Na Fotheidil Dhóite

gasuirlegaeilge

Táthar ag plé na bhfotheideal dóite le deireanas sna meáin; cuir i gcás an t-alt seo as tuairisc.ie: Cuirimis uainn mighty mac an bhéarla, ina maítear go gcuireann na fotheidil Bhéarla as do iarrachta foghlama teanga. Ó thaithí mo chlainne féin, déarfainn go bhfuil an ceart ag an údar–má chuirim clár dúlra TG4 ar siúl do na gasúir is sine (cuireann an mac 10 mbl. an-spéis sa dúlra) tosóidh siad ag léamh na bhfotheideal seachas ag éisteacht leis an nGaeilge, go háirithe más canúint nach bhfuil mórán taithí acu air atá á labhairt. Sa gcás seo, scriosann na fotheidil an deis cleachta teanga amach is amach. Tá sé thar am na fotheidil dhóite seo a dhíbirt.

Amharc ar an alt bunaidh

Imní Faoin ‘Bhreat-Imeacht’ Ar An Teorainn

Tuairisc speisialta le Ciarán Dunbar (Craoladh an mhír seo ar Chormac ag a Cúig, RTÉ Raidió na Gaeltachta 310316.

TRÁCHT

Tá imní ann gan amhras maidir leis an tionchar gur féidir le ‘Breat-imeacht’ a imirt ar shaolta dhaoine atá ina gcónaí ar an teorainn.

Ach ní féidir ach tátal amháin a bhaint as a bhfuil i mbéal phobail na teorann – tá neamhchinnteacht ann.

Agus sa chás sin, bíonn sé de nós ag daoine vótáil ar son an status quo seachas dul sa tseans.

Dá bharr sin, tá an chuma ar chúrsaí faoi láthair go vótálfadh muintir na Ríochta Aontaithe chun fanacht san Aontas.

M sin féin, agus an tuairisc seo á cur i gcrích, tháinig an nuacht isteach ón Bhruiséil go raibh daoine soineanta tar éis bás a fháil in ionsaithe sceimhlitheoireachta ann

Go láithreach, laghdaigh an corrlach go bhfágfadh an Bhreatain an Eoraip go mór.

Sin de bhrí nach cúrsaí eacnamaíochta nó  ceannasacha atá ag croílár an fheachtais ar son imeacht ón Eoraip sa Bhreatain- Cúrsaí inimirce atá taobh thiar de thar aon rud eile.

Creideann go leor daoine, agus neart daoine I bpobal náisiúnach an tuaiscirt ina measc, gur riachtanach an AE a fhágáil chun smacht a chur ar líon na ndaoine atá ag teacht isteach – go háirithe sceimhlitheoirí,

Títear domsa, as comhráite a bheith agam le daoine (agus ag cúl-éisteacht leo i scuainí an lae) go bhfuil téarmaí mar inimircigh, teifigh , Moslamaigh agus sceimhlitheoirí measctha in aigne na ndaoine anois.

Beidh sé an-doiligh don fheachtas ar son fanacht san Eoraip réasúnú le go leor daoine faoi chúrsaí eacnamaíochta mar sin.

Bainfear úsáid as eagla chun cur i luí ar dhaoine vótáil ar son fanacht istigh go cinnte – ach baineadh úsáid as an eagla chéanna cheana chun cur ina luí ar dhaoine tiontú i gcoinne an aontais sa chéad dul síos.

Beidh le feiceáil cé acu mar eagal atá níos mó ar an 23ú Meitheamh agus na laetha a leanfas an reifreann.

Caidreamh Jim Molyneaux tagtha chun solais

Tá scéal ann san Irish News ar maidin ag léiriú go raibh ‘dlúth-chompánach’ nó ‘close companion’ ag iar-cheannaire an UUP Jim Molyneaux.

Fuair an tUasal Molyneaux, a bhí ina bhaitsiléir saoil, bás anuraidh ,in aois 94.

Ach tháinig an caidreamh a bhí aige le fear as Londain, Chrissie Luke, chun solais inné nuair a d’fhoilsigh an tUasal Luke fógra cuimhneacháin sa ‘Belfast Telegraph’.

San fhógra sin scríobhadh i mBéarla, athinsint ar Dara Leabhar Shamúéil an Bhíobla.

