Na Dubs – an mbuailfear i mbliana iad?

Tuairim le

CLG Go Deo

@beo_clg

 Dúirt an Dr. David Hickey le Joe Brolly gur cheap sé go mbuafadh Áth Cliath cúig Chraobh na hÉireann i ndiaidh a chéile.

Creidimse go bhfuil foireann seo na Dubs maith go leor tabhairt faoina leithéid de dhúshlán. Tá foireann iontach acu.

Tá siad lán le fuinneamh. Tá siad sciobthaí. Tá siad láidir. Tá lúthchleasaithe iontacha acu. Tá siad ionraic. Oibríonn siad an-chrua nuair nach bhfuil an liathróid acu.

DublinTeamParade_2013Final
Foireann bhuacach Bhaile Átha Cliath 2013

Tá tuiscint iontach ag na himreirí ar imirt a chéile. Tá Stephen Cluxton acu. Tá bainisteoir iontach acu. Sin uilig raite níl siad dobhuailte.

Na Dubs – an mbuailfear i mbliana iad? Is fiú go mór mionscrúdú a dhéanamh ar an gceist seo i gcomhthéacs an chluiche mhóir atá le teacht idir iad féin agus Dún na nGall i gceann trí seachtaine.

Dár ndóigh, tabharfaidh an dá fhoireann seo aghaidh ar a chéile agus fios maith ag an dá fhoireann an stíl imeartha a bheidh in úsáid ag a gcéile comhraic – stíl chosanta in aghaidh stíle a bhfuil an bhéim uilig ar ghabháil chun tosaigh agus ionsaí leanúnach gan trócaire ar chúl an fhreasúra.

Cleachtadh iontach a bhí sa gcluiche a bhí ag fir Átha Cliath in aghaidh Mhuineacháin Dé Sathairn seo caite cé nár mhair an cluiche féin ach 20 nóiméad nó mar sin mar chomórtas. Mar a dhéanfaidh na Conallaigh chuir Muineachán córas i bhfeidhm a chinntigh go raibh balla mór cosanta acu ar a líne 35 méadar féin.

Bhí triúr cúlaithe breise in úsáid acu le stop a chur le tosaithe na Dubs. Léirigh Áth Cliath foighid, áfach, agus choinnigh siad orthu ag lorg bearnaí i measc chúlaithe Mhuineacháin.

Chomh maith leis an bhfoighid sin léirigh siad díocas agus d’oibrigh siad an-chrua nuair nach raibh an liathróid ina seilbh acu agus is bua an-mhor é seo atá ag na Dubs. Tuigeann siad go bhfuil jab le déanamh acu nuair nach bhfuil an liathróid ina seilbh acu.

De bharr gur éirigh le hÁth Cliath bearnaí a aimsiú i gcosaint láidir Mhuineachain agus dhá chúl a aimsiú taobh istigh de chúpla nóiméad d’fhág sé seo go raibh Muineachán i bponc agus theastaigh plean B uathu – rud nach raibh acu.

Má éiríonn leo gabháil trí phointe nó níos mó chun tosaigh ar na Conallaigh beidh an fhadhb chéanna acusan. Sin ráite, d’fhéadfaí dúshlán a thabhairt do na Dubs dá mbeadh ‘balla cosanta’ Mhuineacháin in ann na Dubs a chloí ar feadh 70 nóiméad agus is féidir bheith cinnte go seasfaidh ‘balla cosanta’ Dhún na nGall an fód níos faide ná 20 nóiméad ina n-aghaidh.

Bhí ar Mhuineachán aghaidh a thabhairt ar Áth Cliath seachtain tar éis dóibh cluiche crua a imirt in aghaidh Chill Dara inar imríodh am breise agus níl aon amhras ann ach go raibh tionchar aige sin ar imirt Mhuineacháin agus ar a gcuid ullmhúcháin don chluiche.

Ní bheidh na deacrachtaí seo ag na Conallaigh. Tá trí seachtaine acu le réiteach don chluiche leathcheannais. Chomh maith leis sin, tá siad ag gabháil don chóras cosanta seo níos faide na Muineachán agus tuigeann siad an córas seo níos fearr na Muineachán. Dár ndóigh, bhuaigh siad Craobh uile-Éireann leis an gcóras seo.

Má éiríonn leis na Dubs gabháil os cionn ceithre phointe chun tosaigh orthu, áfach, is féidir le Dún na nGall dearmad a dhéanamh ar an mbua a fháil. Dhéanfadh fir ionaid Átha Cliath cinnte de sin. Is féidir an argóint a dhéanamh go gcríochnaíonn na Dubs le foireann níos láidre ná an fhoireann a thosaíonn. Tá painéal uile mhuintir Bhaile Átha Cliath ar chomhchaighdeán.

