhain an chéad chriú amach Skylab go gairid i ndiaidh scaoileadh na “saotharlainne spéire” féin, agus d’éirigh leo bail a chur ar an stáisiún arís, ionas go raibh siad in ann tástálacha taighde a chur i gcrích. Ba drámatúil an rás a bhí á rith in aghaidh an ama acu agus iad i mbun oibre, áfach, agus bhris siad curiarrachtaí ag caitheamh tréimhsí fada taobh amuigh den stáisiún. Chaith dhá chriú eile seal ar bhord an staisiúin, ach ansin tréigeadh go hiomlán é, nó d’fhill an tríú criú ó Skylab i dtús na bliana 1974, nuair nach raibh an staisiún ach seacht mí ag fithisiú ár bpláinéid. Ligeadh dó titim anuas dá fhithis, agus d’athiontráil Skylab an t-atmaisféar i Mí Iúil 1979. Bhí NASA ag plé athúsáid an staisiúin i ré na dtointeálaithe spáis – san am sin bhí an chéad tointeálaí díreach sna fonsaí tógála – ach sa deireadh héiríodh as na pleananna seo.

Skylab, mar a chonaic an criú deireanach í agus iad ag imeacht
Skylab, saotharlann spáis na Meiriceánach, mar a chonaic an criú deireanach í agus iad ag imeacht. (Grianghraf: Vicipéid an Bhéarla)

Is dócha go raibh athiontráil Skylab ina scéal nuachta ba mhó ná misin na gcriúnna leathdhosaen bliain roimhe sin, agus bhí faitíos ar chuid mhaith daoine roimh smionagar ó Skylab. Dealraíonn sé go raibh cúiseanna ciallmhara acu leis an mbuaireamh sin, nó cé go raibh NASA ag cur san áireamh go mbuailfeadh iarsmaí an stáisiúin an fharraige in áit éigin idir Rinn an Dóchais agus cósta na hAntartaice, is in iarthar na hAstráile a fuarthas na bloghanna, agus níor thosaigh Skylab ag titim as a chéile ach deich gciliméadair os comhair dhromchla an Domhain, i bhfad níos ísle ná mar a bhí pleanáilte. Is cuimhneach liom na scéalta nuachta faoi dhaoine a fuair bás leis an eagla a bhí orthu roimh Skylab titim anuas orthu féin. Cé gur dócha nach raibh sa chuid ba mhó acu ach luaidreáin tharraing siad ina ndiaidh an-díospóireacht faoin smionagar spáis mar fhadhb dár slándáil thíos anseo.