286. Creidmheach nó Creitin thú?

ancroiait

Nigeria

Scéal a léiríonn an chaoi a smaoiníonn daoine i nDialathas.

Mura gcreideann tú an rud a chreideann na daoine i gceannas, tá tú as do mheabhair.

Tá cuid acu dáiríre a chreideann é sin agus tá cúnamh uathu mar tá siadsan dáiríre tinn sa chloigeann.

Ach an chuid is mó den am tá eagla i gceist agus brú na hEaglaise ag cur iachall ar dhaoine a dhílseacht a thaispeáint don domhan nó bheith maslaithe agus caite amach.

Mar a tharlaíonn sé go minic téann daoine thar fóir ag iarraidh dílseacht a thaispeáint. Seo an scéal ó Nigeria.

Aindiachaí thú? Teach na nGealt duit. Seo an scéal sa Guardian faoi.

Ach cé atá craiceáilte i ndáiríre anseo? An Dialathas nach dtugann saoirse do dhaoine.

Níl cead ag éinne smaoineamh ach sa chaoi a deireann an Chreideamh leo a smaoineamh i nDialathas.


Éire

‘Bhfuil rogha ag daoine anseo?

Páistí

An féidir…

Amharc ar an alt bunaidh 496 d’fhocla eile

Dea-scéalta suimiúla do Ghaeilgeoirí de gach saghas.

Éigse Mhaol Donn

 Gaeilge

An nuachainteoir tú? Is é sin, ar fhoghlaim tú do chuid Gaeilge taobh amuigh den teaghlach, ar scoil mar shampla? Seans nach bhfuil blas Gaeltachta agat.  Déanann roinnt nuachainteoirí gach iarracht aithris a dhéanamh ar chaint na Gaeltachta. Is cuma le cuid eile díobh faoin mblas. Bíonn caighdeán éagsúil líofachta agus cruinnis acu freisin.

            Tá taighde ollscoile Eorpach ar siúl faoin ábhar seo ag COST  (European Cooperation is Science and Technology). I measc na scoláirí atá páirteach ann tá an Dr. John Walsh as Ollscoil na hÉireann Gaillimh. Tá mionteangacha nach iad an Ghaeilge faoi chaibidil acu freisin.

            Ábhar suimiúil é seo agus tá níos plé faoi ar fáil anseo:

Brain

Más Gaeilgeoir tú tá sé beagnach cinnte go bhfuil ar a laghad teanga amháin eile ar do thoil agat freisin. Tá dea-scéala duit in alt a scríobh William Reville le déanaí

Tugann sé cuntas ar thaighde…

Amharc ar an alt bunaidh 109 d’fhocla eile

Pádraig Ó Mileadha (1877 – 1947)

Éigse Mhaol Donn

            Is dócha gurb é Sliabh Geal gCua na Féile ‘amhrán na nDéise’.Ba é Pádraig Ó Mileadha a chum é. Is féidir leat éisteacht le leagan Chór Fear na nDéise de anseo:

11-01-25PadraigOMileadha

            Tá sé intuigthe ón amhrán go raibh taithí ag an údar ar an deoraíocht. Rugadh Pádraig i gceantar Shliabh gCua in 1877. D’fhoghlaim sé a chuid Gaeilge ón leabhar Poets and Poetry of Munster a scríobh Seán Ó Dálaigh.  Chuaigh sé chun na Breataine Bige agus bhí sé ag obair i monarcha nicile ann. Phós sé duine de mhuintir Uí Chuileannáin ó Bharr na hUidhre. Briseadh as a phost é de bharr go raibh baint aige le stailc a bhí ar siúl sa mhonarcha. Tháinig sé ar ais go Co. Phort Láirge ansin. Rinne sé cúrsa oiliúna mar mhúinteoir agus bhí sé ag múineadh ina chóntae dúchais as sin amach…

Amharc ar an alt bunaidh 255 d’fhocla eile

Timpeall an Tuaiscirt

Ciarán Dunbar 

Bás Gerry Conlon

Fuair Gerry Conlon bás i mBéal Feirste Dé Sathairn.

Cha rabh sé ach 60 bliana d’aois – bhí ailse scamhóg air nár diagnóiseadh go dtí trí sheachtain ó shin.

