Rinne Ó Lubhlaí ionsaithe ar Stiúrthóir an Oireachtais


Anocht ar TG4, léirigh duine de na Gaeilgeoirí is aitheanta sa tír, Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, go ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis air agus é ina dhéagóir.

Ba é seo an dara pháirt den tuairisc shuntasach chumhachtach seo curtha le chéile ag an iriseoir Sorcha Ní Mhonacháin. Baineadh siar as go leor daoine maidir le hábhar na tuairisce sin.

[http://www.tg4.ie/ie/player/tg4-player.html]

Labhair fear gan aithne, a bhí mar dhalta ag Ó Lubhlaí ar ghairmscoil i gCluain Dolcáin, Baile Átha Cliath ar na hionsaithe a rinne Ó Lubhlaí air.

Mhínigh sé gur cheannaigh Ó Lubhaí brandaí dó ar a mbealach siar go Ros Muc, Conamara. Fuarthas nach raibh ach leaba amháin sa tseomra ina raibh siad le fanacht ann, is léir faoin am seo gurb sheanchleas Uí Lubhlaí é seo, é luaite ag íospartach i ndiaidh íospartach.

Mhínigh sé gur chuir Ó Lubhlaí a lámh ar réigiún a bhall giniúna is gur rug sé greim ar a lámh chun iachall a chur air a dhéanamh amhlaidh.

Fear cróga, stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha
Fear cróga, stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha

Is as Cluain Dolcáin i mBaile Átha Cliath é Liam Ó Maolaodha. Bheadh aithne ag an saol gaelach air de bhrí gur eisean an stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge.

In agallamh lán mothúcháin, léirigh sé go ndearna Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis air agus é ina dhéagóir.

Rinneadh na hionsaithe air Liam Ó Maolaodha in árasán Uí Lubhlaí, arís, tar éis an teach a bhaint amach ina dhiaidh dóibh a bheith i gClub an Chonartha, áit ar cheannaigh Ó Lubhlaí deochanna meisciúla dá dhalta scoile, léiríodh nach raibh ann ach leaba amháin sa teach.

Bhí Liam ag fanacht le hÓ Lubhlaí an deireadh seachtaine tar éis don Lubhlaíoch a rá lena mháthair go raibh sé de dhíth air chun cuidiú leis le jab éigin.

Rinne Ó Lubhlaí ionsaithe gnéis ar Liam an oíche sin agus an oíche dar gceann. Lean na hionsaithe ar aghaidh ina dhiaidh sin, in áiteanna ar fud na tíre.

Níos moille anonn, thug Ó Lubhlaí postanna do Liam i gColáiste na bhFiann i Ros Muc mar cheannaire agus faoi dheireadh cheap sé Liam mar bhainisteoir ar Choláiste na bhFiann.

Léirigh Liam Ó Maolaodha nach raibh sé riamh ábalta dul chuig na Gardaí mar gheall ar na hionsaithe áfach. Ní raibh sé ábalta míniú a thabhairt air sin.

Nuair a chuir na Gardaí ceist ar Liam Ó Maolaodha, tar éis d’fhear eile líomhaintí a dhéanamh,  má rinne Ó Lubhlaí ionsaí air, d’fhreagair sé nach ndearna.

Bhí an-aiféaltas air nár inis sé an fhírinne ach shíl sé go raibh go leor cúiseanna i leith Uí Lubhlaí chun é a chur chuig príosún.

Níor ciontaíodh riamh Ó Lubhlaí i gcúirt ach cibé amhras a bhí fágtha maidir leis na líomhaintí seo, tá siad imithe.

Gan dabht, ár Jimmy Saville féin a bhí ann mar Dhomhnall Ó Lubhlaí agus is léir anois go gcloisfidh muid i bhfad níos mó scéalta den chineál seo sna seachtainí atá amach romhainn.

Féach chomh maith.

Labhraíonn Íospartaigh Uí Lubhlaí amach

7 dtuairim ar “Rinne Ó Lubhlaí ionsaithe ar Stiúrthóir an Oireachtais

  1. Ard-mholadh freisin uaimse. Tuigim cén fáth nach ndeachaigh daoine go dtí na gardaí. Ní raibh muinín againn astu agus níl fós agus tá an ceart againn. Bhí fhios ag na gardaí faoi Ó Lubhlaí agus níor chuir siad stop leis.
    Tá tacaíocht uait anois, a Liam. Táimse fíor-bhuíoch duit is mé ar an taobh eile den domhan. Ní thagann daoine as ach beidh an fhadhb ann go deo is níos mó daoine ag fulaingt muna labhraíonn daoine amach go hard mar a labhair tú amach go poiblí.
    Chuala mé an pian ins na sosanna beaga.
    Rinne tú an rud ceart agus thug tú misneach do dhaoine eile. Ná lig don diabhal sin O Lubhlaí do shaol a mhilleadh. Glac an buíochas uainn agus déan rud maith duit féin. Tá faoiseamh tuillte go maith agat.
    Tá an locht ar na gardaí, na hiriseoirí, na daoine sna cúirte, na daoine fásta nár ghortaíodh a thuig céard a tharla ach nár stop é.
    Treanáil ag teastáil ónár ngardaí agus dlíthe nua de dhíth.
    Freisin, caithfear briseadh ón Eaglais sna scoileanna. Cé nach raibh baint aige leis an gcás seo, bhí i gcásanna eile.

  2. Aibreán 14 ► Deireadh Fómhar 16 agus tada déanta ag na gárdaí i ndáiríre seachas a rá gur gá rud éigin a dhéanamh. Níl ionadh orm. Ach fós briseann sé mo chroí.
    Sin an fáth nach bhfuil muinín againn astu.Bhí a fhios againn i gcónaí agus níl feabhas ar an scéal. Neart le foghlaim fós ag na meáin freisin agus ag ár bhfoclóir nuair a scríobhann siad “drochúsáid ghnéasach a thabhairt do bhuachaill óg” san áit ina raibh ‘Rape and sexual abuse’ sa Bhéarla. Ní leor é ó na gárdaí ná ó na meáin.
    Tuigeann na gárdaí in Éirinn go bhfuil fadhb ollmhór acu le péidifilia. Chuala mé gárda ag caint faoi sa samhradh agus mé sa bhaile.
    Caithfear brú a chur orthu mar tá páistí fós ag fulaingt agus ná coinnigh faoi cheilt é le frásaí deasa nach deireann an fhírinne. Ba chóir go mbeadh na gárdaí féin bheith curtha i bpriosún gach uair nach ndéanann siad a jab i gceart.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s