Deireadh le maoiniú an tUltach

Tuigtear don Tuairisceoir go bhfuil sé curtha in iúl ag Foras na Gaeilge don iris Ghaeilge ‘An tUltach’ go bhfuil siad ag cur deireadh le maoiniú na hirise.AntUltach

Tuigtear go bhfuil baol nach beag ann go gcuirfear deireadh le maoiniú na heagraíochta a fhoilsíonn na Iris, Comhaltas Uladh, an taon eagraíocht Ghaeilge atá maoinithe ach go hiomlán deonach.

Ní fhaigheann an tUltach ach £16k sa bhliain, sin mar chuid de mhaoiniú foriomlán Chomhaltas Uladh.

Caitear an chuid eile de mhaoiniú an Chomhaltais ar scoláireachtaí Gaeltachta a sholáthar as siocair gur eagraíocht dheonach é an Comhaltas.

Tá go leor fearg agus díomá á léiriú in Ultaibh agus an scéal millteanach seo á scaipeadh.

Is é ‘An tUltach’ an  Iris Ghaeilge is sinne ar an tsaol, tá sé a fhoilsiú ó bhí 1924 ann, an iris Ghaeilge is fadbhunaithe i dteanga Cheilteach ar bith.

Ní fios cad atá i ndán don iris anois.

Dar le colúnaí na hirise ar Twitter, ‘Maguaird’ “Níl iris Ghaeilge Chúige Uladh ag teacht le tosaíochtaí an Fhorais, is cosúil.”

Bhí ardmholadh ag An Dr. Regina Uí Chollatáin ina tuairisc ‘Tuarascáil ar straitéis úr maidir le Foras na Gaeilge i leith earnáil na meán Gaeilge clóite agus ar líne – Athláithriú agus athshealbhú teanga’, a choimisiúnaigh Foras na Gaeilge, i leith na hirise seo.

“Seirbhís fhiúntach á soláthar ar phobal ar leith agus ag éirí go maith leis an iris freastal ar chanúintí an tuaiscirt agus an iarthuaiscirt sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an eagrais, Comhaltas Uladh.”

“Tá an fóram seo éifeachtach agus tarraingteach. Tá claonadh Ultach ar dhearadh agus ar ábhar na hirise féin agus cloítear leis an gcur chuige seo a thugann tús áite do phobal ar leith. De thoisc fadsaoil na hirise fosta feileann an chruth ina bhfuil sí faoi láthair don phobal úd ach tugann an blag ardán eile agus stádas eile dá réir don iris.”

“Tá saibhreas agus luach ar leith leis an iris seo sa dóigh go bhfuil gné an chanúnachais ag baint léi. Gné eisceachtúil de na meáin Ghaeilge chlóite agus ar líne í seo nach bhfuil á saothrú ag an leibhéal céanna i bhfóraim eile iriseoireachta atá maoinithe ag Foras na Gaeilge.”

“Tá caighdeán ard gairmiúlachta le feiceáil ar an iris seo agus is léir go bhfuil polasaí agus straitéis ar leith eagarthóireachta agus bainistíochta a leanúint ag an bhfoireann atá ina bhun.”

“Éiríonn leis an iris seo ábhar fiúntach, spreagúil, spéisiúil a sholáthar don spriocphobal a bhfuil sí ag freastal air ach tá an spriocphobal aitheanta in ábhar na hirise. Tá gné chaomhnú an chultúir Ultaigh le braistint go láidir ar ábhar agus ar dhearadh na hirise ach cuireann sé seo leis an iris seo seachas a mhalairt, mar is léir go bhfuiltear ag cloí le polasaí ar leith eagarthóireachta,” ar sise.

Thuairiscigh Ciarán Dunbar ón suíomh seo ar nuacht TG4 an tseachtain seo caite go raibh an baol seo ann.

Tá blag ag an iris anseo http://antultach.wordpress.com/

Éire Náirithe ag Daoine gan Náire

Taifeadtaí d’Fheidhmeannaigh Bhainc Angla-Éireannach eisithe

Seán Míchaél Ó Donnchadha

An Chéad Taifead

Sa chéad taifead díreach roimh an barántas bainc ón Rialtas bhí beirt fheidhmeannaigh ó Bhanc Anga Éireannach Peter Fitzgerald agus John Bowe ag caint faoi chruinniú a bhí le bheith acu leis an Banc Ceannais agus an Rialtóir Airgeadais Patrick Neary de bharr cailliúint taiscí de €1.5 billiúin gach lá ag an banc.

images
Angela Merkel – Níl sí sásta linn! Drochmheas aici ar a gcuala sí i dteipeanna Angla-Éireannach

D`admhaigh Bowe go raibh fiú Banc Aontais na hÉireann agus Banc na hÉireann ró-bhuailte chun an Banc Angla-Éireannach a thogaint ar láimh. Duradar go mbeadh €7 billiún de dhith orthu ón Banc Ceannais agus go bhfuaradar an figiúir sin “ ó mo thóin, mar a dhéarfadh David Drum”, an príomhfheidhmeannach. Bhí sé soiléir gur thuigeadar nach raibh todhchaí ag an Banc agus go gcaithfear é a bhriseadh suas agus é a dhíol i bpíosaí nó fiú é a náisiúnú.

Bhí sé soiléir freisin mar a dúirt siad go mbeadh níos mó na €7 billiún de dhith. Bé an straitéis a bhi idir láimhe acu ná  an Banc Cheannais a mhealladh isteach chun €7 billiúin a íoc agus nuair  a bheadh siad sáinnithe [trapped] nó mar a dúradh sa téip “ nuair a bheadh craiceann acu sa chluiche” bheadh orthu leanúint ag tacú leis an Banc chun a chuid airgead a fháil ar ais.

Cé gur thuig siad go raibh i bhfad níos mó na €7 billiún riachtanach bhí siad cliste gan suim ró-mhór a lorg i dtosach mar thuigeadar nach mbeadh an Banc Ceannais sásta suim ró-mhór a chur ar an gcáiníocóir. Bhí sé soiléir freisin nach raibh seans dá laghad go mbeadh an Banc Angla-Éireannach in ann aon aisíochtaí a dhéanamh ar an iasacht seo ón Banc Ceannais. Thuig siad mar sin go raibh an Banc Angla-Éireannach dócmhainneach [insolvent].

Sé an rud bá shuntasaí faoin straitéis seo ná go raibh fhios ag feidhmeannaigh an Bhainc Angla-Éireannach go raibh an banc dócmhainneach nuair a bhí siad ag ligin don rialtas agus an Banc Ceannais nach raibh ach fadhb gearrthéarma leachtachta [short- term liquidity problem] acu nó fadhb sreadhbadh airgid [cash flow].

Dá bhfaighidís an tacaíocht gearrthéarma seo de €7 billiún ón Rialtas bheadh am acu le cabhair ón barántas bainc chun na taiscí a thabhairt isteach agus an bainc a tharrtháil, ionas go mbeidís ábalta an Rialtas a aisíoc. Sin an scéal a d’inis na bainc go léir don Rialtas ar oíche chinniúnach an bharántais bhainc nuair a thug an Rialtas ráthaíocht do €440 billiún do na bainc don chóras airgeadais go léir sa tír.

