Coinín na Cásca agus Lá an Bhreithiúnais

Tuairim le Ciarán Dunbar

coinín na cásca

Dé Domhnaigh, bhí againn an Cháisc, an lá is tábhachtaí sa Chríostaíocht.

Le déanaí, tháinig an ceiliúradh sin faoi scáth na Nollag mar gur roghnaigh Santa teacht ag an am sin.

Mar sin féin, d’fhág coinín na Cásca corr-fhéirín i ngairdín s’againne dár n-iníon, an bhfuil seisean anois ag iarraidh dul i gcomórtas leis an fhear mhór?

Maith dom mo bhraschaint shobaidh a éisteoir ach títear dom go bhfuil lámh in uachtar á fháil ag Coinín na Cásca ar an chreideamh traidisiúnta mar a tharla cheana leis an Nollaig.

Ag an phointe seo caithfidh mé a fhógairt, a admháil más maith leis, nach bhfuil creideamh agam, is é sin le rá gur duine gan creideamh mé.

Bhál, sin a chreidim go gcreidim cibé ar bith.

Cé a chruthaigh sinne agus an domhain seo?

Níl barúil agam.

Ach i gcéad duitse, ní chreidim go bhfuil barúil agatsa ach an oiread.

Conas gur féidir le hápaí nochta a thuiscint cé a chruthaigh nó nár chruthaigh uilebhith.

Dá bhrí sin, ní bhacaim mórán leis an Nollaig nó leis an Cháisc, mothaím nach mbaineann ceachtar acu liomsa, cé go bhfuil sé deacair iad a sheachaint má tá páistí agat.

Ní thuigim faoi spéir cén fáth a mbacann iad siúd nach gcreideann sa Chríostaíocht leis na laetha móra Críostaíochta caithfidh mé a rá.

Déarfainn go bhfuil bunús na daoine a mbíonn teagmháil agam leo ar bhonn laethúil, ar líne go háirithe, ina n-aindiachaithe déanta.

Mothaím féin gur creideamh atá ann féin, creideamh chomh docht daingean céanna le creideamh ar bith eile.

Ach ní aontódh mórán acu leis an chur síos sin – muise, bheadh siad docht daingean faoina gcreideamh nach creideamh a gcreideamh.

Ghlacfadh roinnt daoine mar mhasla é sin fiú cé nach mbíonn aon leisce ar chuid acu féin dul i mbun dhiamhaslaithe.

Má mhaslaíonn tú, nach ionann is cinnte go maslóidh daoine eile thú?Má thugann tú amach é, nach gcaithfidh tú é a ghlacadh ó am go chéile.

Ach táthar ann mar aindiachaithe a chreideann nach amháin go bhfuil a gcreideann siad níos fearr ná an rud a chreideann daoine eile ach déanta na fírinne gur toradh é sin ar an fhíric go bhfuil siad féin níos fearr.

Is é sin le rá go bhfuil siad níos éabhlóidithe go díreach ná daoine a chreideann i nDia éigin, tá roinnt fianaise ann dó sin ach títear domsa gur creideamh an-chontúirteach é sin.

Is dócha go bhfuil mé ag rá go mothaím go bhfuil sotal ag baint le roinnt aindiachaithe – an sotal céanna a bhíonn ag roinnt daoine a chreideann i ndia nó i ndéithe.

index
Richard Dawkins

Richard Dawkins mar shampla, is minic a chuala mé é ag caint agus an bhfuil a fhios agat féin, is dóigh liom nach é nach gcreideann sé i nDia éigin ach go gcreideann sé gur Dia é féin.

Pápa na nAindiachtaithe a thugtar air go leith-mhagúil ach ar ndóigh, tá sé greannmhar mar tá rian na fírinne ann.

Ach fear é Dawkins a thug an-mhisneach dá lucht leanúna.

Laoch is ea é do chuid mhór daoine mar gur thug sé an neart dóibh teacht amach agus fógairt go poiblí nach gcreideann siad in aon dia – rud atá deacair a dhéanamh deirtear liom.

Thuaidh agus Theas, feiceann muid idéil a bhaineann le creideamh i gcodarsnacht leo siúd a bhaineann le dí-eaglaisiú.

Le glúin anuas, tá Éire ag tiontú a droim ar an eaglais Chaitliceach.

Tá a cumhacht pholaitiúil briste le fada cé go bhfuil greim láidir aici ar an chóras oideachais i dtólamh.

Tá líon na gcléir ag titim go tubaisteach, níos tapúla titear dom ná líon na ndaoine atá fós ag freastal ar an Aifreann – rud a chuirfeas an-bhrú ar an eaglais i gceann 20 bliana.

Taobh istigh de ghlúin eile, beidh lámh in uachtar ag an saoltachas agus, seans, ag an aindiachas féin fiú.

Beidh sagairt chomh tearc le draoithe.

Ach an mbeidh muid mórán níos fearr as? Lig dom a bheith soiniciúil.

Sílim go mbeidh muid chomh daorbhreithiúnach, piúratánach, suarach is a bhí muid i gcónaí ach go mbeidh Das_Jüngste_Gericht_(Memling)lipéid dheasa eile againn ag tabhairt leithscéal dúinn féin as.

Is ar an ábhar sin a cheapaim go bhfuil buntáiste ag ‘dia’ mar choincheap thar ‘aindiachas’.

Ní hé an smaoineamh go mbeidh saol eile againn ina dhiaidh an ceann seo – má tá an t-ádh orainn – an táirge is fearr a dhíolann na heaglaisí ach an smaoineamh go mbeidh Lá an Bhreithiúnais ann.

Ar an lá sin deirtear go ndéanfaidh Dia uilechumhacht breithiúnas orainn agus é nó í ar an eolas faoi gach aon ghníomh a rinneamar agus gach uile smaoineamh dá raibh againn riamh.

Na rudaí maithe, na rudaí oilc, na rudaí a bhí ar mire, na rudaí iontacha – iad uile go léir.

Is deas liom an smaoineamh go ndéanfaidh rud éigin níos mó ná mise, níos tuisceana, níos atruí fiúntas mo shaoil a mheas.

B’fhearr liom an breithiúnas sin ná a bheith daortha i gcúirt thuairimíocht an chine daonna agus iad ar fad chomh lochtach céanna.