Todhchaí an Tuairisceoir.com


Bhí bliain go leith maith ag an tuairisceoir.com cé go raibh cúrsaí an-chiúin le tamall anuas.

D’fhoghlaim mise go leor uaithi agus tá mé sásta gur cuireadh ábhar léitheoireachta le fiúntas éigin iriseoireachta ar fáil am a raibh ganntanas dá leithéid ar fáil, go háirithe ar líne.

Am corraitheach é seo do na meáin Ghaeilge gan amhras, agus am iontach dar liomsa.

Tá muid tógtha leis an ghearán in amanna ach d’amharcaimis ar chúrsaí go dearfach.

Thiocfadh dó a bheith ina dhara aois órga d’iriseoireacht agus do léitheoireacht na Gaeilge cé gur trua faoi bhás gaelport.com agus beo.ie agus is trua go mbeidh ar Feasta agus An tUltach streachailt ar aghaidh gan maoiniú.

Tá tús curtha le seirbhís cheart nuachta ag RTÉ faoi dheireadh thiar thall áfach agus beidh tuairisc.ie beo Déardaoin na seachtaine seo.

Tá iris eile beartaithe ag an Fhoras agus Nós ag beartú suíomh nua cuimsitheach a chur ar fáil agus deontas faighte acu fána choinne ón Fhoras.

Tá ‘Seachtain’ beo beathaíoch i gcónaí mar atá ‘Treibh’ san ‘Irish Times’ agus ‘an tEolas’ san Irish News freisin. Chomh maith leis sin meoneile.ie ann ó thuaidh agus ag déanamh sár-jab ar fad.

Níl a fhios agam fútsa, níl an t-am am na meáin seo ar fad a léamh ná aon bhaol air.

Muise, is beag spás atá fágtha sa ‘mhargadh’ don Tuairisceoir (Tá iGaeilge agus nuacht24.com ag feidhmiú san earnáil ‘dheonach’ chomh maith).

Ach tá deis ann chun dearcadh difriúil a chur ar fáil agus tá sé tábhachtach go bhfuil An Tuairisceoir / iGaeilge agus Nuacht 24 saor ó aon deontas stáit, cé go bhfuil siad ar fad á reáchtáil ag daoine a bhfuil obair lánaimseartha eile acu).

Maidir leis an suíomh seo, beidh An Tuairisceoir ag leanúint ar aghaidh sa ré úr nua seo cé gur cinnte gur i dtreo nua a bheas sé ag dul – tá mo mhachnamh á dhéanamh faoi sin i gcónaí.

Go raibh maith agaibh as an tacaíocht – fáilte roimh ailt!

Le meas

Ciarán Dunbar – fear tí antuairisceoir.com

Cá mhéad daoine a léann antuairisceoir.com?

An 20 alt is mó léamh riamh ar An Tuairisceoir

Cá léitear an Tuairisceoir?

2 thuairim ar “Todhchaí an Tuairisceoir.com

  1. caithfidh mé a rá go dtaitníonn an Tuairisceoir liom agus iGaeilge agus Nuacht 24 leis . Tá téagar ar leith ag baint leis an Tuairisceoir agus IGaeilge sa mhéad is nach suímh nuachta amháin iad ach go bhfuil gné láidir iniúchaithe ag baint leo atá ar iarraidh sna meáin Ghaeilge de ghnáth ach a bhfuil géar-ghá leis dar liom. Ní féidir freastail ar gach tráth agus ní miste an éagsúlacht ach san am chéanna tá gá le suíomh cosúil leis an “DETAIL” i mbéarla a bheith ag na Gaeil agus chruthaigh An Tuairisceoir agus IGaeilge go bhfuil siad incurtha leis an tasc ach go bhfuil mé in amhras go mór an féidir a leithéid a thógáil gan oibrithe lán aimseartha a bheith ag obair ann. Sin í an cheist cad é mar is féidir airgead a aimsiú le taighdeóiri a fhostú leis an obair a dhéanamh. Dar liom go bhfuil géarghá le Foras na Gaeilge a iniúchadh mar shampla agus an easpa trédhearcachta a bhaineann leis ach nach dtig le suíomh nuachta a dhéanamh dá fheabhas é. Dá mbéadh a leithéid ann is dóigh liom go gcuirfeadh sé spriolladh i mbaill Ghluaiseacht na Gaeilge nach bhfaca muid le fada. An féidir comhoibriú dlúth a bheith ann idir IGaeilge agus An Tuairisceoiri le suíomh dírithe ar iniúchadh amháin a bhunú nó an amhlaidh go gcaithfidh gach duine a bhád féin a iomradh i dtólamh? Is furast agamsa a bheith ag caint ach ní thig liom ach a rá go mbéinn sásta mo chúpla pinginn a chur i dtreo rud éigin mar sin dá mbeadh sé le bunú. is beag an ní é sin. ach muid cur le chéile cá bhfios cad a thiocfadh as.

    1. Is é an dóigh a bhfuil mé ag smaoineamh faoi láthair ná a bheith oscailte do chách is d’ábhar ó gach cearn ach díriú isteach ar Oirdheisceart Uladh mé féin go pearsanta – sampla ‘Goitse’ (nach maireann) a leanúint.

      Ciarán

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Google

Is le do chuntas Google atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s