Smutrónta abú!

Santa Cruz na Gréine

Tamall lastuaidh ó Santa Cruz, ar bhóthar iomráiteach an chósta Highway One, tá Páirc Náisiúnta Año Nuevo. Tá na páirceanna náisiúnta ar cheann de sheoda na tíre seo gan aon agó agus ní haon eisceacht é Año Nuevo. Bhí seans linn cuairt a thabhairt ar an bpáirc an tseachtain seo chun lán ár súl a bhaint as na rónta millteacha a chruinníonn ann i gcaitheamh an gheimhridh.

Tá Año Nuevo ar cheann de na háiteanna is mó ar domhan a dtagann an t-arrachtach ar a dtugann an Béarla elephant seal i dtír. B’shin an chéad deacracht a bhí agam agus mé ag iarraidh méar a chur le méarchlár chun an scéilín seo a scríobh: cén Ghaeilge a chuirfinn ar elephant seal? Dar le focal.ie, ‘rón eilifintiúil’ is ea an téarma oifigiúil. Níl trácht ar na rónta céanna in aon fhoclóir eile agus mar sin ní raibh mórán…

Amharc ar an alt bunaidh 500 d’fhocla eile