Be Infants in Evil (Léirmheas ar dhráma Béarla)

(seachain scéalscrios áirithe thíos)

Sleamhnaíonn an dráma seo isteach sa tsrón ón gcéad uair a siúlann tú isteach san amharclann. Tiús i sacraistí séipéil agus sagart óg ar a ghlúine lena phaidrín. An tAthair Patrick atá ann, sagart atá ag tosú amach i bparóiste nua i mBÁC. Tá an fhaoistin curtha ar ceal inniu aige. Ainneoin sin seo chugainn Noleen, baintreach dhall a bhfuil léargas ar leith aici agus ar aghaidh lena faoistin. Ansin Jacinta atá tite i ngrá le fear Muslamach agus atá ag iarraidh teitheadh as an eaglais agus an tír le bheith leis. Tagann cuairteoir eile gan choinne ansin agus cuirtear domhan an tsagairt bun os cionn ar fad.

An rud is fearr faoin dráma seo ná an feitheamh tomhaiste. Tosaítear agus rud éigin folaithe, tugtar aitheantas dó ach níltear cinnte faoi. Tugtar blúirí beaga dúinn anseo is ansiúd agus déantar sin a mhealladh chun breathnú níos géire ar chúrsaí. Fanann smál éigin gan ainm ar an dráma ó thús. Agus cara Patrick ann tá ceist bhreise ann leis, cén caidreamh atá acu le chéile, agus coinnítear sinn ar fad ag gliúcaíocht go géar ar a gcaidreamh le hoibriú amach cén cineál é. Ceann cairdis, clainne nó cumainn?

Tá cuid mhaith den dialóg cliste, greannmhar ach cuid eile ró-ardintleachtúil(mar is nós le drámadóirí deisbhéalacha go minic) agus is cosúil go bhfuil a sheal féin ardéirime ag gach carachtar sa dráma, rud nach bhfuil inchreidte. Caitear gach aon téama agus conspóid anuas ar a chéile agus téann sé chun seafóide ar fad cúpla babhta i dtreo an deiridh. Ginmhilleadh? Cinnte. Leathar, glacaireacht, agus muslamachas? Ar ndóigh! Chomh maith leis seo titeann gach aon rud amach díreach ag an am céanna agus tagann gach aon chuid de le chéile go róghleoite agus is deacair creidiúint ann, go fiú má chuireann tú an-bhrú ort féin!

Tá go leor rudaí breátha ann os a choinne sin. Tugann an sagart caint fhada uaidh ar thábhacht agus ar iontas na beatha, ag rá nach bhfuil ach cuidín bídeach bídeach den chruinne atá in ann an bheatha a chur ar fáil agus gan é sin a dhéanamh ach ar feadh soicinde. Is ansin amháin atá grá in ann bláthú, deir sé. ‘The only time there can ever be love is when there’s life, and that’s now. Is cumhachtach an chaint í. Thabharfadh an chaint seo aitheasc an Íosánaigh faoin tsíoraíocht san ifreann i A Portrait of the Artist as a Young Man Joyce i gcuimhne duit ach is caint dhearfach í seo. An rud is annamh is iontach. Carachtar sagairt ar féidir ionnanú leis agus a bhfuil ba agus trua agat dó amhail Súil le Breith, ach go dtagann athrú ar chúrsaí ag druidim le deireadh.

Is é Brian Martin, Bleá Cliathach a bhfuil cónaí air i Londain anois, a scríobh agus tá go leor rudaí le moladh faoi. Ar an bhfaraor géar ní bhraithim go dtagann se le chéile go foirfe agus nílim iomlán socair le teachtaireacht an dráma féin. Níl fhios ag an dráma féin go baileach a bhfuil uaidh, greann nó dáiríreacht. Tá compás morálta an dráma seo beagán as compás, leis, measaim. Pléann sé le péideafíleacht nó péidearastacht agus cuireann sé an cheist orainn an feidir grá a bheith i gceist i gcásanna mar sin. Tugann sé le fios, bhraitheas féin, nach bhfuil aon rud as alt le caidreamh collaí idir sagart fásta agus buachaill óg. An bhfuil leithéid de chaidreamh inghlactha? Ar an drochuair ní chuirtear an cheist i mbealach rómhaith mar sin gach seans go seachnófar ar fad í. Bainfidh sé stangadh asat mar sin féin. Is dráma spéisiúil é mar sin féin agus mar a deirim go minic is fearr drochdhráma ná scannán maith!

 (bunaithe ar leagan in Amharclann an Draoi/Mick Lally mar atá anois air ag Féile Ealaíona na Gaillimhe)

Tá Gaeilgeoirí níos Éireannaí ná an dream gan í. Glac leis.

