Agus Séasúr na Dála thart ar feadh bhliain eile amharcann Seán Mícheál Ó Donnchadha ar stádas na bPáirtithe Polaitíochta anois.
D’éirigh go maith le FG agus go mór mór le hÉanna Ó Cionnaith agus an Bhille um Cheist na mBeatha le Linn Toirchis tugtha isteach aigé in ainneoin gur gheall FG roimh an olltoghchán deireanach nach dtugaidís isteach reachtaíocht ar son ghinmhilleadh fiú chun breith na h Ard Cúirte ar son Cás X a dheimhniú agus gur caitheadh cúig Teachtaí Dála agus beirt Sheanadóirí amach as an bPáirtí agus iad ag cloí le seasamh an Páirtí sa toghacháin tá vóta FG fós ar 29% rud a chiallaíonn go bhfuil aird an phobail dírithe ar an eacnamaíocht go príomha seachas ceist an ghinmhilleadh.
Ar an lámh eile, tá cuid des na Teachtaí Dála i FG fiú daoine mar Emer Mulhern a vótáil ar son na reachtaíochta an-mhí –shásta agus má dhéanann Éanna Ó Cionnaith aon bhotún beidh siad ag féachaint ar a gceannaireacht.
Tá buiséad deacair le tabhairt tríd na Dála ag Ó Cionnaith i mhí Dheireadh Fhómhair agus an dealramh ann go mbeidh sé ina dhian-choimhlint lena comhghleacaithe sa comhrialtas, An Lucht Oibre. Tá siad son ag rá gur cheart buiséad níos éasca a thabhairt isteach agus buntáiste a bhaint as an faoiseamh a fhuaireamar as an socrú maidir leis na Nótaí Gealltanais. Tá Michael Noonan i bhfábhar buiséad dian a thabhairt isteach agus gearradh siar de €3.1 billiún a dhéanamh.
Tá cuid des na hAirí mí-shásta mar tá an cumhacht go léir i lámha baill den Chomhairle um Bainistíocht Eacnamaíochta [ EMC-Economic Management Council], An Taoiseach, An Tanaiste agus an tAire Airgeadais, Michael Noonan agus an tAire Caiteachas Poiblí agus Athchóirithe Brendan Howlin.
Dhá rud a chabhróidh le hÉanna Ó Cionnaith ná dá mbuafadh Maigh Eó Craobh na hÉireann i mhí Mheán Fhómhair agus an cosúlacht ann go mbuafaidh siad taréis an taispeantas a thugadar i gcoinne Dún na n Gall sa cluiche Ceathrú Ceannais agus dá mbeadh an tír ábalta imeacht as an Clár Tarrthála i ndeireadh na bliana, fáil réidh leis An Triúracht agus flaithiúnas na tíre a fháil ar ais. Bheadh cheart ag Ó Cionnaith dul isteach san chéad olltoghcháin eile mar an ceannaire a bhain flaithiúnas ar ais don tír taréis é a bheith caillte ag FF.
Bhí ag éiri go maith le Mícheál Ó Máirtín suas le mí Meitheamh. Bhí ag éirí go maith lena bhfeachtas chun áth-eagair a chur ar an bPáirtí agus FF ar comh chéim le FG 29% don chéad uair ó thosnaigh an géarchéim eacnamaíochta. Ansin tháinig ceist an ginmhilleadh agus dúirt an ceannaire go raibh sé i bhfábhar reachtaíocht ar son Cás X agus thug treoir don Pháirtí a shampla a leanúint. Ansin d’iarr Michael McGrath agus Dara Calleary cead saor vótala de réir choinsiasa agus bhí ar Ó Máirtín géilleadh. Bhí sé suntasach gurbh iad bheirt a bheadh i gcomórtas don cheannaireacht dá mbeadh Ó Máirtín ag seasamh síos a dhein an glaoch don saor-vótáil. Ar deireadh, vótáil dhá thrian den Pháirtí Páirliminte i gcoinne na reachtaíochta.
Gan dabht tá damáiste déanta do cheannaireacht Mícheál Ó Mairtín. Anois tá baill den Pháirtí ag caint faoin cheannaireacht arís agus iad ag rá nár cheart Ó Máirtín a bheith ina cheannaire ag dul isteach san olltoghchán atá ag teacht mar bheadh sé ro-shothalach a iarraidh ar mhuintir na hÉireann vótáil do Thaoiseach a bhí ar bhord Rialtais nuair a chaill an tír a flaithiúnas.
