Páirc Bhocht an Bhaile Bhoicht

Páirc Réamoinn Mhic Raois – an scéal a dhiúltaíonn bás a fháil

AN tIÚR – Le coicís anuas tá scéal ‘Pháirc Réamoinn Mhic Raois’ ar chéad leathanach na bpáipéar nuachtáin agus ar na haerthonnta ó thuaidh ar bhonn laethúil.

Troideadh an cath a ba dhéanaí mar gheall ar an pháirc shúgartha bhocht seo i gceantair an Bhaile Bhoicht ar an Iúr i gComhairle an Iúir agus Mhúrn oíche Dé Luain.

Tá sé ina chnámh spairne ó athainmníodh an pháirc in onóir duine de na fir a fuair bás ar an staic ocrais i 1981, Réamonn Mac Raois, i 2001.

Ach d’éirigh sé níos conspóidí le blianta anuas ó thosaigh na hagóidí a bhaineann le teorainn a chur le bratach na Breataine a bheith ar foluain ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste.

Dúirt an SDLP go vótálfadh siad chun ‘Patrick’s Street Park’ a thabhairt air in athair aréir dá mba rud é go raibh vóta ar an cheist.

Ach sa deireadh, cha raibh a leithéid ann óir chun sin a dhéanamh bheadh air an chomhairle rialacha seasta a chur ar ceal – ach vótáil 15 in aghaidh 14 comhairleoir gan sin a dhéanamh.

Vótáil an SDLP agus aontachtaithe ar an chomhairle ar son, vótáil poblachtaigh neamhspleácha le Sinn Féin chun bac a chur ar an rún.

Tá Sinn Féin ag rá go gcaithfidh na hAontachtaithe agus an SDLP glacadh le toil an phobail áitiúla anois.

Ach tá Aontachtaithe ag rá go leanfaidh siad ar aghaidh ag feachtasaíocht ar an ábhar seo.

Tá an comhairleoir neamhspleách, Brendan Curran, ag cur i leith Shinn Féin nach bhfuil croí s’acusan sa troid seo a thuilleadh agus go raibh airsean labhairt leis na meáin ar an ábhar seo le tamall anuas.

Iarbhall de Shinn Féin agus den IRA é an Comhairleoir Curran.

Tá an SDLP ag rá go bhfuil siadsan ag iarraidh ar an Choimisiún Comhionannais Thuaisceart Éireann teacht isteach agus rialú daingean a dhéanamh ar an cheist.

Tá na páirtithe Aontachtacha ag gealladh go dtabharfaidh siadsan an troid seo ar aghaidh go dtí an sar-chomhairle nua a thiocfas sé ar an tsaol ag deireadh na míosa seo.

Tá sé ar intinn ag Tom Elliot ón UUP bille príobháideach a chur os comhair an Tionóil a chuirfeadh cosc ar ainmniú aon áis phoiblí ar bith in onóir duine a ciontaíodh as coir sceimhlitheoireachta.

Comharthaíocht dhátheangach conspóideach i gcónaí

Tá sé ráite ag Comhairleoir Aontachtach ar Chomhairle an Iúir agus Múrna David Taylor go bhfuil sé buartha nach bhfuil gach iarratas ar chomharthaíocht dhátheangach sa cheantar dílis.

Tá sé á mhaíomh aige go bhfuil scairteanna gutháin faighte aige ó dhaoine atá buartha go gcrochfar comharthaí dhátheangach d’ainneoin thoil an phobail.

Deir sé go bhfuil iarratais ag teacht isteach ó cheantair ina bhfuil tromlach na ndaoine ina n-aontachtóirí agus go bhfuil imní air go bhfuil na hiarratais seo a dhéanamh ag polaiteoirí seachas ag cónaitheoirí.

Tá roinnt loitiméireacht déanta ar chomharthaíocht dhátheangach sa dúiche le blianta beaga anuas – tháinig an t-ábhar conspóideach seo chun tosaigh ar an Iúir sna 1940í, rud a spreag an rialtas Stormont ag an am cosc a chur orthu.

UUP: Ullmhúcháin Úra don Pháirtí?

Scott De Buitléir

 

Agus comhdháil bhliantúil de chuid aon pháirtí polaitiúil ar siúl, is cinnte go mbeifear ag súil le go leor leor óráidí, bualadh bos rialta, ceardlanna cainte agus málaí beaga le pinn agus leabhair nóta mar bhronntanais bhuíochais as ucht freastail.

Níorbh aon eisceacht é comhdháil an UUP in Óstán an Ramada i mBéal Feirste an tseachtain seo caite, mar bhí a leithéid sin ar siúl gan dabht. Is féile mhór pholaitiúil í an chomhdháil bhliantúil, ar nós na Nollag do politicos na tíre. Cérbh é Daidí na Nollag sin, más ea?

