How Daniel Cassidy invented Etymology (léirmheas)

Tháinig abhaile an lá cheana gur aimsigh mé leabhar toirtiúil romham. Bronntanas a bhí ann. Cé go raibh trácht cloiste agam air ní fhéadfainn a rá go raibh mé sásta leis mar bhronntanas. How the Irish Invented Slang le Daniel Cassidy a bhí ann. Is éard a chuireann Cassidy roimhe sa leabhar seo ná gur ón nGaeilge a thagann stráicí móra fada de bhéarlagair Béarla Mheiriceá, agus an domhain ar fad da bhrí sin. Dar leis go raibh uisce faoi thalamh ann ag lucht an Bhéarla a chuir an t-eolas seo faoi chois.

Cuirfidh seo iontas ar go leor againn ó ní cheaptar go bhfuil mórán níos mó ná ‘smithereens’ agus ‘banshee’ tugtha don Bhéarla againn. Don té a bhfuil leathspéis aige i sanas focal tiocfaidh amhras air go mear an bhfuil aon bhunús le tuairimí Cassidy. Éinne le smeareolas faoi shanas tuigfidh siad gur gá bheith in amhras i gcónaí faoi scéalta beaga a scaiptear. Ar fáth aisteach éigin tá de nós ag daoine na scéalta beaga aisteacha a chreidiúint ainneoin fianaise a léireodh a mhalairt. Is gá an leabhar áirithe seo a cheistiú ar an iliomad fáthanna.

Is rud is mó a spreag síol an amhrais ionam ná go dtéann Cassidy le mínithe fíor-neamhdhóchúla Gaeilge nuair ba fhusa go mór míniú eile taobh istigh den Bhéarla a aimsiú. Dar leis, is ionann an téarma ‘crusher'(téarma ar phóilín) agus leagan a tháinig ó ‘cuir siar ar‘(sic) Anois nach aisteach go ngreamódh nath Gaeilge gan móran céille do na póilíní agus nach aisteach nach mbeadh aon bhaint ag ‘crusher’ leis an bhfocal Béarla ‘crush’?

Deir Cassidy gur ó ‘S lom é’ a thagann an focal béarla ‘Slum’. Nach aisteach arís an tógáil sin dáiríre? An féidir a shamhlú go n-imeodh sin ó bhéal Gaeilgeora isteach sa chaint? An féidir teacht air mar nath coitianta le cur síos a dheanamh ar shlumaí? Ní féidir. Rud eile de, tugann Cassidy sainmhínithe agus tugann le fios gur ó na foclóirí Gaeilge a thagann siad nuair nach fíor sin in aon chor. Is breá leis fig. a bhualadh anuas ar rudaí, a rá gur chiall bhreise atá ann ach i bhfírinne is a chuid cumadóireachta féin atá ann. (’teas ioma’ – an abundance of heat and passion; figuratively semen) Ní féidir liom teacht ar aon fhoinse a léiríonn ciall bhreise seo ‘teas ioma'(sic). Is dócha nach bhféadfadh Cassidy ach oiread.

Anuas air sin ar fad úsáideann sé pé leagan is maith leis de fhocal ar bith. ‘Joint’ an Bhéarla? Bhuel tá díon sa Ghaeilge, cén t-iolra atá air sin? Díonta, iontach, sin níos cosúla. Téann sé níos faide fós, leagan sé pé fuaimniú anuas ar fhocail. ‘Jeenta’, foirfe!

Is beag focal a d’fhág Gaeilge ar Bhéarla na hÉireann i bhfírinne, conas go rachadh teanga seo na mbocht mar a bhí chomh mór i bhfeidhm ar chaint SAM? Níl aon mhíniú sásúil ag Cassidy air seo. Conas nár tháinig siad seo chun cinn in Éirinn leis, cén fáth gur bheartaigh na Gaeil gan na focail seo a thabhairt dúinne leis? Níl míniú aige air seo ach oiread. Má tá focail aduaine nach n-aithneodh Gaeilgeoir cumasach ar na saolta seo mar bhunús go leor nathanna, cén fáth nach bhfuil focail choitianta Ghaeilge le sonrú ar chaint na bponcán leis? Arís eile níl míniú ag Cassidy bocht air seo.

