Comhdháil do Choimisinéirí Teanga idirnáisiúnta


Sandra Inutiq, An Coimisinéir Teanga, Nunavut.
Sandra Inutiq, An Coimisinéir Teanga, Nunavut.

Beidh coimisinéirí teanga ón Eoraip, Meiriceá Thuaidh agus an Afraic ag freastal ar chomhdháil ar chearta teanga i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa.

Déanfaidh coimisinéirí ón mBreatain Bheag, an Fhionnlainn, an Chatalóin, an Chosaiv, Brunswick Nua, Ontario, Nunavut agus an Afraic Theas plé ar chearta teanga in Óstán Hilton, Plás Charlemont, Dé hAoine 24 Bealtaine.

Leagfar béim ar ról an stáit agus an phobail maidir le cearta agus dualgais teanga i gcomhthéacs teangacha atá faoi bhrú mar theangacha pobail nó mar theangacha roghnaithe.

Is iad príomhchuspóirí na comhdhála ná deis a chur ar fáil an dea-chleachtas a roinnt, eolas a mhalartú, agus plé a dhéanamh ar na ceachtanna atá foghlamtha i réimse na dteangacha.

I measc na gcainteoirí beidh Mxolisi Zwane, Príomhfheidhmeannach, Bord Teanga na hAfraice Theas, Sandra Inutiq, An Coimisinéir Teanga, Nunavut (ceantar Ionúiteach i gCeanada) agus Slavisa Mladenovic, Coimisinéir Teanga na Cosaive.

Beidh seisiún príobháideach ag na coimisinéirí chun bunú Cumann Idirnáisiúnta Coimisinéirí Teanga a phlé chomh maith.

Tá táille €15 don lá le híoc ag baill de phobal atá ag iarraidh freastal ar an gcomhdháil. Is gá clárú roimh ré trí rphost a sheoladh chuig eolas@coimisineir.ie nó glaoch a chur ar 091-504006 nó 1890-504006. Beidh lón agus sóláistí ar fáil do na daoine atá ag freastal ar an imeacht.

Is féidir breathnú ar chlár na comhdhála anseo.

5 thuairim ar “Comhdháil do Choimisinéirí Teanga idirnáisiúnta

  1. An bhfuil cearta teanga de dhith ort le teanga amháin seachas a chéile a labhairt le do chlann? An bhfuil cearta teanga dhith ort le teanga amháin seachas a chéile a labhait le do chomharsa. An bhfuil cearta teanga de dhith ar dhá nó ar trí lanúin tithe a cheannacht nó a thógáil in aice le chéile le mion ghaeltacht a dhéanamh ? An bhfuil cearta teanga de dhith ort le saol sóisíalta Gaelach a chruthú duit féin.? Cinnte tá cearta teanga de dhith ort le diosca cánach chairr a cheannacht. Cé acu is tabhachtaí meas sibh? anois dá mbeadh comhdháil ann ar na cearta nach bhfuil ag teastáil uait le do shaol a Ghaelú b’fhéidir gur fiú freastáil a dhéanamh air. Cá bhfios nach bhfaighfeadh Uachtarán na hÉireann amach nach bhfuil cearta teanga de dhith air le Ó hUiginn seachas Higgins a ghlaoch air féin. An bhfuil sé ceadmhach ” Michael two names a ghlaoch air” ? nó an bhfuil sin Uachtarán mhaslach ? Go hifreann le bhur gcearta teastaíonn uaim an teanga a labhairt gan bhur gcead agus gan bhur gcearta

  2. Bainimse úsáid as an gCoimisinéar Teanga go han-mhinic as teastaíonn sé go géar. Murach a raibh a leithéid ann agus murach a raibh an Ghaeilge luaite sa mBunreacht (an bunchearta teanga) ní bheadh sí beo inniu. Céard a bhain lucht na gcearta teanga amach? Scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, RnaG, TG4, Gaelscéal (agus gach a dtáinig roimhe), Gardaí le Gaeilge, comhfhreagras stáit Gaeilge…tá an liosta an-fhada. Ar ndóigh, caitear í a labhairt le sa mbaile agus leis na comharsa ach is meon seafóideach amach is amach an meon ‘Go hIfreann le bhur gcearta’.
    Féach ar na pobail i Meiriceá; ní mhaireann teangacha ó ghlúin go glúin ansin cé go mbíonn siad á gcothú sa mbaile. An chúis leis sin ná nach bhfuil aon iachall ar an rialtas seirbhís agus eolas a chur ar fáil iontu.
    Teastaíonn cearta teanga agus teanga meon láidir pobail – ar scáth a chéile.

