Tuairiscí le
Cluichí Leathcheannais Peile agus Iománaíochta ag an Deireadh Seachtaine
Ciarraí 1-16 Maigh Eo 1-16 – Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann
Caithfidh Maigh Eo agus Ciarraí aghaidh a thabhairt ar a chéile arís tar éis comhscór iontach a bheith acu i bPáirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh seo caite. Is i Luimneach a imreofar an athimirt seo rud atá tar éis go leor cainte a spreagadh le cúpla lá anuas. Ní bheidh Páirc an Chrócaigh ar fáil don chluiche seo de bharr go bhfuil cluiche peile Meiriceánaí i ndialann lucht Pháirc an Chrócaigh don lá céanna le fada.
Rinne Maigh Eo dhá athrú ag tús an chluiche seo. Chuir siad Jason Gibbins agus Alan Freeman isteach in áit Chris Barrett agus Andy Moran – rud nar chuir iontas ar mhórán!
Bhí tús an-mhall leis an gcluiche seo agus d’éirigh le Ciarraí an lámh in uachtar a fháil ar an gcath teaicticí a bhí ar bun ag an dá fhoireann sa gcéad leath. Is léir go raibh an-fhaitíos ar Mhaigh Eo roimh James O’ Donaghue agus ní haon ionadh tar éis an damáiste a rinne Michael Murphy agus Bernard Brogan i gcluichí ceannais na hÉireann le dhá bhliain anuas. Cuireadh Keith Higgins agus Tom Cunniffe á mharcáil. D’fhan líne leathchúil Mhaigh Eo siar sa gcéad leath, freisin, le tacaíocht bhreise a thabhairt do na lánchúlaithe.
D’fheil na teaicticí seo do Chiarraí agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo sa gcéad leath ar scór 09 go dtí 0-5. Chiceáil Ciarraí an-scóranna sa leath sin agus sheas scóranna David Moran agus Fionn Fitzgerald amach ach go háirithe.
Cuireadh Lee Keegan den pháirc tar éis 33 nóiméad – rud a d’athraigh an cluiche agus a chinntigh go mbeadh dara leath oscailte againn. Deir go leor nár cheart go gcuirfí den pháirc é ach níor thug se mórán rogha don réiteoir, David Coldrick, nuair a rinne sé iarracht Johnny Buckley a chiceáil.
Is é an bua is mó atá ag Maigh Eo ná go bhfuil líne leathchúil agus fir lár páirce acu atá damanta maith ag ionsaí agus ag cabhrú leis na tosaithe. Ní raibh an líne leathchúil ag gabháil chun tosaigh ar chor ar bith sa gcéad leath. Nuair a cuireadh Keegan den pháirc, áfach, thréig siad an plean a bhí acu agus chonaic muid an-pheil ó Mhaigh Eo nuair a d’ionsaigh siad cúlaithe Chiarraí gan trócaire. Bhí Aidan O’ Shea lárnach sna hionsaithe seo. De bharr riail nua an chárta dhuibh ní raibh mórán go bhféadfadh Ciarraí a dhéanamh agus Maigh Eo ag teacht ina dtonnta!
Scóráil O’ Donaghue cúilín díreach tar éis leathama le Ciarraí a chur cúig chúilín chun tosaigh – Ciarraí 0-10 Maigh Eo 0-05. Dhúisigh sé sin Maigh Eo. Taobh istigh de 25 nóiméad bhí Maigh Eo imithe 1-13 go dtí 0-13 chun tosaigh tar éis do Cillian O’ Connor, laoch na himeartha, cic éirice a scóráil. Le linn an ama sin, tháinig Andy Moran isteach agus idir é féin agus O’ Conor, ach go háirithe, rinneadh scrios ar chúlaithe Chiarraí.
Ní raibh Ciarraí críochnaithe, áfach, agus chríochnaigh siad an cluiche an-láidir. Tháinig Kieran Donaghy isteach agus ní raibh cúlaithe Mhaigh Eo in ann aige. Bhí tionchar mór aige ar an gcluiche. Le dhá nóiméad fágtha ar an gclog chuir David Moran liathróid fhada isteach i dtreo na cearnóige. Rug Donaghy air, thug pas do O’ Donaghue agus cuireadh san eangach í. Cúpla nóiméad ina dhiaidh sin scórail O’ Leary do Chiarraí chun iad a fhágáil ar chomhscór. Bhí seans ag O’ Donaghue ar scór eile, a bhuail an posta, ach is ar chomhscór a chríochnaigh sé.
Níl aon amhras ach go raibh tionchar mór ag na fir ionaid ar an gcluiche seo a imríodh os comhair 52,495 duine. Go dtí an Satharn seo chugainn i Luimneach ag a 5…
Scóralaithe:
Ciarraí: J O’ Donaghue 1-03, D Moran, D Walsh 0-2 an duine, P Murphy, P Crowley, F Fitzgerald, M Geaney, J Buckley, S O’ Brien, P Geaney (cs), B Sheehan (cs), K O’ Leary 0-1 an duine
Maigh Eo: C O’ Connor 1-08 (1-05 cs,cé), A Dillon 0-3, A Moran 0-2, L Keegan, C Boyle, J Doherty 0-1 an duine
Ciarraí 1-14 : 2-07 Maigh Eo – Cluiche Leathcheannais Peile na hÉireann – Mionúir
Cosúil le cluiche na sinsear, an-chluiche a bhí mall ag tosú mar chomórtas. Fíorbheagan scóranna a bhí sa gcéad leath agus is beag a bhí eatarthu. Chuaigh Maigh Eo isteach chun tosaigh ag leatham pointe amháin chun tosaigh leis an scór ceithre chúilín go dtí trí chúilín.