An cineál cur chuige atá aige ná frása a ghlacadh chuige féin. ‘Daniel Cassidy’ mar shampla, ansin beartaíonn sé gur ón nGaeilge a tháinig sé. Ansin ar aghaidh leis ar bhóthar na cruthaitheachta. Daniel –‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremacist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer. Mar sin is ionann Daniel Cassidy agus ‘white supremecist cocktail maker? Is ionann, bhuel ina chruinne féin bréag is bithchamastaíola. (mise a chum seo thuas ar eagla aon mhíthuisceana)

Is bocht an scéal é ach tá cuid mhór daoine ag tacú le cumadóireacht Cassidy fós. Nach cuma a deir roinnt, níl ann ach píosa beag spraoi. Dáiríre a mhalairt atá ann, is casta an rud é an teageolaíocht agus nuair a ligtear d’amadáin tabhairt faoi ar a suaimhneas téann an rud ar fad chun doiléire. De bharr thionchar an idirlín is ann do ‘shanais’ seo Cassidy go deo na ndeor, creidfear iontu (roinnt ar a laghad) go brách. Ba chóir dúinn suim a léiriú sna focail a thug na Gaeil don Bhéarla ach gan géilleadh do phleidhce amadáin mar seo a chuireann an fhírinne as a riocht ar fad ar fad.

Ba bhréagadóir cruthanta é Cassidy. Leabhar 300 leathanach atá lán go clúdaigh de bhréagshanais, de sheafóid agus de bhréaga. Níl aon amhras ann ach gur thuig Cassidy go raibh formhór mór na sanas seo bréagach. Is dócha gur lorg sé frásaí i bhfoclóirí Gaeilge a raibh cosúlacht éigin acu le nathanna Béarla agus ansin gcur chuir sé roimhe an nasc a chruthú.

Tá blag den scoth ar fáil anseo a tharraingníonn argóintí Cassidy óna chéile. http://cassidyslangscam.wordpress.com/ Pé duine a scríobh chuir Cassidy siar glan as a mheabhair iad agus tá siad tar éis díoscadh cliniciúil neamhbhalbh a dhéanamh ar scaits éithigh Uí Chasaide. Tá Cassidy imithe ar shlí na fírinne anois, is é mo mhórdhóchas ná go n-imeoidh na bréaga seo leis. Ná ceannaigh an leabhar seo is ná tacaigh le seafóid mar seo.

Níl saineolas agam ar an ábhar seo, díreach spéis. Tá eolas éigin agam ar an teanga agus ar an bhfoghraíocht, rudaí nach raibh ag Cassidy féin áfach. Ghlac an Béarla le liosta éigin focal ón nGaeilge ceart go leor agus tá liosta ar fáil anseo. Focail Ghaeilge sa Bhéarla

Is féidir teagmháil a dhéanamh le húdar an ailt ag @murchadhmor

 

Dóibh sin ar bheagán Gaeilge

There is no doubt but that Daniel Cassidy knew that most etymologies in this book were false. For example he might take something like ‘Daniel Cassidy’ and decide it comes from Irish. Then he searched the dictionary to find something similar and comes up with; ‘Dath- ‘n-aoil’ lime-faced, white-faced, fig. white supremecist. ‘Cassidy’. Cas-a-dí The turning of her drink, surname of a bartender, mixologist, figuratively mixer, nixer.So Daniel Cassidy means white supremecist, cocktail maker? Well sort of, in his parallel universe of bolloxology at least. (just to be clear I made this up) This book is an utter con-job, do not buy it and do not accept any of its conclusions.

Gael óg go dona tinn théis timpiste i SAM

Tá gael óg aitheanta, Pádraig Schaler (23), go dona tinn san ospidéal thall i SAM tar éis go raibh sé i dtimpiste bóthar in Cape Cod Déardaoin seo caite.

1011191_4571827708660_551671463_n
Pádraig Schaler

Tá sé á thuairisciú gur bhuail veain é agus é ag rothaíocht i mbaile Brewster gar don Bramble Inn thart ar 10:00 ar maidin.

Dar leis na Péas thall, thiontaigh Pádraig a rothar roimh veáin a bhí á thiomáint ag Mark Couto (52), dar leo gur thiontaigh Pádraig a rothar i dtreo an veáin gan rabhadh a thabhairt agus Couto ag iarraidh dul thairis. Níl raibh Pádraig ag caitheamh chlogaid ag an am.

Ar an drochuair, tá sé á thuairisciú go bhfuil goraithe Phádraig bagrach dá bheatha.  Tá sé gan aithne i gcóma ó shin.

Bhí sé ag obair thall i Meiriceá ar víosa J1 don samhradh.