  3. go raibh maith agat a Mhaitiú a chara as súil a chaitheamh ar mo thrachtaireacht sheafóideach agus freagra a thabhairt. Tá “cearta Gaeilge” sa bhunreacht sna 26 Co. ó bunaíodh an stát ach tá an teanga a bheag nó a mhór marbh sna Gaeltachtaí ( a deir daoine liom atá ina gcónaí ansin ) Tá níos lú Gaeilge ag na Gardaí ná bhí ariamh ainneoin na gcearta . níl sé ach roinnt seachtainí ó shin a tógadh fear bocht a thug ainm Gaeilge dóibh. Ní de réir cearta ach de réir brú ón phobal aníos atá RnaG agus TG4 againn nach maith is cuimhin liom nuair nach raibh siad ann agus an brú a chuir daoine ar na polaiteoirí iad a bhunú.agus is cuimhin liom chomh maith an tam a bhí Gaelscoileanna chomh gann le fiacla circe gur chuir an pobal eagar orthu féin le hiad a bhunú. Ar mo dhóigh sheafóideach féin sílim go bhfuil an iomarca béime á chur ar chearta ag gluaiseacht na teanga agus ar dhualgais an stáit agus gan go leor béime a chur ar ar niarrachtaí pearsanta féin an teanga a láidriú. má bhíonn muid láidir ar ndothain i measc an phobail beidh ar gcearta againn i mo thuairim. ach ní lia duine ná tuairim dar ndóigh

  4. Murach alt 8 sa mBunreacht, mar a dúirt mé, ní bheadh aon iachall ar an Stát tada a chur ar fáil agus bheadh sí marbh cheana féin. Tá do thuairim faoi na Gardaí bunaithe ar chás suarach amháin. Níor labhair mise ach Gaeilge leis na Gardaí riamh agus bhí siad i gcónaí in ann freastal orm. “Brú ón phobal” a chruthaigh RnaG – agus cén t-ainm a thug an grúpa sin orthu féin? Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.
    Éaduairim mharfach eile é “Tá an teanga marbh sna Gaeltachtaí”. Tá sé seacht n-oiread níos éasca saol Gaelach a bheith agat sna Gaeltachtaí ná áit ar bith eile sa tír – ná déanaimis dearmad orthu. Is iad na daoine atá searbh faoi na Gaeltachtaí atá á marú i bhfad níos sciobtha ná aon dream eile. Arís – ar scáth a chéile.
    Bunchloch na Gaelscolaíochta? “Tá se de cheart againn oideachas a fháil inár dteanga dúchais”. Tá feachtas nua ann darb ainm “Cearta Oideachais” atá ag troid i gcomhair seo faoi láthair.
    Tá tú ag teacht salach ort féin sa deireadh ansin: “Beidh ár gcearta againn”. Ní theastaíonn cearta uaitse?
    Anuas ar gach rud eile, ní dúirt mé go raibh do thrácht nó do ‘dhóigh’ seafóideach. Tá an meon ‘Go hIfreann le bhur gcearta teanga’ seafóideach, i nginearálta – ní tú an chéad duine a dúirt.
    Mar a dúirt mé – teastaíonn meon láidir pobail agus cearta teanga. Le chéile. Níl aon mhaith bheith ag troid faoi rudaí mar sin.

  5. a Mhaitiú a chara ar a laghad ar bith tá sinn araon den bharúil gur ón talamh aníos is féidir lorg a fhágáil, dala cumann cearta sibhíalta na Gaelltachta agus na feachtais éagsúla le Gaelscoileanna a bhunú, srl. Ní ag déanamh a bheag den Ghaeltacht atá mé ach ag éirí í a athchruthú san áit a bhfuil sí marbh le fada agus nach beo don teanga ina éagmais. dar liom. I dtaca liom féin de tá mé imo chónaí i gcuid den tír nach raibh ” cearta” ag an teanga ariamh ach níor chros sé sin orainn í a labhairt lena ár dteaghlach ,í a labhairt lenar gcomhsana, troid a dhèanamh sa teanga , córas iomlán oideachais a bhunú fanar gcoinne féin agus gréasáin iomlán sóisíalta a thógáil dúinn féin. Is muid féin a chruthaigh na cearta dúinn féin agus de réir a chéile gheobhfar imprimater an stáit fán a gcoinne.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s