O’Gara: Tá a chaidreamh le Sexton tar éis an ciorcal a dhúnadh

Seán Mícheál Ó Donnachadha

Tá Ronan O’Gara tar éis aon imní faoi a phost nua le Racing Metro mar chóitseálaí ciceála don a chéile comhraic  Johnny Sexton a dhíbhe.

Diúltaigh O’Gara síneadh bliana ar a chonradh le Cuige Mumhan chun dul go Racing Metro i bPáras mar chóitseála ciceála do Johnny Sexton. Beidh sé ag scríobh colún rialta don Irish Examiner comh maith.

Ag labhairt ar Sky Sports mar a dhein sé anailís De Satharn ar Chorn Heineken dúirt O’Gara “ go raibh sé soiléir go raibh tosach deacair acu le foireann na hÉireann ach anois réitíonn muid go maith le chéile agus tá an-mheas agam air mar imreoir.”

images
Rónán O’Gara

Fuair O’Gara 240 caipín le Cúige Mumhan ó thosnaigh sé i 1997. Threoraigh sé na Muimhnigh trén gComórtas Idir Cúige, an Sraith agus Corn Ceilteach, An Sraith Magners agus dhá Chorn Heineken.

Scoráil sé 2,625 pointí ina raibh 1,365 sa Chomórtas Heineken mara bhfuil sé ar bharr an dréimire ó thaobh scoráil pointí.

Fuair sé 128 caipín le foireann na hÉireann agus scoráil sé 1083 pointí. Is é O’Gara an t-imreoir leis an méid is mó caipíní Éireannacha riamh.  Chuaigh sé ar thrí turas leis na leoin agus d’imir sé 16 uaire, dhá chluiche tastáil san áireamh.

Bhí sé i dTrá lí an tseachtain seo cháite chun cónra an t-ógánach Donal Walsh a iompair ag a shochraid. Labhair Donal Walsh a bhí ag fáil bháis le hailse amach i gcoinne ógánaigh a bhí ag cur láimh ina mbás féin. Bhí an- suim ag Donal sa rugbaí.

Dúirt O’Gara ina cholún san Irish Examiner go raibh sé ag iarraidh imirt le foireann na hÉireann ó bhí sé deich mbliana d’aois cosúil le Donal. Bhí sé an –bhuíoch go n-éirigh leis, rud a sheanadh ar Donal.

Bhí sé tráthúil gurbh é iompar cónra Donal Walsh an rud deireanach poiblí a rinne O’Gara in Éirinn, laoch ag iompair laoch, deirimse.

Matt O’Connor mar chóitseálaí Laighean

Seán Míchaél Ó Donnchadha

D`fhogair Mick Dawson, Príomhfheidhmeannach Cúige Laighean go raibh  an Astrálach Matt O`Connor roghnaithe acu le teacht i gcomharbacht ar Joe Schmidt a bheidh i gceannas foireann na hÉireann an bhliain seo chughainn.

Roimhe seo bhí O`Connor i gceannas ar Tíogair Leicester in ar bhuaigh sé an Príomhroinn faoi dhó agus bhí siad san dara háit faoi dhó. Tá siad sa cluiche leath-cheannais i mbliana agus é i gceannas orthu ar  feadh cúig bhliana.

Tá sé de cháil ar go n-imríonn a bhfoirne rugbaí ionsaitheach [attacking rugby] agus go bhfuil cumas ann chun tallann a fhorbairt. Bhí sé mar chóitseálaí ar fhoireann an Astráil A chomh maith. Fuair sé caipín idirnáisiúnta amháin leis an Astráil i gcoinne Éire i 1994.

00074dbd-642
Matt O’Connor

 An mbeidh sé deacair teacht i gcomharbacht ar Joe Schmidt?

 Bhí Schmidt i gceannas ar feadh trí bhliana agus bhuaigh sé Corn Heineken faoi dhó agus tá Cúige Laighean i gcluiche  cheannais Corm Amlin agus i gcluiche leathcheannais an Rabo Pro 12 oíche De Satharn ag an RDS i gcoinne Gaiscígh Ghlaschú.

Tá an cúige tar éis dul isteach in Ionad Nua Aclaíochta agus Traenála úr-scóthach [state-of-the-art] i Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Bhuaigh siad Corn Heineken faoi Michael Cheika a bhí i gceannas roimh Joe Schmidt.

Is foireann uaillmhianach é Cúige Laighean agus beidh siad ag súil le comórtais éile a bhuachan sna bhliana amach romhainn. Caithfidh O `Connor togáil ar an obair atá déanta ag Joe Schmidt ach a mhianta féin a thabhairt isteach.

 An Idirtréimhse [transitional period] é seo do Cúige Laighean?

Tá tréimhse “An Ré Órga” don fhoireann seo a bhí tógtha mor thimpeall Brian O`Driscoll thart. Tá cinneadh le déanamh faoi Brian O`Driscoll féin, tá Johnny Sexton ag dul go Racing Metro, Isa Nacewa ag scor, Jamie Hagan agus Andrew Conway ar a shlí amach.

