Ceacht 18
Vel eh-hene[1] sthie, Venainshtyr [2] Kodeyre[3]?
Bheil e fhéin astaigh, bhean-mhainstear[4] Codaér[5]?
An bhfuil sé féin istigh, a Mháistréas Codaér?
Is ‘himself’ at home, Mrs. Watterson?
**
Cha nel, agh cha bee eh foddey.
Chan eil, ach cha bidh e fada.
Níl, ach ní bheidh sé i bhfad.
No, but he won’t be long.
**
Trooid stiagh as soie sheese, Illiam.
Trobhad ’steach as suigh síos, Illiam.
Isteach leat agus suigh síos a Uilleam.
Come in and sit down, William.
**
Vel shiu lesh tey[6], ghooinney veen?
Bheil siu leis tae, ’dhuine mhín?
An raibh tae agat, a dhuine uasail?
Have you had tea, dear fellow (man)?
**
Ta, gur eh mie eu, hooar mee greim dy vee ayns Laksaah.
Tá, go robh maith aiu, fhuair mi greim da bhidh anns Laksaah (Laxey).
Tá, go raibh maith agat, fuair mé gréim bia i Laksaah.
Yes, thank you, I got a bite of food in Laxey.
**
Nagh yiow shiu cappan elley?
Nach gheobh siu capan eile?
Nach n-ólfá cupán eile?
Will you not take another cup?
**
Mie dy lioor, ta paays[7] agglagh orrym.
Maith da leór, tá pathadhs eaglach orm.
Maith go leor, tá tart millteanach orm.
Very well, I have an awful thirst.
**
Vel shiu goaill shugyr? Nane ny jees[8]?
Bheil siu gabháil siúgar? Naon na días?
An ólann tú siúcra? Ceann nó dhó?
Do you take sugar? One or two?
**
Jees, my sailliu, ta feeackle villish aym.
Días, más áill aiu, tá fiacal mhilis agham.
Dhá cheann, más é do thoil é, is aoibhinn liom rudaí milse.
Two if you please, I have a sweet tooth.
**
Va mee jannoo n’egooish rish bleeantyn.
Bha mi déanamh in fhéagúis ris bliantan.
Bhí mé ag déanamh ina éagmais leis na blianta.
I was doing without it for years.
**
Agh ta palchey ry-gheddyn nish, as ta mee goaill my haie.
Ach tá pailte ri-ghaodan ’nois, as tá mi gabháil mo shaith.
Ach tá neart de ar fáil anois, agus tá mé ag glacadh mo shaith.
But there’s plenty to be got now, and I am taking my fill.
**
S’leayr dou dy row shiu fuinney jiu!
Is léir domh da robh siu fuine diu!
Is léir dom go raibh tú/sibh ag bácáil inniu!
I see that you were baking today!
**
Ta shiu kiart vel shiu soaral[9] eh?
Tá siu ceart, bheil siu sóaral e?
Tá an ceart agat, an bhfaigheann tú an boladh de?
You’re right, do you smell it?
**
Ta soar mie millish sy thie.
Tá sóar maith millis sa taigh.
Tá boladh deas milis sa teach.
There’s a good sweet smell in the house.
**
Shegin dou jannoo arran, soddag[10] as bonnag daa cheayrt ’sy chiaghtin.
Is éigean domh déanamh aran, sodag as bonnag dá chuart sa tseachtain.
Is éigean dom arán, arán sóide agus bonnóg a dhéanamh dhá uair sa tseachtain.
I have to make bread, sodacake and ‘bonnag’ twice in the week.
**
Nagh gow shiu soddag as oor?
Nach gabh siu sodag as ím úr?
Nach nglacfaidh tú arán sóide agus im úr?
Won’t you take a soda-cake and fresh butter?
**
Gowym lesh taitnys[11], s’mie lhiam eh.
Gabham leis taitneas, is maith leam e.
Glacfaidh mé agus fáilte, is maith liom é.
I will, with pleasure, I love it.