Is léir anois gur bréag a bhí ansin a mbeidh costas €64.5 billiún ar gach cáiníocóir sa tír agus a mbeidh le n-íoc sa todhchaí ag sliocht ár sleachta.

An Dara Taifead

Tá  tuilleadh tagtha chun solais san dara taifead  de ghlaonna gutháin idir feidhmeannaigh an Bhainc Angla-Éireannach, an uair seo díreach tar éis don Rialtas an ráthaíocht bhainc a thabhairt isteach in 2008.

Cloistear ceann de fheidhmeannaigh an bhainc, John Bowe ag canadh amhrán náisiúnta na Gearmáine agus airgead ón nGearmáin ag teacht isteach sa bhanc de bharr na ráthaíochta bainc.

Taifeadadh an glaoch an 2 Deireadh Fómhair 2008, dhá lá tar éis an ráthaíocht a thabhairt isteach.

Labhraíonn Drumm agus an bainisteoir sinsearach John Bowe faoi airgead a thabhairt isteach sa bhanc agus “mí-úsáid a bhaint as an ráthaíocht” sa Ghearmáin.

Tá déistin ar Mhuintir na Gearmáine faoi seo go mór mór i mbliana toghchán agus polaiteoirí Gearmánacha ag iarraidh tacaíocht a fháil ón bpobal Gearmánach chun cabhrú le hÉireann.

Bhí sár obair déanta ag an Rialtas ag iarraidh íomhá na hÉireann a fheabhsú ó aimsir an cliseadh baincéireachta [banking failure] agus an socrú faoin nóta gealltanais idirbheartaithe acu le Banc Ceannais na h Eorpa ach tá damáiste déanta ag sceitheadh na dtéipeanna. Bhí an Rialtas i mbun idirbheartaíochta leis an Eoraip chun airgead a fháil ón Sásra Cobhsaíochta Eorpach [Europeam Stability Mechanism-ESM] chun costas tarrthála na bainc a laghdú ar cháiníocóirí na h Éireann ach dúirt Míchaél Fuchs Leas-cheannaire Pháirtí Angela Merkel nách mbeidh an ESM ag deileáil le fadhbanna baincéireachta atá thart ach le fadhbanna sa todhchaí nuair a bheadh aontas baincéireachta ar bun i dtíortha na hEorpa.

 An Triú Taifead

Bhí John Bowe agus David Drumm ag pleanáil a straitéis don chruinniú leis an Banc Ceannais chun an iasacht de €7 billiún a fháil. Ní raibh aon straitéis acu i ndáiríre ach an tairgead a bhailiú. Bhí a shotalacht soiléir agus iad ag breathnú ar an bhfadhb mór seo mar fadhb don Bhanc Ceannais nó go mbeadh cliseadh baincéireachta acu ar a lámha. Níor thógadar aon fhreagracht iad féin don chliseadh seo.

Bhí sé do chreidte an díspeagadh a bhí ag na feidhmeannaigh seo don Rialtóir Airgeadais agus don Bhanc Ceannais. Is é seo an oidhreacht atá fágtha ag Seán MacGiolla Phádraig agus an Banc Bradach Angla-Éireannach ag muintir na hÉireann. Tréas a bhí anseo im thuairimse agus ba cheart a bpasanna a aisghairm agus iad a thabhairt ós comhair na cúirteanna ar an toirt.

 Iarmhairt Pholaitiúil

Caithfear iniúchadh a dhéanamh ar cad a tharla ar an oíche a thug an Rialtas an ráthaíocht bhainc. Dúirt  an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil nach gcuirfear  binse fiosrúcháin ar siúl ar ráthaíocht na mbanc, ach go ndéanfar iniúchadh parlaiminte.

A4843238C95F9F6949FADF1138CD_h416_w622_m2_q80_cahPnWomS
David ‘Drummer’ Drumm – “Another Day, Another Billion”

Dúirt an tUasal Kenny leis an Dáil go raibh claonpháirteachas ar siúl idir Fianna Fáil agus Banc Angla-Éireannach. Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin nach mbeadh iniúchadh a dhéanfadh Fine Gael “neamhchlaonta” agus nach gcoimeádfaí na daoine sna taifid cuntasach.

Dúirt Uachtarán Sinn Féin  Gerry Adams go gcaithfeadh daoine a fháil amach céard a tharla roimhe ráthaíocht na mbanc.

Dúirt  an tUasal Kenny go bhfaighfí an méid seo amach in iniúchadh parlaiminte.

Sé an fadhb leis an iniúchadh parlaiminte nach féidir cinntí díobhálacha [adverse findings] a chur i leith aon duine agus sa slí sin ní bheidh aon duine cuntasach. B’fhéidir gur fearr reifreann a reáchtáil chun go mbeidh cumhachtaí ag iniúchadh parlaiminte chun na daoine a bhí ciontach as an caimiléireacht seo a dhéanamh cuntasach.

O thaobh na polaitíochta beidh iarmhairtí freisin. Is dóigh liom go gcuirfidh na foilsithe seo deireadh le dul chun cinn Fianna Fáil sna pobalbhreitheanna. Tá iarmhairtí freisin don Rialtas nua a lig David Drumm tríd a lámha go Bostún, áit nach féidir é a eiseachadadh agus a lig an beirt fheidhmeannach eile, John Bowe agus Peter Fitzgerald ina bpostanna leis an IBRC, comharba an Banc Angla-Éireannach, áit ar fuair siad ardú céimeanna.

Cuireann an scéal seo leis an teoiric atá ag formhór an cosmhuintir in Éirinn go raibh “ciorcal órga” de pholaiteoirí, fhorbróirí agus bhaincéirí i gceannas an tír agus iad á mbeathú féin beag beann ar an cuid eile s’againne.Tá sé thar am deireadh a chur le polaitíocht an chogaidh cathartha agus páirtí nua a bhunú. Caithfear polaitíocht nua a bheith ag an bpáirtí nua ionas go mbeidh an tír curtha ar ais ar a sheanléim do chomóradh céad bhliain Éirí Amach na Casca i 2016.

Dul chun cinn de Paor

Dul chun cinn suntasach Samantha Power chun bheith ina hAmbasadóir de Chuid na Stáit Aontaithe Mheiriceá do na Náisiúin Aontaithe

Seán Míchaél Ó Donnchadha

Tá roghnú Samantha Power ag Barak Obama mar an chéad Ambasadóir eile de chuid SÁM chuig na Náisiúin Aontaithe taréis bailchríoch a chur ar ghairm bheatha éachtach don eisimirceach óg Gaolach seo.

0607-samantha-power-UN-camelot-israel
Samantha Power ar fhaiche an Tí Bháin, Washington, SAM

Tháinig Power go dtí Meiriceá in aois a naoi bhliana d`aois agus is ar éigean gur lean sí an cosán ceadaithe do seirbhís eachtrach rathúil. Ní raibh buntáiste na scoileanna is fearr aici  ná bheith mar pháirt de bhunaíocht pholasaí eachtrach ná aon chur amach aici ar chumhacht Roinn Stáit i Meiriceá.