Ní féidir le haon chontae eile a leithéid a mhaíomh agus má chuireann siad iallach ar Dhún na nGall an córas cosanta seo atá acu a thréigean is féidir leo dearmad a dhéanamh ar Sam. D’fhéadfadh fuinneamh agus aclaíocht fhir ionaid na Dubs damáiste a dhéanamh de ‘bhalla cosanta’ na gConallach. Dár ndóigh, scóráil fir ionaid Átha Cliath 1-9 in aghaidh Loch Garman i gcluiche leathcheannais chúige Laighean.

Rud eile a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar stíl imeartha Dhún na nGall ná an stíl oscailte atá ag na Dubs gabháil chun tosaigh. Má chúlaíonn tosaithe na gConallach is féidir bheith cinnte nach bhfanfaidh cúlaithe na Dubs siar leo féin. Gabhfaidh siad féin chun tosaigh agus beidh siad ar a gcompord ag gabháil chun tosaigh.

Tosaithe uilig atá ag na Dubs seachas Stephen Cluxton agus Rory O’ Carroll! Ní rud annamh é culaithe na Dubs a fheiceáil ag ciceáil cúilíní. Mar gheall air sin, beidh ar na Conaillaigh bheith dírithe go hiomlán ar an gcluiche agus an ról ar leith a bheidh ag chuile imreoir leis na Dubs a chloí. 75 nóiméad de bheith dírithe go hiomlán ar leaids óga fuinniúla ag rith, ina dtonnta, ag iarraidh bearnaí a leagan i mBalla Dhún na nGall!

Is féidir bheith lánchinnte go dtuigeann Jim McGuinness na rudaí seo uilig. Is sárbhainisteoir é agus níl amhras ann ach go bhfuil sé i dtús cadhnaíochta maidir le cúrsaí tactaicí is a leithéid.

Is minic a choistear daoine ag rá (taobh amuig de mhuintir Dhún na nGall, dár ndóigh!) nach bhféadfadh le haon bhainisteoir eile Craobh uile-Éireann a bhuachan le himreoirí sin Dhún na nGall seachas Jimmy.

Tá na himreoirí is fearr sa tír ag na Dubs ach ní i gcónaí gur leor na himreoirí is fearr a bheith agat le cluiche ceannais na hÉireann a bhuachan.

Seo é an dara huair a dtabharfaidh Jim McGuinness agus Jim Gavin aghaidh ar a chéile taobh amuigh den tSraith Náisiúnta. Go dtí seo tá bua amháin ag Jim Gavin. Bhuaigh sé cluiche ceannais na hÉireann faoi 21 leis na Dubs in aghaidh Dhún na nGall i 2010.

Bhuaigh na Dubs ar phointe amháin tar éis do Michael Murphy cic éirice a bhualadh in aghaidh an trasnáin sa noiméad deireanach den chluiche sin. Déarfainn nach bhfuil dearmad déanta ag McGuinness ar an gcluiche sin.

Maidir le buanna Jim Gavin is léir go dtugann sé faoi chuile chluiche ar an gcaoi chéanna. Tugann se meas iomlán don fhreasúra i gcónaí is cuma cé tá ann agus ní bhreathnaíonn sé chun tosaigh riamh ar aon chluiche eile.

Rud eile atá soiléir óna réimeas go dtí seo nach nglacann sé le heaspa smachta óna chuid imreoirí agus iad ag ple le réiteoirí. Chonacthas a leithéid sin don chéad uair le linn réimeas Jim Gavin, Dé Sathairn seo caite, in aghaidh Mhuineacháin agus an toradh a bhí air sin ná gur baineadh Philly McMahon den pháirc tar éis dó cárta buí a fháil tar éis a bheith ag argóint leis an réiteoir.

Léiríonn se seo go bhfuil féinsmacht dochreidte ag foireann seo na Dubs agus seasfaidh sé sin dóibh. Tá sé soiléir, freisin, go bhfuil prionsabail ar leith aige agus go dtuigeann na himreoirí nach féidir leo ligint don chaighdeán titim agus é de sprioc acu a bheith ag ceiliúradh arís ag deireadh mhí Mheán Fómhair seo chugainn.

Mar gheall ar stíl imeartha na gConallach ní bheidh an tionchar céanna ag Stephen Cluxton ar an gcluiche. Chonacthas seo go soiléir sa gcluiche in aghaidh Mhuineacháin. Taobh amuigh den chic 45 méadar ní raibh mórán tionchair aige ar an gcluiche. Ghéill Muineachán do na ciceanna amach uilig.

Ba í an chloch ba mhó a bhí ar phaidrín Mhuineacháin nuair a bhí cic amach le tógáil ag Cluxton ná triúr (agus in amanna ceathrar nó cúigear) den seisiúr tosaithe a tharraingt siar agus, da bhrí sin, ligeadh do Cluxton cic amach gairid a thógail gan aon iomaíocht an lá uilig. Ní chuirfeadh sé iontas orm dá dtarlódh sé seo in aghaidh Dhún na nGall, freisin. Mar gheall air sin, ní bheidh an ról céanna ag cúl báire Bhaile Átha Cliath sa gcluiche seo taobh amuigh dá ról ag coinneáil amach cúl.