Duine den Guildford 4, chaith sé 15 i bpríosún go dtí gur scaoileadh saor é in 1989 i ndiaidh gur cuireadh a gciontuithe ar neamhní.

Ar ndóigh, rinneadh scannán as an eachtra seo, ‘In The Name of the Father’.

Fuair athair Gerry, Guiseppe Conlon, duine den Maguire 7, bás i bpríosún in 1980.

Rinne sé go leor oibre le príosúnaigh – daoine in Guantanamo Bay san áireamh agus go mór mór le bundúchasaigh na hAstráile.

 Eachtra i mbialann ‘Goodfellas’exterior-of-goodfellas

Tharla eachtra uafásach i mBialann Goodfellas oíche Dé Domhnaigh nuair a d’ól chef ann lacht nimhiúil de thimpiste.

Tuigtear gur glantóir oighinn a bhí ann agus go raibh sé á stóráil i mbuidéal uisce faoi bhranda.

Tuigtear gur thóg Sean Slane an buidéal seo as cuisneoir agus gur ól sé as.

Tuairiscíodh go raibh bail ‘chriticiúil’ air inné ach tuigtear go bhfuil bail sheasmhach air anois.

Tá an eachtra sé á fhiosrú ag Comhairle Bhéal Feirste.

Is le clann gaelach an bhialann seo, clann Mhic Ainmhire agus téann go leor Gaeilgeoirí ann go rialta.

Déan teanga oifigiúil as an Ghaeilge : Haass

Tá sé ráite ag Richard Haass gur chóir machnamh a dhéanamh ar stádas oifigiúil éigin a thabhairt don Ghaeilge ó thuaidh.

Rinne an iar-thaidhleoir Meiriceánach a ráiteas agus é ag glacadh Duais Shíochána Thiobraid Árann oíche Dé Domhnaigh.

Bhí sé ina chathaoirleach ar chainteanna idir na páirtithe anuraidh.

Ní dócha go n-aontóidh mórán aontachtóirí leis an mholadh áirithe seo.

Deargbhuile mar gheall ar fhísean pop ‘gnéas ar an altóir’ i seipéal Chaitliceach i mBéal Feirste

Tá siad thar a bheith mí-shásta théis dóibh fáil amach gur taifeadadh físeán ceoil graosta i séipéal an Aoire Mhaith i nDeisceart na Cathrach.

Físeán ceoil de chuid an DJ Mark Wilkinson atá ann, suite i mBéal Feirste le stócach óg ag buaileadh le cailín óg ar oíche amuigh sula mbaineann siad an altóir amach cé nach pósadh a bhí i gceist acu an iarraidh seo.

Tá radharc san fhíseán ina fheictear dhá aisteoir ag ligin gnéas orthu ar an altóir.

Ghoill sé go trom ar mhuintir an pharóiste de réir chosúlachtaí.

Tugadh cead do stiúrthóir áitiúil, Aoife McArdle, scannánú a dhéanamh sa séipéil ach bhí an tAthair Patrick McKenna agus an tAthair Robert Fullerton trína chéile nuair a chonaic siad é.

D’éirigh leo a chinntiú gur baineadh an radharc áirithe seo as an fhíseán ar fad.

Léigh an tAthair Fullerton ráiteas ó dheoise an Dúin agus Chonaire Dé Domhnaigh

Dúradh an gurb ionann an iompair san fhíseán agus truailliú na heaglaise agus gur ghoill sé go mór ar an sagart paróiste.

Dhearbhaigh siad nár thugadh cead a leithéid a dhéanamh istigh ann.

Jim Gralton – an tÉireannach ‘eachtrannach’

Crá Croí Cois Cuain

Barry Ward mar Jim Gralton ag an Pearse-Connolly Hall sa scannán Jimmy's Hall Barry Ward mar Jim Gralton ag an Pearse-Connolly Hall sa scannán Jimmy’s Hall

Insíonn scannán nua Ken Loach, Jimmy’s Hall, scéal Jim Gralton as Ifreannach i gContae Liatroma, ar dhíbrigh rialtas an tSaorstáit as an tír é in 1933.

Rugadh Gralton in 1886. Agus é 14 bliain d’aois chuaigh sé go Baile Átha Cliath agus chuaigh sé isteach in arm na Breataine.