Ní raibh aon cheann de na teagmhálacha seo ag Power ag tosnú. Thuillfeadh sí a cuid taithí ar pholasaí eachtracha go chruaigh ag tuairisciú ar cheann de na choimhlintí is fuiltí san Eoraip san Iúgoslaiv agus chuaigh an taithí a fuair sí ann i gcionn  go mór uirthi ar bhonn doimhin pearsanta.

Rugadh í i gCaisleán Cnucha i mBaile Átha Cliath. Scar a tuismitheoirí agus chuaigh sí ar imirce go dtí Pittsburg, Pennslyvania lena máthair i 1979.D`fhreastail sí ar Lakeside High School in Atlanta ina raibh sí mar bhall des na fóirne trástíre agus cispheile. Bhain sí céim amach in Ollscoil Yale. Ar dtúis bhí sé ar intinn aici bheith ag obair mar thuairisceoir spóirt agus fuair sí intéirneacht le stáisiún teilifíse aitiúil. Lá amháin i 1989 chonaic sí fístéip den eachtra i gcearnóg Tiananmen i mBéising a chur iachall uirthi a fiafraí “ cad a bhí sí ag déanamh lena saol”.

Go gairid i ndiaidh sin d`oibrigh sí mar iriseoir idir 1993-1996 ag tuairisciú an cogadh san Iúgslaiv do U.S News and World Report, i measc foilseacháin eile. Tháinig sí ar ais go dtí Meiriceá agus d`fhreastail sí ar Scoil Dlí Harvard agus cáiligh sí i 1989.Bhí an –tionchar ag na huafáis, sléacht Srebenica ach go háirithe, a chonaic sí san Iúgslaiv agus an chaoi ar theip ar an bpobal idirnáisiúnta stop a chur le leithéidí Ratko Mladic agus Radovan karadzic, Seirbiaigh, a rinne cinedhíothú ar Moslamaigh i mBosnia, uirthi.

Scríobh sí leabhair A Problem from Hell: America and the Age of Genocide a bhuaigh Duais Pilitzer.Déanann an leabhair seo cur síos ar chinedhíothú tríd an domhain agus go mór mór an slí ar theip ar an bpobal idirnáisiúnta stop a chur leis, suas go dtí an Cinedhíothú i Rwanda.

Ag an am seo thosnaigh a gairm bheatha i bpolasaí eachtrach. Idir 1998 agus 2002 bhí Power i gceannas ar Aonad Carr le haghaidh Chearta Daonna de chuid Scoil Rialtais Uí Chinnéide in Ollscoil Harvard. Níos déanaí d`oibrigh sí don scoil sin mar Ollamh Cleachtais ar Cheannaireacht Domhanda agus Beartas Poiblí.[Professor of Practice of Global Leadership and Public Policy]

Sa bhliain 2004 ainmníodh Power san Iris Time mar dhuine des na daoine is mó tionchar ar domhain an bhliain sin. Bhí sí ar an Clár Faisnéise a rinne Charles Ferguson i 2007 “ No End in Sight” faoin chogadh in Iaráic ina gcuirtear a lán botúin faoi Rialtas Bush.

Caith sí 2005-2006 ag obair in oifig an Seanadóir Barak Obama mar chomhairleoir polasaí eachtrach. Is faoi tionchar Power a mhúsclaíodh suim Obama sa choimhlint in Darfur.Bhí sí ag obair mar chomhairleoir sinsearach polasaí eachtrach ar feachtas uachtaránach Obama i 2008 ach bhí uirthí éirí as nuair a ghlaoigh sí “duine anchúinseach” [monster] ar Hillary Clinton.Cheap Obama Hillary mar Státrúnaí ar Ghnóthaí Eachtracha agus fuair Power isliú céime go dtí an Chomhairle Slándála Náisiúnta.

Chuaigh Power le hObama nuair a thoghadh é mar uachtarán go dtí an Teach Bán mar chuid dá fhoireann idirthréimhseach [transitional team].Cheap Obama í mar Chuntóir Pearsanta in Eanair 2009 agus mar Stiúrthóir Sinsearach faoi Ghnóthaí Iltaobhach agus Cearta Daonna ar an Chomhairle Slandála Náisiúnta [as Senior Director for Multilateral Affairs and Human Rights  on the National Security Council]. – freagrach le hOifig Ghnóthaí Iltaobhach agus Cearta Daonna a riaradh.

In Aibreán 2012 cheap Obama í mar Chathaoirleach ar Bhord chun Chosc ar Ainghníomhartha. [Atrocities Prevention Board].Sa phost seo d`fheach Power ar athchoiriú ar na Náisiún Aontaithe; chur chun cinn cearta ban agus  lucht Leisbiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach [Lesbians, Gays,Bisexualsand Transginder-LGBT]; chur cun cinn saoirse creidhimh agus cosaint mionlaigh chreidimh;cosaint teifigh; feachtas i gcoinne gáineáil ar dhaoine [campaign against human trafficing];chur cun cinn cearta daonna agus daonlathas, an Meán Oirthear agus an Aifrig Thuaidh,An tSudáin agus Burma, san áireamh.Ceaptar go raibh baint lárnach ag a tioncar ar Obama chun idirghabháil mhileata a dhéanamh sa Libia.

Roghnaigh an tUachtarán Obama í mar Ambasadóir do na Náisiún Aintaithe le déanaí. Caithfear í a dheimhniú fós ós comhair Choiste an tSeanaid.[Senate Committee].Beidh an brúghrúpa den eite dheis ar son Iosrael ina coinne go héagórach ach measaim go ndeimhneófar í i ndeireadh an lae.

Dá n-éireoidh leí sna Náisiúin Aontaithe i Nua Eabhrach d`fheadfadh sí bheith mar státrúnaí sa todhchaí i Rialtas Daonlathach.

 Saol Pearsanta

Ar an 4ú Iúil 2008 phós Power Ollamh le Dlí Cass Sunstein, ar bhuail sí leis ag obair ar fheachtas Obama. Posadh iad i Séipéal Mhuire gan Smál in aice leis an Chorrán ar Mhór Cuairt Chiarraí. Tá beirt pháiste acu, mac agus iníon.

” ‘S ann air na dualchainntean a tha an obair a-nis a dhìth”

Beachd ri hÀdhamh Ó Broin

336px-ScotlandGaelicSpeakers2001
Gaeltacht na hAlbain mar a bhí i 2001

Ma tha duine sam bith ann nach tuig cho eadar-dhealaichte ‘s a tha dualchainntean na Gáidhlig an urrainn a bhith bhon “chainnt chumanta”, leigeadh sinn le Nancy Dorian a mhineachamh….
“….in the periods when Gaelic was taught in the Embo primary school, it was book-Gaelic that was taught, not the local dialect, and book Gaelic was radically unlike the local form of Gaelic — no one local could have taken it as a model for their own speech”

‘S mar sin, ‘s e bh’ ann an sgoil ach dòigh eile toirt air luchd-labhairt Gáidhlig na dùthcha mothachainn nach robh a’ chànan aca fhéin math gu leòr, gun robh làmh an uachdair aig ughdarras céin eile, dìreach mar a bha e aig a’ Bheurla….