Fear amháin a d’fhéadfadh an-tionchar a bheith aige ar an gcluiche, áfach, is ea Kevin McMenamin.

Níor sheas McMenamin amach in aghaidh Mhuineacháin mar a sheas sé amach i gcluichí eile go dtí seo i mbliana agus má tá titim sa mbealach a bhfuil se ag imirt d’fhéadfadh sé tarlú nach dtosóidh sé an cluiche in éadan Dhún na nGall. Feictear dhomsa nach ndéanfadh sé aon dochar do na Dubs – ach go háirithe da dtarlódh se go raibh siad taobh thiar agus fiche nóiméad le himirt.

Tá mé cinnte nár mhaith le McMenamin seo a chloisteail ach baintear úsaid níos fearr as mar fhear ionaid ná imreoir a thosáíonn cluichí. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil sé ar cheann de na himreoirí is luachmhara agus is mó tionchair ar chluichí sa tír agus ní gá an tionchar a bhí aige i glcuichí roimhe seo a phlé anseo.

Tá sé fíor a rá nach bhfuil aon ghradam ollréalta buaite aige go dtí seo ach tá sé fíor a rá, freisin, go bhfuil tionchar nach beag imrithe aige ar chluichí thar na blianta nach mbeidh riamh bainte amach ag go leor a bhuann gradaim ollréalta go rialta.

Pointe amháin eile nár mhiste a lua anseo ná go bhfuil na Dubs feabhsaithe go mór sna cúlaithe. D’fhéadfadh siad 3 nó 4 chúl a scaoileadh isteach i ngach cluiche a d’imir siad anuraidh ach ní féidir sin a rá faoi na cluichí a d’imir siad in aghaidh Loch Garman, na Mí agus in aghaidh Mhuineacháin i mbliana. Is rud an-suntasach é seo. In ainneoin go bhfágtar O’ Carroll thiar leis féin go minic éiríonn leis na Dubs fir a tharraingt siar le tacú leis i gcónaí de bharr an luais atá ag cúlaithe Bhaile Átha Cliath.

Cheapfá, ón méid atá a rá ag go leor de lucht na meán cumarsáide nach féidir na Dubs a bhualadh ach ní aontódh lucht an ailt áirithe seo leis an méid sin. In ainneoin go raibh 7 bpointe idir iad féin agus Ciarraí anruaidh d’fhéadfadh an cluiche a bheith buaite ag Ciarraí. Ní raibh ach cúilín eatartha agus cúig nóiméad le himirt.

Féach chomh maith : 

Féasta Eile de CLG

Bhuaigh siad ar Mhaigh Eo ar phointe amháin i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh. Ní fíor a rá nach féidir iad a bualadh ach creidtear gur féidir leo bheith ar cheann de na foirne is fearr riamh má choinníonn siad dírithe ar an duais mhór. Is léir go bhfuil Jim Gavin ag déanamh jab iontach iad a choinneáil amach ón hype ach ní dhéanfadh sé aon dochar a chur ina luí orthu nach mbíonn an ceart ag na meáin i gcónaí!

Maidir le todhchaí na foirne áirithe seo, níl amhras ach go bhfuil cumas sa bhfoireann seo cúpla Craobh uile-Éireann a bhuachan le cur leis na cinn a bhuaigh siad i 2011 agus 2013 ach ní dhéanfadh sé aon dochar dóibh ná a lucht leanta a thuiscint nach rud éasca é sin a dhéanamh. Dár ndóigh, chuaigh Áth Cliath ó 1995 go 2011 gan Craobh uile –Éireann a bhuachan.

Gorta san ardchathair! D’airigh an scríbhneoir áirithe seo, tar éis a bheith i bPáirc an Chrócaigh ag cluiche ceannais na sraithe le dhá bhliain anuas agus le gairid nuair a bhuaigh siad in aghaidh Mhuineacháin, go bhfuil lucht leanta na Dubs ag súil leis an iomarca ón bhfoireann áirithe seo, agus nach bhfuil an ceiliúradh ceart á dhéanamh ar an méid atá bainte amach acu le cúpla bliain anuas.

Ní haon dochar na laethanta maithe seo atá ag na Dubs a cheiliúradh go maith mar tá rud amháin cinnte – níl in aon rud sa saol seo ach seal agus cosúil leis na foirne iontacha a chuaigh rompu (Gaillimh 1964-66, Ciarraí 74-85, Tír Eoghain agus Ciarraí 2000 -2010) tagann deireadh le gach ré.

Idir an dá linn bainigí taitneamh as an gcur is an cúiteamh a bheidh ag gabháil ar aghaidh faoin gcluiche seo idir na Dubs agus na Conallaigh. Níl aon amhras ann ach gur cluiche iontach a bheidh ann ina mbeidh dhá stíl éagsúla go smior ann agus coinneoidh se sin an cluiche suimiúil. Cogadh stíleanna a bheidh ann!