Tá an-aithne agus an-cion ag Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath air. Tá oíche ar son Phádraig eagraithe ag Club Chonradh na Gaeilge don Domhnach beag seo. Tá siad ag iarraidh deis a thabhairt do “gach cara de Phádraig chun teacht le chéile agus tacaíocht a léiriú dó agus dá chéile. Beidh sé go deas sibh go léir a fheiceáil agus ár gcomhluadar a roinnt ag an am deacair seo.

“Tá cupla tionscanamh faoi leith gur mhaith linn sibh a chuir ar an aird faoi:

– Beidh seomra ciúin faoi leith ina mbeidh ceamara, agus beidh chuile dhuine ábalta taifead beag a dhéanamh le teachtaireacht éigin do Phádraig agus a chlann thall i Cape Cod. Is cuma má tá sé 10 soicind nó 10 nóiméad, pé teachtaireacht gur mhaith leat a sheoladh. Cuirfimid go léir le chéile iad agus seolfaimid trasna iad. (Má tá éinne nach féidir leo freastal ar an ócáid ar an Domhnach, ach atá ag iarraidh a teachtaireacht féin a thaifead sa bhaile, seol ar aghaidh chuig smmcaul@tcd.ie agus cuirfimid leis an gcuid eile é.)

– Freisin má thógann tú an pictiúir gur fearr leat duitse agus Pádraig, nó de Phádraig nó de rud éigin a chuireann do chairdeas leis i gcuimhne duit, táimid chun collage a dhéanamh dó le na pictiúrí go léir ag léiriú na cairdis go léir atá déanta aige agus atá ag smaoineamh agus ag guí ar a shon.”
Chomh maith leis sin, tá Aifreann speisialta Gaeilge ar siúl Déardaoin sa Séipéal i gColáiste na Tríonóide le haghaidh Phádraig. Beidh sé ar siúl ag a 7 i.n.

Tá leathanach Facebook don ócáid sa Chlub le fáil anseo. 

Go dtaga biseach air go luath.

Scéal uasdátaithe 17:30, 4/7/13

Dul chun cinn de Paor

Dul chun cinn suntasach Samantha Power chun bheith ina hAmbasadóir de Chuid na Stáit Aontaithe Mheiriceá do na Náisiúin Aontaithe

Seán Míchaél Ó Donnchadha

Tá roghnú Samantha Power ag Barak Obama mar an chéad Ambasadóir eile de chuid SÁM chuig na Náisiúin Aontaithe taréis bailchríoch a chur ar ghairm bheatha éachtach don eisimirceach óg Gaolach seo.

0607-samantha-power-UN-camelot-israel
Samantha Power ar fhaiche an Tí Bháin, Washington, SAM

Tháinig Power go dtí Meiriceá in aois a naoi bhliana d`aois agus is ar éigean gur lean sí an cosán ceadaithe do seirbhís eachtrach rathúil. Ní raibh buntáiste na scoileanna is fearr aici  ná bheith mar pháirt de bhunaíocht pholasaí eachtrach ná aon chur amach aici ar chumhacht Roinn Stáit i Meiriceá.

Ní raibh aon cheann de na teagmhálacha seo ag Power ag tosnú. Thuillfeadh sí a cuid taithí ar pholasaí eachtracha go chruaigh ag tuairisciú ar cheann de na choimhlintí is fuiltí san Eoraip san Iúgoslaiv agus chuaigh an taithí a fuair sí ann i gcionn  go mór uirthi ar bhonn doimhin pearsanta.

Rugadh í i gCaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath. Scar a tuismitheoirí agus chuaigh sí ar imirce go dtí Pittsburg, Pennslyvania lena máthair i 1979.D`fhreastail sí ar Lakeside High School in Atlanta ina raibh sí mar bhall des na fóirne trástíre agus cispheile. Bhain sí céim amach in Ollscoil Yale. Ar dtúis bhí sé ar intinn aici bheith ag obair mar thuairisceoir spóirt agus fuair sí intéirneacht le stáisiún teilifíse aitiúil. Lá amháin i 1989 chonaic sí fístéip den eachtra i gcearnóg Tiananmen i mBéising a chur iachall uirthi a fiafraí “ cad a bhí sí ag déanamh lena saol”.

Go gairid i ndiaidh sin d`oibrigh sí mar iriseoir idir 1993-1996 ag tuairisciú an cogadh san Iúgslaiv do U.S News and World Report, i measc foilseacháin eile. Tháinig sí ar ais go dtí Meiriceá agus d`fhreastail sí ar Scoil Dlí Harvard agus cáiligh sí i 1989.Bhí an –tionchar ag na huafáis, sléacht Srebenica ach go háirithe, a chonaic sí san Iúgslaiv agus an chaoi ar theip ar an bpobal idirnáisiúnta stop a chur le leithéidí Ratko Mladic agus Radovan karadzic, Seirbiaigh, a rinne cinedhíothú ar Moslamaigh i mBosnia, uirthi.