Tha sinn air a bhith ag ionnsachamh gu math bho cheann treis a-nis, mun cuairt air luach na Gáidhlig agus air mar a ghléidheas sinn tuillidh misneachd againn fhéin, ach ma leigeas sinn leis na dualchainntean dol á bith air son cànan fhuadain a chaidh a chruitheachamh air cheann aobhair anns nach robh làmh an t-sluaigh idir, cha bhith sinn ach a’ cur crìoch air an obair a chaidh a thóiseachamh ann an 1609….

Feumaidh gum bith cothrom aig a’ chànan a bhith beò anns a h-uile saoghal, ach ma thachras nach bith i beò ach mar chànan-riaghlaidh air a h-ionnsachamh facal air fhacal fon aona dhòigh le gach neach-ionnsachaimh, ‘s e bàs truagh a bhitheas ann an sin, de chorp agus de dh’anam….

Tha a’ chainnt-riaghlaidh againn a-nis, cha mhór nach fhaod sinn cinnt air sin air fad. ‘S ann air na dualchainntean a tha an obair a-nis a dhìth. ‘S e an roghainn a th’ againn: tannasg thana, bhàn, no gaisgeach teòma, ioma-fhillt’. Saoil a bheil roghainn ann?

English
If there is anyone who doesn’t get just how different Scottish Gaelic dialects can be from the “standard”, let us have Nancy Dorian explain it….

“….in the periods when Gaelic was taught in the Embo primary school, it was book-Gaelic that was taught, not the local dialect, and book Gaelic was radically unlike the local form of Gaelic — no one local could have taken it as a model for their own speech”

And so, school was simply just another way to make speakers of local forms of Gaelic feel that their own language just wasn’t good enough, that the upper hand belonged to yet another foreign authority, just as it had to English….

We’ve been learning well for a good while now, about the worth of Scottish Gaelic and about how we maintain a bit of passion about ourselves as Gaels, but if we let the dialects go out of being for the sake of a false language that was created out of reasoning in which the hand of the people played no part, we will be doing nothing but putting the finishing touches to the work that was begun with the Statutes of Iona in 1609….

The language must be able to be alive in every sphere, but if it happens that she lives not but as a language of administration learned word for word in the exact same way by every single learner, it will be a pitiful death that, of body and of soul….

We have the official language now, we can almost be entirely certain of its safety. It is on the dialects that the work is now required. We have the choice: a thin, pale ghost, or an adept, multi-faceted hero. Is there really a choice to be made?

Féach chomh maith leathanach Facebook ‘Droitseach’, eagraíocht atá gníomhach ó thaobh chanúintí a chaomhnú in Albain.

https://www.facebook.com/droitseach

Is féidir teagmháil príobhaideach a dhéanamh linn leis an fhoirm thíos

G8, tagtha is imithe …

Ceannairí an domhain tagtha le chéile do chruinniú mullaigh an G8

 Seán Míchaél Ó Donnchadha

Tháinig ceannairí [leaders]  polaitiúla  go Fear Manach i gcomhair chruinniú mullaigh an G8.

Bhí  ceannairí Mheiriceá, na Rúise, na Seapáine, na Breataine, na Gearmáine, na Fraince, na hIodáile agus Cheanada i láthair ag an gcruinniú a bhí á hóstáil ag David Cameron.

Bhí it will an Taoiseach Enda Kenny ag Loch Éirne  chomh maith de bharr go bhfuil uachtaránacht [presidency]  an AE ag Éirinn faoi láthair.

Pléadh comhaontú [agreement / consensus / accord]  trádála nua idir an AE  agus SÁM ag an gcruinniú nuair a tháinig na ceannairí Eorpacha agus Uachtarán Obama le chéile. Pléadh cúrsaí cánach agus  cogadh na Siria comh mhaith.

Bé mana an chruinniú mullaigh ná tradáil, cáin agus trédhearcacht [trade, tax and transparency].

 Siria:

Dúirt David Cameron gur éirigh leis plean seacht bpointe a aontú leis na ceannairí éile faoin tSiria. Ní mór do Bashar al-Assad imeacht mar tá “fuil ar a lámha aige” agus rialtas idirthréimhseach [transitional government] a chur ina áit a dhéanfaidh bainistiú ar chúrsaí sa tSiria go dtí go mbeidh rialtas daonlathach tofa. Beidh cabhair dhaonnúil [humanitarian aid] do na híobartaigh atá ag fulaingt ón gcogadh agus leanfaidh an próiséas síochána ar bonn práinne.g8logo

Diúltaigh Uachtarán na Rúise Vladimir Putin go raibh imeallú déanta air ag an gcruinniú mullaigh faoi cheist na Siria ag an seacht dtír eile agus lean sé lena thuarim dá dtabharfaí uirlisí troda  do cheachtar taobh sa chogadh cathartha seo go gcuirfí leis an ár.

Chosain sé ról na Rúise sa choimhlint go dtí an pointe seo agus níor shéan sé go mbeidh tuilleadh caidreamh   míleata aige leis an réimeas Assad  sa todhchaí.

Níor dúirt Cameron go díreach go gcuirfí arm go dtí na reibiliúnaigh ach go raibh sé tábhachtach go gcuirfidh an G8 “teachtaireacht” go dtí na daoine a bhí páirteach sa choimhlint. Beidh sé tábhachtach go mbeidh cainteanna idir réimeas Assad agus an freasúra chun socrú idirthréimhseach a chur ar bun faoi choimirce an comhghuaillíocht idirnáisiúnta seo de thíortha an G8.Dúirt sé má tharlóidh sé seo beidh Siria saor ó Assad agus saor ó sceimhlitheoireacht.

 Cáin

 Aontaíodh beartas deich bpointe.

 

  1. Ba cheart do na hÚdaráis Chánach tríd an domhan eolas a roinnt le chéile go huathoibríoch chun deireadh a chur le himghabháil cánach[tax evasion].
  2. Ní mór do tíortha a chuid rialacha a athrú ionas nach mbeadh comhlachtaí ilnáisiúnta in ann brabús a aistriú thar teorainneacha chun cáin a sheachaint. Ní mór do comhlachtaí ilnáisiúnta tuairisc a thabhairt do na hÚdaráis Chánach ar cé mhéid cáin a íocann siad agus do cén tír.
  3. Ba cheart go mbeadh a fhios ag gach comhlacht ar a úinéirí agus an fáisnéis seo a roinnt le bailitheóirí cánach agus lucht forfheidhmiú an dlí [law enforcers].
  4. Ba cheart go mbeadh na tíortha i mbéal forbartha in ann na cánacha atá dlite dóibh a bhailiú agus tá dualgas ar  na tíortha eile cabhrú leo.
  5. Ba cheart do chomhlachtaí eastóscach [extractive companies] íocaíochtaí a tuairisciú do gach rialtais agus ba cheart do na rialtais a fhaigheann an ioncam seo é a fhoilsiú.
  6. Ba cheart mianraí a fháil go dleathach, seachas  iad a ghoid ó réigiúin coimhlinte.
  7. Ba chóir go mbeadh idirbhearta talún [land transactions] trédhearcach agus ómós a thabhairt do chearta maoine pobail áitiúla.
  8. Ba cheart do rialtais fáil réidh le chaomhnaitheacht [protectionism] agus córas saor trádála idirnáisiúnta a aontú a chuirfidh borradh faoi fostaíocht agus fás geilleagrach tríd an domhain.
  9. Ba cheart do rialtais tíortha i mbéal forbartha gearradh siar ar mhaorlathas diomailteach [wasteful bureaucracy] ag teorainneacha ionas go mbeadh sé níos éasca agus nios  tápula earraí  a aistriú eatarthu.
  10. Ní mór do rialtais fáisnéis faoi dlithe, buiséid, caiteachas, staitisticí náisiúnta, toghcháin agus conarthaí rialtais, a fhoilsiú, i slí atá intuigthe [understandable] agus ath-inúsáidte [reusable] ionas go mbeadh na rialtais freagrach do na saoránaigh.