Is minic a chuirtear i leith an Ghaeilgeora go measann said go bhfuil siad ‘níos Éireannaí de bharr go labhraíonn siad Gaeilge’. Caithfidh mé a rá nach bhfuilim tar éis teacht ar an tuairim seo rómhinic ag Gaeilgeoirí. An freagra a bhíonn ag mórchuid na nGaeilgeoirí ná nach measann siad sin in aon chor. Nuair a smaoiním féin faoi áfach, is léir dom gur Éireannaí an duine a labhraíonn Gaeilge gan aon amhras. Díreach le bheith soileir nílim ag rá gur fearr bheith níos Éireannaí, díreach go bhfuil níos mó den Éireannachas ag roinnt leo.

Ar dtús céard is Éireannachas ann? An bhfuilimid ag caint ar shaorántacht na tíre? Ó d’fhéadfadh duine pas is saorántacht Éireannach a bheith acu gan aon eolas nó cur amach acu ar aon rud Éireannach nó Gaelach glas bán nó riabhach, caithfidh nach leis sin atáimid ag plé. Mar sin baineann an cheist seo le féiniúlacht is dócha, nó gnéithe de chultúr a thugann le fios go mbaineann duine le cultúr áirithe.

Buaic Chultúr na hÉireann? Anlann Bhaile UÍ Mhaolmhuaidh

Baineann teanga le féiniúlacht is le cultúr. Ní féidir a shéanadh gur dlúthchuid an Ghaeilge de chultúr na hÉireann. Ní thig le lucht an fhéinfhuatha sin a dhiúltiú. Is féidir go bhfuil sin ag athrú le cuid ghearr de stair na tíre ach is ann dó fós. Mar sin má tá tuilleadh den chultúr agat, is é sin go labhraíonn tú Gaeilge, tá tú níos Éireannaí. Dá gcuirfí beirt a bhí díreach mar a chéile i gcomórtas lena chéile ach Béarla a bheith ag duine amháin acu ach Gaeilge anuas air sin a bheith ag an duine eile, nach mbeadh an duine sin níos Éireannaí? Is geall le fíric é.

Samhlaigh an Fhrainc, dá ndéanfaí a chóilíniú is dá dtiontódh mórchuid an phobail ar an mBéarla, is dá mbeadh pócaí de chainteoirí Frainicise ann nach ndéarfaí gur Francaí na daoine céanna? Is cinnte go ndéarfaí. Fiú cúpla céad bliain tar éis don Bhéarla forlámhas a ghlacadh ní dóigh go bhféadfaí a rá nach mbeadh na cainteoirí Fraincise níos Francaí. Cén fáth gur féidir a leithéid a rá in Éirinn?

Blaa Phort Láirge, sainniúlacht arbh fhiú náisiún a bhunú uirthi?

Mar sin conas gur cuireadh an bhréag isteach inár mbéal chomh fada seo is go raibh Éireannaigh sásta leis? Baineann seo leis an teoiric úd, náire an iarchóilíneachais. Is éard atá i gceist leis seo ná an náire a thagann ar an bpobal dúchais tar éis cóilínithe. Nuair a chailltear an rud dúchais(teanga mar shampla) níl de fhreagra ag an dream nach bhfuil sí acu a thuilleadh ach fuath a thabhairt don chultúr céanna agus sodar i ndiaidh na n-uasal. Go mionminic is iad seo is binibí ar fad atá in éadan an chultúir. Má tá suim agat i gcás na dteangacha mionlaithe(níl aon rud mion faoi mhórchuid na dteangacha seo!) aithneoidh tú go dtagann na hargóintí céanna in airde arís is arís eile timpeall na cruinne. Teanga mharbh, teanga na mbocht, gan foclóir ceart, ina bac ar ghnó. Léifidh tú tráchtanna ag lucht fuatha na Breatnaise,agus cloisfidh tú na hargóintí seanchaite céanna ón lucht argóna seanchaite céanna. Arís eile ní daoine ó thír isteach iad seo ach an pobal dúchais ag tabhairt fuatha don rud a bhain leo féin agus ag iarraidh easpa éigin iontu féin a fholú.