**
Ta mee mooarane kianglt[12] booise[13] diu.
Tá mi mórán ceangalt buíochas[14] diu.
Tá mé fíor-bhuíoch duit.
I am very much obliged to you.
**
Ta mee cra’al dy vel eh-hene cheet nish.
Tá mi creideal da bheil e-fhéin tíot ’nois.
Creidim go bhfuil sé féin ag teacht anois.
I believe that ‘himself’ is coming now.
**
Fastyr mie, Illiam, ta mee fakin dy vel dty chassyn fo’n voayrd! S’mie shen!
Feastar maith, Illiam, tá mi faicin da bheil da chasan fo’n bhórd! Is maith sein!
Tráthnóna maith, a Uilliam, feicim go bhfuil do chosa faoin chlár! Is maith sin!
Good evening, Wille, I see you have your feet under the table! That’s good!
**
Myr yiarragh my yishag vooar:
Mar dhearadh mo dheaiseag mhór:
Mar a déarfadh m’athair mór:
As my grandfather would say:
**
“Cur meer[15] da’n feeagh as hig eh reesht.”[16]
“Cuir mír da’n fiach as thig e ’ríst.”
Tabhair giota don fhiach agus tiocfaidh sé arís.
“Give a piece to the raven and he’ll come again.”
[1] “‘himself,’ = the man of the house” (Notaí Juan Y Geill).
[2] “‘ben-ainshtyr’ [an litriú] atá sa Bhíobla .i. an rud is gaire do chaighdeán dá bhfuil again,” a deir Críostóir Mac Giolla Eoin liom, ach ‘Venainster’ a scríobh Juan Y Geill.
[3] “CHODERE was formerly used as a synonym for WATTERSON, members of the same family being called indifferently by one name or the other. CHODERE, however, was evidently used merely as a nickname, as it is not found in the Parish Registers.” https://archive.org/stream/manxnotebook00unkngoog/manxnotebook00unkngoog_djvu.txt. “Kodhere (G mac Uatáir) [ko’dɛ:r] WQ, JK, RQ, [kɔ’dɛ:r] (not [kɔ’di:ər]) CK ‘Watterson’” Broderick (2016).
[4] Deirtear mar ‘bhean-ainstir’ é ach d’fhág mé an focal mainstir (féach GA: maighstir) slán ar mhaithe leis an sanás a léiriú.
[5] Más cruinn an miniú thuas ar ‘Kodeyre’, seans gur fearr ’Cuadair’ nó mar sin mar iarracht an tsanás a léiriú?
[6] “Note the idiom, “Are you with tea?”” (Notaí Juan Y Geill).
[7] Féach GA ‘pathadh’ (AFB) (Trí Broderick 1984). “‘paays,’ the noun, ‘paagh,’ or colloquially ‘paa.’ the adjective, thirsty, parched. One might say ‘ta mee paa agglagh’ instead of ‘ta paays agglagh orrym.’” (Notaí Juan Y Geill)
[8] i. GÉ ‘dís’, GA ‘dithis’, <MG dias.
[9] < Béarla ‘savour’ (Bunadas)
[10] Féach GÉ ‘sodóg’ (Boderick 2016).
[11] Féach GA ‘taitneas’ (Boderick 2016).
[12] “Ir. ceangailte + buíochas” (Broderick 2016). “Literally, ‘I am much bound in thanks to you.’ the word ‘kianglt’ is pronounced with the ‘n’ strongly nasalised” (Notaí Juan Y Geill).
[13] GA “buidheachas, reformed by substituting -as for -ach of G buidheach” (Broderick 2016).
[14] Ní réiteach foirfe an litriú GÉ ‘buíochas’ do [bwi:s] ach is mar ‘buí’as’ a deirtear an focal in Ultaibh ach ní rithfeadh sé le duine é a scríobh amhlaidh.
[15] Féach GÉ ‘mír’ (Broderick 1984).
[16] “A Manx proverb. The raven being a voracious bird, hence ravenous” (Notaí Juan Y Geill).