 

 

4.jpg.1000x297x1
Ceannairí an G8

 Comhaontú Saorthrádáil  idir an Aontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiricea

D`aontaigh ceannairí ag cruinniú mullaigh an G8 go dtosnóidh cainteanna i Washington an mhí seo chughainn ar chomhaontú saorthrádála idir an AE agus SÁM. D`fheadfadh an tionscnamh seo borradh de €300 billiúin a chur faoin eacnamaíocht domhanda. Theip cheánna féin faoi iarrachtaí ar comhaontú idir an AE agus SÁM.

Leanann na cainteanna an  comhaontú a chuireadh ar bun an tseachtain seo caite i Lucsamburg faoi uachtaránacht na hÉireann ar an AE in ar aontaíodh sainordú do na hidirbheartaí Eorpach [mandate for European negotiators]ag Airí Trádála an Aontas Eorpach.

De réir an sainordú tá earnáil closamhairc [audio-visual sector] na Fraince ligthe as an áireamh mar cheapann na Francaigh go bhfuil an tionscail sin ró-láidir i Meiriceá cheana.

Tá a lán deachrachtaí, cúrsaí talmhaíochta ach go háraithe, ina bhfuil fadhb ag na Meiriceánaigh ag bac an Aontas Eorpach ar úsáid hormón i dtáirgeacht mairteoil.

Dúirt Eanna Ó Cionnaith go raibh an comhaontú seo mar phríoracht d`uachtarántacht na hÉireann ar an E.U. agus gur labhair sé le Barak Obama faoi dhá bhlain ó thoin.Dúirt David Cameron go raibh d`acmhainn san socrú seo  dhá mhilliúin postanna a chruthú agus go dtógfadh sé dhá bhliain chun rudaí a aontú.

Dúirt an tUachtarán Obama go raibh sé tábhachtach gan ár n-uaillmhianta a laghdú agus na cinntí deacra a sheachaint chun socrú a fháil. Tá sé tábhachtach go mbeidh an comhaontú seo mar chuid de phlean foriomlán [overall plan] chun fás geilleagrach agus postanna a chur cun cinn.

Beidh Manuel Barroso, Uachtarán Coimisiún na hEorpa, i gceannas na cainteanna do bhaill an Aontas Eorpach. Dúirt go raibh sé i gceist feidhmiú go tapaigh.

 

Ceangailte leis an deasca …

Tuairim le Ciarán Dúnbarrach

Abair liom, ar léigh tú riamh rud sa pháipéar a raibh saineolas agat féin ar an ábhar? Rud a bhaineann le do chuid obair féin nó le caitheamh aimsire de do chuid?

 Bhí roinnt míchruinneas ann nach raibh, aineolas fiú, b’fhéidir go raibh easpa téagair nó seans go raibh sé iomlán aineolach agus míchothrom dar leat?

 Mar shampla, beagnach gach uair a bhíonn píosa sna meáin Bhéarla a bhaineann leis an Ghaeilge cluinim ‘slua-osna’ na nGael le chéile agus léim rachtanna feirge ar Twitter agus Facebook faoi.corporate-america-businessman-tied-to-desk_pan_13595

 Bíonn eagla ar dhaoine labhairt leis na páipéir in amanna ar eagla “nach dtuigfidh siad an t-ábhar mar sin ceart agus nach mbeidh an t-alt beacht dá bharr.”

Cad chuige seo?

Bhál, ar ndóigh, i saol na linne seo, tá sé de dhualgas ar iriseoirí agus iriseoirí óga go háirithe an iomadaí scéalta a scríobh sa lá ar réimse ró-mhór d’ábhair.

Ach chomh maith leis sin, tá iriseoirí ceangailte lena ndeascaí, ag stánadh go síoraí ar na scáileáin. Níl an t-am nó an deis acu dul amach i measc na ndaoine, ag éisteacht le caint an tsráidbhaile agus ag bailiú nuachta an bealach sin.

Ní tharlaíonn sé sin mórán inniu agus ní tharlóidh sé mórán amach anseo – níl na buiséid ann don chineál seo oibre níos mó.

Ní nach ionadh, go measann cuid mhór daoine go bhfuil caighdeáin ag titim agus nach féidir bráth ar pháipéir nuachtáin sa dóigh chéanna agus a b’fhéidir.

Ar ndóigh, tugann an t-idirlíon acmhainn dúinn leis na scéalta a fhiosrú is a sheiceáil sinn féin, rud eile a chuireann brú sa bhreis ar an iriseoireacht.

D’éist mé le clár raidió faoi ‘Watergate’ ar na mallaibh, an scannal a chuir deireadh le huachtaránacht Richard Nixon, iriseoireacht fhiosrúcháin den scoth a ba chúis leis ar ndóigh agus is laochra iad an dá iriseoir a bhí taobh thiar den scéal, Carl Bernstein agus Bob Woodward.

D’aontaigh a raibh ag glacadh páirte sa chlár áirithe seo nach mbeidh a leithéid arís ann – níorbh fhéidir le heagarthóir ar bith an méid sin saoirse a thabhairt d’iriseoir ar bith san am atá i láthair – tá barraíocht spásanna bána le líonadh agus níl go leor daoine ann leis an pháipéar bhán a smálú le dúch.

Is trua sin gan amhras agus laghdaíonn sé an iriseoireacht go mór agus déanfaidh sé dochar don daonlathas féin sa deireadh.

Ar an drochuair, bhí mé féin róghafa leis an deasca le blianta anuas, cha raibh neart agam air sin ag an am ach is cinnte go dtagann meirg ar do thuiscintí agus duine ag obair in oifig amháin – fiú más i lár an aonaigh an oifig chéanna.

Thuig mé sin le déanaí agus mé i mbun chomhrá le cara de mo chuid, rinne mé cur síos ar mo chontae dúchais féin, Co. an Dúin mar “an contae is gallda in Éirinn.”

Glacaim anois gur cur síos míchruinn is aineolach sin, agus mí-féaráilte go díreach. Déarfainn go raibh rian na fírinne ann nuair a d’fhág mé an áit blianta fada ó shin ach ní mar sin atá cúrsaí inniu.