Ar ndóigh tá gnéithe eile den chultúr i gceist chomh maith, ceol, spórt, féith ghrinn na hÉireann, fadhb náisiúnta óil. Má tá na gnéithe seo ag duine thar dhuine eile, is féidir a rá go bhfuil an duine sin níos Éireannaí ná an té eile. Ní hé go bhfuil an duine níos fearr nó go bhfuil luach níos mó air sin. Ní féidir luach oibiachtúil a chur ar chultúr thar a chéile. Mórphobal aonteangach na tíre seo tá go leor gnéithe Éireannacha ag baint leo, ach tá níos mó gnéithe idirnáisiúnta nó Angla-Mheiriceánacha ag roinnt leo ná mar atá ag lucht labhartha na Gaeilge. Anois seans nach bhfuil aon fhiúntas le baint as an tuairim seo a chur sa timpeall, cuireann sé fearg ar dhaoine agus díomá ar dhaoine. Ní hionann sin agus a rá nach bhfuil sé fíor. Is buille beag amháin é in aghaidh an scata sin a thugann le fios nach mbaineann an teanga leis an tír seo in aon chor agus a dteastaíonn uaithi í a ruaigeadh amach ar fad ar fad.

Stobhadh Gaelach nó Éireannach, cé acu is cirte?

Déarfaidh daoine gur seafóideach an argóint atá déanta agam anseo, go bhfuil sé ciníoch, ach arís eile ní deirim go bhfuil luach níos airde ar chultúr amháin ná a chéile, ach mar sin féin go bhfuil difríochtaí ann. Tá go leor argóintí eile fíor leis, is Éireannaí daoine a sheineann an ceol gaelach nó a théann don spórt gaelach. Fágann ábhar an lae inniu ceist amháin eile agam an bhfuil na Gaeil éagsúil ó na hÉireannaigh nó an cheist í sin a bhíonn ag dó na geirbe ag aonteangaigh na tíre?

Is féidir easaontú go láidir le scríbhneoir an ailt @murchadhmor

How Daniel Cassidy invented Etymology (léirmheas)

Tháinig abhaile an lá cheana gur aimsigh mé leabhar toirtiúil romham. Bronntanas a bhí ann. Cé go raibh trácht cloiste agam air ní fhéadfainn a rá go raibh mé sásta leis mar bhronntanas. How the Irish Invented Slang le Daniel Cassidy a bhí ann. Is éard a chuireann Cassidy roimhe sa leabhar seo ná gur ón nGaeilge a thagann stráicí móra fada de bhéarlagair Béarla Mheiriceá, agus an domhain ar fad da bhrí sin. Dar leis go raibh uisce faoi thalamh ann ag lucht an Bhéarla a chuir an t-eolas seo faoi chois.

Cuirfidh seo iontas ar go leor againn ó ní cheaptar go bhfuil mórán níos mó ná ‘smithereens’ agus ‘banshee’ tugtha don Bhéarla againn. Don té a bhfuil leathspéis aige i sanas focal tiocfaidh amhras air go mear an bhfuil aon bhunús le tuairimí Cassidy. Éinne le smeareolas faoi shanas tuigfidh siad gur gá bheith in amhras i gcónaí faoi scéalta beaga a scaiptear. Ar fáth aisteach éigin tá de nós ag daoine na scéalta beaga aisteacha a chreidiúint ainneoin fianaise a léireodh a mhalairt. Is gá an leabhar áirithe seo a cheistiú ar an iliomad fáthanna.

Is rud is mó a spreag síol an amhrais ionam ná go dtéann Cassidy le mínithe fíor-neamhdhóchúla Gaeilge nuair ba fhusa go mór míniú eile taobh istigh den Bhéarla a aimsiú. Dar leis, is ionann an téarma ‘crusher'(téarma ar phóilín) agus leagan a tháinig ó ‘cuir siar ar‘(sic) Anois nach aisteach go ngreamódh nath Gaeilge gan móran céille do na póilíní agus nach aisteach nach mbeadh aon bhaint ag ‘crusher’ leis an bhfocal Béarla ‘crush’?

Deir Cassidy gur ó ‘S lom é’ a thagann an focal béarla ‘Slum’. Nach aisteach arís an tógáil sin dáiríre? An féidir a shamhlú go n-imeodh sin ó bhéal Gaeilgeora isteach sa chaint? An féidir teacht air mar nath coitianta le cur síos a dheanamh ar shlumaí? Ní féidir. Rud eile de, tugann Cassidy sainmhínithe agus tugann le fios gur ó na foclóirí Gaeilge a thagann siad nuair nach fíor sin in aon chor. Is breá leis fig. a bhualadh anuas ar rudaí, a rá gur chiall bhreise atá ann ach i bhfírinne is a chuid cumadóireachta féin atá ann. (’teas ioma’ – an abundance of heat and passion; figuratively semen) Ní féidir liom teacht ar aon fhoinse a léiríonn ciall bhreise seo ‘teas ioma'(sic). Is dócha nach bhféadfadh Cassidy ach oiread.

