‘Misneach’ seolta


Bhí slua suntasach i láthair ag seoladh grúpa nua Gaeilge, Misneach, i mBaile Átha Cliath aréir.

Bhailigh thart ar 50 duine le chéile in Ionad Cois Teallaigh i gceannáras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar Shráid Chill Dara don ócáid.

Ag caint dó ag an seoladh dúirt duine de bhunaitheoirí Mhisneach, Fearghal Mac Ionnrachtaigh, go raibh ‘cultúr feachtasaíochta’ agus ‘guth radacach’ de dhíth ó phobal na Gaeilge.

Dúirt sé go raibh ‘ciúnas’ ann le tamall anuas aon uair a bhuaileadh an pobal, mar shampla, i dtaobh na gciorruithe ollmhóra atá déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta,  scoileanna atá á dhúnadh agus diúltú na Roinne Oideachais ó thuaidh seirbhís bhus a chur ar fáil do dhaltaí Choláiste Feirste. Tá gá le cur chuige radacach le dul i ngleic le dúshláin an phobail dar leis.

Mheabhraigh sé don slua a bhí i láthair go raibh ceannródaí Mhisneach sna 1960í, Mairtín Ó Cadhain, mar spreagadh mór ag na daoine a bhunaigh Gaeltacht Bhóthair Seoighe i mBéal Feirste agus gur féidir le grúpa gníomhach ugach mór a thabhairt don phobal i gcoitinne.

Dar le Misneach léiríonn bunú an Údaráis, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus an stádas dlíthiúil atá bainte amach ag an teanga in Éirinn agus san Eoraip gur trí fheachtasaíocht láidir a bhaintear buanna amach do phobal na Gaeilge.

Chuir Mac Ionnrachtaigh bunú an ghrúpa i gcomhthéacs díchoilínithe agus athghabhála na tíre chomh maith.

Dar leis rinne an coilíniú ‘léirscrios síceolaíochta’ ar mhuintir na hÉireann agus tá an-chumhacht ag an scrios seo go fóill.

Dúirt sé go bhfuil Misneach mar chuid den phróiseas díchoilínithe agus nár cheart an Ghaeilge a chur chun cinn mar ‘chaitheamh aimsire’ gan baint ar bith aige le cúrsaí polaitíochta nó sóisialta.

Labhair an staraí Aindrias Ó Cathasaigh, nach bhfuil mar bhall de Mhisneach, ag an gcruinniú chomh maith.

Rinne sé cur síos ar an nasc a fheiceann sé i idir an Ghaeilge agus ceisteanna sóisialta.

Dar leis tá brú ar an nGaeilge toisc nach bhfuil meas ag an gcóras caipitleach ar an nGaeilge de bharr nach féidir brabús a dhéanamh as.

Ní chuireann an caipitleachas luach ar rud ar bith, teangacha ná cultúr ina measc, murar féidir brabús a dhéanamh astu, ar seisean.

Tá an éagóir atá á dhéanamh ar an nGaeilge fite fuaite san éagóir atá á dhéanamh ar ghrúpaí eile sa tír dar leis.

Dúirt sé gur cheart go mbeadh lucht na Gaeilge ag tacú le feachtais agus le grúpaí eile atá ag stocaireacht in aghaidh na déine agus an mhíchothromais.

Mar shampla dúirt sé gur cheart do dhaoine atá buartha faoi chóiríocht i nGaelscoileanna  a bheith ag obair le scoileanna eile atá faoi mhíbhuntáiste.

Ag tagairt don chás a thug an Coimisinéir Teanga chun solais inar ghabh na Gardaí fear toisc gur labhair sé Gaeilge leo, dúirt sé gur cheart go mbeadh pobal na Gaeilge ag tacú le daoine eile a fhaigheann drochmheas ó na Gardaí, ar nós an lucht siúil, inimirceach nó daoine ó cheantracha den lucht oibre.

MisneachDúirt sé freisin nár theastaigh uaidh go mbeadh daoine ar nós Enda Kenny, daoine a thacaíonn leis an gcáin mhaoine nó daoine a thacaíonn le rialtas Iosrael, nár theastaigh uaidh go mbeadh siad ag labhairt Gaeilge.

