Iar-Ambasadóir: ‘B’fhéidir gurb é sin an bhrionglóid atá ag lucht straitéise Shasana – go dtabharfar Éire ar ais faoi thionchar lárnach sa chóras Sasanach’  


Deir Seán Ó hUiginn go bhfuil daoine sa Ríocht Aontaithe a bhíonn ag smaoineamh ar ar Éirinn a thabhairt ar ais faoi réimse tionchair na tíre sin.

Photo by Pixabay on Pexels.com

Táthar ann sa Ríocht Aontaithe a mbeadh fonn orthu Poblacht na hÉireann á thabhairt ar ais faoi thionchar rialtas Londain, dar le hiar-thaidhleoir sinsearach. 

Bhí Seán Ó hUiginn ina cheannaire ar an Rannán Angla-Éireannach de Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann idir 1991 agus 1997. 

D’fheidhmigh sé mar ambasadóir na hÉireann chuig na Stáit Aontaithe idir 1997 agus 2011, ina dhiaidh sin bhí sé ina ambasadóir Éireannach chun na Gearmáine.

Rinne sé an ráiteas in agallamh leis an iriseoir Dónall Ó Maolfabhail mar chuid den tsraith raidió ‘An Stát Úr Nua’ atá á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta. Scrúdaíonn an tsraith conas a bhain Éire aitheantas ar leith amach ar an stáitse domhanda le céad bliain anuas. 

Is Boris Johnson a bhí mar phríomh-aire na Breataine nuair a rinneadh an t-agallamh agus is i gcomhthéacs na Breatimeachta a rinne sé an ráiteas.

“Buíochas le Dia tá [an AE] lán i ndáiríre ag tabhairt tacaíocht dúinn ach amach anseo dá mbeadh deacrachtaí le sicíní clóirínithe, agus mar sin de, ag teacht isteach sa chómhargadh trasna na teorann againne, d’fhéadfá a shamhlú go mbeadh brú ar an gcómhargadh teorainn níos doimhne a chur idir muidne agus baill eile an Aontais.

“Agus ar ndóigh, b’fhéidir gurb é sin an bhrionglóid atá ag lucht straitéise Shasana – go dtabharfar Éire ar ais faoi thionchar lárnach sa chóras Sasanach,” a dúirt sé.

Níor thuig muintir na Breataine ceist na hÉireann nuair a vótáil siad ar son na Breatimeachta dar leis:

“Ar an gcéad dul síos, níor thuig cuid mhaith de mhuintir Shasana go rabhamar neamhspleách, sórt iontas orthu go bhfuilimid. 

“Níor thuig siad i gcónaí go raibh brabús ag baint as leis an gcóras geilleagair, an méid comhlachtaí Sasanacha atá ag baint tairbhe as Éirinn.

“Tá an imní orthu faoi Albain – dá mbeadh fiú orthu ainm an stáit a athrú dá mbeadh Albain neamhspleách… bheadh sé an-diúltach ag an íomhá atá ag an Riocht Aontaithe,” a dúirt sé.

Ní minic a chloistear tuairimí ar son Poblacht na hÉireann a thabhairt isteach sa RA arís, cé is moite de chorrlitir chuig sna páipéir, ní dóigh leis an Uasal Ó hUiginn gur uaillmhian é sa ghearrthréimhse.

“Ach go fad-téarmach, agus bíonn daoine sa RA a bhíonn ag smaoineamh ar rudaí mar sin, dá bhféadfaí Éire a thabhairt ar ais sa ‘sphere of influence’ sin bheadh sé an-luachmhar dóibh,” a dúirt sé.

“Thabharfadh sé le fios dos na hAlbanaigh – féach Éire, rinne siad iarracht éalú, agus níor éirigh leo.  

“Níl mé ag rá go bhfuil sin ag tarlú ach bheadh sé tábhachtach freisin go mbeadh rialtas na tíre seo ar an airdeall nach dtarlódh sé, agus mar a dúirt mé pé rud atá beartaithe ag Lord Frost agus a leithéid tuigeann siad go mbeadh glaoch as na Stáit Aontaithe a chuirfeadh stop leis, tá sé chomh simplí sin.  

Dar leis an Uasal Ó hUiginn áfach, tá cara mór ag Éirinn sa Teach Bán i Washington:

“Is é sin, pé gaisce atá ar bun ag David Frost agus Boris Johnson agus a leithéidí, tuigeann siad go mbeadh lámh throm ó na Stáit Aontaithe ar fheall ar bith a bheidís ag smaoineamh a dhéanamh ar Éirinn agus tá sin míle uair níos tábhachtaí ná polasaí eile i láthair na huaire.”

Ba é David Frost príomh-theagmhálaí rialtas an RA leis an AE nuair a rinneadh an t-agallamh seo. 

Craoladh an clár deireanach sa tsraith “An Stát Úr Nua” ina mbeidh an t-agallamh leis anuasal Seán ó hUiginn le cloisteáil ar an 19ú Márta ag a seacht a chlog, agus is féidir éisteacht siar leis an tsraith uile ag https://www.rte.ie/radio/rnag/an-stat-ur-nua/ .

Freagra