Níor mhair sé ró-fhada ansin áfach, nó gearradh pionós air nuair a dhiúltaigh sé snas a chur ar bhutaisí na n-oifigeach. Cuireadh faoi ghlas é nuair a chuir sé in éadan pholasaithe na Breataine in Éirinn.

Thréig sé an t-arm agus chaith sé tamall ag obair mar mhianadóir sa Bhreatain Bheag agus ar na duganna i Learpholl Shasana. Fuair sé post ar long agus d’imigh sé ansin go Nua Eabhrac, áit a chaith sé roinnt mhaith blianta ag obair.

Chaith sé tamall i gCabhlach na Stát Aontaithe…

Amharc ar an alt bunaidh 544 d’fhocla eile

Lèirmheasan air leth

Air Cuan Dubh Drilseach

good-reads-logoFhuair ACDD dà lèirmheas uabhasach taiceil an t-seachdain seo. ’S e a’ chiad lèirmheas fear le Alison Lang air Goodreads.  Sgrìobh i gun do chòrd na caractaran ann an ACDD rithe gu sònraichte:  “The best sci-fi creates a world that reflects our own, and if the characters that inhabit that world evoke our sympathies we will want to revisit it, which is what I wanted to do by the end of Air Cuan Dubh Drilseach.” Chòrd iad agus riumsa.  Nuair a chuir mi crìoch air an sgeulachd ghoirid, Luathas-teichidh, bha mi ag iarraidh cumail a’ dol a’ crochadh a-mach còmhla ri Sàl agus Rìosa, agus ’s e sin an t-adhbhar a bu mhotha gun do sgrìobh mi ACDD. Is fior toil leam Sàl agus Rìosa agus tha e a’ toirt tlachd mhòr dhomh leughadh gu bheil daoine eile titheach orra cuideachd.

imp_oSgrìobhadh an dàrna lèirmheas le Iain MacLeòid anns a’ Bottle Imp…

Amharc ar an alt bunaidh 126 d’fhocla eile

Timpeall an Tuaiscirt

le Ciarán Dunbar

N121 sa Nuacht mar is gnáth ….

Tá scáil na conspóide ar N121 arís eile tar éis gur tháinig sé chun solas go bhfuil an páirtí ag meabhrú ar dhul i mbun ghníomh smachtaithe i gcoinne a leas-cheannaire, John McCallister.

Tagann sé seo san sála ar shonraí fiosrúcháin ar mhí-iompair gnéasach a cuirtear i leith cheannaire N121, Basil McCrea, a bheith ligthe le fios do na meáin.

Tháinig an cor nua seo chun solas i ndiaidh do John McCallister a rá leis na meáin go dtuigtear dó gur cuireadh stop leis an fhiosrúchán sin.

Scéilín maith do lucht na Gaeilge

Tuigtear go bhfuil an áisíneacht ‘Companies House’ a dhéanann eolas corparáideach a riarú sa Ríocht Aontaithe ag déanamh a machnamh maidir le síntí fada a cheadú in ainmneacha chomhlachtaí ó thuaidh.

Tá cosc ar chomhartha diaicritice san am atá i láthair – de thoradh ar sin – cuireadh in iúl do chomhlacht ó thuaidh ‘Céad Céimeanna’ go raibh orthu gan síntí fada a úsáid ina ainm nó ainm eile a fháil go díreach.

Ní raibh siad sásta leis sin agus chuir in iúl go raibh siad toilteanch cur isteach ar athbhreithniú breithiúnach ar an ábhar ach tuigtear go bhfuil athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin seo cibé ar bith.

Seo scéal atá á chlúdach ag an Irish News i láthair na huaire – nuachtán nach n-úsáideann síntí fada taobh amuigh dá leathanach Gaeilge mar a tharlaíonn sé.

Bqa4N3ICMAEp7uoAn bhfuil an Ghaeilge polaitiúil?

Sin í an cheist a bheas faoi chaibidil oíche Déardaoin in Ionad Uíbh Eathach sa Cheathrú Ghaeltachta, Tuath na bhFál ag meán lae (meán lae).