Fuair mé deis ar na mallaibh go leor ama a chaitheamh thuas ann, tréimhse a chaitheamh i measc na ndaoine, fuair mé amach go raibh daoine ag tógáil páistí le Gaeilge ar fud dheisceart Chontae an Dúin, go bhfuil an Ghaelscolaíocht ag fás léi, go raibh eagraíochta díograiseacha bríomhaire ag obair ar an talamh.

Bhí an tuiscint a bhí agam as dáta go díreach ach ní bhfaighinn siolla den scéal sin amach ag léamh twitter nó facebook nó a bheith ag fanacht le ‘Google Alerts’ faoi.

Is féidir eolas éigin a bhailiú ón na foinsí sin ach ní féidir teacht ar thuiscint ar bith taobh thiar de dheasca ag stánadh ar scáileán.

Tá sé ro-fhurasta tuiscintí a fhorbairt bunaithe ar thuairimí chiorcail órga de dhaoine atá gafa leis an idirlíon agus ar thuairimí iriseoirí atá claonta mar gheall ar na blianta a d’fhan siad féin ceangailte leis an deasca – a dtuiscintí ag laghdú chuile lá.

Ach leis na buiséid ag ísliú leo i rith an ama cén dóchas go mbeidh glúin úr d’iriseoirí ábalta dul amach i measc na ndaoine arís?

Mar sin féin, mholfainn d’iriseoirí, agus go háirithe iriseoirí óga, dul amach ag labhairt le daoine arís, ná lig duit féin éirí stálaithe san oifig.

An té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach ar dóigh, ba choir dúinn ar fad cuimhniú ar sin i dtólamh.

Craoladh leagan den phíosa seo ar an chlár, ‘Cormac ag a 5’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, 18,6,12

Tuairisc an HSE ar bhás Savita

Tuarascáil Feidhmeannas na Seirbhísí Sláinte ar Bhás Savita Halappanavar

Seán Mícheál Ó Donnchadha

Chuir sé go mór le cúis bháis Savita Halappanavar nár deineadh monatóireacht agus measúnú leighis uirthi mar ba chóir, a deirtear i dtuarascáil na Feidhmeannachta.

Fuair Savita bás agus í torrach ar feadh seacht seachtain déag an Deireadh Fómhair seo caite ag Ospidéal Ollscoil na Gaillimhe de bharr turraing sheipteach [septic shock]. Dár leis an Tuarascáil bhí trí príomh chúis lena bás:

  • Níor leanadh na treorlínte chliniciúla chun bainistiú beacht a dhéanamh ar sepsis nuair a dhiagnóiseadh é.
  • Níor ofráil siad cóir leigheas chuí don othar nuair a bhí cailleadh gine dosheachanta [inevitable miscarriage]
  • De bhrí nach raibh an monatóireacht agus measúnú leighis uirthi mar ba chóir ní raibh an foireann chliniciúil in ann a aithint go raibh sláinte an othair ag dul i léig ná deileáil leis mar ba chuí.
th14-hasan-Indi_TH_1268929f
Savita Halappanavar, nach maireann

Ní luaitear aon ainmneacha sa tuarascáil agus tá moltaí suntasacha chun soiléiriú dlíthiúil agus láimhseáil leighis a chur ar cásanna éigeandála cnáimhseachais, sepsis sa áireamh, a ba chúis le bás Savita Halappanavar.

Bhí an iomarca béim ar gan ghníomhú fad agus a bhí buile croí ag an féatas agus gan go leor béim ar monatóireacht agus bainistiú riosca ionfhabhtú. Bhí léiriú ar an dlí in Éirinn ar cad is foirceannadh dlisteanach [legitimate termination] ann ina fhadhb agus go háirithe easpa treorlínte soiléir cliniciúil agus oiliúint mar chuid lárnach sa drochscéal seo.

Níor deineadh scanadh  ultrafhuaim [ultrasound scan] ar Savita an lá a tháinig sí chuig an ospidéal mar bhí an tréalamh briste.

Na Moltaí is Suntasaí ón dTuarascáil

  • Ba cheart don Oireachtas an dlí agus an bunreacht más gá freisin a leasú chun soiléiriú a thabhairt do dhochtúirí chun cásanna a bhainistiú nuair atá cailleadh gine dosheachanta.
  • Ba chóir do Fheidhmeannas na Seirbhíse Sláinte treoirlínte náisiúnta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm faoi ionfhabhtú agus toirceas, comh maith le cláracha oideachais chun cóir leighis a chur chun cinn i gcásanna deacra toirchis.
  • Treorlínte naisiúnta beacht agus soiléir do dhochtúirí a mbeidh orthu cinneadh proifisiúnach a dhéanamh i gcásanna éigeandála agus cásanna atá ag dul in olcas go tapaidh.

Ba é an cnáimhseoir ón Ríocht Aontaithe an tOllamh Sabaratnam Arulkumaran a bhí mar chathaoirleach ar an foireann fiosrúcháin. Dúirt sé ar nuacht RTE gur gá go mbeadh sé dé cheart dé réir dlí ag doctúr idirghabháil a dhéanamh [intervene] níos luatha ná fanacht go dtí go mbeadh beatha na mná i mbaol i gcásanna le hionfhabhtú.

As Cill Áirne ó dhúchas é Seán Mícheál Ó Donnchadha, bhí sé ag obair mar Stáitseirbhíseach go dtí gur éirigh sé as.

‘Thiocfadh le ginmhilleadh Savita a shábháil’ – saineolaí

“An Bille um Bheatha Dhaonna”

“An Bille um Bheatha Dhaonna”

An Bille um Bheatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint 2013 foilsithe inné

Seán Mícheál Ó Donnchadha

Ar maidin inné, foilsíodh an reachtaíocht [legislation] nua a aontaíodh maidir le ginmhilleadh [abortion]  a fháil in Éirinn.

Deirtear go bhfuil an Bille um Bheatha Dhaonna le linn Toirchis a Chosaint 2013, 18 leathanach ar fad.

Tá  dhá athrú [change / reduction / variation / reducing / alteration / conversion / shift / reshuffle / substitution / mutation]  suntasacha ann, ón méid a bhí sa dréacht [draft] -reachtaíocht ar dtús. Ní bheidh iallach [constraint] ar aon dochtúir ginmhilleadh a dhéanamh má dhiúltaíonn siad  ar bhonn coinsiasach ach beidh [it will ] orthu dochtúir éigin eile a fháil chun cúram [care]  a ghlacadh ar an othar.

Enda-Kenny
An Taoiseach Enda Kenny – “Ní Taoiseach Caitliceach mé”

Ní bheidh aon chéad ag a institiúid/ospidéal [hospital]  féin diúltú ghinmhilleadh a dhéanamh ar bhonn coinsiasach. Tá an fhoráil seo scriosta [wrecked].

 Athruithe Eile Suntasacha

Tá sé ráite sa Bhille freisin go bhfuil pionós [punishment / penalty] de 14 bhliana sa phríosún leagtha amach d’aon duine a chuireann deireadh le leanbh, nach mbíonn tagtha ar an saol [life ].

Beidh cumhacht ag an tAire Sláinte an tseirbhís fén Acht seo a chur ar athló in aon institiúid nach bhfuil ag comhlíonadh forálacha an Acht.