Scríobh sí leabhair A Problem from Hell: America and the Age of Genocide a bhuaigh Duais Pilitzer.Déanann an leabhair seo cur síos ar chinedhíothú tríd an domhain agus go mór mór an slí ar theip ar an bpobal idirnáisiúnta stop a chur leis, suas go dtí an Cinedhíothú i Rwanda.

Ag an am seo thosnaigh a gairm bheatha i bpolasaí eachtrach. Idir 1998 agus 2002 bhí Power i gceannas ar Aonad Carr le haghaidh Chearta Daonna de chuid Scoil Rialtais Uí Chinnéide in Ollscoil Harvard. Níos déanaí d`oibrigh sí don scoil sin mar Ollamh Cleachtais ar Cheannaireacht Domhanda agus Beartas Poiblí.[Professor of Practice of Global Leadership and Public Policy]

Sa bhliain 2004 ainmníodh Power san Iris Time mar dhuine des na daoine is mó tionchar ar domhain an bhliain sin. Bhí sí ar an Clár Faisnéise a rinne Charles Ferguson i 2007 “ No End in Sight” faoin chogadh in Iaráic ina gcuirtear a lán botúin faoi Rialtas Bush.

Caith sí 2005-2006 ag obair in oifig an Seanadóir Barak Obama mar chomhairleoir polasaí eachtrach. Is faoi tionchar Power a mhúsclaíodh suim Obama sa choimhlint in Darfur.Bhí sí ag obair mar chomhairleoir sinsearach polasaí eachtrach ar feachtas uachtaránach Obama i 2008 ach bhí uirthí éirí as nuair a ghlaoigh sí “duine anchúinseach” [monster] ar Hillary Clinton.Cheap Obama Hillary mar Státrúnaí ar Ghnóthaí Eachtracha agus fuair Power isliú céime go dtí an Chomhairle Slándála Náisiúnta.

Chuaigh Power le hObama nuair a thoghadh é mar uachtarán go dtí an Teach Bán mar chuid dá fhoireann idirthréimhseach [transitional team].Cheap Obama í mar Chuntóir Pearsanta in Eanair 2009 agus mar Stiúrthóir Sinsearach faoi Ghnóthaí Iltaobhach agus Cearta Daonna ar an Chomhairle Slandála Náisiúnta [as Senior Director for Multilateral Affairs and Human Rights  on the National Security Council]. – freagrach le hOifig Ghnóthaí Iltaobhach agus Cearta Daonna a riaradh.

In Aibreán 2012 cheap Obama í mar Chathaoirleach ar Bhord chun Chosc ar Ainghníomhartha. [Atrocities Prevention Board].Sa phost seo d`fheach Power ar athchoiriú ar na Náisiún Aontaithe; chur chun cinn cearta ban agus  lucht Leisbiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach [Lesbians, Gays,Bisexualsand Transginder-LGBT]; chur cun cinn saoirse creidhimh agus cosaint mionlaigh chreidimh;cosaint teifigh; feachtas i gcoinne gáineáil ar dhaoine [campaign against human trafficing];chur cun cinn cearta daonna agus daonlathas, an Meán Oirthear agus an Aifrig Thuaidh,An tSudáin agus Burma, san áireamh.Ceaptar go raibh baint lárnach ag a tioncar ar Obama chun idirghabháil mhileata a dhéanamh sa Libia.

Roghnaigh an tUachtarán Obama í mar Ambasadóir do na Náisiún Aintaithe le déanaí. Caithfear í a dheimhniú fós ós comhair Choiste an tSeanaid.[Senate Committee].Beidh an brúghrúpa den eite dheis ar son Iosrael ina coinne go héagórach ach measaim go ndeimhneófar í i ndeireadh an lae.

Dá n-éireoidh leí sna Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrach d`fheadfadh sí bheith mar státrúnaí sa todhchaí i Rialtas Daonlathach.

 Saol Pearsanta

Ar an 4ú Iúil 2008 phós Power Ollamh le Dlí Cass Sunstein, ar bhuail sí leis ag obair ar fheachtas Obama. Posadh iad i Séipéal Mhuire gan Smál in aice leis an Chorrán ar Mhór Cuairt Chiarraí. Tá beirt pháiste acu, mac agus iníon.