Anuas air sin ar fad úsáideann sé pé leagan is maith leis de fhocal ar bith. ‘Joint’ an Bhéarla? Bhuel tá díon sa Ghaeilge, cén t-iolra atá air sin? Díonta, iontach, sin níos cosúla. Téann sé níos faide fós, leagan sé pé fuaimniú anuas ar fhocail. ‘Jeenta’, foirfe!

Is beag focal a d’fhág Gaeilge ar Bhéarla na hÉireann i bhfírinne, conas go rachadh teanga seo na mbocht mar a bhí chomh mór i bhfeidhm ar chaint SAM? Níl aon mhíniú sásúil ag Cassidy air seo. Conas nár tháinig siad seo chun cinn in Éirinn leis, cén fáth gur bheartaigh na Gaeil gan na focail seo a thabhairt dúinne leis? Níl míniú aige air seo ach oiread. Má tá focail aduaine nach n-aithneodh Gaeilgeoir cumasach ar na saolta seo mar bhunús go leor nathanna, cén fáth nach bhfuil focail choitianta Ghaeilge le sonrú ar chaint na bponcán leis? Arís eile níl míniú ag Cassidy bocht air seo.

An cineál cur chuige atá aige ná frása a ghlacadh chuige féin. ‘Daniel Cassidy’ mar shampla, ansin beartaíonn sé gur ón nGaeilge a tháinig sé. Ansin ar aghaidh leis ar bhóthar na cruthaitheachta. Daniel –‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremacist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer. Mar sin is ionann Daniel Cassidy agus ‘white supremecist cocktail maker? Is ionann, bhuel ina chruinne féin bréag is bithchamastaíola. (mise a chum seo thuas ar eagla aon mhíthuisceana)

Is bocht an scéal é ach tá cuid mhór daoine ag tacú le cumadóireacht Cassidy fós. Nach cuma a deir roinnt, níl ann ach píosa beag spraoi. Dáiríre a mhalairt atá ann, is casta an rud é an teageolaíocht agus nuair a ligtear d’amadáin tabhairt faoi ar a suaimhneas téann an rud ar fad chun doiléire. De bharr thionchar an idirlín is ann do ‘shanais’ seo Cassidy go deo na ndeor, creidfear iontu (roinnt ar a laghad) go brách. Ba chóir dúinn suim a léiriú sna focail a thug na Gaeil don Bhéarla ach gan géilleadh do phleidhce amadáin mar seo a chuireann an fhírinne as a riocht ar fad ar fad.

Ba bhréagadóir cruthanta é Cassidy. Leabhar 300 leathanach atá lán go clúdaigh de bhréagshanais, de sheafóid agus de bhréaga. Níl aon amhras ann ach gur thuig Cassidy go raibh formhór mór na sanas seo bréagach. Is dócha gur lorg sé frásaí i bhfoclóirí Gaeilge a raibh cosúlacht éigin acu le nathanna Béarla agus ansin gcur chuir sé roimhe an nasc a chruthú.

Tá blag den scoth ar fáil anseo a tharraingníonn argóintí Cassidy óna chéile. http://cassidyslangscam.wordpress.com/ Pé duine a scríobh chuir Cassidy siar glan as a mheabhair iad agus tá siad tar éis díoscadh cliniciúil neamhbhalbh a dhéanamh ar scaits éithigh Uí Chasaide. Tá Cassidy imithe ar shlí na fírinne anois, is é mo mhórdhóchas ná go n-imeoidh na bréaga seo leis. Ná ceannaigh an leabhar seo is ná tacaigh le seafóid mar seo.

Níl saineolas agam ar an ábhar seo, díreach spéis. Tá eolas éigin agam ar an teanga agus ar an bhfoghraíocht, rudaí nach raibh ag Cassidy féin áfach. Ghlac an Béarla le liosta éigin focal ón nGaeilge ceart go leor agus tá liosta ar fáil anseo. Focail Ghaeilge sa Bhéarla

Is féidir teagmháil a dhéanamh le húdar an ailt ag @murchadhmor

 

Dóibh sin ar bheagán Gaeilge

There is no doubt but that Daniel Cassidy knew that most etymologies in this book were false. For example he might take something like ‘Daniel Cassidy’ and decide it comes from Irish. Then he searched the dictionary to find something similar and comes up with; ‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremecist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.So Daniel Cassidy means white supremecist, cocktail maker? Well sort of, in his parallel universe of bolloxology at least. (just to be clear I made this up) This book is an utter con-job, do not buy it and do not accept any of its conclusions.