Tá sé curtha ina leith freisin go bhfuil sé timpeallaithe ag líon an-bheag den Pháirtí, Avril Doyle agus Niall Collins san áireamh agus nach bhfuil sé ag éisteacht le héinne eile.
Tá siad síos go dtí 11% sa phobalbhreith is deireannaí agus beagnach leath a chuid tacaíochta caillte acu ón olltoghchán deireanach agus leath de bhaill tofa an pháirtí imithe ar chúis amháin nó cúis eile. Tá easaontas i measc na gcúlbhinseoirí mar tá a fhios acu nach bhfuil puinn seans go dtoghfaí iad san olltoghchán atá ag teacht. Dá mbeidh drochthoradh sna toghcháin atá ag teacht an bhliain seo chugainn, toghchán áitiúil agus Eorpach, beidh deireadh le ceannaireacht Eamon Gilmore.
Níl aon dabht ach go bhfuil Páirtí an Lucht Oibre in ísle bhrí agus go scriosfar iad san olltoghchán atá ag teacht mar bhriseadar a lán dá ngealltanais réam-thoghchán agus ba iad tacadóirí a Pháirtí a fuair an léasadh is mó ó na polasaithe déine atá an Rialtas reatha ag leanúint.
Tá siad ag 15%, méadú beagnach 50% ar a vóta san olltoghchán deireanach. Agus an tóin taréis titim as an Lucht Oibre san eite clé níl ag éirí comh maith le SF agus ab fhearr leo. Tá fadhb i gcónaí leis an gCeannaire Gearóid Mac Ádhaimh nach bhfuil an svae leis ó dheas. Bhí sé ar intinn ag Mac Ádhaimh bheith sa rialtas sa Tuaisceart agus sa Deisceart do Chomóradh Chéad Bhliain Éirí Amach na Cásca i 2016. Im thuairimse ní dhéanfaidh SF forbairt mhór ó dheas fad agus atá Mac Ádhaimh mar cheannaire. Bheadh sé níos fearr ag SF fáil réidh leis an gceannaire agus an leas-cheannaire Mary Lou MacDonald a thoghadh mar cheannaire.
Tá dhá fadhb eile ag SF. Tá siad i gcoinne gach rud agus is deacair in amanna a dhéanamh amach a gcuid polasaithe. Sa toghchán deireanach bhí siad i bhfábhar an Seanaid a choimeád ach é a leasú. Tá siad tar éis a mheon a athrú le déanaí agus iad ag rá gur cheart fáil réidh leis an Seanad. Ní dóigh liom go bhfuil sé maith go leor do lucht an fhreasúra a bheith diúltach faoi gach polasaí rialtais, fiú má tá fiúntas iontu.
Chothaigh SF san díospóireacht faoin ghinmhilleadh gur pháirtí iad atá ar son rogha nó ar a laghad go bhfuil siad i bhfábhar ginmhilleadh i gcúinsí níos leithne ná na páirtithe eile seachas an Lucht Oibre. Tá siad i bhfábhar ginmhilleadh i gcás éigniú ,ciorrú coil agus mínormáltacht mharfach féatais [rape, incest and fatal foetal abnormality]. Bheadh impleachtaí ag an seasamh seo do pháirtithe cosúil le FF dul isteach i gcomhrialtas leo taréis an chéad olltoghchán eile.
An Lucht Neamhspleách
Chruthaigh an díospóireacht faoin ghinmhilleadh nach bhfuil siad thar moladh beirte mar tá polasaí difriúla ag a lán acu. Bhí cuid acu mar Mattie McGrath agus Michael Healy Rae i gcoinne aon ghinmhilleadh a cheadú agus vótáil siad i gcoinne na reachtaíochta. Bhí cuid eile mar Richard Boyd Barrett agus Claire Daly agus iad ar son rogha agus vótáil siad i gcoinne na reachtaíochta mar bhíodar i bhfábhar ginmhilleadh i gcúinsí i bhfad níos leithne. Tá siad ar 26% sa pobalbhreith is deanaí. Ní dóigh liom go bhfaighidh siad an vóta seo san toghacháin atá le teacht.