Tá a lán den fhoireann anois sna triochaidí agus caithfidh Matt O`Corror ionadaithe a fháil i linn a réimse do leo Cullen, Gordon D`Arcy, Brian O`Driscoll, Mike Ross, Shane Jennings, Isaac Boss agus Eoin Reddin atá gortaithe anois.

Is tasc nach bheag na himreoirí mhór le rá seo  a ionadú agus an fhoireann a choimeád ag buachan go comhuaineach. Le sin i gceist tá cúig rud práinneach le déanamh ag O`Connor:

Cúig rudaí gur gá le O`Connor a dhéanamh

  1. Ionadaí a fháil do Brian O`Driscoll. Imreoir den scoth atá in O`Driscoll ach ní féidir leis leanúint ar aghaidh go deo. Tá dealramh ann go n-imreoidh sé ar feadh séasúr amháin eile ach beidh tionchar mhór ar an méid cluichí idirnáisiúnta a imreoidh sé do Joe Schmidt ar an am a mbheidh sé ábalta imirt do chúige Laighean. Níl aon imreoir le talann i gcúige Laighean a d`fhéadfadh teacht i gcomharbacht ar O`Driscoll. Tá cáil ar O`Connor ar talann a aimsiú. D`fhéadfadh é seo a bheith ar an dúshlán is mó a bheidh roimhe.
  1. Ian Madigan a fhorbairt. Tá Jimmy Gopperth sínithe ag Cúige Laighean ón Nua Shéalainn agus é ag súil go mbeadh sé tofa mar leath-chúlaí amuigh taréis Sexton imeacht. Bhí Madigan ar fheabhas agus Sexton gortuithe. An cheist anois ná an féidir le Madigan é féin a fhorbairt níos mó ionas nach féidir ach an ionad mar leath-chúlaí amuigh a thabhairt dó. Más féidir le O`Connor cabhrú le Madigan níos mó dul chun cinn a dhéanamh beidh sé chun tairbhe ní hamháin do Chúige Laighean ach d`Éirinn comh maith.
  1. Comhsheasmhacht [consistency] a thabhairt don chosaint. Tá 46 úid ligthe isteach ag na Laighnigh sa Rabo Pro 12 ach gan ach deich gcinn in ocht gcluichí sa Chorn Heineken. Is é an plean cluiche a bhí ag O`Connor le Tíogar Leicester ná níos mó úid a scoráil ná an fhreasúra. Ní mór do an plean seo a chomhtháthú [integrate] leis an méid úid a ligeann na Laighinigh isteach.
  1. Cúltaca a fháil do Mike Ross, an frapa ceann teannta. Tá sé mí-fhortúnach a luaithe agus a bhí dul chun cinn a dhéanamh ag Jamie Hagan go bhfuil sé ag imeacht. Bhí an t-ualach a bhi ar ghualainne Mike Ross an tséasúr seo áiféiseach idir a ndualgaisí leis an cúige agus an foireann náisiúnta. Níl aon cúltaca den chaighdeán cheart le fáil don chúige nó d`Éirinn agus beidh an fadhb seo ag dul in olcas do réir agus atá Mike Ross ag dul in aois.
  1. Cúige Laighean a thogaint anois go leibhéal eile níos áirde. Thug Michael Cheika cruach, Joe Schmidt bua nó talann. Cad a thabharfaidh O`Connor?. Tá an taithí aige ón tréimhse a chaith sé leis na Brumbies agus Tíogair Leicester. Tá na hacmhainní aige mar is Club saibhir Cúige Laighean leis an cumas slua mór tacadóirí a mhealladh go dtí an RDS agus an AVIVA do na cluichí móra sa Chorn Heineken agus tá crios iompair de thalann aige ón Acadamh, a bhuíochas do na scoileanna príobháideacha rugbaí mar Coláiste na Carraige Duibhe agus Coláiste Choill Chluana Gabhann sa Droichead Nua. An féidir le O`Connor dul chun cinn a  héanamh mar a rinne Schmidt nuair a tháinig  sé  i gcomharbacht ar Michael Cheika ? Beidh sé an- deachair mar tá sé ag teacht i gcomharbacht ar an gcóitseálaí is fearr sa domhan dár le a lán daoine.

Buntáistí Éile

Beidh Mike McCarthy ag teacht isteach ó Cúige Connacht don dara sraith agus  Zane Kirchner, lán-chúlaí na hAifrice Theas agus b`fhéidir go dtiocfaidh sé isteach sa líne trí cheathrú  in áit Brian O`Driscoll. Beidh seans maith ag an cóitseálaí O`Connor trial a bhaint as seo an bhliain seo chughainn fad agus a mbeidh O`Driscoll ag glacadh sos don fhoireann idirnáisiúnta.

Ní bheidh éinne den fhoireann cóitseála i gCúige Laighean ag dul le Joe Schmidt go dtí an foireann náisiúnta agus dá bharr seo beidh leanúnachas sa Chúige ó aimsir Joe Schmidt.