Mike Nesbitt, the UUP's new leader
Mike Nesbitt, ceannaire an UUP

Is cinnte go raibh óráid amháin ann a raibh gach ball den pháirtí – agus na meáin a d’fhreastail ar an ócáid – ag súil leis, agus ba shin óráid Mike Nesbitt.

 Ach rud nach rabhthas ag súil leis ná an fháilte a chur Nesbitt roimh gach éinne, fiú na daoine nach smaoineódh riamh faoi pháirt a ghlacadh in aon chuid den UUP. Rinne sé tagairtí go minic do Phoblachtánaigh, ag caint ar an sórt ‘Thuaisceart Éireann’ a bheadh feiliúnach do chách.

Rinne sé tagairtí do mhionlaigh, ar nós an phobail Áisí, daoine aeracha, inimircigh agus eile nach iad. Bhí sé ag úsáid friotail a chuirfeadh gach éinne isteach san áireamh, agus bhí a lánfhios aige ar a raibh á rá aige.

Cén fáth, mar sin, go mbeadh na tagairtí siúd tábhachtach, muna bhfuil iontu ach taicticí polaitiúla chun vótaí a mhealladh?

An freagra: Mar níl ‘an páirtí eile’ á dhéanamh sin. Tá an páirtí eile ag iarraidh Tuaisceart Éireann a choimeád Briotanach (is ábhar do lá eile dom é ceist an Bhriotanachais sa Tuaisceart) agus neamhaird a dhéanamh ar an aon ní ‘neamhBhriotanach’. An páirtí eile, dár ndó, ná an DUP.

Toisc é sin, is cosúil go bhfuil Nesbitt ag iarraidh a pháirtí féin a tharraingt i dtreo bóthair nach siúlann an DUP. Is é sin bóthar na fáilte; bóthar a bhfuil Sinn Féin agus Alliance – agus NI21 ar na mallaibh – siúlta acu cheana féin.

Dóibh siúd sa UUP, seanbhaill an pháirtí ach go háirithe, tá seans ann gur riosca é iarracht Nesbitt. Tá baill ann a cheapfadh go bhfuil Baile Átha Cliath chomh heachtrannach dóibh le Béising, agus is bac d’aon dul chun cinn é sin. Le meascán beag grinn ina chuid óráide, áfach, tá seans ann gur féidir le Nesbitt tuairimí na ‘die-hards’ a athrú:

“Ní mise an cinéal Aontachtach a mhothaíonn faoi bhagairt toisc an ‘tricolour’,” a dúirt Nesbitt os comhair na comhdhála. “Aontaím le ráitis an fhile mhóir, John Hewitt, a thug Ultach, Briotanach, Éireannach agus Eorpach air féin. Smaoinigh faoi […] is radharc domhanda i bhfad níos casta, ach níos ionraice, é ná Óraiste/Glas, Protastúnach/Caitliceach – agus sin an áit ina bhfuil mé.”

“Is Ultach mé, is Briotanach mé fosta,” a mhínigh ceannaire an pháirtí, “ach nílim ag iarraidh cailliúnt amach ar mo chuid Éireannachais. An sórt Éireannachais a chuirtear smaointí neamhChríostaí ionam agus [foireann rugbaí] Sasana ag imirt i mBaile Átha Cliath.”

Bhí gáire ann lena cloisteáil nuair a dúirt Nesbitt é sin. Níorbh ghlórach é an gáire, áfach, agus is as sin a bhfuiltear in ann dhá phointe a dhéanamh. Is é an chéad phointe ná pé cineál Éireannachais a raibh i gceist ag Nesbitt, ní beag é an ráiteas sin a dhéanamh ag an nóiméad áirithe sin; é ina sheasamh in aice le bratach na hAontachta, ag labhairt os comhair slua mór Aontachtach.

An dara pointe is féidir a thógáil as, áfach, ná go mb’fhéidir nár éirí le jóc an rugbaí chomh maith agus ba mhaith le Nesbitt. Más fíor é sin, taispeántar go bhfuil dúshlán ann roimh Nesbitt; páirtí Aontachtach a dhéanamh níos oscailte, níos tuisceanaí agus níos fáiltiúla.

Tá páirtí Aontachtach ann cosúil leis sin cheana féin, agus is é sin ná NI21 – an páirtí nua a chruthaigh beirt iarbhaill de chuid an UUP. Tá gach seans ann, mar sin, go bhfuil Nesbitt agus a chairde ag tabhairt airde don méid oibre a bhíonn idir lámha ag NI21, agus an cuma orthu go bhfuil ag éirí go maith leo, i measc na n-óg ach go háirithe.

