Náire Náisiúnta – Speak English!


Iachall curtha ar Theachta Dála Gaeltachta chun Béarla a labhairt.

1239595_10151894639130489_246508443_n

 

Seo trascríobh den díospóireacht idir Pearse Doherty, Sinn Féin, agus Ruairí Quinn, an tAire Oideachais, Lucht Oibre aréir.

Deputy Pearse DohertyInformation on Pearse Doherty Zoom on Pearse Doherty Ba mhaith liomsa fosta mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta O’Brien, a chur an rún seo os comhair na Dála anocht. Ba mhaith liom díriú isteach ar cúpla ceist fíorthábhachtach. Níl dabht ar bith go bhfuil na ciorruithe atá an Rialtas ag cur i bhfeidhm ag déanamh damáiste mór don chóras oideachais agus do pháistí, daltaí agus tuismitheoirí. Tá sé ag déanamh damáiste freisin don Ghaeilge agus go háirithe don Ghaeltacht. Cuireann cúpla ceann de na ciorruithe atá beartaithe ag an Aire isteach go mór orm. Ba mhaith liom sa chomhthéacs sin díriú isteach ar an liúntas oileáin agus an liúntas Gaeltachta. Labhair mé sa Dáil roimhe seo fá dtaobh den tábhacht a bhaineann leis an dá liúntas seo. Thug mé mar shampla—–

Deputy Ruairí Quinn: Information on Ruairí Quinn Zoom on Ruairí Quinn Gabh mo leithscéal, ach níl Gaeilge mhaith agam. Ní féidir liom an méid atá le rá ag an Teachta a thuiscint.

Deputy Pearse DohertyInformation on Pearse Doherty Zoom on Pearse Doherty Ceart go leor. Tá córas aistriúcháin anseo. There is a translation service to translate.

Deputy Ruairí QuinnInformation on Ruairí Quinn Zoom on Ruairí Quinn It is not available.

Deputy Pearse DohertyInformation on Pearse Doherty Zoom on Pearse Doherty I know they are not here sometimes.

The Minister’s education policies have not only damaged the sector but also the Irish language …

8 dtuairim ar “Náire Náisiúnta – Speak English!

  1. A MháirtínTJ, freagra an-chiallmhar ar fad. Muna bhfuil Gaeilge ag duine, tá an duine sin ina Shasanach, an ea? Á nach iontach an rud é… níl díospóireacht ar an nGaeilge bogtha ar aghaidh beag ná mór le dhá chéad bliain… Christ! (agus ní fan Fhine Gael mé for the record)

    1. Táim ag smaoineamh go bhfuil Gaeilge ag duine agus “Ruairí” a ainmse. Tá focal amháin aige ar a laghad. Is ceist eile é an bhfuil fonn ar í a úsáid agus é ina aire oideachais (in Éirinn).

  2. James, tá an cheart agat. Ní hé nach bhfuil an díospóireacht bogtha. Do bhog an réabhlóid an tír ó choilíneachas go nuachoilíneachas – cineál bogadh ar aghaidh. Is é sampla maith den nuachoiníleachas go bhfuil an theanga roghnaithe chun gnó an Bhreatan a dhéanamh i bparlaimint neamhspleach na hÉireann ná Béarla.

  3. Ni maith liom Ruairi,go haire indiaidh do freastail ar torramh Thatcher is gaeligeoir mise agus ni fios damh go naire damh e. Ach san am ceanna rinne se a dhicheall an usaid a bhaint as an meid gaeilge ata aige. Muna raibh an coras aistriuchan ar siuil san am ni leis an locht. Cothreim na feinne le bur dtoil!

  4. Conas nach raibh aistreoir le fáil? Nach mór an náire muid. Tá díomá orm agus mé ag léamh na cainte seo as an nDáil. An fadhb atá againn le neart gnéithe oideachais sa tír seo – bhuel – nach ndearbhaíonn an sliocht seo an cac ar fad…

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s