An Dr. Ian Malcolm, nach strainséir don chlár seo a bheas sa chathaoir

Is is iad an t-iriseoir Robert McMillen, an t-acadúlaí Breathnach Jonathan Everson a bheas ar an pháinéal in éineacht leis an Chomhairleoir Aontachtach Walter Lyons

Duine de thriúr a shiúil amach ó chruinniú de chuid Chomhairle Cheantar an Dúin roimh chur i láthair de chuid Linda Ervine ní ba luaithe i mbliana é Walter Lyons.

Dar leis an ghrúpa UUP, bhí siad dubh dóite go raibh an Ghaeilge á brú orthu sa chomhairle in éadan a dtola.

Agóid i gcoinne pholasaithe an chomhairle maidir le comharthaí dhátheangacha go háirithe a bhí ann.

Dúirt Ian Malcolm liom aréir nach a fhios aige faoi “Daniel in the Lions’ Den’, ach fair play do Walter Lyons a argóintí a thabhairt go croílár an Náisiúnachais i mBéal Feirste.

Seafóid na seachtaine : Is brat trídhathach é ach ní brat na poblachta é!Linfield+shop

Mar is eol do chách faoin am seo tá Corn an Domhain sa sacar ar siúil sa Bhrasaíl agus tá lucht leanúna an spóirt sin iontach tógtha faoi ar ndóigh.

Lucht siopaí Linfield ar bhóthar na Seanchille san áireamh.

Is club sacair é Linfield a luaitear leis an phobal Phrotastúnach agus leis an dílseachas.

Níl aon easpa bratacha ar bhóthar na Seanchille ar ndóigh agus tá bratacha na dtíortha go léir atá páirteach sa chomórtas le feiceáil i bhfuinneog an tsiopa.

Brat Chósta an Eabhair san áireamh – ach chruthaigh sé sin deacracht do chustaiméir nó dhó mar gheall ar cé chomh cosúil is atá an brat údaí sin le brat na hÉireann.

Is ionann na dathanna ach is san ord flannbhuí, bán agus glas atá brat Chósta an Eabhair, ní nach ionadh, shíl duine nó dhó gur brat na hÉireann a bhí ann, brat nach bhfuil fearadh na fáilte roimhe sa chuid sin den pharóiste.

Ach fuair an siopa réiteach ar scéal : “Seo Brat an Chósta Eabhair,” a deir fógra faoin bhrat – “ní brat Phoblacht na hÉireann.”

Glaoch an choiligh

gasuirlegaeilge

Léim, ó am go ham, ceisteanna ar an idirlíon faoi ghlaochanna traidisiúnta na n-ainmhithe i nGaeilge. Is léir go bhfuil fuaimeanna na n-ainmhithe Béarla (e.g. coc-a-dúdal-dú) coitianta anois, ach cuirtear an cheist an raibh Gaeilge ar leith ag na hainmhithe anallód, sula ndearnadh cainteoirí Béarla díobh, más ea!

Tá mé ag ceapadh gur chuir na Gaeil níos mó spéis sna bealaí le hainmhithe a mhealladh (tioc! tioc!; suc, suc; srl.) ná sna glaochanna a dhéanadh na hainmhithe féin.

Mar sin féin, d’insíodh Bab Feiritéar scéal faoi ghlaoch an choiligh. Seo thíos an achoimre:

Nuair a céasadh agus a cuireadh an Slánaitheoir, cuireadh garda os cionn a thuama, agus bhíodh buíonta saighdiúirí ag déanamh uainíochta ar a chéile. Ar an dara hoíche, tar éis do bhuíon nua ag teacht go dtí an tuama, chuaigh na saighdiúirí a raibh scíth acu isteach i dteach a bhí ag bun an chnoic. Bhí éan sicín…

Amharc ar an alt bunaidh 129 d’fhocla eile

Sanas airson pickup + geama PC opra-fànais = miann

Air Cuan Dubh Drilseach

Mas ann às na Stàitean no à Canada a tha sibh, bidh sibh eòlach air sanasan-rèic coltach ri seo airson pickup trucks, ach seo fear a chaidh a dhèanamh mar shanas airson geama PC opra-fànais, Star Citizen, agus tha e cuimseach math. An dèidh dha coimhead air an t-sanas seo, cò nach iarradh MISC Freelancer? Tha mise ag iaraidh fear. Chan e geamair a th’ annam idir, ach bu toil leam itealaich tro Star Citizen greis; tha a choltas àlainn. Agus nach e Neasg a tha sin aig an deireadh? Dùil gur e…

Via kotaku.com

Amharc ar an alt bunaidh

Game of Thrones as Gaeilge? (Seachain Scéalscrios!)

