I mBerkeley, California go luath ar maidin inniu 16/06/2015 thit balcóin go talamh. Fuair seisear a bhí ar an mbalcóin sin bás agus tá seachtar eile gortaithe go dona. Éireannaigh uilig iontu a bhí ag ceiliúradh breithlá 21. Is anocht tá croíthe briste.
Conas scríobh faoi? Bhí siad ró-óg? Cinnte. Ach ní leor sin.
Seisear marbh inniu a bhí beo inné. Seachtar i gcruachás in oispidéil i bhfad ó bhaile.
Tuismitheoirí, dearthaireacha, deirfiúracha ag ceannach ticéidí le dul go Meiriceá le fáil amach an mairfidh duine nó le slán a rá. Turas fada i suíochán ar eitleán ag smaoineamh ar sin.
An iomarca. An iomarca d’éinne ar an domhan seo, duine chomh hóg sin a chailleadh.
Ní leor ‘timpiste’ a chur air ach sin a bhí ann. B’fhéidir. Seans go mbeidh ‘faillí’ air as seo amach.
Tragóid mar sin? Ní leor an focal sin ach oiread.
Conas a chur in…
Amharc ar an alt bunaidh 85 d’fhocla eile