Cluiche iomlán difriúil a bhí sa dara leath, áfach, agus bhí an-iomaíocht sa tríú ceathrú den chluiche seo. Nuair a scóráil Tomas Ó Se cúl do Chiarraí tar éis 42 nóiméad cheap muid go raibh an cluiche seo thart ach taobh istigh de nóiméad bhí cúl aimsithe ag TJ Byrne do Mhaigh Eo.
Ina dhiaidh sin, áfach, bhrúigh Ciarraí chun tosaigh agus bhí bua compordach acu sa deireadh – in ainneoin go bhféadfadh sé a bheith níos compordaí acu. Chuir Jordon Kiely cic éirice amú do Chiarraí agus scóráil Maigh Eo cúl bog in am cúitimh gortaithe.
Bhí an-chluiche go deo ag Killian Spillane, mac le Tom, agus scóráil sé sé phointe agus trí cinn acusan ón imirt.
Tabharfaidh Ciarraí aghaidh ar bhuaiteoirí an chluiche idir Áth Cliath agus Dún na nGall ar 21 Meán Fómhair anois.
Scórálaithe
Ciarraí: K Spillane 0-6 (3 cs), L Carey 0-3, T Ó Sé 1-0, S Ryan 0-1 (1 cs), M O’ Connor, M Burns, M Flaherty, J Kiely 0-1 an duine
Maigh Eo: TJ Byrne 2-0, G Boylan 0-4 (3 cs), C Hanley 0-1 (1 cs), F Duffy, B Reape 0-1 an duine
An Clár 4-28 : 1-10 Aontroim – Cluiche Leathcheannais Iománaíochta na hÉireann faoi 21
An rud is mó a léiríodh sa gcluiche seo ná go bhfuil gá le hAontroim agus Gaillimh gabháil isteach i gCraobhchomórtas Laighean sna mionúir agus faoi 21. Ní dhearna an cluiche seo maitheas do dhuine ar bith, iománaithe óga Aontroma ach go háirithe. Dá mbeadh cluichí ag Aontroim i gcúige Laighean, agus dá mbeadh siad iomaíoch in éadan foirne as cúige Laighean, bheadh dóchas acu agus d’fhéadfaidís tosú ag déanamh dul chun cinn. Ní dhéanfaidh siad aon dul chun cinn faoi mar atá an córas i láthair na huaire.
D’éirigh le hAontroim gabháil a fhad le cluiche ceannais na hÉireann ag an leibhéal seo anuraidh ach ní éireoidh leo a leithéid a dhéanamh rómhinic amach anseo faoin gcóras reatha. Ní fheabhsóidh cúrsaí iománaíochta in Aontroim mara leantar córas na sinsear. Is é sin go gcuirfí isteach i gCraobhchomórtas Laighean iad.
Sin uilig ráite níl aon amhras ann ach go bhfuil foireann iontach ag an gClár agus go mbeidh sé fíordheacair ar Loch Garman iad a stopadh ag buachan a dtríú craobh as a chéile.
Maidir leis an glcuiche féin tugadh Laoch na hImeartha do Aaron Cunningham mar aitheantas ar an 3-03 a scóráil sé. Bhí an-chluiche, freisin, ag imreoir na bliana 2013, Tony Kelly, agus scóráil sé 1-03. Ba iad Stephen McAfee agus Ciaran Clarke is mó a sheas amach do fhir óga Aontroma.
Scórálaithe:
An Clár: A Cunningham 3-03, T Kelly 1-03, C’ O Connell 0-06 (5 ps) B Duggan 0-5 (3 ps), D Reidy 0-03, C Galvin, S O’ Donnell 0-02 an duine, J Shanahan, E Enright, N Deasy, S Gleeson 0-1 an duine
Aontroim: Sean McAfee 1-0, Stephen McAfee 0-03, C Clarke 0-03 (1 ps), M Bradley, D McKernan, C Burke, S McCaughan 0-01 an duine
Loch Garman 1-21 : 1-19 Gaillimh – Cluiche Leathcheannais Iománaíochta na hÉireann faoi 21
An-chluiche go deo a bhí againn i Staid Semple a imríodh os comhair 6,853. Ba é Jack Guiney a rinne an difríocht do Loch Garman agus caithfidh go bhfuil sé san iomaíocht do imreoir óg na bliana anois. Scóráil sé 1-08 ar an lá agus bhreathnaigh sé contúirteach ó thús go deireadh an chluiche.
Ar fhoireann na Gaillimhe ba é Pádraic Brehony is mó a sheas amach leis an 1-06 a scóráil sé ón imirt.
Bhí tréimhsí ag an dá fhoireann nuair a cheap siad go raibh an lámh in uachtar faighte acu agus léirigh an dá fhoireann díocas agus uaillmhian le teacht ar ais. Bhí an cluiche cothrom 7 n-uaire le linn an chéad leath. Ar deireadh thiar ba iad fir óga Loch Garman a bhuaigh agus is iad a bheidh ag imirt in aghaidh an Chláir i gcluiche ceannais na hÉireann ar 13 Meán Fómhair.
Níl aon amhras faoi ach go bhfuil iománaithe Loch Garman ar ais i measc na mboc mór arís.
Scórálaithe
Loch Garman: J Guiney 1-08 (0-7 ps), G Moore, C McDonald, K Foley 0-3 an duine, P Foley 0-2, A Nolan, C Devitt 0-1 an duine
Gaillimh: P Brehony 1-06, S Maloney 0-6 (3 ps), C Mannion 0-3, B Molloy, J Glynn, E burke, A Tuohy 0-1 an duine