Cé go ndéantar cuid maith de Chluiche na Ríchathaoireacha(Game of Thrones) a thaifeadadh in Éirinn, ní raibh an Ghaeilge le clos air, go dtí seo! Seo chugaibh roinnt den scéal gaelaithe mar sin! (fainic mura bhfaca tu na cláracha cothrom le dáta!)

Tá an clár teilfíse féin bunaithe ar Fonn Oighir agus Tine ( A Song of Ice and Fire) le George R.R. Martin. Tá an-tóir ar Chluiche na Ríchathaoireacha le déanaí, bás an Rí ag an mbainis chorcra, céard atá in ann do Thíreoin tar éis bhás a throdaí agus an mbeidh Faire na hOíche in ann an t-Ollbhalla a chosaint faoi léigear an aosa fhiáin?

cluichenaríchathaoireacha

Is iad na Staircigh (House Stark as Béarla) rialathóirí an Tuaiscirt i leabhair Fonn Oighir agus Tine. Is i nGeamhsceird (nó Winterfell as Béarla) atá a gcathaoir rialaithe. Is é an criún a gcomhartha, agus feictear criún liath ar pháirc bhán ar a suaitheantas. Is é ”Seo chugainn an Geimhreadh” mana an teaghlaigh, agus is minic a dhéanann na Staircigh tagairt dó. Is é Eideard Stairc- Tiarna an Tuaiscirt, Cosantóir na Ríochta ceann an teaghlaigh.

Is clann ealga iad na Staircigh, agus guíonn siad dos na Seandéithe- déithe gan ríocht nó ainmneacha, ar féidir labhairt leo trí “Chroíchrann” nó Weirwood as Béarla. Is crann mór é seo, le coirt bhán agus duilleoga flanndearga, le aghaidh snoíte air. Faightear iad i gCoillte na nDéithe (Godswoods as Béarla). Tá Coill na nDéithe i nGeamhsceird, níos faide ó dheas, áfach, scriosadh iad i bhfábhar na nDéithe Nua- an Seachtar.

seochugainnangeimhreadh

Agus an grá no fuath atá agat do Na Lannastairigh  ón gCloch Chastarlaíoch?

éistearlemobhúir

Ceantar in iarthar na hIarchríche atá i gCloch Chastarlaíoch, rialaithe ag an gclann cheannasach Lannastair (House Lannister as Béarla). Is leon atá i sigil na clainne, agus is é “Éistear le mo Bhúir” a mana. Tá cáil ar an gclann as a bhflúirse óir, agus dá ngealltanas fiachais a aisíoc ‘Ní loiceann Lannastaireach ar a fhiacha’. Faigheann siad a n-óir ó réimse mianach sa cheantar. I dtosach an tsága, is é Tíbhín Lannastair ceann na clainne, agus tá trí pháiste air: Circé Baraiteon (Banríon na Seacht Ríocht), Séamaisín Lannastair (an “Rímharfóir”, ball de “Gharda an Rí”) agus Tíreoin Lannastair (abhac, a bhfuil an leasainm “an Luarachán” air).

níchuirimidsíol

Dar leis an BBC cloistear Dothraki agus Valyrian, teangacha a cumadh don tsraith teilifíse  níos mó ná An Ghaeilge, Gaeilge na hAlba ags an Bhreatnais curtha le chéile!

linneanfraoch

Ta léarscáil breá mór Gaelaithe le fáil (leana an nasc le leagan ollmhór a fháil!) anseo! https://ga.wikipedia.org/wiki/%C3%8Domh%C3%A1:An_tIarchr%C3%ADoch.jpg

An_tIarchríoch

Tá cuid den alt seo bunaithe ar an alt vicipéide atá ar fáil anseo thíos. Tá duine eigin tar éis gaelú a dhéanamh ar chuid mhór den domhan san alt vicipéide ciclipéideach seo! https://ga.wikipedia.org/wiki/Fonn_Oighir_agus_Tine

Vicipéid, an chiclipéid shaor ar féidir le cách í a chur in eagar, áit a bhfuil 30,762 alt faoi láthair as Gaeilge.