Tá páirtí Aontachtach ann cosúil leis sin cheana féin, agus is é sin ná NI21 – an páirtí nua a chruthaigh beirt iarbhaill de chuid an UUP.

Tá John McCallister (iar-UUP, comhbhunaitheoir NI21) i ndiaidh labhairt ag dhá chomhdháil de chuid Shinn Féin; ceann amháin i gCairlinn, agus ceann eile i Londain. Tá Basil McCrea, an comhbhunaitheoir eile, i ndiaidh labhairt ar son cearta aeracha go minic i Stormont agus leis na meáin araon.

Tá an bheirt sin ag taispeáint le muintir an Tuaiscirt gur féidir le hAontachtaigh a bheith ciallmhar agus cairdiúil, agus nach ionann Aontachtach agus aineolach.

Ag deireadh na comhdhála, shiúl baill an pháirtí amach as an óstán agus ar shráideanna Bhéal Feirste. An chéad rud eile a bheadh suimiúil lena fheiceáil, anois, ná má leanfar le friotal dearfach Nesbitt (agus a chuid gníomhachtaí) agus é ar ais ina chathaoir i Stormont.

 

An mbeidh rath ar pháirtí úr Mhic Rath?

Anailís le Ciarán Dunbar

An tseachtain seo chonaiceamar seoladh pháirtí úr Bhasil McCrae agus John McAllister, NI21, ag ócáid i mBéal Feirste oíche Déardaoin.

Bhí slua nach beag i láthair agus cur i láthair an-snasta a bhí ann gan aon amhras. Bhí roinnt mhaith ‘Unicorns’ [Aonbheannaigh] i láthair, is  é sin le rá, Caitlicigh nach náisiúntóirí Éireannacha iad.

Beidh McAllister agus McCrea sásta leis sin, tá sé amuigh orthu nach bhfuil siad ‘seicteach’ ar scor ar bith. Ba bhaill den UUP roimhe seo an dá Bhall Tionóil seo.

Táthar ag rá go forleathan nach ainm maith é ‘NI21’ ach is cinnte gur fearr  é ná an t-ainm neamhoifigiúil a bhí orthu go dtí seo – ‘Jasil’.

Seo ‘luachanna’ NI21 go dtí seo, gabh mo leithscéal faoin Bhéarla, ach níl leagan Gaeilge ar fáil ar an suíomh.

Our future together – NI21 is committed to building a future together for all in Northern Ireland, moving beyond sterile sectarianism to promote a modern, inclusive Northern Ireland identity for all.

Reform & choice – NI21 will vigorously promote democratic reform of our political institutions to give authentic choice to citizens. We strongly support power-sharing and reject majority rule by any tradition. The creation of a democratic opposition is essential if Northern Ireland is to have accountable government, authentic choice and an alternative to sectarian politics.

Progressive – NI21 is committed to fairness, equality and social justice for all, irrespective of socio-economic background, gender, racial group, religious belief, disability, sexual orientation or political allegiance. Our shared responsibilites under the rule of law are fundamental to a shared and pluralist society.

Opportunity – NI21 is committed to opening up economic opportunity and social mobility for all by promoting a vibrant private sector, advancing our region’s entrepreneurial talent and culture of enterprise, and supporting a modern public sector within a social market economy.

Our place in the United Kingdom – NI21 believes that the best political, economic and social future for all the people of Northern Ireland is secured within today’s United Kingdom, in which diversity and inclusion are shared values. We will promote the common good of all the people of Northern Ireland within the United Kingdom.

Ach cheana, má tá luachanna ar fáil, níl aon pholasaí acu agus má bhí ráth ar an ócáid sheolta, bhí an t-agallamh a rinne ceannaire an pháirtí, McCrea, le Steven Nolan ar BBC Raidió Uladh an mhaidin dar gceann ina thubaiste.

images
Basil McCrea

Léiríodh taobh istigh de chúpla shoicind nach bhfuil aon pholasaithe ag an pháirtí úr seachas go bhfuil siad ar son phósadh aerach, agus ansin thiontaigh an comhrá ar an pholagamas!

Bhí sé thar a bheith suntasach nach raibh McCrea ábalta a rá cén seasamh atá ag an pháirtí  i dtaca leis an scrúdú aistriúcháin – nó an 11+ mar a déarfá. Buncheist pholaitiúil  é seo ó thuaidh.

Dar leis an pháirtí go bhfuil siad ‘ar son an Aontais’ ach tá sé suntasach nach bhfuil an focal ‘aontachtach’ á úsáid acu.

Ach an bhfuil aon difear idir ‘ar son an Aontais’ agus ‘Aontachtachas’ – an féidir a bheith ar son an Aontais gan a bheith i d’Aontachtóir?

