Cad is brí leis an lá mór?


An tUltach

Eagarfhocal

Tá buíochas mór ag dul d’eagraithe Lá Mór na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Léirigh na mílte Gael go raibh siad míshásta leis an dóigh a gcaitear leis an Ghaeilge agus gur mhaith leo a nguth a ardú le tacaíocht a thabhairt di. Ar a bharr sin, bhí daingne orgánach ann ag an slua. Mhothaigh muid mar a bheadh pobal ann, muid céim ar chéim le chéile.

Ach cad é a d’athraigh muid sa deireadh? Cén éifeacht a bhí leis na laethanta feirge seo?

Is ceist thábhachtach í seo nó gan treoir ní fiú dúinn uilig an trioblóid a thabhairt orainn féin. Níos measa ná sin, mura bhfuil céimeanna soiléire leagtha amach don dul chun cinn, cén dóigh a mbeidh a fhios againn go bhfuil muid ar bhealach ár leasa.

Bhí Sinn Féin ar an mhórshiúl agus an ceart ar fad acu. Ní thig le héinne a…

Amharc ar an alt bunaidh 199 d’fhocla eile

2 thuairim ar “Cad is brí leis an lá mór?

  1. Gaeil choitíanta ag iarraidh athghabháil a dhéanamh ar an athbheochan is dócha an brí bhí leis. Chaill Gaeil seilbh ar an athbheochan nuair gabh na pairtithe polaitiúla seilbh uirthí le bunú an Fhorais. Le fiche bliain agus breis is iad na Pairtithe Polaitiúla céanna a roghnaigh na comhaltaí agus a líon é le daoine a raibh á ngnaoí leo. Bhí sé iomlán neamh-dhaonlathach agus neamh ionadaíoch den mhuintir a bhí ag obair ar an talamh. An iontas sr bith é mar sin gur chríochnaigh sé ina phráiseach? An iontas é ach oiread go mbainfeadh na pairtithe polaitiúla úsáid as lena gclár oibre féin a chuir chun tosaigh mar a rinne Sinn Féin nuair a chuir siad fáilte mhór roimhe an chinneadh gach rud a lonnú i mBaile Atha Chliath mar chuid dá ” straitéis uile oileánda”? Straitéis nách mbaineann leis an Ghaeilge beag ná mór dar liom. Tá ráite agam in áit eile ar an tsuíomh seo faoí chúpla rud a thiocfadh le lucht dearg le fearg a bhaint amach taobh istigh de am ghoirid ach mar chuid dá straitéis fad téarmach níor mhiste dar liom feachtas a chuir sa tsiúil le deireadh a chur leis an Fhoras agus agus eagras éifeachtach daonlathach ioadaíoch a chur in áit. An bhfuil Dearg le Fearg ichurtha le sin . Sin í an cheist mhór.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s