Foilseoidh an tAire tuarascáil bhliantúil ina dtabharfar dáta, suíomh agus mír an Acht faoin ar ndéanadh aon foirceannadh.

Ní dhéanfar teangbháil le liachleachtóirí ginearálta [general practitioners] ach dé réir chead ón mbean torrach.

Tá líon na n-ospidéil in ar féidir foirceannadh a dhéanamh méaduithe ó 19-25 chun go mbeadh na hollospidéil oiliúna [major teaching hospitals] a soláthraionn dianchúram sláinte páirteach. Níl Ospidéal an Rotunda sa líosta deiridh ach deireann an Roinn Sláinte gur botún é seo agus gur cheart don ospidéal seo a bheith ar an líosta.

Dúirt an Dr O Reilly ar RTE maidin Déardaoin go raibh dian machnamh déanta ag an Rialtas ar ráiteas a deisigh na síceolaithe [psychologists] nach raibh an ginmhilleadh ina cóir leighis chuí don féinmharú ach do na hócáidí neamhchoitianta go mbeadh gá le ghinmhilleadh i gcásanna féinmharuithe bhí ar an Rialtas an Reachtaíocht seo a thabhairt isteach chun forálacha na  hArd Cúirte faoi Cás X agus An Chúirt Eorpach um Chearta an Duine a chomhlíonadh.

Dúirt  sé freisin nach féidir le haon institiúid leigheas atá maoinithe ag an gcáiníocóir ginmhilleadh a dhiúltú do mhná a bhfuil a beatha i mbaol.

Dár le pobalbreith a rinne an  Irish Times/IpsosMRBI go bhfuil tacaíocht fhorleathan ón bpobal don reachtaíocht seo agus go bhfuil 75% den phobal i bhfábhar ginmhilleadh nuair atá beatha na máthar i mbaol.

 Cúrsaí Polaitíochta:

Is dóigh liom go sásóidh an Bille seo formhór na dTeachtaí Dála agus Seanadóirí i bhFine Gael a raibh fadhbanna acu cheana leis an reachtaíocht seo. Sa deireadh thiar thall bhféidir nach vótálfaidh ach Peter Matthews agus   Fidelma Healy Eames i gcoinne an mBille.

Ar an lámh eile níl an “clásal luí na gréine”[sunset clause] a raibh trácht ar san Reachtaíocht chun cabhrú le daoine atá amhrasach go n-osclóidh an reachtaíocht seo na geataí agus mar toradh air go mbeidh ginmhilleadh ar éileamh le fáil in Éirinn cosúil leis an Ríocht Aontaithe agus Meiriceá. Dá mbeadh an clásal thuasluaite ann agus muna mbeadh an reachtaíocht ag feidhmiú mar ba chóir bheadh an Rialtas in ann an Reachtaíocht a aisghairm [revoke].

Tá a lán srianta san Acht agus ní dóigh liom go leanfaidh ginmhilleadh ar éilimh ón Reachtaíocht seo.

Iarmhairt eile polaitíochta a tharla le déanaí ná cé gur tháinig na hEaspaig amach go tréan i gcoinne na Reachtaíochta nach raibh mórán tionchar acu ar chinneadh an Rialtais. Mar a dúirt Eanna Ó Cionnaith sa Dáil agus é ag cur síos ar an bhrú a bhí air ón feachtasaíocht ar son na mbeatha “ is Taoiseach mise don tír ar fad, atá í mo Chaitliceach, ach ní Taoiseach Caitliceach mise”.

As Cill Áirne ó dhúchas é Seán Mícheál Ó Donnchadha, bhí sé ag obair mar Stáitseirbhíseach go dtí gur éirigh sé as.

Féach chomh maith 

“Athrú ar bith ar dhlíthe ginmhillte”

Ginmhilleadh chun tosaigh

Stáisiún Raidió Gaeilge eile ar na bacáin

Tá sé fógartha ag OFCOM go bhfuill ceadúnas tugtha acu do stáisiún raidió Gaeilge nua i nDeisceart Dhoire.

 Raidió G an t-ainm a bheas ar an stáisiún nua. Dar le foirm iarratais an stáisiúin úir …

 “will serve the Irish language community, and those with an interest in Irish language and culture within the broader English-speaking community, in the Greater Maghera Area in south County Derry”

1348570839an_carn_1
An Carn, Doire Theas

 Tá an-dul chun cinn déanta ag an Ghaeilge sa cheantar seo le blianta beaga anuas.

 Chomh maith leis sin, fograíodh go mbeidh stáisúin nua ‘Ullans’ nó Albainis Uladh bunaithe i mBaile Monaidh, Co. Aontroma.

 Dar le foirm iarratais fUSe FM …

reflect the traditions, language and culture of Ulster Scots in Ballymoney and surrounding areas”.

Tá sé de nós ag na húdaráis sa Tuaisceart a chinntiú go bhfuil cothrom na féinne idir an Ghaeilge agus Albainis Uladh i gcónaí.

Is é an ceantar thart ar Bhaile Monaidh croí-cheantar na hAlbainise i gcónaí in Ultaibh.

Uasdátú 

Dúirt Niall Ó Catháin ó Raidió G ar an chlár Blas ar BBC Raidió Uladh ag tús na seachtaine go raibh an chuid chomhoibriú idir Raidió G agus Raidió Fáilte go dtí seo agus beidh amach anseo.

Labhair an suíomh seo  le dhá shaineolaithe ar Albainis-Uladh agus tá siad beirt go mór in amhras faoin fUSm Fm. Léirigh siad beirt amhrás maidir le teanga an stáisiúin a bheith in Albainis Uladh ar chor ar bith agus d’aontaigh duine acu nach mbeadh ann ach stáisiún den chultúr Oráisteach d’ainneoin go bhfuil 1/3 de lucht cainte Albainis Uladh ina gCaitlicigh.

Chomh maith leis sin, cheap siad beirt nach mbeadh go leor cainteoirí maithe fágtha in Ultaibh chun iarracht fiúntach a dhéanamh agus go mbeadh gá le stáisiún Albannach / Ultach.

An mbeidh rath ar pháirtí úr Mhic Rath?

Anailís le Ciarán Dunbar

An tseachtain seo chonaiceamar seoladh pháirtí úr Bhasil McCrae agus John McAllister, NI21, ag ócáid i mBéal Feirste oíche Déardaoin.

Bhí slua nach beag i láthair agus cur i láthair an-snasta a bhí ann gan aon amhras. Bhí roinnt mhaith ‘Unicorns’ [Aonbheannaigh] i láthair, is  é sin le rá, Caitlicigh nach náisiúntóirí Éireannacha iad.

Beidh McAllister agus McCrea sásta leis sin, tá sé amuigh orthu nach bhfuil siad ‘seicteach’ ar scor ar bith. Ba bhaill den UUP roimhe seo an dá Bhall Tionóil seo.

Táthar ag rá go forleathan nach ainm maith é ‘NI21’ ach is cinnte gur fearr  é ná an t-ainm neamhoifigiúil a bhí orthu go dtí seo – ‘Jasil’.

