Labhraíonn Íospartaigh Uí Lubhlaí amach


I dtuairisc an-chumhachtach leis an iriseoir Sorcha Ní Mhonacháin, labhair beirt fhear a dúirt go ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis orthu amach go poiblí ar Nuacht TG4 anocht.

Gearóid Ó Conchubhair ag caint ar Nuacht TG4 [Pic : Screengrab ó TG4]
Gearóid Ó Conchubhair ag caint ar Nuacht TG4 [Pic : Screengrab ó TG4]

Labhair Gearóid Ó Conchubhair as Co. Uíbh Fháilí (recte 15:20, 11/4/13]) , faoinar tharla dó.

Dúirt sé go raibh sé 13 nuair a d’ionsaigh Ó Lubhlaí ar dtús é.

Coicís sula bhfuair Ó Lubhlaí bás, labhair Gearóid Ó Conchubhair leis na Gardaí maidir leis an chás.

“Seanteach a bhí ann, tine mhór oscailte istigh ann, ní raibh ach dhá sheomra sa teach, ní raibh aon rogha ach go raibh orainn leapa a roinnt, is dócha nár smaoinigh mé mórán air,” a dúirt sé le Nuacht TG4.

“D’iompaigh sé orm, tharla an eachtra den chéad úr.”

“Is dócha gur mhair sé go raibh mé ag déanamh m’ardteist, go dtí [19]76 nó thart air sin, 3 bliana go leith a bhí i gceist.”

Cuireadh agallamh ar fhear eile chomh maith, fear a bhí ag iarraidh fanacht gan aithne.

“Thosaigh sé ag ceannach large brandys dom san Áras Pobail i Rath Cairn agus piontaí Smithwicks, ach ní raibh taithí mórán agam den a bheith ag ól large brandys ag an am,” a dúirt sé le Nuacht TG4.

Mhaigh Ó Lubhlaí leis an fhear seo nach mbeadh sé de rogha aige ach leaba a roinnt leis de bhrí nach raibh braillíní ar fáil ach ar leaba amháin sa teach ina raibh siad ag stopadh ann, rud nach raibh fíor dar leis.

“Bhí mé míchompordach leis sin ach ní dhúirt mé aon rud, ag am sin bhí muinín agam as.”

Rinne Ó Lubhaí iarracht é “a chuimilt” a dúirt an fear.

“Rinne sé iarracht mé a éigniú.”

Fuair Ó Lubhlaí bás trí seachtaine ó shin faoi scáth líomhaintí go ndearna sé ionsaithe gnéis ar bhuachaillí óga, líomhaintí a shéan sé i gcónaí.

Leanfar leis an tuairisciú ar an chás seo ar Nuacht TG4 san oíche amárach.

Féach chomh maith.

6 thuairim ar “Labhraíonn Íospartaigh Uí Lubhlaí amach

  1. Tá meas an domhan agam ort, a Gearóid. Níl sé éasca labhairt amach. Rinne tú an-jab ar fad is tabharfaidh sé sin misneach do dhaoine eile. Níl gá le pian agus ciúnas is ceann faoi (mar a deireann The Frames). B’fhearr go mór caint faoi cé go bhfuil sé fíor-dheacair ar dtús is tá ceacht le foghlaim ann do dhaoine eile agus don tír.
    Bhí do phian le sonrú sna sosanna beaga i do chuid cainte is bí cinnte go raibh na daoine ag éisteacht ag an am sin ag iarraidh fuinneamh a sheoladh duit. Bhí an tír ar do thaobh ag samhlú tú mar lead óg agus an dochar a rinne an diabhal sin O Lubhlaí duit.
    Goideadh uait rud nár chóir a ghoideadh ó éinne. Tuigim an náire agus an rún faoi cheilt.
    Mar a scríobh Aonghus ar Twitter, muinín scriosta is cúis leis an gciúnas.
    Ní raibh muinín agam féin ins na gardaí agus bhí an ceart agam. O na rudaí a léigh mé sna pháipéirí thuig mé nach ndéanfadh sé maitheas dom dul ós comhar na cúirte. Bheadh rudaí níos measa fós agus bhí an ceart agam faoi ach mhothaigh mé ciontach is gan fhios agam an raibh níos mó daoine cosúil liomsa amuigh ansin.
    Ní neart go cur le chéile. Caithfidh na gardaí a athrú. Tá caighdeáin i bhfad níos airde ag teastáil. Chonaic mé na gárdaí sa Mhuileann Cearr is bhí orthu fásadh suas. Dáiríre. Ní raibh duine ansin ina raibh muinín agam as. Ghlaoigh mé ar na gardaí i gConamara uair ach ní raibh fonn orthu tada a dhéanamh. Bhí cúnamh uaim is níor dhúirt siad na focail cearta mar níor thuig siad is ba chuma leo.
    Ní neart go cur le chéile. Caithfimid rudaí a fheabhsú do na daoine óga anois. Míle maith agat arís as labhairt amach agus guím beannachtaí ortsa is ar do chairde a thugann tacaíocht duit.
    Beir bua, a chara.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s