B’fhéidir é ach ar cheart dúinn?

“Athghiniúint speicis atá díothaithe, is féidir linn ach ar cheart dúinn?” sin an deir clúdach ‘National Geographic’ na míosa seo.

Bucardo
Bucardo – an bhfeicfear arís é?

 Creideann eolaithe go bhfuil an teicneolaíocht againn anois chun ainmhithe atá díothaithe a athghiniúint agus nach bhfuil ann ach ceist ama sula dtarlóidh sé (arís).

 Thiocfadh dó go bhfeicfidh muid ainmhithe ar nós deilf na hIaing-tsí (Chinsese River Dolphin) (2012), an bucardo (2000) agus thylacine a cailleadh inár am féin agus ainmhithe ar nós an mamat a d’imigh ó saol thuairim ar 4,000 bliana ó shin arís .

 “Tá sé beagnach fíor,” a dúirt an t-eolaí Carl Zimmerman leis an iris.

 Is é an cheist a chuireann eagarfhocal na hirise ná- ar cheart dúinn a leithéid a dhéanamh agus an mbeadh contúirtí ann?

 Ní dhearnadh athghiniúint ar speiceas díothaithe ach uair amháin cheanna.

 Fuair an bucardo nó Ibéacs na bPiréiní bás i 2000, rinne lucht seilge léirscrios orthu. Rugadh clón den ainmhithe deireanach trí bhliain ina dhiaidh sin ach fuair sí bás 10 mbomaite tar éis gur rugadh í.