Cén chaoi a bhfuil muid?


An tseachtain seo fuair an suíomh seo 4,056 radharcanna ó 1,085 duine ar leith.

Faoi láthair, tá Alexa Rank ag an suíomh seo de 803,887 go domhanda agus 2,204 i bPoblacht na hÉireann.

Seo na píosa is mó léamh an tseachtain seo …

  1. Béal Feirste chun tosaigh ó thaobh na Gaeilge de                              277
  2. “Jimmy Saville na hÉireann”                        256
  3. Domhnall Ó Lubhlaí marbh                           253
  4. Labhraíonn Íospartaigh Uí Lubhlaí amach                               247
  5. Is fusa a bheith iar-radacach                        236
  6. Rinne Ó Lubhlaí ionsaithe ar Stiúrthóir an Oireachtais                      223
  7. Ceantar na hOllscoile chun tosaigh ar an Iarthar                 161
  8. Oidhreacht Chasta Uí Lubhlaí                      137
  9. Comóradh ceart náisiúnta de dhíth ar Éirí Amach na Cásca                             109
  10. Margaret Thatcher marbh                            101

Is cinnte go bhfuil sé ag éirí níos deacra scríbhneoirí agus ábhar a aimsiú ach bhíomar ag súil leis sin. Mar sin féin, tá scríbhneoirí úra á n-aimsiú againn agus d’éirigh linn ábhar i nGaeilge Mhanainn an tseachtain seo.

Níor éirigh linn Gael Albanach a aimsiú go fóill faraor.

Tá fáilte roimh scéalta, píosa tuairimíochta, pictiúirí agus smaointí i gcónaí – antuairisceoir@gmail.com.

Ná déan dearmad gur saothar deonach amach is amach é seo.

Tá sé mar aidhm againn ar a laghad trí phíosa sa lá a fhoilsiú, is cinnte linn gur féidir linn níos mó trácht a mhealladh má tá níos mó ábhar againn agus ar ndóigh, ábhar de chaighdeán níos airde.

Go raibh maith agaibh as buaileadh isteach.

Ciarán Dunbar

Riarthóir

2 thuairim ar “Cén chaoi a bhfuil muid?

  1. Tá sibh le moladh go mór as suíomh chomh maith a fhorbairt go sciobtha i ndiaidh bású Gaelscéal. Tá sé chomh maith le rud ar bith atá ar fáil i nGaeilge i mo thuairim agus níos fearr ná cuid acu. Sílim féin go bhfuil éacht déanta agaibh gur mheall sibh breis agus míle duine éagsúil le hamharc ar an tsuíomh le seachtain anuas agus go háirithe líon na ndaoine a rinne trachaireacht ar na scéalta éagsúla. Is ionann agamsa iad sin agus líon na litreacha a bhíos ar pháipéar nuachta agus sin mar a mheasaim féin an rachairt atá ar pháipéar ar bith, níos fearr fiú amháin ná líon na léitheoirí. Ar an abhar sin tá sibh ag déanamh go maith. Mar a deir tú is fiontar deonach é seo mar atá Nuacht 24 agus I Gaeilge chomh maith na suímh is mó a mbím féin ag amharc orthu ach ar bhealach níor ceart go mbeadh siad deonach nó tá obair mhór ar bun agaibh uilg ó thaobh leathnú na Gaeilge de. Ba cheart go mbeadh airgead poiblí sgainne féin ar fáil do bhur macasamháil mar atá sé ar fáil ag go leor tionscnamh Gaeilge nach bhfuil a oiread tabhacht leo dar liom. Tá seo luaite agam cheana anseo ach go dtí go raibh airgead poiblí ar fáil is éigean seans a thabhirt do dhaoine ( mo mhacasamhail) airgead éigin a dhíol le ciudiú libh. fríd paypal nó córas éigin eile. Ceannaím féin páipéar Nuachta Béarla gach lá agus ceann amháin Dé Domhnaigh ar chostas £5.50 sa tseachtain. Níor mhór agam ar a laghad an tsuim chéanna a dhíol le nuach Gaeilge a fháil. Bheadh sé níos fearr arís dar ndóigh dá dtiocfadh córas díolacháin amháin a bheith ann do Tuairisceoir,I Gaeilge agus Nuacht 24 ach níl a fhios agam cad é chomh casta agus a bheadh sé sin. Níl a fhios agam cé mhéad den 1000 duine sin d’amhairc ar an tsuíomh le seachtain a bheadh sásta £1 sa lá a thabhairt ar a shon sin. Mura mbeadh ann ach 5% féin bheadh sé ina chuidiú agus i ndiaidh tamaill is féidir go dtiocfadh leat cúpla Euro a thabhairt do dhaoine a scríobhfadh fá bhur gcoinne nó creidim igcónaí gur fiú an toibhrí luach a shaothair. Arbh fhéidir comhiarratasa chuir isteach chuig FNG le tuarastal bliana a chuir ar fáil le duine a fhostú le fógraí a bhailiú don trí shuíomh de réir na mbuailtí a fhaigheann siad. Tá 4000 anseo . Cuir an dá shuíomh eile leis agus is féidir go mbeadh 10.000 ar fad ann. Caithfidh sé gur fiú rud éigin sin do lucht fógraíochta.

  2. A Shéamuis, a chara,

    GRMA – beidh píosa á fhoilsiú agam an tseachtain seo agus mar a tharlaíonn sé tá roinnt de na smaointí sin luaite agam.

    CD

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s