“Tá mé caillte i do dhiaidh … Ba thú mo lao is m’ansacht. Ba ghile liom do ghrá ná grá leannáin.”

Scríobh sé, “is mó mo ghrá agam duit inniu ná mar a bhí inné, ach níos lú ná mar a bheas agam amárach a Jim mo stór, do protége síoraí, Chrissie.”

Ní nach ionadh, chonacthas seo agus rinne Bimpe Archer ón Irish News agallamh le Chrissie Luke a léirigh an caidreamh.

Léirigh sé go raibh sé 17 bliana nuair a chas an Tiarna air, bhí 64 bliana ag Jim Molyneaux an t-am sin.

Chas siad ar a chéile ag cruinniú ag fo-chumann de chuid an Pháirtí Chaomhaigh, an Monday club.

D’éirigh an gaol eatarthu mar gheall ar na tuairimí láidre a bhí acu beirt maidir le Tuaisceart na hÉireann.

Tá an tUasal Luke aerach, ach tá sé ag diúltú a dhearbhú an raibh caidreamh gnéis eatarthu nó nach raibh – Ach deir sé go raibh caidreamh an-an-dlúth aige le ‘Jimmy’ mar a thug sé ar an tiarna.

Léirigh sé gur fhorbair an gaol eatarthu in arásán de chuid Jim Molyneaux thall i Londain.

Dar ndóigh, i saol na linne seo níor chóir go mbeadh sé seo ina scéal mór nó iontach – fiú san am a chuaigh thart ní bhac na meáin lena leithéid.

Ach, níl agus ní raibh riamh dearcadh forásach ag na páirtithe aontachtacha ó thuaidh i leith chearta dhaoine aeracha.

An grá an scéal ach fimíneacht an fo-scéal.

Thug an grúpa cearta aerach Outrage dúshlán do Jim Molyneaux agus 19 MP eile dul faoi scrúdú maidir leis a chlaonadh gnéis – tar éis dóibh vótáil i gcoinne chomh-aois thoilithe do dhaoine aeracha.

Sin an fáth go bhfuil leathanach iomlán tugtha dó san Irish News.

Tá buncheisteanna ann don Belfast Telegraph áfach – cén dóigh gur éirigh leis an Irish News iad a scúpáil ar maidin nuair a bhí an fógra ina bpáipéar féin inné?

Coinnigh an Baile Méanach Saor Ó ‘Uisce’

Tá comhairleoir de chuid an TUV ag tógáil raice ar an Bhaile Mhéanach mar  gheall ar fhocal Gaeilge.

Tá an focal uisce scríofa ar chlúdaigh comhlaí uisce a cuireadh isteach ar na mallaibh i lár an bhaile.

timothy gastonTá an Béarla ann chomh maith ach tá Timothy Gaston ag iarraidh ar an chonraitheoir iad a bhaint amach agus cinn úra aonteangacha a chur isteach chomh luath agus is féidir.

Dar leis gur chinn an conraitheoir “na cinn Éireannacha” a úsáid seachas “na cinn Tuaisceart-Éireannacha”

Is féidir leis an Tuairisceoir a léiriú gur clúdaigh de chuid Uisce Éireann atá iontu seachas Uisce Thuaisceart Éireann.

Deir Timothy Gaston go ndeachaigh daoine i teagmháil leis ar an ábhar agus go bhfuil súil aige gur dearmad a bhí ann.

Is é an Leas-Mheara é ar chomhairle lár agus Oirthear Aontroma.

Mac le Sam Gaston, a bhí ina chomhairleoir de chuid an DUP, is ea é.

D’éirigh leisean cur ina luí ar McDonalds ar an bhaile an focal ‘Yield’ a bhaint de chomhartha dá gcuid agus ‘Give Way’ a chur ina áit tamall de bhlianta ó shin.Dar leis go n-úsáidtear ‘Yield’ sa Phoblacht agus ‘Give Way’ ó thuaidh.

Deir urlabhra ar son Chomhairle Lár agus Oirthear Aontroma “go bhfuil siad ag amharc isteach” san ábhar.

Deir an chomhairle nach féidir go bhfuil mórán acu ann cibé ar bith.