Mhol sé cur chuige níos diongbháilte ó thaobh na teanga de ag rá gur éirigh le roinnt iarrachtaí anseo is ansiúd aon am a thugadh dúshlán an Stáit.

Dar leis b’fhearr don dá Stát sa tír nach mbeadh an Ghaeilge ann óir bheadh rudaí ‘níos simplí’ dóibh.

I ndiaidh na gcainteanna labhair roinnt daoine ón slua. Léirigh cúpla duine imní nár cheart daoine nach dtacaíonn le polaitíocht an ghrúpa a chur ón nGaeilge ach dúirt duine eile gur cheart go mbeadh sé ina ghluaiseacht shóisialach neamhbhalbh.

Beidh cruinniú ag Misneach Bhaile Átha Cliath i gClub na Múinteoirí Dé Céadaoin seo chugainn agus tá Misneach Bhéal Feirste chun imeacht sóisialta a eagrú ar 13 Aibreán.

15 de thuairimí ar “‘Misneach’ seolta

  1. “Dúirt sé freisin nár theastaigh uaidh go mbeadh daoine ar nós Enda Kenny, daoine a thacaíonn leis an gcáin mhaoine nó daoine a thacaíonn le rialtas Iosrael, nár theastaigh uaidh go mbeadh siad ag labhairt Gaeilge.”

    is fuath liom an dearcadh diúltach cúngaingeanta eisiatach seo. ní cabhair ar bith é do chúis na teangan 7 tá súil agam nach bhfuil ann ach claontuairim an fhir féin seachas polasaí an fheachtais.

  2. “Dúirt sé freisin nár theastaigh uaidh go mbeadh daoine ar nós Enda Kenny, daoine a thacaíonn leis an gcáin mhaoine nó daoine a thacaíonn le rialtas Iosrael, […] ag labhairt Gaeilge.” ‘Sin níos mó ná leath de mhuintir na tíre! Is seafóideach an rud é na ráitis leathna a rá. Cé h-é Ó Cathasaigh á rá le duine ar bith, Éireannaigh fiú, nár cheart dóibh ‘bheith ag labhairt na teangan náisiúnta?

  3. Nach bhfuil sé amaideach go bhfuil an tUasal Ó Cathasaigh, atá in ainm is a bheith i mbun athbheochan na Gaeilge, glan in aghaidh an t-aon tír ar domhan ar éirigh leí a cuid sheanteanga a athbheochan?

  4. seafóid ghlan faoi tslí nár chóir do Enda an teanga a úsáid. Dearcadh uafásach páistiúil neamhchabhrach atá ann. Is eagal liom gur grúpa sóisialach é seo a fheidhmeoidh trí Ghaeilge, nuair ba Ghrúpa Gaeilge a bhí sóisialach a bhí i seanMisneach

  5. dream ar bith atá le bheith radacach ina ndearcadh ní mór dóibh a bheith siosmaideach ina gcuid chainte. Níl an teagras seo ach ina thús. Tugaimis spás dóibh polasaithe a chumadh agus plean gníomhaíochta a shocrú. Ní cuidiú ar bith é is dóigh liom dearcadh ró dhocht a bheith á nocthtú ag lucht bunaithe an eagrais ar a gcuid “sóisíalachais” ag an am seo. Bhí an sean Misneach sna 60 idí iontach cúramach gan daoine a chur ó dhoras ag an tús le caint bhladhmánach . Déarfainn gur daoine iad na daoine a bhí i láthair a bhí ann cionus go raibh siad buartha faoin droch bhail atá ar Ghaeilge agus ar Ghaeltacht. Mar a dúirt an té a dúirt ” tá áit sa troid seo do gach duine bíodh sé ina shóisíalach nó nach mbíodh” agus bhíodh daoine ag tabhairt tacaíochta don tsean Misneach nár aontaigh go hiomlán le gach a ndéarna siad nó nach raibh ar aon dearcadh leo ar go leor cúiseanna ach a bhí i bháthach le bunchuspóirí na heagraíochta . Go néirí leis an eagraíocht nua nó tá gá lena mhacasamail ag an am seo is dóigh liom agus moltar na daoine óga a chuir tús léi

  6. Tá na daoine thuas ag tógáil an rud a dúirt Ó Cathasaigh as comhthéacs. Seard a bhí á rá aige ná go mbfearr leis go mbeadh an teanga mar teanga na cosmhuintire i bhfreasúracht leis na rudaí míchearta sa domhain ar nós Impriúlachas na hIosraela nó Cáin Tí a ghearradh ar dhaoine nach féidir é a íoc. Tacaíonn Misneach leis an tuairim sin.