Sin ceann de na ceisteanna is bunúsaí atá le freagairt ag an pháirtí úr agus is ceist thábhachtach é mar tá Caitlicigh ann ar son an Aontais leis an Bhreatain ach nach bhfuil compordach leis an lipéad ‘Aontachtóir’ mar gheall ar chúrsaí cultúir agus creidimh.

An aontachtóirí na daoine seo go héifeachtach? – sin cheist mhaith agus beidh sé ábhartha amach anseo nuair atá ar an pháirtí seo seasaimh a ghlacadh ar chúrsaí a scarann an dá mhórphobal ó thuaidh as a chéile go traidisiúnta.

Maíonn an páirtí go bhfuil siad i gcoinne ‘pholaitíocht na féiniúlachta’ ach mar sin féin, tá sé geallta acu an fhéiniúlacht ‘Thuaisceart-Éireannach’ a chur chun tosaigh gach bealach agus is féidir, “to promote a modern, inclusive Northern Ireland identity for all.”

Mar sin de, is léir nach bhfuil siad ag i gcoinne pholaitíocht na féiniúlachta ann féin, díreach na féiniúlachtaí atá ann faoi láthair.

Is é bunchloch cheartchreidmheachas na liobrálach ó thuaidh, go háirithe sna meáin, gurb é tógáil na féiniúlachta nua – an Tuaisceart-Éireannachas réiteach ar fhadhbanna an Tuaiscirt ar fad.

Is é le rá, Tuaisceart-Éireannaigh a dhéanamh as Éireannaigh agus iad siúd sa phobal Aontachtach a meastar gur náisiúntóirí Ultacha iad.

Féiniúlacht Bhriotánach is ea é ‘Tuaisceart-Éireannach’ mar is rogha réamhshocraithe é agus i ndeireadh na dála, tá meánaicmeachas fite fuaite leis.

Ach má tá cultúr na nGael fágtha ar leataobh ag an pháirtí úr, ní dócha gur iad na Gaeil atá siad ag iarraidh a mhealladh, ach Protastúnaigh meánaicmeacha nach bhfuil ag vótáil faoi láthair agus Caitlicigh nach náisiúntóirí iad, atá, de ghnáth, go hiomlán gallda ó thaobh chultúir de.

Tá sé suimiúil áfach, gur léirigh suirbhé, nach gcuirim féin mórán muinín ann, go bhfuil líon na ndaoine a chuireann síos orthu féin mar ‘Thuaisceart- Éireannaigh’ tite anois go 22% den phobal ó thuaidh.

Tá ceisteanna curtha agam chuig an pháirtí úr i dtaca le hoideachas Caitliceach agus Gaeloideachas, foilseoidh mé na freagraí chomh luaith agus a fhaighimse iad.

Tá na meáin liobrálacha ar bís leis an pháirtí úr ach ar cheart aon stór a chur san anailís sin? Rinne cáil mhaith anailíseoirí amadáin astu féin nuair a tháinig ‘Ulster Conservative and Unionist New Force’ nó ‘UCUNF’ ar an tsaoil.

Lig daoine dona gcuid claontaí féin cur isteach ar a gciall agus cuireadh an ‘Fórsa Nua’ i láthair mar an pháirtí a bhí chun Caitlicigh a mhealladh chun an Aontachtachais agus stair na hÉireann a athrú go deo. Cad a tharla? Faic. Mar i ndeireadh na dála, b’aontachtóirí iad.

Is ionann agus dodhéanta é a bheith ‘neodrach’. I ndeireadh na dála, bíonn ar pháirtithe polasaithe a fhorbairt maidir le paráideanna, bratacha, an Ghaeilge, an CLG, cúrsaí oideachais agus srl.

Sin an fhadhb a bheas ag NI21, agus beidh sé acu gan mhoill.

Is ar an ábhar céanna nach nglacann Fianna Fáil páirt i dtoghcháin an Tuaiscirt – tuigeann siad go rímhaith go mbeadh orthu ‘taobh a roghnú’, luath nó mall.

An beidh rath ar an pháirtí seo? B’fhéidir dar liomsa ach braitheann sé ar rudaí áirithe.

An féidir le Basil féin greim a choinneáil ar a ego féin? An féidir leo polasaithe difriúla a fhorbairt? An féidir leo seasamh ar son an Aontais a fhorbairt ach gan seasaimh Aontachtacha a bheith acu?

Is maith an scéalaí an aimsir ach ní dóigh liom go mbeidh na páirtithe móra ar dhóigh ar bith buartha faoi NI21, cé gur féidir go ngoidfidh siad vótaí ón UUP atá ag fáil bháis go tapaidh faoi cheannaireacht Mike Nesbitt.