Seo ‘luachanna’ NI21 go dtí seo, gabh mo leithscéal faoin Bhéarla, ach níl leagan Gaeilge ar fáil ar an suíomh.

Our future together – NI21 is committed to building a future together for all in Northern Ireland, moving beyond sterile sectarianism to promote a modern, inclusive Northern Ireland identity for all.

Reform & choice – NI21 will vigorously promote democratic reform of our political institutions to give authentic choice to citizens. We strongly support power-sharing and reject majority rule by any tradition. The creation of a democratic opposition is essential if Northern Ireland is to have accountable government, authentic choice and an alternative to sectarian politics.

Progressive – NI21 is committed to fairness, equality and social justice for all, irrespective of socio-economic background, gender, racial group, religious belief, disability, sexual orientation or political allegiance. Our shared responsibilites under the rule of law are fundamental to a shared and pluralist society.

Opportunity – NI21 is committed to opening up economic opportunity and social mobility for all by promoting a vibrant private sector, advancing our region’s entrepreneurial talent and culture of enterprise, and supporting a modern public sector within a social market economy.

Our place in the United Kingdom – NI21 believes that the best political, economic and social future for all the people of Northern Ireland is secured within today’s United Kingdom, in which diversity and inclusion are shared values. We will promote the common good of all the people of Northern Ireland within the United Kingdom.

Ach cheana, má tá luachanna ar fáil, níl aon pholasaí acu agus má bhí ráth ar an ócáid sheolta, bhí an t-agallamh a rinne ceannaire an pháirtí, McCrea, le Steven Nolan ar BBC Raidió Uladh an mhaidin dar gceann ina thubaiste.

images
Basil McCrea

Léiríodh taobh istigh de chúpla shoicind nach bhfuil aon pholasaithe ag an pháirtí úr seachas go bhfuil siad ar son phósadh aerach, agus ansin thiontaigh an comhrá ar an pholagamas!

Bhí sé thar a bheith suntasach nach raibh McCrea ábalta a rá cén seasamh atá ag an pháirtí  i dtaca leis an scrúdú aistriúcháin – nó an 11+ mar a déarfá. Buncheist pholaitiúil  é seo ó thuaidh.

Dar leis an pháirtí go bhfuil siad ‘ar son an Aontais’ ach tá sé suntasach nach bhfuil an focal ‘aontachtach’ á úsáid acu.

Ach an bhfuil aon difear idir ‘ar son an Aontais’ agus ‘Aontachtachas’ – an féidir a bheith ar son an Aontais gan a bheith i d’Aontachtóir?

Sin ceann de na ceisteanna is bunúsaí atá le freagairt ag an pháirtí úr agus is ceist thábhachtach é mar tá Caitlicigh ann ar son an Aontais leis an Bhreatain ach nach bhfuil compordach leis an lipéad ‘Aontachtóir’ mar gheall ar chúrsaí cultúir agus creidimh.

An aontachtóirí na daoine seo go héifeachtach? – sin cheist mhaith agus beidh sé ábhartha amach anseo nuair atá ar an pháirtí seo seasaimh a ghlacadh ar chúrsaí a scarann an dá mhórphobal ó thuaidh as a chéile go traidisiúnta.

Maíonn an páirtí go bhfuil siad i gcoinne ‘pholaitíocht na féiniúlachta’ ach mar sin féin, tá sé geallta acu an fhéiniúlacht ‘Thuaisceart-Éireannach’ a chur chun tosaigh gach bealach agus is féidir, “to promote a modern, inclusive Northern Ireland identity for all.”

Mar sin de, is léir nach bhfuil siad ag i gcoinne pholaitíocht na féiniúlachta ann féin, díreach na féiniúlachtaí atá ann faoi láthair.

Is é bunchloch cheartchreidmheachas na liobrálach ó thuaidh, go háirithe sna meáin, gurb é tógáil na féiniúlachta nua – an Tuaisceart-Éireannachas réiteach ar fhadhbanna an Tuaiscirt ar fad.

Is é le rá, Tuaisceart-Éireannaigh a dhéanamh as Éireannaigh agus iad siúd sa phobal Aontachtach a meastar gur náisiúntóirí Ultacha iad.

Féiniúlacht Bhriotánach is ea é ‘Tuaisceart-Éireannach’ mar is rogha réamhshocraithe é agus i ndeireadh na dála, tá meánaicmeachas fite fuaite leis.

Ach má tá cultúr na nGael fágtha ar leataobh ag an pháirtí úr, ní dócha gur iad na Gaeil atá siad ag iarraidh a mhealladh, ach Protastúnaigh meánaicmeacha nach bhfuil ag vótáil faoi láthair agus Caitlicigh nach náisiúntóirí iad, atá, de ghnáth, go hiomlán gallda ó thaobh chultúir de.

Tá sé suimiúil áfach, gur léirigh suirbhé, nach gcuirim féin mórán muinín ann, go bhfuil líon na ndaoine a chuireann síos orthu féin mar ‘Thuaisceart- Éireannaigh’ tite anois go 22% den phobal ó thuaidh.

Tá ceisteanna curtha agam chuig an pháirtí úr i dtaca le hoideachas Caitliceach agus Gaeloideachas, foilseoidh mé na freagraí chomh luaith agus a fhaighimse iad.

Tá na meáin liobrálacha ar bís leis an pháirtí úr ach ar cheart aon stór a chur san anailís sin? Rinne cáil mhaith anailíseoirí amadáin astu féin nuair a tháinig ‘Ulster Conservative and Unionist New Force’ nó ‘UCUNF’ ar an tsaoil.

Lig daoine dona gcuid claontaí féin cur isteach ar a gciall agus cuireadh an ‘Fórsa Nua’ i láthair mar an pháirtí a bhí chun Caitlicigh a mhealladh chun an Aontachtachais agus stair na hÉireann a athrú go deo. Cad a tharla? Faic. Mar i ndeireadh na dála, b’aontachtóirí iad.

Is ionann agus dodhéanta é a bheith ‘neodrach’. I ndeireadh na dála, bíonn ar pháirtithe polasaithe a fhorbairt maidir le paráideanna, bratacha, an Ghaeilge, an CLG, cúrsaí oideachais agus srl.

Sin an fhadhb a bheas ag NI21, agus beidh sé acu gan mhoill.

Is ar an ábhar céanna nach nglacann Fianna Fáil páirt i dtoghcháin an Tuaiscirt – tuigeann siad go rímhaith go mbeadh orthu ‘taobh a roghnú’, luath nó mall.

An beidh rath ar an pháirtí seo? B’fhéidir dar liomsa ach braitheann sé ar rudaí áirithe.

An féidir le Basil féin greim a choinneáil ar a ego féin? An féidir leo polasaithe difriúla a fhorbairt? An féidir leo seasamh ar son an Aontais a fhorbairt ach gan seasaimh Aontachtacha a bheith acu?

Is maith an scéalaí an aimsir ach ní dóigh liom go mbeidh na páirtithe móra ar dhóigh ar bith buartha faoi NI21, cé gur féidir go ngoidfidh siad vótaí ón UUP atá ag fáil bháis go tapaidh faoi cheannaireacht Mike Nesbitt.