    Agus Seosamh, má thacaíonn daoine leis an slad atá á dhéanamh ar cosmhuintir na Pailistíne ní bheidh Misneach ag iarraidh cabhair uathu. Is an t-Impriúlachas céanna atá ag scriosadh an tír sin is a scrios Éire agus an Ghaeilge.

    Owen, díreach mar gheall go n-íocann daoine an cháin, ní hé sin le rá go dtacaíonn siad leis. Tá neart daoine ann atá imeagla curtha orthu chun an rud a íoc.

  7. Beidh sé deacair cás an Gaeilge a chur chun chinn már go bhfuil an cuma ar an scéal go bhfuil siad ag iarraidh athan fadbh eile sa tír a réitiú is a troid comh maith…. Ni heá nach bhfuil fadhbanna eile ann, ach an é Misneach an ardán cheart chun dealáil leo?

  8. Bhí mé ag an gcruinniú agus caithfidh mé a rá go ndeachaigh díograis agus idéalachas na ndaoine óga a bhí ina bhun go mór i gcion orm. Thug mé suntas ar leith dá raibh le rá ag an mbeirt ó Bhéal Feirste. Cheap mé go raibh sé spéisiúil agus spreagúil agus is maith an rud é go bhfuil daoine óga ann i gcónaí atá toilteanach dúshlán na bunaíochta a thabhairt. Is léir go bhfaigheann an grúpa nua seo inspioráid ó Mháirtín Ó Cadhain agus go nglacann siad le creideamh an Chadhnaigh ‘[gurb] í athghabháil na Gaeilge, athghabháil na hÉireann agus [gurb] Í athghabháil na hÉireann, slánú na Gaeilge.’ Ní dóigh liom gurbh fhíor é sin riamh ach tá mana de shaghas éigin de dhíth ag gach grúpa ag dul i mbun gnó agus mar gháir chatha níl sé go dona. Ach caithfidh an grúpa bheith níos cuimsithí ina gcur chuige agus níos réalaíche. Caithfear cuimhneamh go bhfuil stádas náisiúnta de chineál éigin ag an nGaeilge fós sa tír agus go n-aithníonn an Stát an stádas sin go pointe áirithe ar a laghad (áit na teanga sa chóras oideachais, TG4, RnaG, Acht na dTeangacha Oifigiúla, etc), agus go bhfuil cairde ann i gcónaí ag an nGaeilge i hallaí na cumhachta. Níl mórán díobh fágtha ach sin an fáth go bhfuil sé chomh tabhachtach nach dtabharfaí neamhaird orthu – a mhalairt ar fad, ba chóir don ghrúpa nua comhghuallaíocht a chruthú le cairde na Gaeilge cibé áit a bhfuil siad. Agus nílim ag caint ar Éamon Ó Cuív, Trevor Ó Clochartaigh, agus Mícheál D Ó hUiginn amháin. Ní chuirfinn fiú Enda Kenny ná Éamon Gilmore as an áireamh – ó thaobh na Gaeilge de b’fhearr liom iadsan i gceannas an Rialtais ná a lán dá gcomhghleacaithe!

  9. cé go nguím gach rath ar éinne a thagann le chéile leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhealach ar bith, tá guth i mo chluas ag rá liom gurb é an rud is lú atá de dhíth ar an Ghaeilge ná bunú eagraíochta eile le tuilleamh fuinnimh agus ama a bhaint de na daoine atá páirteach. Is i dtreo díbhunú eagraíochtaí a rachainn féin agus fuinneamh na nGael a bhailiú le chéile.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s